Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


Caoineadh ar m’athair, Andres Ehin
a d’éag 10 Nollaig 2011


Kristiina Ehin

Athleagan: Aogán Ó Muircheartaigh


Saolaíodh tú lá a raibh an talamh codlatach á ’spáint féin go cúlánta
aníos trí shneachta an Mhárta
Deintí treabhadh le capaill go fóill an tráth úd
agus bhíodh cóistí ag gabháil go torannach trí Thaillinn
Dob í fós
céad-Phoblacht na hEastóine
agus n’fheadair éinne
cad a tharlódh
Nuair a bhí fórsaí na Gearmáine ag druidim leis an Eastóin
d’fhoghlaimís coisíocht
Agus nuair a choimeád an Gestapo do mháthair
lena ceistiú go ceann ceithre huaire an chloig fichead
d’fhoghlaimís ní foláir
conas guaim a choimeád ort féin
Anois nach obann a thugais dosna cosa é
Tá na cuirtíní bána ar crochadh fós sa tseomra teaghlaigh
báisteach tráthnóna mhí na Nollag ag sileadh ó chrainn péine
Na cathaoireacha a rabhamar ag áiteamh i dtaobh a n-athchlúdaithe tráth
táid fanta anseo go fóill
níor imigh do dheich míle leabhar
ná ár gcosáin fálróide mar nár ghá focail
Bhailís leat
and d’fhan na cuileanna torthaí deiridh
ar foluain thart ar na húlla sa chistin
dorn de lóchrainn Shíneacha i gcuach ar an drisiúr
tá radharc go fóill ó gheata an ghairdín ar dhá spuaic sháipéal Rapla—
an mháthairspuaic agus an t-athair
mar a chreideas is mé im leanbh
Críochnaíodh pábhailí agus conairí nua an lá ar cailleadh tú
Agus tá moghlaeir Kõpson mar a shuímis Oíche tSin Seáin
ár gcluasa ar bior againn do bhualadh cloigín bó laistíos
súncálta níos doimhne fós i mbroinn na talún
Tá Iúpatar lonrach gléigeal i réaltra Pheigeasais
os cionn ár gcrann úll in airde
fanta mar mhéar eolais i dtreo Bhealach na Bó Finne
Tá do chlog triantánach neamhchoitianta
ag ticeáil fós ar an dteilifíseán
agus do chuid taenna luibhe i mbosca
ag fanacht ar chuairteoirí
Tá tine ag cráindó fós ar lic an tinteáin agus an sána i gcóir
d’fhonn is go dtiocfadh sibhse, a chairde, arís
chun ár dtí-ne laistiar des na crainn péine
i mbaile seo an dá spuaic an mháthair is an t-athair
Bhailís leat chomh tapaidh
ná fuaireas aga slán a rá i gceart go fiú
An ionann san is go ndeonfar dúinn
casadh ar a chéile in athuair?
Seo an chéad Satharn ded cheal
agus an chéad Nollaig ná léifir Yesenin id ghlór toirniúil
do Dheaidí na Nollag:
‘.... Romhainn amach tá Críost ar láir bhán
Is é ár gcreidamh an doras chun na fírinne ionainn istigh ...’
Ní fada go hearrach
Agus ní fheicfead a thuilleadh do shúile ina mbeidh
an fonn fánaíochta ag tórmach lá i ndiaidh lae
ach maidin do lae breithe léifead arís an dán a scríobhas im pháiste dom
‘Boladh na maidine i sneachta an Mhárta
is tá bachlóga á gcur amach ag an bhfál
Go ngluaise do bhuataisí rubair gan dua
trí choscairt an chlábair’
Ar m’fhocal fhéin nach eol dom athdhuine
atá chomh spleách ar aer úr
is a bhís-se
San earrach theiteá chun codlata
go deireadh an tsamhraidh ar an veireanda
agus ní mhealladh isteach sa tigh anois is arís tú
ach tnúthán do Mham is do nuacht na teilifíse
Bhailís leat id aonar
a Dhaid
Ní scaoileadh chugat sinn
Bhí Taillinn folaithe ag stoirm sneachta
Tháinig an mhaidin ghlé chiúin chiúin
lán d’aer nua úr
É go léir léir duitse anois

Feasta, Nollaig 2014

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais