Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údair Naisc |
Nuair a foilsíodh an Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe in 2012 dúradh sa
réamhrá go rabhthas ag súil go mbeadh glacadh dearfach leis an iarracht
nua agus go gcuirfí fáilte roimis. Maith is eol dúinn nach mar sin a tharla.
Go deimhin, bheadh sé fíor a rá go raibh an aisfhreagairt go minic diúltach
agus doicheallach, agus é sin ag teacht ó dhaoine nach bhféadfaí neamhaird a
thabhairt ar a dtuairimí ó thaobh a n-eolas ar an teanga scríofa, agus go háirithe
ar théarmaíocht agus ar ghramadach na Gaeilge. Táimid le dhá bhliain i gcineál
liombó nach bhfuil aon chinnteacht nó slat tomhais inghlactha ann maidir lena
bhfuil ceart nó mícheart i scríbhneoireacht na teanga.
Anois tá Rannóg an Aistriúcháin tar éis a fhógairt go bhfuil athbhreithniú eile
beartaithe idir seo agus an Márta seo chugainn. Ag an tráth seo ba dheacair
a rá gur dea-nuacht é seo. Ar thaobh amháin tá dianriachtanas le buaine
agus le seasmhacht i gcás cheartúsáid na teanga scríofa. Ní féidir a bheith ag
athbhreithniú go deireadh thiar thall nó go mbíonn an teanga ar an dé deiridh.
Tá rialacha gramadaí atá sothuigthe agus ag teacht le gnás agus le nádúr na
teanga chomh riachtanach sa Gaeilge agus atá i gcás teanga ar bith eile. Is léir
nach féidir le gramadach freastal go huile agus go hiomlán ar éagsúlachtaí i
ngach uile chanúint, dá mhéid a dtaitneamh, agus na dílseachtaí logánta a bhíonn
i gceist leosan. Glacadh leis i gcónaí i gcás na gramadaí a chaighdeánú go raibh
tábhacht le héascaíocht réasúnta, ach san am céanna nach gcuirfí an teanga as a
riocht. Bhí sé sin le cur san áireamh leis nuair a deineadh an t-athbhreithniú is
déanaí. Ba dheacair a rá gur tharla sé sin ach a mhalairt.
Ní fhéadfaí plé anseo le gnéithe den séimhiú, den urú, nó d’úsáid an ghinidigh
a chránn an croí i measc lucht foghlama, ach sa staid ina bhfuil an ghramadach
anois éiríonn ceist faoi inmhúinteacht na teanga ó thaobh an mhúinteora, agus
dofhoghlamthacht ó thaobh an fhoghlaimeora. Má bhí amhras go raibh an
seanchaighdeán sothuigthe, fiú i gcás go leor múinteoirí, is amhlaidh atá curtha
leis an doiléire sa chaighdeán nua.
Is féidir gurb é gné seo an oideachais is mó tábhacht agus sinn ag plé na ceiste
seo. Ní féidir glacadh le hargóint gur ar mhaithe le ‘gnóthaí oifigiúla’ amháin
é an ‘caighdeán’, pé acu an seanchaighdeán nó an ceann nua. Go bunúsach is
leabhar gramadaí atá i gceist, agus is míthuiscint agus dul amú a thionchar a
mheas i gcomhthéacs a úsáide ag aistritheoirí amháin.
Tá sé míshásúil go mbeadh an caighdeán, pé sean nó nua, ina bhac ar an teanga,
in áit a bheith ina áis agus ina theannta. Tá dóthain mhór deacrachtaí ann i gcás
na teanga faoi láthair, gan an mhíthreoir a bhaineann le fadhbanna gramadaí
agus caighdeáin a chur mar ualach breise uirthi. |