Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

A bhfuil romhainn anois
le Seán Ó Loingsigh


Ní mór ná go bhféadfaí plé le Fine Gael agus le Fianna Fáil anois mar aon ghrúpa amháin ar an speictream polaitíochta.

——◊——

Agus an comhaireamh fós ar siúl agus seo á scríobh, is é an chéad rud is cóir a rá faoi na toghcháin atá díreach thart nach ionann an tábhacht atá le toghcháin do pharlaimint na hEorpa ná d’údaráis áitiúla agus atá le holltoghchán a mbíonn rialtas agus stiúrú na tíre ag brath air.

Mar sin, is féidir go mbeadh malairt toradh ar fad i gceist i gcás an olltoghcháin atá romhainn agus na toghcháin seo atá thart anois. Má sea féin níor stop san riamh na tráchtairí polaitíochta agus gach cor agus casadh de scéal polaitíochta an lae á phlé acu.

Ní hamhlaidh ach oiread gur bhain aon ionadh rómhór leis na torthaí, nó go deimhin nach raibh siad mar a bhí na tráchtairí ag tuar. Nach raibh go leor ag rá go ndéanfaí scrios ar an Lucht Oibre, agus sin mar a tharla. Níorbh ionadh gur tháinig ceannaireacht Éamoinn Gilmore idir dhá cheann na meá, agus anois beidh roghnú ceannaire nua ina chnámh spairne i gcaitheamh na seachtainí atá romhainn.

Tá an chruacheist soiléir le fada an lá: conas is féidir le páirtí den eite chlé dul i gcomhrialtas le páirtí mar Fhine Gael, gan a mbunphrionsabail a ghéilleadh? Is léir go síleann lucht leanúna an Lucht Oibre gurb iad is mó atá thíos le polasaí déineachta an rialtais. Is léir freisin go bhfuil riar mór den lucht leanúna sin ag tacú anois le Sinn Féin.

Tá, mar sin, Sinn Féin go buacach mar a bhíothas ag súil leis, agus sciar mór de shuíocháin bhreise fachta acu ar na húdaráis áitiúla, go háirithe sna cathracha. Cá stopfaidh siad? Is cinnte nach le dea-thoil na meán cumarsáide atá dul chun cinn á dhéanamh acu.

Ní fhéadfaí gan a thabhairt faoi deara le tamall anuas, go háirithe ag a n-ard-fheiseanna, go raibh daoine óga cumasacha ag ceangal leo. Ba léir nach raibh sé ag déanamh mórán tinnis dóibh sin an raibh Gerry Adams san IRA nó nach raibh.

Gan amhras, ar an taobh eile is féidir go mbeadh níos mó fós dul chun cinn déanta acu murach an cúlra seo, agus go gcaithfear dul i ngleic le ceist na ceannaireachta i gcás Shinn Féin freisin. Sa deireadh, níl fós acu ach 15.5% den vóta de réir thorthaí na dtoghchán seo. Tuilleadh le déanamh mar sin.

Ní mór ná go bhféadfaí plé le Fine Gael agus le Fianna Fáil anois mar aon ghrúpa amháin ar an speictream polaitíochta. An bhfuil an lá sin ag druidim linn, i ndáiríre, nuair a bheidh na deargnaimhde i gcomhrialtas, mar a bhíothas ag tuar anseo go leathdháiríre roimh an olltoghchán deireanach. Cé a léann an stair na laethanta eagnaíocha seo?

Pé ní faoin chéim mhór radacach sin inár saol polaitíochta, d’fhéadfaí a rá nach mbeidh díomá rómhór i gceist maidir leis na torthaí i gcás aon cheann den dá mhórpháirtí. I gcás Fhine Gael choinnigh siad a ngreim ar an suíochán dála i Longphort-An Iarmhí, agus níor éirigh go dona leo i gcás na hEorpa ná i gcás na n-údarás áitiúil, ag cur san áireamh gur toghcháin lártéarma a bhí i gceist. Fiú i gcás an chiseach a deineadh d’éirí as oifig an Aire Shatter, a iompar aisteach siúd, agus go raibh ar a chumas a liúntas scartha a dheonú ar charthanacht; ach thar aon ní, go raibh sé á mholadh go hard na spéire maidir lena chumas mar aire le seachtainí anuas, níor léir go raibh an drochthoradh air a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis.

Thug Fianna Fáil na cosa leo freisin, agus beidh Mícheál Ó Máirtín ag maíomh go bhfuil siad tagtha slán ón tubaist a tharla dóibh trí bliana ó shin. Is maith is eol dó go bhfuil iomaire fada le treabhadh fós acu. Mar atá i gcás an Lucht Oibre, is eol dó leis go bhfuil sciar dá lucht tacaíochta imithe le Sinn Féin, agus freisin go bhfuil an meaisín cáiliúil toghchánaíochta a bhíodh tráth ag Fianna Fáil go mór as feidhm.

Más ceadmhach don cheannaire a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, is é is dóichí go bhfuil deireadh tagtha leis an bhforlámhas a bhí acu le hochtó bliain i saol polaitiúil na tíre seo.

I ndeireadh na dála, is féidir gurb é scéal is mó suime agus is mó tábhachta maidir leis na toghcháin seo ná an líon mór vótaí a fuair iarrthóirí neamhspleácha. Is fíor go bhfuil níos mó daoine anois ag vótáil dóibh ná mar atá d’iarrthóirí d’aon cheann ar leith de na na páirtithe móra, bíodh nach mór tagairt arís don fhainic i dtús an ailt nach féidir comparáid bailí a dhéanamh idir conas mar tharlaíonn i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha, agus mar a tharlaíonn in olltoghcháin.

Ní mór a rá leis mar a deineadh go minic cheana, gur príomhaidhm d’olltoghchán go dtagann rialtas mar thoradh air a mbíonn buaine réasúnta i ndán do. Ní héasca a shamhlú conas is féidir go mbeadh ról ag teachtaí neamhspleácha, dá fheabhas iad, san obair riachtanach sin.

Tá na tráchtairí polaitiúla le tamall anois ag díriú a n-airde ar an fhadhb seo, ach ba dheacair a rá go raibh réiteach na faidhbe aimsithe acu. Níl fonn ar na polaiteoirí féin dul i ngleic le fadhb ar theip orthu a réiteach ar dhá ócáid roimhe seo.

Más fadhb leanúnach é conas réiteach a dhéanamh idir an ról daonlathach atá ag teachtaí agus a ról maidir le rialú na tíre, is fadhb í a bhfuiltear tar éis dul i ngleic léi i dtíortha eile. In olltoghcháin sa Ghearmáin caitear vóta don pháirtí chomh maith le vóta don iarrthóir. I Sasana tá córas acu a dtugann siad ‘first past the post’ air, atá easnamhach ó thaobh an daonlathais ach a chabhraíonn ó thaobh bhuaine an rialtais.

Chun cur leis an éiginnteacht, agus leis an gconspóid ar fad a lean na toghcháin is déanaí, tá an Tánaiste anois díreach tar éis a chur in iúl go bhfuil sé ag éirí as mar cheannaire ar pháirtí an Lucht Oibre. Is cosúil go gciallaíonn sé sin go bhfuil sé éirithe as freisin mar Thánaiste agus mar aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar tá an Taoiseach tar éis buíochas a ghabháil leis as a sheirbhís sa dá phost sin. San am céanna tá sé tar éis a chur in iúl nach bhfuil sé ag éirí as an bpolaitíocht agus go seasfaidh sé mar iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.

B’ionadh dá mbeadh an Taoiseach róshásta leis an bhfógra is déanaí seo, agus nach bhféadfaí é chur ar an eolas faoi roimh ré, nó an beag an tábhacht leis sin i bhfianaise an míthreoir atá follasach i gcás an rialtais faoi láthair. Gan amhras is mó fós an míthreoir i gcás an Lucht Oibre féin. Is léir go bhfuil míshásamh agus easaontas sa pháirtí a chuirfidh go mór leis na deacrachtaí go mbeidh ar cheannaire nua dul i ngleic leo. Is ar éigean go bhfuil sé sásúil go dtógfaidh sé ceathair nó cúig de sheachtainí sula mbeidh ceannaire nua roghnaithe. Níl amhras ná gur ábhar imní ar leith é sin don Taoiseach. Nár leor seachtain amháin!

Bhí toghcháin pharlaimint na hEorpa ar siúl i dtíortha uile an Aontais, ar ndóigh. Ní anseo in Éirinn amháin ach oiread a raibh conspóid agus fiú rírá mar thoradh orthu. Go deimhin is mó fós an chonspóid atá i measc ár gcomharsan sa Bhreatain dá mbarr. Ní raibh aon duine ag súil go dtiocfadh UKIP chun cinn ar na páirtithe seanbhunaithe, ach sin go díreach a tharla.

Is bunaidhm ag UKIP go bhfágfaidh an Bhreatain an AE ar fad, agus chuige sin tá oiread brú curtha acu ar an rialtas thall go bhfuiltear tar éis geallúint a thabhairt go mbeidh reifreann ann chun dearcadh an phobail a mheas.

Ar ndóigh is aidhm mhór eile acu teorainn a chur le líon na n-imirceach atá ag teacht chun cónaithe sa Bhreatain. Is fada an tuairimíocht seo i measc an phobail ansin, ach go dtí seo ba thuairimíocht mhionlaigh a bhí i gceist. Ní hamhlaidh sin a thuilleadh agus ní hionadh go mbeadh an Rialtas agus na páirtithe polaitíochta eile i sáinn. Níl sé seo gan impleachtaí dúinne in Éirinn.

Ní i Sasana amháin a léirigh na toghcháin an claonadh seo i dtreo na heite deise agus go háirithe in aghaidh na n-inimirceach. Claonadh é atá forleathan go maith ar fud an Aontais, agus gan amhras é ag géarú agus ag leathnú de bharr an lagtrá eacnamaíoch. Sa Fhrainc is é an Fronta Náisiúnta faoi cheannas Marine le Pen a tháinig chun cinn ar na páirtithe traidisiúnta. Tá an dream sin fiú níos faide ar dheis ná UKIP na Breataine, agus an ciníochas atá mar bhonn leis níos follasaí.

Anseo in Éirinn ní miste dúinn a bheith buíoch nach bhfuil an claonadh seo le brath sa saol poiblí nó polaitiúil, go fóill pé ní. Is maith linn a shamhlú nach bhfuil rian den chiníochas ag roinnt linn. Mar sin féin, ní hacmhainn dúinn a bheith bogásach.

Bímid anseo, ar ndóigh, ag caint de shíor ar an eisimirce. Bíonn staitisticí á bhfoilsiú go rialta a léiríonn an méadú nó an laghdú, agus iad mar shlat tomhais ar an staid eacnamaíoch, gan amhras. Is aisteach é nach mbíonn aon staitistic ann faoin inimirce, bíodh gur léir go bhfuil sé an-ard, b’fhéidir chomh hard leis an eisimirce.

An bhféadfadh sé go n-íoctar níos lú pá nó tuarastail leis an inimirceach ná leis an dúchasach, go mídhleathach ar ndóigh. Nó an ar mhaithe leis an domhan a fheiscint a théimid ag taisteal, nó ar mhaithe leis an ‘lifestyle’, mar a luaigh Aire Airgeadais uair éigin.


FEASTA, Meitheamh 2014


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais