Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údair
Naisc
|
Ó Inse Orc go Cath Chluain Tarbh
le Niall Ó Murchadha
Bhí sé d’ádh orm saoire a chaitheamh an samhradh seo caite in Inse Orc. Ar nós
a lán daoine as an tír seo, ba bheag a bhí ar eolas agam faoin ngrúpa oileán seo
taobh thuaidh de mhórthír na hAlban. Is trua sin, mar cés moite d’áilleacht na
radharcanna tíre agus farraige, is geall le hiarsmalann mhór gach oileán díobh, tá
an oiread sin iarsmaí seandálaíochta iontu.
Ar ndóigh, tá cloiste ag an domhan mór faoi Skara Brae, ceann de na lonnaíochtaí
daonna is sine agus is iomláine san Eoraip, atá le feiceáil ar an bpríomhoileán
(Mainland, mar a thugann muintir Orc air). Ach tá samplaí go leor eile dá leithéid,
agus d’an-chuid séadchomharthaí réamhstaire eile, le feiceáil ar an oileán céanna
agus ar gach oileán eile chomh maith.
Agus é ar chomhaois le Brú na Bóinne ach gan bheith chomh mór leis ar an
taobh amuigh, tá an tuama seomrach ar a dtugtar Maes Howe. Tógadh an
seomra mór laistigh de bhloic ollmhóra a tugadh ann as láthair atá na mílte slí
ón tuama. Maítear go scallann an ghrian isteach sa seomra dorcha ar ghrianstad
an gheimhridh. Seachas méid agus déanamh ealaíonta an tuama, is fiú breathnú
ar na grafitti a ghrean roinnt Lochlannach i rúnscríbhinní ar na ballaí nuair a
chuaigh siad isteach ann ar mhaithe le foscadh le linn doininne gheimhridh
beagnach míle bliain ó shin. Níor seachnaíodh an ghraostacht an uair úd ach
oiread, a deir na saineolaithe linn.
Murach an chuairt seo ar Inse Orc is dóigh go mbeinn dall fós agus dall go
deo b’fhéidir ar an mbaint mhór a bhí ag na hoileáin seo le scéal na hÉireann i
ndiaidh na ré órga misinéireachta nuair a chuir manaigh fúthu iontu agus ar fud
Iarthar na hEorpa go léir. Agus ba trí thimpiste a thainig mé ar an eolas sin.
Ar mhaithe leis an am a mheilt le linn dom a bheith ag fanacht go n-osclódh oifig
éigin, chuaigh mé ag brabhsáil i siopa leabhar in Kirkwall, príomhbhaile Inse Orc.
Agus mar a tharlaíonn i gcás dá leithéid, níorbh fhada gur mheall leabhar amháin
mé. Aistriúchán i mBéarla ar an Orkneyinga Saga a bhí ann, stair Iarlaí Orc agus a
lucht leanúna ar feadh trí chéad bliain ó 900AD ar aghaidh. Íoslannach a scríobh
an sága sa tSean-Ioruais go luath i ndiaidh na bliana 1200AD, a deirtear.
Is é an cleachtadh atá againne Éireannaigh i gcoitinne dearcadh ar an tionchar
agus an scrios a d’imir na Lochlannaigh ar an saol in Éirinn, ní nach ionadh, agus
níos annaimhe, ar an gcaoi a ndearna siad é sin ó thaobh na Lochlannach de.
Nuair a chuimhnímid orthu is mar fhoghlaithe fíochmhara cruálacha barbartha a
fheictear dúinn iad. Agus ní féidir a shéanadh gur mar sin a bhí siad go rómhinic.
Ach luann an Orkneyinga Saga gnéithe agus tréithe eile dá gcultúr: an chaoi
a gcaithidís lena chéile mar, de réir an chuntais, bhí siad gach pioc chomh
fíochmhar achrannach lena muintir féin agus a chaithidís leis na náisiúin eile
a dtugaidís fúthu. Tá cur síos ann ar na haistir fhada a dhéanaidís seachas iad
siúd a bhain le cúrsaí creachadóireachta – cuairteanna ar an Róimh, agus ar
an Talamh Naofa tar éis dóibh glacadh leis an gCríostaíocht – cé nach léir gur
chuir an creideamh nua mórán laincisí ar a gcuid imeachtaí píoráideacha go
ceann i bhfad. Bhí beo-spéis ag na Lochlannaigh san fhilíocht agus sa cheol agus
bhí an-mheas acu ar an skáld nó file proifisiúnta. Mar a mbeadh súil leis, is faoi
ghníomhartha gaile agus gaisce, faoi chathanna fuilteacha ba mhó a chanadh na
filí. Ach bíonn an file gafa anois is arís le téamaí eile freisin, amhail áilleacht mná
agus na mothúcháin níos séimhe.
Agus is grinnchuntas atá ann ar imeachtaí míleata agus laethúla na ndaoine a
bhí i gceannas ar Inse Orc ar feadh an ama sin go léir, mar aon le scéalta faoina
lucht leanúna. Is iomaí tagairt atá san Orkneyinga Saga do na hionraí a rinneadh
ar Éirinn amhail is nach raibh iontu ach mar a bheadh saoire ó bhaile ag na
Lochlannaigh: agus an insint ar nós cuma liom.
Níos fearr ná duine ar bith eile díobh, léiríonn an cuntas ar eachtraí agus stíl
mhaireachtála Svein Asleifarson, an duine ba rathúla agus ba cháiliúla mar
chreachadóir, saol an Uigingigh:
‘Mar seo a mhaireadh Svein. Chaitheadh sé an geimhreadh sa bhaile ar (Oileán)
Gairsay, áit a gcuireadh sé cóir ar ochtó fear ar a chostas féin. Bhí a halla ólacháin
níos mó ná aon cheann eile in Inse Orc. San earrach bhíodh neart le déanamh
aige agus cuid mhaith síl le cur – rud a ndéanadh sé cúram de é féin. Nuair a
bhíodh an tasc sin déanta, d’imíodh sé leis (agus leis an ochtó fear seans!) ag
creachadh in Inse Gall agus in Éirinn, feachtas a dtugadh sé turas an earraigh air.
‘Abhaile leis ansin, áit ar fhan sé go dtí go mbíodh na garraithe arbhair bainte
agus an grán curtha isteach sna sciobóil. Ina dhiaidh sin d’imíodh sé leis ar
ruathar arís agus ní fhilleadh sé go dtí deireadh an chéad mhí den gheimhreadh.
Thugadh sé turas an fhómhair air sin.’
Ar thuras earraigh dá leithéid bhí cúig long mhóra aige. Chuir siad tús lena
gcreachadh in Inse Gall. Bhí muintir na n-oileán chomh scanraithe rompu gur
chuir siad a maoin i bhfolach i measc na gcarraigeacha agus faoin talamh. Ansin
chuaigh Svein síos go hOileán Mhanainn ach ba bheag an chreach a d’aimsigh sé
ann.
Go hÉirinn leo ansin mar ar thosaigh siad ag creachadh. Ar an mbealach ó dheas
dóibh i dtreo Bhaile Átha Cliath, bhuail siad le dhá long trádála agus iad ag teacht
as Sasana agus ualach mór éadaigh ar bord. Robáil Svein agus a chuid fear chuile
rud a bhí acu agus níor fhág acu ach a gcuid éadaí. Ar an gcéad turas eile dá chuid
mharaigh Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath Svein.
Is geall le hachoimre ar úrscéal eachtraíochta an cur síos bríomhar a dhéantar sa
sága ar an oilithreacht a rinne an tIarla Rognvald go dtí an Talamh Naofa. Sheol
an tIarla as Inse Orc le cabhlach cúig long déag agus tar éis cuairt a thabhairt ar
an Iorua i dtús báire, ghluais ó dheas bealach na hAlban, Sasana, na Fraince, na
Spáinne trí Chaolas Gibraltar agus soir go dtí an ceann scríbe sa Tír Bheannaithe.
Ar ndóigh chuirfeadh fad an turais sin sna meánaoiseanna a sháith iontais
ar dhuine ar bith sa lá inniu. Ach lena chois sin tugtar cuntas beomhar ar
na heachtraí iomadúla a tharla don slua ar an tslí agus ar an dearcadh a bhí
ag na Lochlannaigh ar ar tharla dóibh: conas mar ar thug Rognvald gean do
bhanphrionsa óg san Fhrainc, agus mar a chuaigh a scéimh i gcion air agus ar a
chuid fear ionas gur spreagadh iad chun na filíochta – rannta nach gceileann an
drúis a mhúscail an bhean óg seo iontu.
Má bhí siad ar oilithreacht féin, ní fhéadfaidís nós seanbhunaithe a bhriseadh –
gan dul i muinín na creachadóireachta ar dhaoine sa Spáinn, nach raibh iontu
dáiríre ach ‘págánaigh’.
Déantar cur síos fada freisin ar an gcaoi ar ghabhadar long mhór Arabach ar
chósta thuaidh na hAfraice agus conas mar ar chuireadar an criú uile chun báis,
cés moite dá dtaoiseach. Tar éis an tsaoil ní raibh iontu siúd ach ‘Saraistíní de
chuid Muhammad a dtugaimid ainchreidmhigh orthu.’ I ndiaidh do Rognvald
agus dá lucht leanúna ómós a thabhairt in Iarúsailéim agus snámh in Abhainn
na hIordáine, d’fhill siad abhaile bealach Chathair Chonstaintín agus na Róimhe
agus thar talamh ansin chomh fada leis an Danmhairg. Ní ábhar iontais ar bith an
éacht seo d’údar an tsága, ná ní dhéantar é a mholadh ar shlí ar bith as.
Tá an cur síos ar an bpáirt a d’imir an tIarla Sigurd in imeachtaí na hÉireann ar
aon dul le gnáthghontacht an tsága. Níor ghá míniú a thabhairt do dhream a thuig
a gcuid nósmhaireachtaí féin:
‘Chuaigh Sigurd go hÉirinn chun tacú le Rí Sitric na Féasóige Síodúla. Chas sé ar
Shitric agus d’imigh le cath a chur ar Bhrian Rí na hÉireann. Tharla an cath ar
Aoine an Chéasta. Ní raibh éinne sásta meirge an fhiaigh dhuibh a iompar agus
bhí ar an Iarla é sin a dhéanamh é féin agus maraíodh é. Theith an Rí Sitric agus,
cé go raibh an lá ag an Rí Brian, chaill sé a bheatha.’
Is dáta é Aoine an Chéasta 1014 a bhí ar eolas ag chuile dhuine geall leis a chuir
críoch le bunscolaíocht náisiúnta sa stát seo go dtí tamall de bhlianta ó shin.
Fuaireas amach i suirbhé beag a rinneas le deireannas ar roinnt daltaí sna chéad
bhlianta meánscoile maidir lenar tharla sa bhliain áirithe sin agus faoin tábhacht
a bhain leis i stair na hÉireann nach raibh aon eolas ag a lán de na daltaí faoi
Chath Chluain Tarbh. Ar ndóigh, dá gceisteoinn grúpa eile seans go bhfaighinn
freagraí eile ar fad.
Más amhlaidh daltaí iarbhunscoile dall ar an mórchuid ar imeachtaí na hAoine
úd san aonú haois déag, nach léiríonn sé easnamh i múineadh stair na hÉireann,
easnamh nár mhiste a chúiteamh roimh dheireadh na bliana seo ach go háirithe?
Aisteach go leor, is beag comóradh ná ceiliúradh a rinneadh i mbliana ar an
gcath úd ba mhó, b’fhuiltí agus ba chinniúnaí a troideadh in Éirinn riamh. Cés
moite de na saothair ‘Cath Chluain Tarbh’ agus ‘Brian Boru’, le Cliodna Cussen
agus Seán Duffy faoi seach, an tóstal dar teideal ‘The Battle of Clontarf’ a léiríodh
i gCluain Tarbh féin níos luaithe i mbliana, agus an taispeántas cuimsitheach
in Ard-Mhúsaeum na hÉireann a thugann léargas ar shaol agus ar shaíocht na
Lochlannach, is beag aird a tugadh sna meáin agus go náisiúnta ar an eachtra ba
mhó a tharla, ní in Éirinn amháin, ach ar fud na hEorpa fré chéile san aonú haois
déag.
Ach ba thábhachtaí go mór leis na meáin chumarsáide agus le ceannairí agus
lucht rialaithe na tíre i mbliana díriú ar an gcogadh mór ar cuireadh tús leis
sa bhliain 1914, seachas breathnú siar naoi gcéad bliain roimhe sin i stair na
hÉireann. Dá bhrí sin, ó thús na bliana reatha tugadh le fios don phobal go mba
chogadh dár gcuid féin a bhí sa Chogadh Mór seachas cogadh gall le gaill, a raibh
sé de mhí-ádh ar an iomarca Éireannach a bheith gafa ann. Agus ar an gcaoi sin
ceileadh mórtheagmhas i stair a dtíre féin ar an aos óg, imeacht ar aithníodh a
tábhacht sna tagairtí iomadúla comhaimseartha agus ar feadh na gcéadta bliain
in annála na hÉireann agus i ságaí na Lochlannach.
Ó thús an ochtú haois agus ar feadh breis is dhá chéad bliain ina dhiaidh sin bhí
muintir Iarthar na hEorpa céasta agus imeaglaithe ag an dream fíochmhar sin ar
thug na scríbhneoirí Gaelacha Danair nó Lochlannaigh orthu. Ní fios go baileach
céard ba chúis leis an mborradh mór a tháinig ar na daoine sin, ródhaonra nó
eile, ach cibé cúis a bhain leis thosaigh buíonta díobh ag imeacht thar lear. I dtús
báire d’fhágaidís a gcríocha féin chun foghanna obanna a thabhairt go mór mór
faoi chóstaí Iarthar na hEorpa ina longa fada cogaidh. Saoir bháid, mairnéalaigh
agus loingseoirí den scoth ab ea iad, agus iad in ann taisteal i bhfad agus go
sciobtha chun ionradh a dhéanamh nó chun éaló ó bhroid nuair ba ghá sin.
Ar thóir creiche agus sclábhaithe a bhídís. Thugadaís fogha gan choinne faoi na
mainistreacha, na hionaid ba mhó léinn, mharaídís na manaigh agus tar éis na
hearraí líonmhara ba luachmhaire leo a ghoid, ba nós leo gach rud eile a chur trí
thine agus na manaigh a chur chun báis. Is ábhar iontais é gur tháinig ceann ar
bith de na lámhscríbhinní maisithe slán as an bhfraoch.
Murach an córas léinn dúchasach, scoileanna na mbard, a bheith díláithrithe mar
a bhí sna hionaid éagsúla éigse agus i gcúirteanna na ríthe agus na dtaoiseach,
is ar éigean go bhféadfadh an tsaíocht dhúchasach teacht slán as an slad a
rinneadh. Le cois earraí luachmhara a ghoid, fuadaíodh daoine óga freisin.
As an tSualainn bhog na Lochlannaigh soir gur ghabh siad cuid mhaith den
Rúis agus gur ghluais siad feadh na n-aibhneacha móra gur bhain Cathair
Chonstaintín amach. Ón Danmhairg sheol siad siar díreach gur cuireadh cuid
mhaith de Shasana faoina smacht. Dream eile fós díobh ghlac siad seilbh ar
an limistéar sin den Fhrainc ar a dtugtar an Normainn (Normandy, críoch na
ndaoine ón tuaisceart) air.
B’as an Iorua a tháinig an dream ba líonmhaire a chráigh muintir na hÉireann.
Bealach na n-oileán aduaidh a ghlac siad. Agus tar éis dóibh Inse Sealtain agus
Orc agus an Íoslainn a chur faoi chois, rinne siad amhlaidh le Gallaibh agus
Oileáin Thiar na hAlban agus Oileán Mhanainn freisin. Bhí a dtionchar chomh
mór sin sna limistéir a ghabh siad go ndeachaidh na teangacha dúchasacha,
Gaeilge agus Pictis, i léig iontu agus tháinig an tSean-Ioruais ina n-áit. Athraíodh
na seanlogainmneacha agus ligeadh i ndearmad iad. Cé gur athghaelaíodh iad in
Inse Gall de réir mar a fuair ríthe na hAlban smacht ar na críocha Lochlannacha,
mhair siad beo beathach riamh ó shin in Inse Orc agus Sealtain, agus ar ndóigh
san Íoslainn. Agus chuir siad a gcóras riaracháin agus maireachtála féin i
bhfeidhm go docht sna réigiúin sin, córas a mhair ar feadh beagnach sé chéad
bliain ina dhiaidh sin sna hoileáin Albanacha is faide ó thuaidh.
De réir na gcuntas, chreach na foghlaithe seo Mainistir Reachlainn sa bhliain
795AD, agus níorbh fhada go ndearna siad amhlaidh fud fad chóstaí uile na
hÉireann. Le himeacht aimsire thosaigh siad ag cur fúthu i longfoirt i gcuanta
foscúla na hÉireann. Agus cés moite de Dhubh Linn agus Baile Átha Cliath, tá a
rian le feiceáil sa leagan Béarla atá ar a lán logainmneacha in Éirinn amhail Cill
Mhantáin, an tInbhear Mór, Léim an Bhradáin, Loch Garman, Port Láirge agus
Luimneach, mar a raibh lonnaíochtaí acu.
Ba i mBaile Átha Cliath a bhí an lonnaíocht ba mhó ag na Lochlannaigh in Éirinn
agus sa Bhreatain fré chéile, agus rinneadh leathnú uirthi go dtí go raibh ceantar
mór máguaird mar chuid de Ríocht Bhaile Átha Cliath. Is léir ón iliomad iarsmaí
a aimsíodh i mBaile Átha Cliath go mba cheardaithe oilte agus trádálaithe
eachtrúla cumasacha iad a thaistil i bhfad is i gcéin ag díol is ag ceannach.
De réir a chéile tháinig na Gaeil agus na Lochlannaigh sa tír seo ar
chomhthuiscintí. Ghlac sliocht na bhfoghlaithe leis an gCríostaíocht, chuir eolas
ar an nGaeilge, rud is léir ó na leasainmneacha a bhí ag cuid acu, phós siad na
Gaeil agus níorbh annamh gaol gairid idir na huaisle ar an dá thaobh. De réir
Annála na gCeithre Máistrí, bhí Gormlaith, iníon rí Laighean, pósta i dtosach le
hAmhlaoibh (Olaf) Cuarán, rí Bhaile Átha Cliath agus Eabhrac na Breataine (asar
rugadh Sitric, rí Bhaile Átha Cliath nuair a troideadh Cath Chluain Tarbh). Ina
dhiaidh sin phós Gormlaith Brian Bóraimhe, Rí na Mumhan agus Ardrí Éireann,
asar rugadh a mac Donncha, a bhí ag troid san arm a chuir cath ar arm Shitric i
gCluain Tarbh, agus a bhí ina rí ar an Mumhain ina dhiaidh sin. Bhí iníon le Brian
pósta le Sitric. Tabhair fite fuaite air!
Dá mbeadh Sitric sásta a ríocht féin a rialú agus gan cur isteach ar ghnóthaí na
ríochtaí a bhí ina thimpeall, seans nach dtarlódh Cath Chluain Tarbh riamh.
Ach ní raibh: arís is arís eile rinne Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath iarracht
a gcumhacht a leathnú tuilleadh thar na ríochtaí máguaird. Agus fuair Sitric
tacaíocht mhíleata, ní hamháin óna chomhghuaillithe sna críocha Lochlannacha
eile ach ó rí Laighean, a chol ceathrar féin chomh maith.
Ar cheann de na gnéithe is suntasaí a bhaineann le stair chasta achrannach
ríochtaí iomadúla na hÉireann sa 10ú hAois, tá an teacht chun cinn a rinne
ríshliocht Dál gCais, a raibh a gceannáras i gCeann Cora in aice le Cill Dalua, ar
mhionríocht gan tábhacht í, ar aghaidh go ceannas Thuathmhumhan agus ina
dhiaidh sin Ríocht na Mumhan agus Ardríocht Éireann. Is é Brian Bóraimhe an t-
ionadaí is cáiliúla den sliocht. Tar éis cath a chur agus a bhuachan ar a liacht céile
comhrac ar fud na tíre, bhí aitheantas mar ardrí Éireann bainte amach aige faoin
mbliain 1011.
Cé gur ghéill ríthe na tíre a bheag nó a mhór d’fhorlámhas Bhriain, níor thug
Sitric géillsine riamh dó. Ina ionad sin chuir sé gothaí bagracha air féin agus ghlac
Brian leis an dúshlán dá údarás, mar bhí an baol ann, faoi mar a tharla i Sasana,
go ngabhfadh na Danair ceannas iomlán na tíre chucu féin mura gcuirfí srian lena
gcumhacht.
Chuige sin bhailigh Brian a chuid comhghuaillithe le chéile agus ghluais faoi
dhéin Bhaile Átha Cliath. Rinne Sitric a chairde a ghairm freisin, agus tháinig na
taoisigh Lochlannacha Sigurd, Iarla Orc, agus Bruadar as Oileán Mhanainn chun
cabhrú leis tar éis dó, mar a deir Sága Njál, ardríocht na hÉireann a ghealladh
dóibh beirt. Chuidigh na Laighnigh faoina rí Maolmórdha le feachtas a chol
ceathrar Sitric freisin.
Troideadh an cath i gCluain Tarbh lámh le Baile Átha Cliath ar 23 Aibreán 1014
agus sheas sé ar feadh an lae ó mhaidin go hoíche agus imríodh ár ar an dá
thaobh. Meastar gur maraíodh suas le 10,000 fear ann, a bhformhór mór i measc
na Lochlannach, cuid mhaith díobh sin a báthadh nuair a rinne siad iarracht
teicheadh go dtí a gcuid long. Cé go raibh an bua ag arm Bhriain, ba dhaor a
d’íoc a theaghlach as: maraíodh Brian é féin, a mhac Murchadh agus a gharmhac
Toirdhealach. Maraíodh na ceannairí Lochlannacha Sigurd agus Bruadar mar aon
le Maolmórdha, rí Laighean. Níor ghlac Sitric páirt sa chath, ach d’fhan i mBaile
Átha Cliath chun é a chosaint. Bhí sé fós ina rí ann nuair a fuair sé bás in 1036.
Féadfar a rá go mba chath cinniúnach é Cath Chluain Tarbh sa mhéid is gur
cuireadh cosc le leathnú cumhacht na Lochlannach in Éirinn, an dream a chiap
muintir Iarthar na hEorpa le dhá chéad bliain, agus léiríodh nach raibh siad
dochloíte a thuilleadh. Mhair saíocht dhúchasach na hÉireann gan chur isteach
uirthi go ceann i bhfad ina dhiaidh. Agus thug cuimhne an chatha misneach do
Ghaeil le linn daoirse na n-ocht gcéad bliain faoi cheannas na nGall, agus an
dóchas go bhféadfaí toradh dá leithéid a bhaint amach arís ach cur chuige
aontaithe a bheith acu.
Feasta, Nollaig 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|