Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

le Deirdre Brennan

Labhraíonn na Clocha

Cad as a dtagann rúndiamhair na maorgachta seo,
Beocht a eislíonn ó chroí na gcloch
Luchtaithe le fuinneamh folaithe na gréine?

Na saoir ag tomhas, ag táthú cloiche ar chloch,
Ag ardú na ballaí i bpáirt leis an dúlra,
Ag timpeallú bheith chumhachta na diagachta.

Cén chluain a chuir na foirgneoirí ar chloch
A d’fhuascail diamhair-chiall na mbriathra
A éiríonn fós nós chondair ar foluain san aer?

Déanaim iarracht teacht ar shiollaí teanga ársa
A éalaíonn uaim amhail clúmhnán caisearbháin
Ag diúltú labhairt liom mar a labhraídís leo.


Seilidí Drúchta is Seilidí Púca

Táid ’chuile háit an samhradh seo,
Faoi thalamh, ar talamh, ar stoic na gcrann,
Sna craobhacha óna dtumann siad
Ar bhachlóg, ar ghlasra, luibh is bhláth –
An Ciarraíoch, An Liopard, an Aron, an Budapest –
Arm drúchta, beola bána is donn orthu,
A ngialla mar chorráin ghealaí,
Sraitheanna de mhionfhiacla ar a dtapa.

Tagann siad amach oícheanta an Mheithimh
Ag caitheamh fleá faoi sholas na gealaí,
Is glanann leo mar vaimpírí roimh láchan,
Gan tásc ná tuairisc fágtha acu
Ach léarscáileanna a nglae ar talamh.

Samhlaím iad ina n-áit folaigh faoi leac chloiche,
Seilidí drúchta pulctha le mo shúnna talún,
Seilidí púca ata le spíonáis ag greagnú seanphrócaí,
An Ciarraíoch, an Liopard, an Aron, an Budapest,
Béil bhoga ag síormhungailt ina gcodladh.


An tAingeal

Meán lae i bpáirc phoiblí,
Solas chomh bán le seasmain
Ag cur cluana ar mo shúil,
Dhearcas ar aingeal tite ón spéir,
Cuma uirthi gur thuirling sí ó pharaisiút,
Ceaptha i ngaiste sna crainn darach,
Cromtha, ceann lúbtha le glúin,
Sciatháin fillte uirthi mar leamhain oíche.

An é gur bhac a Dia í, ag gearradh píonóis uirthi
De bhrí go raibh dúil aici cur fúithi ar talamh,
Nó maireachtáil mar mhurúch faoi thoinn,
Gur athraigh go dealbh chré-umha í
I bpáirc lán de cholúir is daoine tuirsiúla
Beag beann uirthi ar a fara sa chrann darach.


Nóta beathaisnéise: As Baile Átha Cliath do Dheirdre Brennan ó dhúchas, ach tógadh i gCluain Meala agus i nDúrlas Éile í. Bhain sí céim amach sa Bhéarla agus sa Laidin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Is scríbhneoir dá-theangach í. Ar a cuid saothar áirítear I Reilig na mBan Rialta (Coiscéim, 1984), Scothanna Geala (1989), Thar Cholbha na Mara (1993), Ag Mealladh Réalta (2000); Beneath Castles Of White Sail (Divas Series, Arlen House 2003); Swimming With Pelicans / Ag Eitilt Fara Condair (Arlen House, 2007) agus Hidden Places / Scáthán Eile (Arlen House, 2011). D’fhoilsigh Lapwing, Béal Feirste, The Hen Party léi in 2001. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach gearrscéalta léi An Banana Bean Sí agus Scéalta Eile in 2009. Cónaíonn sí i gCeatharlach.
Feasta, Meán Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo