Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Reifreann na hAlban - -

Faoi cheann míosa beidh an beart déanta. Beidh fhios againn, de thoradh an reifrinn in Albain ar an 18 Meán Fómhair, an scarfaidh Albain leis an Ríocht Aontaithe tar éis trí chéad bliain faoin aon chóras rialaithe agus flaithiúnais.

Ag féachaint siar air níl aon duine róchinnte conas mar a tharla an tuairt pholaitiúil seo. Ní hamhlaidh, ba dhóigh leat, go raibh aon éileamh mór air i measc an phobail nó aon trácht mór air, nó sin mar a bhí go dtí 1979, agus arís i 1997, nuair a bhí reifrinn ann faoi dhílárú cumhachta agus gur cinnte gur mar thoradh orthu a tionóladh parlaimint in Albain i 1999. Um an dtaca san bhí Páirtí Náisiúnta na hAlban tagtha go mór chun cinn agus é anois ar an bpáirtí is mó, agus é i mbun rialtais i nDún Éideann.

Is mór idir an rialtas díláraithe sin agus an neamhspleáchas atá i gceist sa reifreann seo is déanaí, agus is cinnte nach dtarlódh a leithéid murach díograis agus dícheall an Pháirtí Náisiúnta faoi cheannas Alex Salmond. Ach an mbeidh Albain saor mar thoradh air, nó an bhfuil an pobal faoin am seo dulta rómhór i dtaithí ar a ngéillsine do Londain, agus gur céim rófhada a bheadh ann? Sin go díreach a deir na pobalbhreitheanna linn.

Déarfá go mbeadh léirstean ar leith againne anseo in Éirinn faoin gceist seo a chabhródh lenár mbráithre in Albain an treo ceart a thógaint. Ó sea, gan amhras is Éirí Amach a bhí againne. Níor thionólamar aon reifreann, mura nglacfaí le holltoghchán 1918 mar reifreann a thug dlisteanas cúlghabhálach don mhórfhiontar sin inár stair.

Fiú amháin ansin táimid, ba dhóigh leat, idir dhá chomhairle. Nach bhfuil go leor ag rá linn gur chuamar ar strae agus dá nglacaimis le bladar na Sasanach, dá dtroidfimis i gcogadh mór na himpireachta, go mb’fhéidir go ngéillfí leagan éigin de rialtas dúchais dúinn agus ionad cuí san impireacht sin.

Bhí lucht an Éirí Amach ar aigne eile ar fad. Ba bheag leo leagan na Breataine ar a raibh cuí d’Éirinn mar shaornáisiún, nó gur leordhóthain é pé stádas b’áil le Sasana a dheonú dúinn mar chúiteamh ar ár mianta. Bheadh go leor againn a bheadh ar aon intinn leo sa mhéid sin, agus a sheasfadh leis an bhfís agus leis an gcur chuige a spreag na ceannairí i 1916.

Ar ndóigh is scéal eile cás na bAlban. Ní bheadh aon duine anseo ag maíomh go bhfuil léargas ná treoir le baint ag ár gcomharsana taobh thall de Shruth na Maoile as ar tharla anseo céad bliain ó shin maidir leis an gceist atá le freagairt acu féin lá an reifrinn. Is léir nach ionann an dá chás. Ach ná bíodh aon amhras ann ach go bhfuil ár ndea-thoil agus ár gcomhbhá le pobal na hAlban, pé cinneadh a dheineann siad ar an lá mór seo i saol a dtíre.

Feasta, Meán Fómhair 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo