Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údair
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Airgeadas, Uisce & Éigniú le Seán Ó Loingsigh
Sa chonspóid seo faoin‘bailout’, is beag tagairt a deineadh don ról a ghlac Patrick
Honohan, Gobharnóir an Bhainc Ceannais
——◊——
Nach aisteach gur diomú agus oscailt súl is mó a thagann ar aigne chugainn na
laethanta seo i gcás an Aontais Eorpaigh, sinne a bhí riamh áirithe mar ‘Eorpaigh
mhaithe’. Ar ndóigh, is maith is eol gur toradh é sin ar an gcúlú eacnamaíoch
agus iarmhairt ar na beartais déine a leagadh orainn de thoradh na tarrthála
a deineadh ar ár mbainc agus ar ár gcóras airgeadais. Ceart nó mícheart níl sé
éasca an drochbhlas a dhíothú.
Ní haon laghdú ar an seanbhlas a rinne na litreacha a scríobh Jean-Claude Trichet
an Bhainc Aontais Eorpaigh go dtí ár nAire Airgeadais Ó Luineacháin in 2010, ag
cur ina luí air go neamhbhalbh go mbeadh ar an rialtas anseo tarrtháil a lorg go
foirmeálta, má bhíothas ag brath ar a thuilleadh fóirithinte ón mBanc i Frankfurt.
Ní hé atá i gceist againn, mar a chuireann ár dtráchtairí féin in iúl dúinn go rialta,
nach raibh sin riachtanach, nó fiú nach sinne féin a bhí freagrach inár ndroch-
chaoi féin. Séard atá i gceist ná an míchuibheas a bhain leis an bhfoclaíocht ar
baineadh úsáid aisti mar chomhfhreagras oifigiúil i gcás ballstáit de chuid an
Aontais. Bhí an tuin as ord, agus is cinnte nach mbainfí úsáid as, dá mba í an
Ghearmáin nó an Fhrainc nó aon cheann eile de na mórthíortha a bhí i gceist.
Go deimhin, d’fhéadfaí an gearán céanna a dhéanamh maidir lena raibh le rá ag
comharba Trichet, Mario Draghi, nuair a foilsíodh na litreacha seo go drogallach
le déanaí. Is go neamhbhalbh arís a cuireadh in iúl dúinn gur sinne féin amháin
a bhí freagrach as an tubaist eacnamaíoch a tharla anseo in Éirinn. Ní raibh, a
dúradh, baint dá laghad ag an Aontas Eorpach ná ag an mBanc Ceannais Eorpach
ná a gcuid polasaithe eacnamaíocha ná airgeadais leis an tubaist sin.
Is maith is cuimhin linn ár n-earráidí agus ár n-easnaimh eacnamaíocha féin i
mbuaic-bhlianta an Tíogair Cheiltigh agus airgead á thál ag ár mbainc, ar nós
cuma liom, ar thionscal tógála a bhí imithe ó smacht. Ach an é sin iomlán an scéil?
Tá fhios againn go raibh flúirse airgid ag teacht ón Eoraip ar rátaí úis chomh
híseal agus a thiocfadh leo a bheith, in oiriúint do gheilleagar na Gearmáine agus
le lánbheannacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Go deimhin i súile an Bhainc sin,
b’eiseamláir an tír seo ar conas mar a thiocfadh le tír bheag leas a bhaint as an
éascaíocht a bhain le margaí oscailte airgeadais na linne sin.
Tá athruithe i gceist, ar ndóigh. Ní bheidh aisíoc iomlán le déanamh feasta i gcás
sealbhóirí bannaí a chuireann a n-infheistíochtaí i nguais an mhargaidh. Ní hiad
cáiníocóirí a bheidh go hiomlán freagrach as gach uile euro a aisíoc leis an aicme
infheistíochta, má chliseann ar bhainc. Ní bhaineann aon leasuithe mar sin linne.
Mar a deir Draghi, agus mar a dúirt Trichet roimis, tá gach uile euro le haisíoc
againne. Mar sin agus dá bhrí sin, beidh orainn ár dtáillí uisce a íoc feasta le
hUisce Éireann, gan trácht ar tháillí éagsúla eile ná ar na ciorruithe iomadúla atá
mar thoradh ar an ngéarchéim. Dála an scéil, tá an Troika ar ais i mBaile Átha
Cliath, lena dheimhniú, gan amhras, go bhfuilimid ár n-iompar féin mar is cuí dár
leithéidí. Dia linn, ní bheidh siad róshásta le sága Uisce Éireann. An bhfuil ar ár
gcumas aon ní a dhéanamh i gceart!
Tá Mario Draghi tar éis a chur in iúl dúinn anois leis nach mbeidh sé ag
teacht go Baile Átha Cliath chun aon cheisteanna a fhreagairt ag an bhfiosrú
baincéireachta atá beartaithe againn, pé uair a tharlaíonn sé. Níl sé freagrach
d’aon pharlaimint in aon bhallstát a dúirt sé go mórchúiseach. Dúirt sé leis go
bhféadfadh go nglacfaidís páirt éigin ‘neamhfhoirmeálta’ sa bhfiosrú, ach go
ndéanfaí machnamh ar seo. Is léir nach bhfuil sé i gceist a bheith páirteach in aon
chroscheistiú poiblí ag polaiteoirí anseo.
Sa chonspóid seo faoin tarrtháil, an ‘bailout’ cáiliúil, a brúdh orainn go grod
agus in aghaidh ár dtola in 2010, nó go cinnte in aghaidh tola Aire Airgeadais na
linne, is beag tagairt a deineadh don ról a ghlac Patrick Honohan, Gobharnóir an
Bhainc Ceannais. Nuair a bhí Brian Ó Luineacháin fós ag argóint thall i Frankfurt
in aghaidh an ‘bailout’, fiú gur obair in aisce aige é, tháinig an Gobharnóir ar
Morning Ireland agus dúirt go raibh an ‘bailout’ le tarlú.
Níor ardaigh aon tráchtaire nó polaiteoir anseo, go bhfios domsa, ag an am ná ó
shin, aon cheist faoin ráiteas conspóideach sin. Cén fáth gur rinne sé é? Arbh é a
cheart-ról é? Nár chúram é sin don Aire nó don Rialtas? An raibh an Gobharnóir
ag feidhmiú mar bhall de bhord an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus mar sin ag
baint an bhoinn ón aire, nó mar Ghobharnóir ar an mBanc Ceannais i mBaile
Átha Cliath? Má tharlaíonn an fiosrúchán úd go deo, b’fhéidir go mbeadh freagra
na ceiste sin le fáil againn. Ba dhóigh leat gur cheist thábhachtach í.
——◊——
Is beag amhras ná go bhfuil tréimhse shuaite mhíchompordach curtha isteach
ag an rialtas le tamall anuas. Is aisteach gur tar éis a bheith ag déanamh gaisce
as téarnamh a theacht i gcúrsaí eacnamaíocha a thosaigh cúrsaí eile ag dul ar
bóiléagar. Má thosaigh an mhíthreoir sa Roinn Dlí, Cirt agus Comhionannais agus
le héirí as oifig an aire Shatter, ar chúis éigin nach bhfuil soiléir, ní go maith ar
fad a d’éirigh leis an athchóiriú a tharla i gcás airí agus airí stáit. B’fhéidir gur
mó atá san fíor i gcás an Lucht Oibre ná i gcás Fhine Gael. An raibh sé ciallmhar,
i ndáiríre, fáil réidh le hÉamonn Gilmore agus Pat Rabbitte, nó fiú gan ligean do
Ruairí Quinn a théarma oifige a chríochnú?
Mura raibh smacht ag an Taoiseach ar na hathruithe sin, cén fáth go bhfuarthas
réidh le Fergus Ó Dubhda? Gan amhras, tá sé soiléir anois gurb é bunú Uisce
Éireann an tuaiplis ba mhó a rinne an rialtas, agus tá sé soiléir freisin gurb é sin
agus an bealach inar fheidhmigh an comhlacht ó bunaíodh é a fhágfaidh an smál
is mó ar cháil agus ar thodhchaí an rialtais seo. Bá é Ó Dubhda an t-aire stáit a bhí
bainteach leis. Ní hionadh go mbeadh sé míshásta nuair atá an t-aire a raibh an
bhunfhreagracht air ceaptha ina Choimisinéir Talmhaíochta san Aontas Eorpach
agus é féin fágtha i ndrochsheasamh, agus a ghradam caillte aige.
Ach gan amhras ba dhána an té a déarfadh gurb Fergus Ó Dubhda an t-aon
íospartach a bheidh thíos leis an bhfaopach in Uisce Éireann, nó gur féidir a rá
go bhfuil ár rialtas tagtha slán de thoradh an u-chasadh is déanaí. Tá a gcás anois
i riocht chomh hainnis narbh ionadh dá mbeifí ag íoc ‘custaiméirí’ as clárú le
hUisce Éireann.
Nuair a tharlaíonn rialtais agus polaiteoirí i sáinn, ní nach annamh, bíonn a
mbealaí éalaithe féin acu. De ghnáth séard is fearr a oibríonn dóibh ná scéal nó
eachtra éigin eile a theacht an treo a tharraingíonn aird lucht nuachta. Bhí sé sin
i gceist arís le déanaí nuair a tháinig Máiria Cahill aduaidh ó Bhéal Feirste agus
scéal coscrach go maith aici faoi éigniú a rinne ball den IRA uirthi nuair a bhí sí
ina cailín óg.
Níl aon amhras faoi chruachás Mháiria Cahill agus an truamhéil a bhaineann
leis. Ní hionadh go mbeadh sí ag éileamh poiblíochta, má deineadh neamart nó
beagchúram dá cás ag daoine a mbeadh sí ag brath orthu, agus i dteideal a n-
aire agus a n-aird. Sa ghnáthbhealach nó i ngnáthshochaí, d’fhéadfaí brath ar
an gcóras dlí a bheith gníomhach agus go mbeadh faoiseamh éigin ansin don té
a d’fhulaing mí-úsáid. Ní hamhlaidh i gcás mí-úsáid ghnéis go mbíonn mórán
faoisimh i bhfeidhmiú an dlí, ach is maith is eol dúinn i gcúinsí staire na linne i
dTuaisceart Éireann, agus ag cur cúlra Mháiria Cahill san áireamh, nárbh éasca di
dul ina mhuinín.
Ach sa deireadh, bhí baint ag an dlí leis an gcás seo agus cúisíodh daoine i
ngnéithe a bhain leis. Níl sé soiléir ar fad cé chomh mór a bhí Máiria Cahill
páirteach in imeachtaí na cúirte. Ní bhfuarthas aon duine ciontach. Ní mór a
rá go bhfuil an dlíodóir a bhí ag feidhmiú thar ceann na ndaoine a cúisíodh
míshásta ar fad leis an gclár teilifíse a spreag an chonspóid seo, ach níos mó fós
leis na díospóireachtaí sa Dáil agus an neamhaird a deineadh de chearta daoine a
fuarthas neamhchiontach i gcúirteanna dlí.
Scéal eile ar ndóigh is ea pé baint agus páirt a ghlac Sinn Féin agus Gerry
Adams sa scéal casta seo. Bhí sé suimiúil gur dhein Mícheál Ó Máirtín agus
Regina Doherty Fhine Gael tagairt sa Dáil do dhaoine a raibh baint acu leis IRA
agus ar dhíbir an eagraíocht sin thar teorainn iad go dti an Phoblacht, agus go
dtabharfaidís a n-ainmneacha do na Gardaí. Tá súil go bhfuil sé sin déanta acu.
Séanann Sinn Féin go raibh baint acu leis an díbirt sin nó eolas acu faoi.
Is é bun agus barr an scéil go bhfuil sé míshásúil go mbainfí úsáid as an Dáil
mar fhóram i gcás gur cúram ó cheart atá ann don dlí. Má bhí ceart ag teachtaí
caitheamh anuas ar ‘chúirteanna cangarú’ an IRA, níor mhór dóibh a bheith
aireach faoin úsáid a bhaintear as an Dáil ina gcás féin. Is deacair idirdhealú a
dhéanamh idir an pholaitíocht lom agus feidhmiú an dlí, nó go mbeadh an Dáil
in úsáid mar chúirt do thuairimí an phobail. Is buncheist an é an leas poiblí nó
buntáiste polaitiúil atá ag spreagadh na díopóireachta. Níl an brú atá Sinn Féin ag
cur ar na mórpháirtithe eile faoi láthair ag imeacht i ngan fhios d’éinne.
Ní hé ach oiread go bhfuil siad i dteideal aon chosaint ó thuairimí an phobail, ach
rithfeadh leat arís, seachas aon ní eile, go bhfuil fadhb cheannaireachta acu.
Feasta, Nollaig 2014
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|