Dhá Dhán
le Seán Ó Leocháin
Gramafón
In áit brostú abhaile ón scoil,
m’athair is an gasúr a bhí leis,
rinne sé moill ar an mbealach:
bhí scata bailithe ar an tsráid
ag faire ar cheann de na tithe,
gan oiread is focal astu,
ionadh is alltacht ar chách.
Bhí fuinneog an tí ar oscailt,
ceol ag teacht ón bhfuinneog
nár airigh sé a leithéid riamh,
ceol a chuir trí chéile é
is nár lig dó imeacht ón áit,
adharc ar leac na fuinneoige,
gan ceoltóir ná ceoltóirí le feiceáil.
Nuair a bhain sé an baile amach
bhí a mháthair roimhe sa doras.
Ag iarraidh an scéal a mhíniú
rinne sé an scéal níos measa:
dúirt sí leis fanacht ón tsráid,
gur d’oibreacha an diabhail an gléas,
Dia idir iad is an anachain.
Rinne sé mar a dúradh leis
ach bhí an ceol ina chluasa i gcónaí
is bhí an cathú róláidir dó.
I mo sheasamh lena thaobh ar maidin
ag fanacht go n-osclófar an fhuinneog
ní gá dom focal a rá,
tá faitíos orm m’anáil a tharraingt.
Taifeadadh
Tá an bheatha ag craoladh gan sos:
gach clár is clár den scoth
le cloisteáil i bhfad is i ngearr,
le feiceáil go mall is go moch.
B’fhada uaim bheith ag éisteacht,
b’annamh dom aire a thabhairt
ach chuir mé an t-iomlán i dtaisce,
nó an méid a theastaigh uaim,
súil le caitheamh ar ball air,
cluas le tabhairt dó gan teip.
Cé go raibh mo shaibhreas déanta
chaith mé mo shaol beo bocht
agus mo rogha den chraoladh beo
ina gcónraí beaga sa chófra
le dúiseacht in am is i dtráth,
ceol le baint astu amach anseo.
Tháinig an lá, tháinig an t-am
ach is beag an fonn atá orm.
An stór a bhailigh mé chugam,
an cnap a chuir mé i bhfolach,
ní bhaineann sé liom níos mó:
an t-aoibhneas a gheall mé dom féin
is gach nóiméad a choinnigh mé siar,
ní theastaíonn siad uaim a thuilleadh,
an t-iomlán le glanadh chun siúil.
Pé clár a chraolfar ina n-áit
nó pé stáisiún a bheidh ar an aer,
ní bheidh mé ag éisteacht leis:
pé lámh a oibreoidh an gléas,
ligfidh mé an t-iomlán tharam
gan suim a chur sa scéal
ná oiread is focal a thabhairt liom.
— Seán Ó Leocháin
Feasta, Nollaig 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo