Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Fís nár Fíoraíodh! - -

Is gearr uainn go mbeimid ag comóradh céad bliain ón Éirí Amach i 1916. Tá, ar ndóigh, mar a dúramar anseo mí ó shin, dóthain amhrais ann an mbeidh Feasta beo nó marbh chun ár bpáirt bheag féin a ghlacadh sa chomóradh, bíodh nach bhfuil i gceist againn an fód a ghéilleadh go héasca, pé ní atá i gceist ag an bhForas. Ar eagla na heagla, ba mhaith linn ár gcuid féin a rá in am.

Mar a tharla leis, thángamar ar eagrán na Bealtaine 1991 de Feasta ina raibh comóradh á dhéanamh ar thrí cheathrú céid an Éirí Amach an bhliain chéanna. Cuimhnigh ag an am sin go raibh seacht mbliana le dul sula síneofaí Comhaontú Aoine an Chéasta, a thug chun críche cogaíocht a bhí ar siúl i dTuaisceart Éireann ó 1969. Ar an eagrán sin de Feasta bhí dhá alt ag beirt ollúna ollscoile le stair, ceann díobh ag Gearóid Ó Tuathaigh i nGaillimh agus ceann eile ag Seán A Ó Murchú i gCorcaigh.

Níl aon amhras ná gur fiú go mór an dá alt a léamh arís, agus a raibh le rá iontu ag baint oiread le hábhar inniu agus a bhí ag an am. Bhí a ndearcadh féin ag an mbeirt staraí, ar ndóigh, ach tá siad ar aon fhocal maidir leis an tábhacht a bhain leis an gcomóradh mar ócáid a d’athraigh meon an phobail ó bhonn, agus a chuir casadh cinniúnach ar chúrsaí polatíochta na tíre chomh maith. Fiú dá dtéití thar fóir le híoladhradh lucht ceannais an Éirí Amach, bhí a n-iompar le moladh agus a gcuspóirí iontuigthe i gcomhthéacs polaitiúil na tíre ag an am.

Ag breathnú siar dúinn, d’fhéadfaí a rá gur beag plé a rinne an bheirt staraí ar cad a spreag a leithéid de ghníomh, ag cur san áireamh go raibh an meon polaitiúil, fiú ar tháirseach an Éirí Amach, dírithe ar Home Rule faoi scáth Impireacht na Breataine.

Níor bhain san le treo nó le hábhar sa dá alt seo. Is léargas eile a bhí i gceist ag an mbeirt staraí ag an am sin. Ach is buncheist í cad a spreag chun ceannairce iadsan a ghlac páirt sa réabhlóid.

Is eol dúinn i 1916 go raibh réabhlóid eile ar fad ar siúl le breis agus fiche bliain. Cuireadh tús le réabhlóid chultúrtha nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893, ach is cosúil gur as an réabhlóid chultúrtha sin a d’eascair an réabhlóid mhíleata. Deirtí coitianta go ndeachaigh na ceannairí ar scoil go dtí an Conradh.

Ba thráthúil a phlé anois an raibh fís nár fíoraíodh i gceist leis an Éirí Amach, nó fiú go bhfuil meabhlú i gceist i gcás ár lucht rialaithe agus go bhfuil, diaidh ar ndiaidh, siléig tar éis tarlú maidir leis an bhfís. Go háirithe ar ócáid chomh tábhachtach, níor chuí go mbeadh aon chur i gcéill i gceist.

FEASTA, Meitheamh 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo