Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ar Cuairt ag Bettina



Scéal le Sylvia Bledow


As Michigan i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó dhúchas í Sylvia Bledow ach tá cónaí uirthi sa Ghearmáin le blianta, áit ar chaith sí seal fada ag teagasc Béarla agus teangacha eile i scoil Steiner Waldorf. Foilsíodh gearrscéalta agus dánta léi ar irisí éagsúla. Beidh a leabhar ‘Fínéid as an tSín’ ar fáil ó Choiscéim ag deireadh mhí Iúil.

——◊——
Bhí grian gheal na Feabhra ag soilsiú orm agus mise ag tarraingt i dtreo an stáisiún traenach. Fuacht Artach a bhí ann an lá sin i ndeisceart na Gearmáine. Ghoill sí go crua ar na daoine nach raibh taithí acu ar a leithéid de neamhthrócaire, ach i ndiaidh cúpla bomaite líon sí le fuinneamh iad. Bhí sé teolaí sa traein áfach, agus ba bheag nár chuir teas agus luascadh rithimeach na traenach codladh orm.

Dhúisigh mé go tobann as taibhreamh na súl oscailte. Cad é mo threosa inniu? Cá rabhas ag dul? Chuig Bettina. Tabharfaidh mé cuairt uirthi inniu. Agus toisc nach dtaitníonn liom tiomáint sa sneachta agus oighear, tá mé anseo agus turas fada romham. Bhí teachtaireacht Bhettina le léamh in Facebook. Bettina. Bhí sí ina scoláire agam blianta ó shin. Bettina. Lena bhuailinn ó am go ham ag eachtraí cultúrtha sa chathair. In ospidéal i ndiaidh cos a briseadh agus ansin sa chlinic athshlánúcháin. Bhí iarrtha agam an bhféadfainn cuairt a thabhairt, agus dúirt sí go mba bhreá léi mé a fheiceáil.

D’fhág mé an traein agus d’aimsigh mé stad bus i dtreo an chlinic. Duine ar leith í Bettina. Spina bifida atá uirthi. Bhíodh sí ábalta siúl le cuidiú gabhlóige agus í ina girseach bheag. Bhíodh toc-toc na gabhlóige lena coiscéimeanna tomhaiste le cloisint i gclós na scoile agus í ag glacadh páirte i gcluichí agus i gcomhrá na gcomrádaithe. Agus í ag teacht in inmhe d’éirigh sí ró-throm do na cosa laga agus b’éigean di dul i dtaithí ar an saol sa chathaoir rothaí.

Cailín diongbháilte a bhíodh inti. Ní scoláire den scoth ach bhí sí meáite ar an Abitur, an Ardteist Ghearmánach. Bhí ranganna ullmhúcháin don scrúdú in uachtar tí na scoile. Socraíodh ardaitheoir speisialta don chathaoir rothaí ar an staighre ard ar a son. Théadh sí trí urlár suas agus trí urlár anuas dhá uair gach lá. Thugaimisne múinteoirí cuidiú di, ach bhíodh faitíos orainn nach n-éireodh léi san Ardteist. Faoiseamh ollmhór a bhí orainn nuair a d’éirigh léi pas a fháil. Chuaigh sí ar an ollscoil; roghnaigh oideachas; fuair sí céim agus tá sí ag múineadh sa mheánscoil le sé bliana anuas. Tá cónaí uirthi ina haonar in árasán agus tá carr le háiseanna speisialta aici.

Thug mé aghaidh ar an Chlinic, Barda Pairilis. Bhí Bettina ag fanacht orm san fhorsheomra.

‘Is aoibhinn liom gur tháinig tú ar cuairt chugam!’ ar sí. ‘I dtús báire, taispeánfaidh mé mo sheomra duit. Ina dhiaidh sin, is féidir linn caife a ól.’

Chuaigh muid san ardaitheoir go dtí a seomra. Seomra mór dúbailte a bhí ann. Bhí flúirse cártaí ó áiteanna éagsúla ar chláir phionnaí agus béiríní ar an tábla. Chuir sí mé in aithne dá comrádaí seomra, bean mheánaosta a bhí ina luí agus feadáin insilte uirthi.

‘An créatúr!’ arsa Bettina agus muid amuigh sa phasáiste arís. ‘Duine breá í. Nach ormsa atá an t-ádh bheith in aon seomra léi! Réitímid le chéile. Ní chuireann sé isteach uirthi ar chor ar bith agus mise ar an ghuthán an t-am ar fad. Scéal fíorbhrónach atá aici. Tá tinneas aisteach uirthi nach dtuigeann aon dochtúir agus tá a cuid matán ag lagú. Bhí obráid chontúirteach aici mí ó shin agus ní raibh ach caoga faoin gcéad de sheans go mairfeadh sí. Tháinig sí slán as, ach níor tháinig aon fheabhas uirthi. Beidh obráid eile aici i gceann cúpla seachtain, ach ag Dia atá a fhios an dtabharfaidh sin cuidiú di.’

‘Agus an bhean atá sa seomra seo,’ arsa mise, agus Bettina ag stiúradh a cathaoir rothaí thar dhoras eile, ‘is measa ar fad an scéal atá aicise. Bím ar cuairt aici uaireanta nuair a bhíonn sí in ann cur suas le daoine eile. Ach anois téimis síos go dtí an caifé.’

Bheannaigh dochtúir di agus muid ag fanacht leis an ardaitheoir. Rinne siad comhrá éadrom gur tháinig an t-ardaitheoir.

Cheannaigh mé dhá chupán caife agus dhá shliosag císte agus shuigh muid síos in aice leis na ballaí gloine. Bhí radharc maith againn ar na daoine sa chaifé agus ar na daoine a bhí ag sileadh amach go clós an chlinic d’fhonn gathanna gréine a ghlacadh. Sruth cathaoireacha rothaí bhí ann. Chroith corrdhuine lámh i dtreo Bettina.

‘Tá an chuma air go bhfuil aithne ag gach duine ortsa, Bettina.’

‘Cinnte, tá. Nach minic go leor a bhím anseo? An-bhlasta an císte seo, nach ea? Caithfidh mé a rá go ndéanann siad císte an-mhaith anseo, an císte seacláide ach go háirithe.’

‘An mbíonn ort teacht anseo go minic, mar sin?’ An bhean bhocht seo, a shíl mé dom féin.

‘Ní d’éigean a bhím ag teacht. Oibrím anseo dhá Satharn sa mhí mar chúntóir deonach. Tagaim i mo charr féin. Tugadh áit pháirceála ar leith dom.’

D’fhan mé i mo thost, díchreidmheach.

‘Tá liosta feithimh fada ar bheith istigh mar othar anseo. Tar éis na hobráide ar mo chois chuir mé féin glaoch ar phríomhdhochtúir an bharda.

‘A Bettina, conas atá tú?’ ar sé.

‘An féidir liom teacht chugaibh amárach?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘Cinnte, is féidir! Nach bhfuil a fhios agat san?’

‘Ach is mian liom teacht mar othar! An bhfuil spás agaibh domsa?’ ar mise.

‘Ag magadh atá tú!’ ar sé.

Bhí súile Bettina ag rince le haoibhneas agus í ag cuimhneamh air: ‘Níl mé ag magadh, faraor!’ a dúirt mé. ‘Bhris mé an chos chlé. Thit mé amach as mo chathaoir rothaí agus mé ag dul síos céim bheag sa scoil. Bhí obráid agam cheana féin agus anois tá cóireáil athshlánúcháin de dhíth.’

‘Fadhb ar bith, a stór!’ ar sé. ‘Tá sé plódaithe anseo mar a bhíonn, ach dhéanfaidh mé spás duitse ar an bpointe!’

Tugadh anseo mé, mar sin,’ a dúirt sí agus miongháire uirthi.

Thug mé faoi deara den chéad uair a tarraingtí is a bhí Bettina. Bhí a súile glasa ag lonradh. Bhí cóiriú gruaige mealltach uirthi, a cuid smidiú déanta go foirfe agus muince deas faiseanta ar a muineál geal. Bhí sí ar a sáimhín só sa timpeallacht seo, i gcodarsnacht lena saol scoile tráth, agus bhronn an sonas áilleacht uirthi.

‘Ní chreidfeá na drochscéalta a bhíonn ag na daoine a thugtar anseo agus an oiread fadhbanna a bhíonn acu,’ ar Bettina.

‘Níl mórán daoine anseo a mbíonn taithí acu ar an mhíchumas siúil mar atá agamsa. Dian-tráma atá orthu. Tagann siad anseo toisc gur fhág taisme nó galar éigin pairilis orthu. Nó gur dhein siad iarracht ar fhéinmharú. An bhfeiceann tú an fhuinneog sin thuas agus na cuirtíní dúnta?’ a d’fhiafraigh sí, méar á díriú ar áit éigin ar mo chúl.

‘Sin seomra atá ag bean óg i ngar do mo sheomra féin. Shiúil muid thairis ar an bhealach go dtí an t-ardaitheoir, an cuimhin leat? Tar éis bhreith a céad linbh bhuail dúlagar iarbhreithe í go fíordhona. Níor thug aon rud leigheas di. I ndiaidh cúpla seachtain rinne sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Léim sí trí fhuinneog ón dara hurlár. Theip uirthi ach d’fhág san ina pairiliseach í. Agus ansin bhí trúig leanna duibhe níos measa fós aici! Tharla sé trí bliana ó shin. Bíonn sí anseo san athshlánúchán nó in otharlann síciatrach leath na haimsire. Tagann racht feirge uirthi go minic agus bíonn sí dosmachtaithe ar fad. Ní foláir í a chosaint uirthi féin. Ach uaireanta bíonn tú ábalta labhairt léi mar dhuine. Duine deas í Christiane. Ní fhaca mé í le tamall. Is dócha go bhfuil sí go dona faoi láthair.’

‘Agus an leanbh?’ a d’fhiafraigh mé.

‘Tá sí ceart go leor. Cogar, ar mhiste leat caife eile a thabhairt dom?’

‘Níor mhiste, cinnte.’

Cheannaigh mé an caife.

‘Is faoi chúram a hathar atá an ghirseach bheag. Scar fear céile Christiane uaithi le déanaí. Ní raibh sé in ann an saol in éineacht léi a sheasamh a thuilleadh. Is féidir leat é a thuiscint, nach féidir? Ach tá sé ina athair maith geanúil agus tagann sé go rialta lena n-iníon bheag le cuairt a thabhairt uirthi.’

‘Cad é a dhéanann tú leis na daoine agus tú ag obair anseo?’ a d’fhiafraíos di.

‘Ó, flúirse rud! Bímid ag cócaireacht, ag imirt cluichí, ag scéalaíocht. Braitheann sé. Bíonn meas mór ar mo chuid oibre ag na dochtúirí agus na haltraí.’

‘Tá mé cinnte go mbíonn,’ ar mé. ‘Agus conas atá do chuid oibre mar mhúinteoir scoile anois?’

‘Tá sé go breá! Mairg nach bhfuil mé ábalta teagasc faoi láthair. Bearna mhór atá sa scoil agus mise as láthair! Agus cronaím uaim na daltaí. Dála an scéil, a bhfuil a fhios agat cén t-ábhar is mó a bhím ag teagasc faoi láthair? Béarla! Agus na haistí lán le meancóga a scríobhainn tráth! An féidir leatsa é a shamhlú, mise ag teagasc Béarla?’

Phléasc sí amach ag gáire.

‘Is féidir, gan fadhb, a Bhettina. Táim an-bhródúil asat!’

Labhair muid faoi mhúineadh an Bhéarla mar theanga eachtrannach agus Bettina ag míniú dom na cleasanna a úsáideann sí lena daltaí a spreagadh.

‘Ach an rud is mó a bhainim sult as ná gríomhaíochtaí deonacha leis na scoláirí. Tá grúpa beag daltaí agam a thagann le chéile uair sa tseachtain. Téimid chuig teach altranais. Tá daoine ann nach bhfuil aon teaghlach acu nó aon teagmháil le daoine lasmuigh den teach. Níl gairdín ar bith ag an teach seo agus bíonn siad lánsásta agus na déagóirí dá mbrú thart ina gcathaoireacha rothaí. Agus bheadh iontas ort a chineálta is a bhíonn na déagóirí is measa sa scoil agus iad in éineacht leis na seandaoine is ansa leo.’

‘An mbíonn tusa á dtionlacan i do chathaoir rothaí féin ansin?’

‘Bím, cinnte. Spraoi agus spórt a bhíonn againn.’

Lean an sruth daoine amach as an fhoirgneamh, daoine le siúladáin, daoine ag siúl le cuidiú gabhlóg, agus, ach go háirithe, daoine i gcathoireacha rothaí. Amach leo faoi sholas na gréine. Na hothair ag comhrá lena gcúramóirí nó le hothair eile, beirt ar bheirt, i ngrúpaí beaga nó ina dtost ag baint suilt as an ghrian.

‘Amharc ar an fhear sin amuigh os comhair an dorais, an fear mór ramhar le siúladán,’ ar Bettina agus í ag smeachaíl a teanga. ‘Tá sé ag caitheamh toitín arís. Ach tuigim dó. Tagann sé anseo ó am go ham nuair a fhágann neart na ngéag é. Níl aon chur amach ar a thinneas ag na dochtúirí. Agus dúirt sé liom nach mbaineann sé an oiread suilt as rud ar bith seachas tobac. Fear greannmhar é d’ainneoin sin. Bím ag gáire an t-am ar fad lena chuid ciútaí.’

‘Conas atá do thuistí?’ a d’fhiafraigh mé di ag smaoineamh ar an lánúin nach raibh óg a thuilleadh nuair a rugadh í.

‘Níl m’athair ró-mhaith faoi láthair. Tá súil agam go bhfeabhsóidh sé go luath. Mura ndéanann, níor chóir dom dul go dtí an Bhrasaíl i mbliana.’

‘An raibh tú sa Bhrasaíl, mar sin? Chonaic mé ar Facebook go bhfuil Portaingéilis mhaith agatsa ach ní raibh a fhios agam cén fáth sin.’

‘Tá, go deimhin, agus níos fearr ná mo chuid Béarla, ar an drochuair! Bhí mé cúig uaire sa Bhrasaíl cheana féin. Bím ag obair mar oibrí sóisialta i ndílleachtlann i Sao Paolo.’

‘An mbíonn? Go hiontach! An dílleachtaí bitheolaíocha nó dílleachtaí sóisialta iad?’

‘Sóisialta, ar ndóigh. Don chuid is mó is leanaí le striapacha iad. Níl a fhios ag na mná bochta sin conas déileáil lena gcuid páistí. Is féidir leat a shamhlú go bhfuil a saol sa dílleachtlann i bhfad níos fearr ná an saol a bheadh acu ar shráideanna Sao Paolo. Bím ag imirt cluichí agus ag rince leo, mise sa chathaoir rothaí agus iad ar a gcosa. Daoine an-oscailte na páistí sin. Táimid an-mhór le chéile. Bímid ag …’

‘A Dhia dhílis! ’s í féin! Cnag ar an fhuinneog! Christiane! Cnag go tapa , le go bhfeicfidh sí mé! Tá sí ansan lasmuigh, Christiane, an bhean faoina raibh mé ag labhairt leat. Ní chreidim é!’

Chas mé agus chonaic mé bean óg dhathúil agus gruaig fhada dhubh uirthi i gcathaoir rothaí in aici leis an fhuinneog. Pluid bhreacáin dhearg a bhí ar a cabhail sheang.

Ar a ceannaithe fíneálta bhí miongháire ainglí. Bhí a súile dubha lonracha ar leathadh agus iontas linbh a fheiceann rud álainn den chéad uair.

An bhfaca sí a raibh roimpi nó ar amharc sí tríd ar rud ina hintinn féin?

Chnag mé ar ghloine dhlúth na fuinneoige chomh láidir is a b’fhéidir liom. D’amharc sí le fiosracht inár dtreo. D’aithin sí Bettina agus í ag croitheadh láimhe go bríomhar chuici. Chroith sise lámh ar ais. Ansin bhrúigh a cúramóir a cathaoir rothaí amach ar an chlós.

‘Nach iontach é sin?’ ar Bettina. ‘Rud nach raibh súil ar bith agam leis! Iontas na n-iontas! Ní fhaca mé an méid áthais uirthi riamh roimhe seo. Rachaidh mé chuig a seomra níos déanaí le haghaidh píosa comhrá. Lá ar leith atá ann inniu!’

Lig sí osna. ‘Tá súil agam go bhfanfaidh píosa sonais aici ar feadh tamaill. Ní bheidh mise anseo ach seachtain nó coicís eile. Beidh mé ag dul abhaile agus tá mé lán-sásta leis ach...

B’fhéidir nach dtiocfaidh mé ar ais mar chúntóir deonach go ceann na míonna. Cara atá de dhíth uirthi. Is dócha nach bhfuil cara eile aici seachas mise. Teiripe di is ea a muintir féin, a fear scartha, a hiníon, cinnte, ach ní cairde iad.’

D’fhan sí ina tost ar feadh cúpla nóiméad.

‘Anois ba chóir dom dul suas. Beidh fisiteiripe agam i gceann leathuaire. Go raibh míle maith agat as do chuairt.’

D’fhág muid slán lena chéile. Chas Bettina agus as go brách léi ar luas ina cathaoir rothaí.

Agus mé ag dul amach bhí na scáthanna ag éirí níos faide. Ní raibh ach corrdhuine sa chlós go fóill. Bhí na soilse i seomraí an bharda pairilise á lasadh. Thosaigh gnáthcúrsaí an tráthnóna – a raibh cuma neamhchoitianta orthu dúinne nach mbíonn taithí againn orthu.

An t-aer fuar a dhúisigh mé. D’amharc mé ar m’uaireadóir. Bhí sé déanach, b’éigean dom deifriú le nach gcaillfinn an bus agus an traein. Agus mé ag rith i dtreo stad an bhus mhothaigh mé mo dhá chois, mo dhá chois shláintiúla a iompraíonn mé tríd an domhan gan stró. Céimeanna, cnoic, staighre, gairbhe na talún – fadhb ar bith acu leo. Níor theip orthu an lá seo ach oiread: ghéill mo dhá chois do mo thoil mar a bheadh draíocht iontu agus ba ghearr go raibh mé ar an traein abhaile.

FEASTA, Meitheamh 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais