Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
An Stair Fhrithfhíorasach le Seán Ó Loingsigh
Inniu féin bhí Ronan Fanning… ar an Irish Times ag léiriú dúinn an t-uisce faoi thalamh a bhí ar bun ag rialtas na Breataine i 1914.
——◊——
Tá gné den stair ann ar a dtugtar stair fhrithfhíorasach nó ‘counterfactual history’ sa Bhéarla. Séard a bhíonn i gceist ag na staraithe agus í á cleachtadh acu ná a fhiafraí, murach gur tharla eachtra éigin staire mar a tharla, nó dá dtarlaíodh sé ar malairt slí, conas mar a bheadh againn? Nach bhféadfadh ár gcúrsaí a bheith éagsúil ar fad. Cuir i gcás nár feallmharaíodh an tArd-Diúc Franz Ferdinand na hOstaire i Sarajevo ar an 28 Meitheamh 1918, go ndeachaigh an piléar ó ghunna Gavrilo Princip ar iomrall, b’fhéidir, conas mar bheadh ansin? B’fhéidir nach dtarlódh an Cogadh Mór nó an Dara Cogadh nó an scrios nó an slad, díthiú na nGiúdach, nó seo, nó siúd, nó eile? Nár dhóichí nach dtarlódh aon Éirí Amach i mBaile Áthá Cliath i 1916.
Is dócha go ndéarfadh aon neach ciallmhar gur mór an cur amú ama atá sa chur chuige sin. Seans go ndéarfadh na staraithe féin é, ach go ndeir cuid díobh go mbaintear úsáid as an chorruair chun béim a leagadh ar phointe éigin, nó léiriú breise a dhéanamh ar ghné éigin den stair. Ach tagann an stair frithfhíorasach seo go mór i gceist faoi láthair ag tagairt go díreach d’Éirí Amach 1916 agus leithéid an iarThaoisigh John Bruton ag argóint faoi thábhacht John Redmond mar phearsa mhór inár stair, agus an gaisce a rinne sé gur bhrúigh sé ar rialtas na Breataine Acht Home Rule a rith sa pharlaimint i Londain i 1914.
Tá go leor, gan amhras, a aontaíonn leis an iarThaoiseach, ach mar sin féin is féidir um an dtaca seo go mbeadh sé féin ag éirí amhrasach go raibh sé ag dul thar fóir lena chuid argóna. Inniu féin bhí Ronan Fanning, Ollamh Emeritus le Nua-Stair i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath, ar an Irish Times ag léiriú dúinn an t-uisce faoi thalamh a bhí ar bun ag rialtas na Breataine i 1914, nach raibh sé cinnte ar aon chor cad go díreach a bhí i gceist acu nó cathain a chuirfí an tAcht i bhfeidhm.
Ní raibh, mar a bhí John Bruton ag éileamh, tada le comóradh. Go deimhin bhí sé thar a bheith amhrasach maidir leis an Acht agus cad a bhí ar intinn na Sasanach: ‘a fudged compromise that could not have been implemented as it was enacted’. Is annamh d’ollúna le stair a bheith chomh neamhbhalbh leis sin.
Ní dhearna an tOllamh aon tagairt don fhlosc chun comórtha atá i gceist faoi láthair maidir le Cogadh Mór 1914-18. Ba chuid den scéal céanna é Home Rule agus an bladhmann a bhí ar siúl faoin gcogadh sin, an siabhrán céanna d’fhéadfaí a rá. Is eol dúinn conas mar a seoladh na céadta míle Éireannach thar lear chun troda ar son náisiúin bheaga, nuair gurbh é a bhí i gceist i ndáiríre ná forlámhas na gCumhachtaí Móra agus a saint chun impiriúlachais. Fiú ‘poor little Belgium’ a rabhthas á cosaint, ní raibh sí gan a himpireacht féin i bhfad ó bhaile san Afraic agus an mhí-úsáid agus cos ar bolg céanna á imirt ansin ar na dúchasaigh, mar a bhí ag gach mórthír eile a bhí páirteach sa chogadh. Níor shiabhrán go dtí é.
Ba dhóigh leat inniu go raibh an Páirtí Parlaiminteach in aghaidh an mhíleatachais agus na láimhe láidre, nuair a d’oir sé sin dóibh. Tá tagairt shuimiúil ag an iarUachtarán, Seán T. Ó Ceallaigh, ina chuimhní cinn do chruinniú earcaíochta d’arm Shasana ar ar fhreastail sé i 1914 i Loch Garman, ag a raibh John Redmond ina phríomhchainteoir. Bhí Seán T. i láthair ar iarratas ó Sheán Mac Diarmada agus ó Thómás Ó Cléirigh chun oiread mioscaise agus a d’fhéadfadh sé féin agus an dream beag a bhí fairis a eagrú, ach gur thuig siad go luath an dainséar a bhainfeadh leis sin, má ba chás leo teacht slán.
Ach sheas bean aonair suas nár aithin sé ag an am agus thosain sí ag labhairt go tréan in aghaidh liostáil in arm Shasana. Deir Seán T. linn go bhfuair sí bascadh agus bualadh ceart, agus go raibh an t-ádh léi nár bádh í sa chuan mar a bhí i gceist di, murach gur éirigh le dream beag í shaoradh. Hanna Sheehy Skeffington an bhean sin. Bhí Seán T. ag déanamh iontais dá crógacht.
Nár thragóideach agus íorónta gur lámhaigh oifigeach airm de chuid na Breataine a fear céile Francis Sheehy-Skeffington i mBaile Átha Cliath le linn an Éirí Amach agus é ag iarraidh stop a chur le daoine a bhí ag slad siopaí, agus gan baint nó páirt aige san Éirí Amach.
I gcuimhní cinn eile, Slán le hUltaibh le hEarnán De Blaghd, deintear tagairt do chruinniú a bhí ag na hÓglaigh sa Daingean i gCiarraí thart ar an am céanna, nuair a thug lucht leanúna Sheáin Mhic Réamainn, sagart áitiúil ina measc, an drochíde chéanna do Dheasún Mac Gearailt, athair an iarThaoisigh Garret Fitzgerald, toisc gur labhair sé ag an gcruinniú in aghaidh na liostála. Bhí an Blaghdach agus Mac Gearailt ina gcónaí thart ar an Daingean an tráth sin, agus iad gníomhach i gcúrsaí náisiúnta agus Gaelainne. Dála an scéil, nár shuimiúil na cuimhní cinn a scríobh Seán T. Ó Ceallaigh agus De Blaghd i nGaeilge faoin tréimhse chorraithe sin dár stair.
Ach, ar ndóigh, ba léir nach raibh aon ní in aghaidh na láimhe láidre nó an dortadh fola ag na Réamannaigh a fhad is nár ar son na hÉireann é, nó anseo in Éirinn. Séard atá i gceist maidir leis an bhflosc chun comórtha atá ann faoi láthair i gcás an Chogaidh Mhóir ná seo: ní fhiafraítear go fuarchúiseach cad a spreag é, ar fhiontar uasal ardaigeanta a bhí ann ar son saoirse an duine, nó an ar mhaithe le cearta na mion-náisiún a chosaint a tharla sé, nuair is dóichí ar fad gur mhó de chás é mórchúis agus saint chun cumhachta na n-impireachtaí a bhí gafa ann.
Cé déarfadh nach bhfágann an cur i gcéill a bhaineann leis an gcomóradh seo iarracht den drochbhlas ina dhiaidh, agus gur chóir dúinn a bheith níos tomhaiste inár gcur chuige maidir le comórthaí i gcoitinne agus an bladhmann a sheachaint, nó an amhlaidh, fiú, go bhfuil barraíocht díobh ann. Ní hé nach ceart cuimhneamh ar na mílte a maraíodh, ach nach cuí go mbeifí ag baint casadh ná claonadh as trúig a maraithe. B’fhéidir nár mhiste a rá leis nach bhfuil aon drochintinn againn do Sheán Réamann, cé go mbeifí beagán in amhras nár thug na staraithe a cheart dó, mar a shíleann John Bruton. Gan amhras dhein sé a chion agus a dhícheall ar son leas na tíre seo mar a chonacthas an leas sin dó.
——◊——
Seachas na comórthaí a bhfuil oiread sin de mhíghean léirithe dóibh an mhí seo, tá tromshuan lár an tSamhraidh tar éis titim ar an ngnáthpholaitíocht. Tá na polaiteoirí ag baint oiread tairbhe agus is féidir as an mbriseadh. Chun an fhírinne a rá, ní aontaímid nach mbíonn a mbriseadh tuillte acu mar a deireann a lán daoine. Tá, gan cheist, tréimhse chorraithe agus anacrach go leor rompu agus sinn ag druidim i gcóngar olltoghcháin. Tháinig an briseadh tráthúil go maith don rialtas. Ba léir nach raibh siad ar a suaimhneas agus briseadh seo an tsamhraidh ag druidim linn.
Bhí pé útamáil a bhí ar siúl sa Roinn Dlí agus Cirt amscaí ar fad. Níor tharla sé riamh gur chaill aon roinn Aire, Rúnaí, agus Coimisinéir, agus gan aon mhíniú sásúil ar na cúiseanna leis. Conas go bhféadfaí Coimisinéir na nGardaí a bhrú as oifig gan míniú sásúil a thabhairt ar conas a tharla sé. Ba dheacair a rá nach raibh an t-athrú airí míshásúil freisin, agus ní hiad na ceapacháin i gcás na Gaeltachta amháin atá i gceist. Gan amhras tá claonadh chun tuaiplise i gcomhrialtais, agus sa chás seo ba léir go raibh míthreoir an Lucht Oibre go mór i gceist.
Táthar de shíor ag rá linn go bhfuil téarnamh ag tarlú inár staid eacnamaíoch. Níl sé éasca a bheith cinnte faoi nó nach ciméara atá ann. B’fhéidir go bhfuilimid inár gcónaí ar imeall na síbhialtacha agus i bhfad ón ardchathair, áit a dtarlaíonn an uile mhaitheas. Fós is ait linn go gcloisimid oiread faoin eisimirce, bíodh go bhfuil an daonra ag méadú. Is léir, agus is maith, go bhfuil daoine ag teacht chun oibre anseo, ach ba mhaith linn a fhios a bheith againn nach amhlaidh go bhfuil buntáiste á bhaint as na daoine maithe sin ó thaobh a bpá agus a dtuarastail. Nach trua nach gcuireann lucht staidrimh ar an eolas sinn.
Is ábhar imní leis ó thaobh an téarnaimh eacnamaíoch a laghad dul chun cinn atá ag tarlú i dtíortha eile an Aontais, fiú sa Ghearmáin féin. Tá cosúlacht ann go bhfuil baint ag an gcogaíocht san Úcráin leis an gceist sin. Nuair a bunaíodh NATO i 1949 bhí an Cogadh Fuar ar siúl agus is mar fhiontar cosanta, cad eile, in aghaidh an Aontais Shóibhéadaigh a bunaíodh é. Ar an taobh eile bunaíodh an tAontas Eorpach mar chónaidhm neamhspleách iarEorpach nach mbeadh go huile i bpáirt le ceachtar den dá mhórchampa.
D’fhéadfaí a argóint go mba chóir NATO a scor nuair a thit an tAontas Sóibhéadach as a chéile. Ina ionad sin tá NATO ag troid ar fud na cruinne taobh leis na Meiriceánaigh. B’aisteach, le déanaí, a chlos ó Catherine Ashton, atá i bhfeighil ghnóthaí eachtracha an Aontais, agus í ag tagairt do ‘our partners in NATO’. An bhfuil fhios aici nach bhfuil an tír seo páirteach san eagraíocht sin, go fóill, pé ní?
Go traidisiúnta bhí polasaí neodrachta againn sa tír seo agus níor bheag an meas a thuilleamar dá bharr. Is ábhar imní é, bíodh nach luaitear focal faoi go hoifigiúil nó gur ar éigean a tagraítear dó ar ár meáin chumarsáide, go bhfuil an polasaí sin go mór in amhras anois.
Feasta, Meán Fómhair 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|