Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údair
Naisc
|
An Léiriú
Gearrscéal le Colin Ryan
Ba mhaith le Lúsa an Astráil, ba mhaith léi an chathair seo, an tsíocháin a bhí ann,
na tramanna a bhéarfadh siar chun na díchuimhne thú faoi spéir ghléghorm an
tsamhraidh. Ní admhódh sí gur dheoraí í, cé gur i dtír eile a rugadh í.
Jaibín aici mar chúntóir taighde, í ag teacht i dtír ar bheatha daoine dearmadta.
Iad ag nochtadh, ag imeacht, ag nochtadh arís, samhlacha anchumtha i sruth na
haimsire, ábhar staidéir ag acadóirí. Uaireanta chuirfidís siúd ceisteanna uirthi
faoin áit arbh as di, faoin saol a bhí aici ann, agus thabharfadh sí freagraí múinte
claonta.
Í ag scríobh blúirí dialainne, blúirí filíochta, líon tarraiceáin acu, i mionteanga a
muintire. Ba ghlór í an teanga sin a labhraítí léi i mbrionglóidí, glór a dhúisíodh
í, na doirne dúnta aici, í corrabhuaiseach. Scríobhadh sí drámaí mire faoin tír úd
(tír a bhí imithe chun taibhsiúlachta uirthi), iad á léiriú in amharclanna beaga
(seomra cúil nó scáthlán bus) os comhair cléireach, fáilteoirí oifige, daoine gan
dídean.
A hathair ina aisteoir, a máthair ina héadaitheoir, agus saol a hóige ina imeartas
stáitse. B’in é an fáth a ndearna sí staidéar ar an bhfealsúnacht: fonn uirthi dul
amach ar pé rud a bhí ag corraí ar chúl stáitse, an t-arracht gan éide. Staidéar
é nach raibh inscartha ón ngrá, ón ól, ón gceol, ó shúile na ndealbh ríoga faoi
smúit na staire. Agus an stair úd gan réiteach fós, í ag dul i ngleic léi féin sna
sráideanna idir lámha láidre. Ach bhí rudaí eile ann: geábhanna siúil cois abhann,
na broighill ag tumadh, na duilleoga dathacha á gcarnadh. Nó gur imigh sí.
Ní raibh sí gan chuideachta sa chathair seo: aisteoirí, scríbhneoirí, lucht
sáraíochta, í ag éisteacht leo go haoibhiúil, neamhaird á bualadh uaireanta
faoi mar a bhí comhrá eile ar siúl istigh inti, í ag éirí go ciúin, ag imeacht.
Sheachnaíodh sí na deoraithe, dream a thugadh an buaireamh leo: géibheann,
céasadh, géarleanúint. B’fhearr léi súil roimpi ná dhá shúil ina diaidh.
Uaireanta d’fheicfeadh sí í féin mar a chonaic daoine eile í: bean fhíneáilte dhonn,
gruaig ghairid ghreanta uirthi, í ag caitheamh éadaí dubha mar ba ghnách sa
chathair seo ach scaif dhearg mar mhaise orthu, dúshlán. Í ina haonar i measc na
dtáinte sna sráideanna crochta agus sna lánaí, ciníocha an domhain, í gan ainm
ná aitheantas sa sruth. Ansin d’éirigh an fear aníos chuici.
Stefan: féasóg bhricliath air agus spéaclaí, é ina sheasamh i mbéal lána, caiféanna
beoga ar a cúl, na balcóiní thuas faoi scáth na hiarnóna. Rug sé barróg uirthi go
cáiréiseach, faoi mar gur neach sobhriste í.
Dúirt sé gur den chinniúint go gcasfaí ar a chéile iad sa chathair seo. Ní raibh
baint ná páirt aige anois leis an drámaíocht (í ag cuimhneamh i gcónaí ar Stefan
an stiúrthóir sa tír imigéiniúil úd, fear óg ag gáire go sultmhar samhrata, na
crainn fuinseoige go glas ina dtimpeall). É ina fhear gnó anois, bun éigin déanta
aige. Ba chóir di cuairt a thabhairt air, bhí árasán aige i lár na cathrach. É ag
tarraingt na seanlaethanta anuas: aithne aige fós ar chuid de na daoine úd, a fhios
aige cé fuair bás, cé tháinig slán, cé bhí ar mhuin na muice.
‘An cuimhin leat an oíche úd? a dúirt sé. ‘San Amharclann Náisiúnta?’
Ba chuimhin léi an oíche úd: an slua suas an staighre mór, iad gléasta de réir
na hócáide, í féin thuas sa lochta ab airde i measc na mac léinn eile. An gheoin
chainte ag ciúnú, gach súil dírithe ar an stáitse. Níor tháinig na haisteoirí amach:
bhí an stáitse folamh, é ag borradh le brí ba dheacair a chur i bhfocail. Agóid
pholaitiúil. Agóid spioradálta. Ba é an spás féin an t-aisteoir, solabharthacht aige
a sháródh gach friotal eile. D’imigh uair an chloig thart mar sin, na daoine ina
dtost, gan cor astu, gach súil dírithe ar an rud nach raibh le feiceáil.
Callán tobann, rud a bhain geit astu, gníomhairí an Stáit de rúid amach ar an
stáitse, iad á fhógairt go raibh deireadh leis an léiriú úd, léiriú a raibh siad
páirteach ann gan fhios dóibh féin. Bualadh bos, daoine ag satailt ar an urlár,
gach achasán acu. Na hurchair ansin, pléascadh na ngranáidí, dóiteán. Conas
a d’éirigh léi éalú? Í á crochadh chun siúil le fuíoll an tslua. An amharclann trí
thine ina diaidh. Ach bhí rudaí eile ann ina dhiaidh sin nár tháinig sí slán díobh.
Bhí sí ar liosta éigin agus thángthas sa tóir uirthi. Ba chuimhin léi an cillín, an t-
uaigneas, an ceistiú, an eagla.
‘Tá mionsamhail déanta agam di,’ a dúirt Stefan.
‘Den amharclann?’ a dúirt sí agus í ag cuimhneamh ar na mionsamhlacha a
dhéanadh sé de sheiteanna.
‘Cinnte. Mar chuimhneachán.’
‘Níl muinín agam sna cuimhneacháin,’ a dúirt sí. ‘Is claonta gach cuimhne.’
‘Gan amhras. Scriosfaidh mé é. Ach caithfidh tú teacht ar cuairt chugam.’
Rud a rinne sí an tseachtain dar gcionn. D’oscail Stefan an doras di agus toitín ina
lámh.
‘Gabh mo leithscéal as an tobac,’ a dúirt sé, ‘ach is deacair dom drochnósanna na
hóige a thréigean.’
Árasán deas, a shíl sí, ach dealramh sealadach air, faoi mar ba dhóigh leis an
úinéir go mbeadh air teitheadh láithreach baill. Rud éigin sa chúinne agus
clúdach éadrom air.
‘Ní dheachaigh tú ar ais riamh?’ a dúirt sé.
‘Ní dheachaigh,’ a dúirt sí.
‘Cén fáth?’
‘Cheal léarscáile.’
Mhúch Stefan an toitín. ‘Féach’, a dúirt sé, ag nochtadh na mionsamhla: na
suíocháin ina sraitheanna, na cuirtíní, an gléasra, an stáitse. Dhá dheilbhín ann:
Lúsa agus Stefan, iad in airde ar an lochta, ag féachaint ar an bhfolús úd, ar an
tsolabharthacht a thabharfadh na lasracha léi. Iarleannáin ba ea iad tar éis an
tsaoil (cé gur ar éigean a bhí cuimhne aici ar an seanghrá sin), ach chuimhnigh
a corp ar rudaí eile ab fhearr léi a ligean i ndearmad, agus chorraigh a lámha dá
neamhthoil faoi mar a bhí sí ag iarraidh í féin a chosaint. Ach ba scéal thairis é
sin, í ag scrúdú an chailín imigéiniúil úd go fuarchúiseach, an chuid ab óige di
féin: coimhthíoch.
Maolú ag teacht ar an solas amuigh, torann an tráchta chucu aníos ina
mhonabhar. Lionndubh uirthi. D’éirigh sí.
‘An dtiocfaidh tú arís?’ a dúirt sé.
D’fhreagair sí go seachantach é, ag déanamh miongháire leis. É á pógadh go
héadrom, mar a phógfá strainséir.
An tráthnóna ann amuigh, na táinte á dtanú sna sráideanna. Na deilbhíní ina suí
ina hintinn, ag fanacht leis an aisteoir a nochtfadh os a gcionn in éide gháifeach,
ag labhairt na chéad línte, na focail a léireodh a raibh le teacht. Nach ndúirt
Stefan go scriosfadh sé an amharclann? Scriostar é! Shiúil sí i gcoinne an chnoic
nó gur bhain sí an ardeaglais amach agus lean den siúl síos Sráid Brunswick i
dtreo na scléipe. Bhuail fear óg amach chuici ó lána, rian an óil nó na ndrugaí air,
é meidhreach go leor. Leag sé lámh ar a gualainn.
‘Tiocfaidh anuraidh arís!’ a dúirt sé agus spréigh amach a dhá láimh.
‘Ní thiocfaidh,’ a dúirt sí de chogar, agus lean dá cúrsa féachaint cén chinniúint
eile a bhí roimpi, cén fortún a b’fhiú a thriail.
(Tógadh Colin Ryan ar fheirm in oirdheisceart na hAstráile. Suim aige riamh i
dteangacha. Tháinig dúil aige sa Ghaeilge agus é ar scoil, agus nuair a bhain sé
Melbourne amach thug sé faoi mháistreacht a fháil uirthi. Tá scéalta foilsithe aige
i mBéarla ach is i nGaeilge is mó a scríobhann sé, agus is fada scéalta agus eile á
bhfoilsiú aige sna hirisí Gaeilge. Chaith sé tamall fada ina státseirbhíseach, rud a
thug léargas éigin dó, is dócha, ar nádúr an duine. Labhraíonn sé idir Ghaeilge agus
Bhéarla sa bhaile).
Feasta, Nollaig 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|