Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
De réir Dhúchais is Gnás ár Sinsear (1)
le Leachlain Ó Catháin
‘Ó tháinig Rialtas Sealadach na hÉireann le chéile don chéad uair sa Seomra Daire i dteach an Ard-Mhéara i mBaile Atha Cliath i mí Eanáir 1922, ní h-eol dom ach cúpla Aire Rialtais a raibh an tuiscint agus an diongbháilteacht acu is gá chun an Ghaeilge a thabhairt slán. Ghníomhaigh Frank Aiken go misniúil agus é ina Aire Airgeadais ins na daicheadaí, ach thar aon duine eile tá an chreidiúint sin tuillte ag ball don chéad Rialtas úd, Earnán de Blaghd.’
B’in a dúirt an Dr Dónall Ó Móráin sa Seomra Daire céanna nuair a bronnadh gradam Bord na Gaeilge air. Mheabhraigh sé gur chinn an chéad Rialtas i mí Feabhra 1922 go mbeadh uair a chloig de Ghaeilge gach lá i ngach aon bhunscoil ó Lá ’le Pádraig na bliana sin amach, agus in aon chás nach raibh go leor Gaeilge ag múinteoirí, bhí an Rialtas sásta íoc as seirbhísí aon duine sa cheantar le heolas cuí ar Ghaeilge, chun an cúram sin a chur i gcrích.
Go dtí sin, níl aon amhras faoi ach go raibh an Ghaeilge faoi ionsaí, ní hamháin go sóisialta ach go hoifigiúil chomh maith. Is eol dúinn go léir an seanscéal faoin ‘mbata scóir’ agus an ‘Murder Machine.’ Dhírigh Dúbhglas de hÍde isteach go láidir ar an gceist seo agus b’é ceann de phríomhaidhmeanna Chonradh na Gaeilge é ag an am go mbeadh gach uile ghné den Oideachas in Éirinn, ón mbunscoil go dtí an ollscoil, bunaithe ar shaíocht na hÉireann, ionas go mbeadh neamhspleáchas intleachtúil ag an tír.
Bhí an dearcadh seo le feiscint go soiléir sna heagráin éagsúla den Chlaidheamh Soluis ag an bPiarsach. Faoi 1922 glacadh go hiomlán le polasaí Chonradh na Gaeilge ó thaobh athbheochaint na teanga agus caomhnú na gceantracha Gaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí sé mar chuid de pholasaí Chonradh na Gaeilge go mbeadh, mar a dúradar, an teanga náisiúnta ina méan teagaisc sna bunscoileanna sa Ghaeltacht. Tá sé le tabhairt faoi ndeara anseo gur deineadh idirdhealú idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Bhí Gaeilge luaite mar theanga riaracháin na scoile i ngach aon chás.
Ní haon ionadh ansan, go luath i 1922, gur bunaíodh comhchoiste den Dáil agus de Chonradh na Gaeilge chun polasaí dearfach teanga a leagadh síos, rud a deineadh. Suimiúil go leor tháinig an cúram ar fad maidir le cúrsaí Gaeilge faoi Eoin Mac Néill, duine a bhí go láidir i gcoinne mhúineadh na Gaeilge a bheith riachtanach, agus ní raibh sé róchinnte ach oiread go n-éireodh leis an gCóras Oideachais amháin an Ghaeilge a athbheochaint lasmuigh de na Gaeltachtaí.
B’é Earnán de Bhaghd, áfach, an duine ba mhó a bhrúigh ar aghaidh ceist na teanga i ngach aon ghné d’innealra riaracháin an Stáit, agus a luaigh agus a bhraith an tábhacht lárnach a bhí ag gabháil leis an nGaeltacht sa ghnó seo ar fad. Níor chreid sé go mairfeadh an Ghaeilge sa Ghalltacht dá n-imeodh an Ghaeltacht. Ar an taobh eile de, bhí sé lánsásta nach mairfeadh an Ghaeltacht muna mbeadh athbheochaint teanga sa Ghalltacht. Ag féachaint siar ar an bpolasaí a leagadh amach sna fichidí ó thaobh Gaeilge agus Oideachais de, ní dóigh liom gur féidir aon lucht a fháil ar an bpolasaí sin.
Má bhí dearmad ann agus is fuirist dearmad a fheiscint ag féachaint siar dúinn gan amhras, b’é an dearmad ná, de bhrí dea-thola sa tír ar fad don teanga agus daoine ag saothrú leo ar a son, nár rith sé leis an Rialtas cúlra cosanta dlí faoin mBunreacht nua a chur ar fáil don chainteoir Gaeilge, bíodh sé nó sí sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht. Tá an easpa reachtaíochta sin le haithint go mór an lá atá inniu ann.
Is ar an gCóras Oideachais is mó a thit an t-ualach, agus ina a dhiaidh sin gan amhras is é is mó a d’iompair na dualgaisí teanga. Cé go raibh ‘Minister for Irish’ nó Aire na Gaeilge ann sa chéad Dáil i 1919, is ar an Roinn Oideachais a leagadh an dualgas i 1924 chun an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla mar mheán teagaisc don mhúineadh, don chaitheamh aimsire agus don saol i gcoitinne, sna bunscoileanna agus sna hiarbhunscoileanna.
In ainneoin go raibh fadhbanna inmheánacha sa Roinn Oideachais, i measc na gCigirí féin fiú, agus go raibh an INTO amhrasach go maith faoi ghnéithe den pholasaí, agus in ainneoin arís dhearcadh achrannach na Roinne Airgeadais, leanadh ar aghaidh leis an bpolasaí. Bunaíodh na Coláistí Ullmhúcháin, cuireadh deontaisí ar fáil, deineadh ábhar riachtanach den Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla sna scoileanna i 1927 don Mheánteistiméireacht, agus don Ardteistiméireacht i 1934. Ritheadh an tAcht faoi Ollscoil na Gaillimhe i 1929. Ritheadh an chéad Acht faoin nGairmoideachas i 1930.
Ní fúmsa atá sé a thuilleadh a rá faoi na cúrsaí seo, ach amháin chun an cúlra ginearálta a chur in bhur láthair agus chun a mheabhrú daoibh nár ritheadh oiread is aon acht amháin, a bhronn aon cheart ar an bpobal, nó ar aon saoránach den phobal sin, ó thaobh oideachais trí Ghaeilge de, in aon chuid den tír. Níor tuigeadh go raibh aon ghá leis, agus is dócha ar shlí nach raibh, mar bhí an Earnáil Stáit dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn.
Deireann Alt a Ceathair sa chéad Bhunreacht:-
Airteagal 4, Bunreacht 1922: Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann ach co-aithneófar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair nó do liomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáthúsáid ionta.
Deireann Airteagal 8 de Bhunreacht 1937:
1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’ fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haon teanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an stáit ar fad nó in aon chuid de.
Is iad seo an dá ráiteas is tábhachtaí atá sa dlí faoin nGaeilge. Tabhair faoi deara áfach gur ráitisí stádais iad na ráitisí seo a bhronnann stádas gradamach iontach, d’fhéadfá a rá, ar an nGaeilge. Ach ní bhronntar aon cheart ar an bpobal go sainiúil.
Anois, tá fhios againn go bhfuil Bunreacht i scríbhinn againne sa tír seo, murab ionann agus an Bhreatain mar shampla. Tá dlí bunúsach an Stáit leagtha amach sa Bhunreacht sin agus é achtaithe ag an daonra le Reifreann. Mar is eol daoibh, ní féidir aon athrú a dhéanamh ar an gcáipéis sin gan Reifreann faoi leith a bheith ann. Leagann an Bunreacht amach na bunphrionsabail agus an bunúdarás atá ag an Stát, ag saoránaigh agus cearta na saoránach san áireamh.
Ní dóigh liomsa go ndéantar tagairt minic go leor d’Airteagal a hAon den Bhunreacht. Cuimhnímis gurb é seo an chéad ráiteas agus an bhunchloch Bhunreachtúil atá againn sa tír seo. Macalla is ea é ar fhógra 1916.
Airteagal 1, Bunreacht 1937
Deimhníonn náisiún na hÉireann leis seo a gceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál Rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh, agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear.
Is ceart cuimhneamh chomh maith gur aonad amháin is ea an Bunreacht, agus is ceart é a léamh mar sin, gan na hAirteagail éagsúla a scaradh amach óna chéile go haonaránach.
Nuair a thagtar chomh fada le riarachán agus eagrú na tíre, caithfidh gach aon Dlí, Acht, Ionstraim Reachtúil, Ordú Aire nó aon ghníomhaíocht a bhaineann leis an saoránach, a bheith de réir an Bhunreachta. Má sháraíonn aon Acht nó aon ghné de riaradh na tíre aon mhír nó aon chuid den Bhunreacht, níl aon cheangal ná dualgas ar an saoránach sa chás sin.
Tá oideachas i nGaeilge faoi chaibidil, agus pé cearta atá ag an bpobal, nó ag an saoránach, is beag iad. Caithfear breathnú ar an mBunreacht, féachaint cad iad na dualgaisí gníomhacha, más ann dóibh, atá ar an Stát i dtaca le cúrsaí oideachais.
Tagann oideachas go sonrach faoi Airteagal a 42, go bhfuil cúig fo-ailt ag gabháil leis :-
Airteagal 42, Bunreacht 1937
1. Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh, agus rathaíonn gan cur isteach ar cheart doshannta ná ar dhualgas doshannta tuistí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.
2. Tig le tuistí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bhunaítear ag an Stát.
3. 1° Ní cead don Stát a chur d’fhiacha ar thuistí, in aghaidh a gcoinsiasa nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.
2° Ach ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail ní foláir dó, toisc cor an lae, é a dhéanamh éigeantach minimum áirithe oideachais a thabhairt do na leanaí i gcúrsaí moráltachta intleachta agus comhdhaonnachta.
4. Ní foláir don Stát socrú a dhéanamh chun bunoideachas a bheith ar fáil in aisce, agus iarracht a dhéanamh chun cabhrú go réasúnta agus chun cur le tionscnamh oideachais idir phríobháideach agus chumannta agus, nuair is riachtanas chun leasa an phobail é, áiseanna nó fundúireachtaí eile oideachais a chur ar fáil, ag féachaint go cuí, áfach, do chearta tuistí, go mór mór maidir le múnlú na haigne i gcúrsaí creidimh is moráltachta.
5. I gcásanna neamhchoiteanna nuair a tharlaíonn, ar chúiseanna corpartha nó ar chúiseanna morálta, nach ndeanaid na tuistí a ndualgais dá gclainn, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh le beart oiriúnach chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh.
(Leanfar de)
FEASTA, Meitheamh 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|