Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Leagan ciorraithe dá ndúirt Pádraig Ó Héalaíag a insealbhú mar Uchtarán ar Oireachtas na Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, ar an 13 Feabhra 2014 Go raibh maith agat, a Bhláthnaid, agus móra daoibhse, a chairde, cairde na Gaeilge agus cairde an Oireachtais — agus cairde a chéile, tá súil agam! Mothaím go mór faoi chomaoin ag an gCoiste a bheartaigh ormsa mar Uachtarán an Oireachtais i mbliana. Is le humhlaíocht agus uirísle a ghlacaim leis an ngradam ón eagraíocht stairiúil seo atá lárnach i ngluaiseacht na Gaeilge le breis agus céad bliain. Ag féachaint siar ar stair Chonradh na Gaeilge, ó bunaíodh é in 1893, ní féidir gan aird a thabhairt ar an dlúthbhaint a bhí ag an oiread sin de bhaill an Chonartha le ceannaireacht a thabhairt san athbheochan chultúrtha a bhí mar bhunchloch faoin ngluaiseacht náisiúnta ónar eascair saoirse na tíre seo. In ainneoin a thábhachtaí is a bhí an neamhspleáchas polaitiúl, is maith a tuigeadh i gConradh na Gaeilge agus lasmuigh de, nárbh é sin deireadh an aistir a bhí le siúl d’fhonn beatha agus bláthú a chinntiú don gcultúr dúchais. Cé go raibh dea-mhéin ag go leor daoine i leith an chultúir sin le bunú an Stáit, bhí an taoide casta ina choinne le fada. Sna haoiseanna roimhe sin bhí an bonn á bhaint uaidh go leanúnach ag próiseas an choilíneachais. Bhí an córas polaitiúil agus riaracháin, cumhacht an dlí, cúrsaí gnó agus cleachtais oideachais, mar aon le brú ón eilít shóisialta, á chur in iúl go fórsúil do phobal na tíre seo nach raibh an rud Gaelach gradamúil ná fiúntach. Bhí na fórsaí sin go léir ag tabhairt le fios, agus á léiriú i slite praiticiúla, gur bheag an tairbhe í teanga na Gaeilge, agus gurbh é leas teaghlaigh agus tíre, cúl a thabhairt léi, agus dul feasta le teanga fhaiseanta an Bhéarla. Bhí imeachtaí eile, go háirithe an Gorta agus an imirce a lean é, a dhaingnigh agus a threisigh leis an dteachtaireacht seo, agus is léir ón gcreimeadh mór ar na limistéirí Gaeltachta agus an laghdú a bhí ar líon na gcainteoirí Gaeilge ar bhunú an stáit, cé chomh héifeachtach agus a bhí an teachtaireacht sin imithe i bhfeidhm. Táim cinnte go bhfuil eachtraí cloiste ag go leor againn a léiríonn an dearcadh truamhéileach agus mínádúrtha a cothaíodh i ndaoine i leith a dteanga féin. Ritheann liom anseo scéal faoi sheanbhean bhocht i gCill Díoma i gCo. Luimnigh i dtús an chéid seo caite. Tháinig sagart chun na háite a raibh tóir aige ar Ghaolainn agus bhain sé amach í seo ina botháinín agus d’fhiafraigh di an raibh aon Ghaolainn aici, agus ba é seo a freagra: ‘I don’t then, Father,’ a dúirt sí, ‘even though I’m ignorant enough and poor enough to have it.’ Ba thruamhéilí fós caint an fhir, a dúirt mar mhíniú ar an gcúis nár labhair sé an Ghaeilge a bhí aige ó dhúchas lena chlann: ‘I’d sooner give ’em the itch, sir, than give them the Irish.’ Ní hionadh, mar sin, gur bheartaigh cuid mhór dár muintir, fiú munarbh áin leo é, agus nár le lántoil é, iompó ar an mBéarla. Ba bhriseadh tubaisteach é sin ar leanúnachas an chultúir dhúchais agus táimid i ngleic le hiarsmaí na tubaiste sin ó shin. Is fíor don seanfhocal a deireann gur fada amach a shíneann iarsma an drochghnímh, agus is cinnte gur doimhin iad na cneácha a lean an spídiúlacht chultúrtha a imríodh ar ár dteanga. Deineadh díluacháil in aigne go leor daoine ar rud a mbeadh bá go nádúrtha leis, mar atá, a dteanga dhúchais. Cuireadh dinc idir an pobal agus a rud féin agus dealaíodh iad ó sciar dá ndúchas a raibh ceart oidhreachta acu air. Le bunú an stáit agus le tacaíocht láidir ó ghluaiseacht na Gaeilge, tugadh céim suas don dteanga i bpolasaithe rialtais mar is eol dúinn — fuair sí aitheantas oifigiúil sa chóras rialtais agus dlí, tugadh áit faoi leith di sa chóras oideachais, agus diaidh ar ndiaidh deineadh infheistíocht áirithe ar mhaithe léi sa Ghaeltacht agus lasmuigh de. Tá léirithe ag suirbhé i ndiaidh suirbhé go bhfuil tromlach na ndaoine báúil léi, agus tá dul chun cinn suntasach déanta i réimsí áirithe mar na meáin Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht, ach in ainneoin na mbeartas agus na dtuartha dearfacha sin go léir, féach gur leochaileach í staid na Gaeilge inniu. Is baolach go bhfuil an teanga imeallaithe, cuid mhór, i saol na tíre faoin dtráth seo, agus í ag lagú léi sa Ghaeltacht, áit a bhfuil cuisle agus bradán beatha na teanga lonnaithe, ach an bradán sin anois i mbaol éalú aisti mar go bhfuil uair na cinniúna buailte linn. Tá sé an-soiléir go bhfuil maolú mór ar thacaíocht an stáit don teanga, ionas go mothaíonn go leor daoine anois gurb é an státchóras is mó a dhiúltaíonn don Ghaeilge. Tá an ghéarchéim sa státchóras curtha ar ár súile dúinn ag an seasamh ionraic agus misniúil a ghlac an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a bheartaigh éirí as a phost toisc nach raibh an comhoibriú ó ranna Rialtais ar fáil dó, a chuirfeadh ar a chumas a dhualgais a chomhlíonadh mar ba cheart. Mar a dhein Seán féin, guímse chomh maith gach rath ar an gCoimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, agus é ag tabhairt faoi na fadhbanna sin a shárú. Is trua ar fad go bhfuil an scéal chomh dona is atá, go mór mhór i bhfianaise na tacaíochta atá geallta ag na páirtithe polaitiúla go léir do Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ina bhfuil céimeanna tómhaiste curtha i láthair a chinnteodh dul chun cinn áirithe don teanga. Tá an chuma anois ar iompar an rialtais i leith na cáipéise sin, gur jug mór fada, agus an bainne i bhfad síos ann, a bheidh sa Straitéis chéanna sin dóibh. Tá an easpa dáiríre léirithe arís sa neamhaird ar mholtaí fónta atá sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus i bhfeidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tuigimid go rómhaith go bhfuil brú mór ar an nGaeilge ó fhoinsí eile sa lá atá inniu ann, rudaí mar stádas an Bhéarla mar theanga idirnáisiúnta, domhandú na meán agus an ghnó, neamhaird ar luachanna traidisiúnta, géarchéim airgeadais, gan ach roinnt acu a lua. Ní féidir linn aon tionchar a imirt ar chuid acu seo, ach is féidir linn, agus is ceart dúinn, féachaint le gníomhú maidir le siléig sa státchóras i leith na teanga, go háirithe i gcúrsaí oideachais. Tá UNESCO tar éis an Ghaeilge a aithint mar theanga atá definitely endangered, agus chun go mbeadh aon seans ag ár dteanga go mairfeadh sí mar ghné lárnach de chultúr na tíre, is den riachtanas é go n-ardófaí go mór caighdeán mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Is é fírinne an scéil go bhfuil an rialtas, agus go sonrach an Roinn Oideachais, sásta glacadh leis go bhfuil caighdeán teagaisc na Gaeilge míshásúil i 50% de bhunscoileanna an stáit, agus gur cumas lag sa Ghaeilge atá ag 25% dár mbunmhúinteorí. (Figiúirí a tógadh ón Straitéis Fiche Bliain). Is léiriú eile ar leibhéal spéis an státchórais sa teanga é nach bhfuil ach c.1.5% d’fhostaithe na Roinne Oideachais, mar shampla, inniúil ar a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge, agus go measann an tAire Stáit a bhfuil freagracht i leith na Gaeltachta air gur leor sprioc de 6% mar réiteach ar an bhfadhb. Tá sciatháin Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gearrtha go stumpa agus ionchur Gaeltachta sa chóras oideachais laghdaithe dá réir. Tá siollabas Ardteistiméireachta tugtha isteach a cheileann saibhreas na litríochta ar dhaltaí na Gaeilge, agus gur dóichí ná a mhalairt, gur drochmheas a chothóidh sé ar an litríocht chéanna sin. Léiríonn beartais mhíthuisceanacha den sórt seo gur beag é spéis údaráis an stáit seo i gcur chun cinn na Gaeilge. Tagraím anseo don easpa ceannaireachta ón stát seo, maidir leis an nGaeilge ach, faraoir, is measa fós an scéal sa stát ó thuaidh mar cuireann tuairisc ó Chomhairle na hEorpa in iúl go bhfuil an córas rialtais ansin ag feidhmiú go naimhdeach i leith na teanga. Caithfidh mé a rá, mar sin féin, gur léas beag dóchais é an clár a craoladh cúpla oíche ó shin faoi chúrsa Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste ar Dílseoirí is mó atá ag freastal air. Tráthúil go leor, ar an Satharn seo chugainn, Lá Mór na Gaeilge, mar atá tugtha air, beidh mórshiúl tríd an gcathair seo a thugann seans dúinn an tábhacht a chuirimid leis an dteanga a thaispeáint, agus ár míshásamh a fhógairt faoi a easnamhaí is atá beartais rialtais, thuaidh is theas, i leith na teanga. Más féidir linn in aon chor é, bímis páirteach ann agus éilímis fís agus ceannaireacht ón Stát dár dteanga. Rud, b’fhéidir, gurbh fhiú tabhairt faoi is ea feachtas samhailteach a dhíreodh aird ar an bhfiúntas a bhaineann leis an teanga féin. Spreagfadh a leithéid díospóireacht a chothódh, b’fhéidir, ionraiceas agus soiléire maidir lena ról i saol an lae inniu. Tuigim go maith go bhfuil smúit is meirg ar mholadh dá leithéid seo, ach cuirim i láthair é toisc go gcreidim gur ceann de na laincisí is bunúsaí a bhacann ar dhuine aonair, ar phobal, agus ar rialtas, feidhmiú go dearfach i leith na teanga, is ea éiginnteacht nó díchreideamh maidir lena tairbhe agus a fiúntas. Táimidne, cairde na Gaeilge, an-chinnte agus b’fhéidir paiseanta faoina fiúntas. Ach is baolach nach bhfuil éirithe chomh maith agus ba mhian linn, ár dtuiscintí féin a léiriú go héifeachtach don bpobal trí chéile. Nuair a chuirtear san áireamh gur eilimint shuntasach í an teanga i ngréasán féiniúlachta an Éireannaigh, tá rud an-aisteach, ag baint leis an gcaidreamh atá ag sciar de phobal na tíre leis an nGaeilge. Is iondúil go mbíonn daoine mórálach as eilimintí fónta ina gcultúr – léiriú ar thír ghrá sa chiall leathan é seo, pietas, a dhlúthaíonn duine lena thimpeallacht chultúrtha. Is mar sin go díreach atá maidir le gnéithe iomadúla dár gcultúr – mothaítear go ginearálta gur maith ann agus gur maise orainn rudaí mar ár seaniarsmaí seandálaíochta, ár gceol, ár litríocht, ár saothair ealaíne de gach sórt, ár gcluichí agus eile. Ach féach nach bhfuil an leibhéal céanna mórtais in aon chor le braith i gcás theanga na Gaeilge, in ainneoin gur buneilimint inár gcultúr í. Tá rud againn sa Ghaeilge a thuilleann ár meas, agus is gá a chur in iúl gur rud luachmhar í an teanga seo againne agus gur fiú dua a chaitheamh lena cur chun cinn. Is inti a chloisimid glór na nGael, the most Irish thing in Ireland a dúirt an té a dúirt é; faighimid léargas inti ar thaithí saoil ár muintire sa litríocht agus san ealaín bhéil; tá ionad gradamúil aici i measc theangacha na hEorpa, mar lasmuigh de na Clasaicí, is inti is túisce a tháing litríocht chun cinn; tá ár logainmneacha agus ár sloinnte neadaithe inti, cuid mhór. Bhí spéis faoi leith ag Gaeil riamh ina dteanga, agus dá chomhartha san, féach gurb í an Ghaeilge is túisce de nuatheangacha na hEorpa, a chuir foclóir, gramadach agus coinbhinsiún caighdeánach scríbhneoireachta ar fáil. Neamhspleách ar fad ar an bhfiúntas sin a bhaineann le Gaeilge, is fiú smaoineamh ar an méid seo, gur iontach go deo an táirge cultúrtha í teanga: céim chinniúnach i bhforbairt homo sapiens teacht chun cinn teangacha. Is éacht spleodarach cumadóireachta í gach teanga, uirlis thar a bheith sofaisticiúil, íogair agus ealaíonta. Seoid de chuid na sibhialtachta gach ceann acu agus is fiú dúinne aire a thabhairt don tseoid sin ar linne í — ár gcion den bhithéagsúlacht chultúrtha — go speisialta de bharr na healaíne agus na háille atá in a n-orlaí tríthi. Is eispéiris thaitneamhacha bainteach le teanga, a mhúsclaíonn bá léi agus a chuireann a fiúntas in iúl. Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom ar deireadh, tagairt d’fhéile an Oireachtais agus an ról lárnach atá aici i gcothú na n-ealaíon liteartha agus dúchais. Meallann an tOireachtas scríbhneoirí óga agus oilte chun pinn i seánraí éagsúla; spreagann sé óg is aosta chun rannpháirtíochta sa tsiamsaíocht thraidisiúnta; díríonn na gradaim chumarsáide a eagraíonn an tOireachtas ar ardchaighdeán a aithint sna meáin Ghaeilge idir leictreonach agus chlóite, agus le féile Scléip na hÓige scaoiltear an bobailín amach i measc na n-óg. Ina theannta sin go léir, cuirtear ócáid fíorthaitneamhach ar fáil ag Oireachtas na Samhna a thugann spreagadh agus ardú meanman do phobal na Gaeilge. Is é an tOireachtas an stáitse is mó agus is feiceálaí a léiríonn an bheogacht, an spleodar agus an tathag atá sa teanga bheag seo againne. Is ceiliúradh é an tOireachtas ar ár dteanga agus ar ghnéithe eile dár ndúchas, agus is údar mórtais domsa, Duibhneach ó Pharóiste Mórdhach, bheith ceangailte ag an slabhra seo le féile mhór an Oireachtais. Gabhaim buíochas leis an gcoiste a bhronn an onóir seo orm, go háirthe le Liam agus Máirín a dhéanann obair na gcapall ó cheann ceann na bliana. Go raibh míle maith agaibhse go léir as teacht anseo, agus tá súil agam go bhfeicimid a chéile arís i gCill Áirne ag déanamh isteach ar mhí na Samhna. FEASTA, Meitheamh 2014 Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais |