Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ár dtéarmaí féin

le Fidelma Ní Ghallchobhair

á léirmheas ag Art Ó Maolfabhail


Cois Life, Baile Átha Cliath (2014), xv + 290 lch. €16,
ISBN 978-1-9074944-0-6





Leabhar substainteach é seo gan aon agó agus is maith ann é. B’fhéidir go bhfuil dhá leabhar ann. Ceann díobh, thabharfainn taifead oifigiúil náisiúnta air. An leabhar eile, léiriú é ar dhisciplín na téarmeolaíochta a bhíonn á shaothrú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus freisin ar an leibhéal náisiúnta ag teangacha bisiúla. I dtosach an réamhrá tá an ráiteas seo a leanas:

Beartaíodh an leabhar seo le téarmeolaíocht na Gaeilge a chur i láthair an phobail, go háirithe iad siúd ar spéis leo forbairt na teanga sna réimsí foirmeálta agus breacfhoirmeálta a bhíonn faoi chaibidil inti. Tá sé i gceist go mbeidh an leabhar ina chuidiú do mhic léinn agus do dhaoine atá i mbun staidéir ar an nGaeilge.

Ar son na mac léinn, mar sin, atá pointí plé liostaithe ag deireadh gach caibidle. An chúis chéanna, is dócha, atá leis an tsíorthagairt do leabhair le húdair léannta amhail is nach leor údarás údar an leabhair seo. Iar-fheidhmeannach gairmiúil stáit í Fidelma Ní Ghallchobhair, saineolaí le taithí fhada, a shaothraigh le foilsitheoireacht Ghaeilge agus leis an gCoiste Téarmaíochta. Tugann an méid sin a stádas ceart féin di mar údar.

Tá eolas á chur thar maoil sa leabhar, agus freagra ar a lán lán ceisteanna ann a bhaineann le teangeolaíocht, agus le stair na Gaeilge anuas go dtí an lá atá inniu ann. Sa bhrollach insítear dúinn go bhfuil an focal iasachta ‘téarma’ (‘i gcomhthéacs na bhfocal’) in úsáid sa Ghaeilge ón 17ú haois agus gur sa bhliain 1986 a ceapadh an téarma ‘téarmeolaíocht’ don choincheap a bhaineann le saothrú na téarmaíochta.

Deich gcaibidil atá sa leabhar. Sa chéad chaibidil, ‘Téarmaí agus focail – bunchlocha na cumarsáide’, mínítear dúinn, i measc a lán rudaí eile, an difear idir ‘focal’ agus ‘téarma’, (déantar téarma d’fhocal nuair is eol an comhthéacs ina bhfuil sé á úsáid), agus na seacht gcineálacha cumarsáide, chomh maith leis an ngaol atá idir ‘rud’ agus ‘téarma’ agus ‘coincheap’.

Stair na Gaeilge

I gcaibidil 2, ‘Cúlra agus stair na Gaeilge 4ú–9ú (sic, recte 19ú) haois’, rianaítear craobha ginealaigh na teanga Gaeilge i measc teangacha an domhain, agus liostaítear focail a tháinig, nó a tugadh, isteach sa Ghaeilge ón Laidin, ón tSean-Lochlainnis, ón bhFraincis agus ón mBéarla. Aisteach go leor ní luaitear focail ón mBreatnais. Tá cuntas gearr sa chaibidil seo ar mheath na Gaeilge agus ar leathnú an Bhéarla in Éirinn anuas go dtí daonáireamh 1901.

Caibidil an-úsáideach é Caibidil a 3, ‘An oidhreacht litríochta agus gníomhaíocht na hathbheochana’. Tá léargas ann ar fhorbairt scríobh na teanga ón 6ú haois ar aghaidh go dtí tús an 20ú haois, go dtí comórtais liteartha Oireachtas na Gaeilge agus foilsiú fhoclóir an Duinnínigh.

‘An Ghaeilge faoin Stát nua’ is teideal do Chaibidil a 4. Nuair a bhunaigh an chéad Dáil aireachtaí rialtais i 1919 cuireadh cúram an oideachais faoi Aireacht na Gaeilge. I 1921, ámh, ar mholadh Uachtarán na Dála, Éamon de Valera, athraíodh Aireacht na Gaeilge go hAireacht an Oideachais. I 1922 bunaíodh Rannóg an Aistriúcháin chun fónamh don Oireachtas. I 1926 bunaíodh na Coláistí Ullmhúcháin chun ábhar múinteoirí le Gaeilge a oiliúint. An bhliain chéanna bunaíodh an Gúm, agus de réir a chéile, go háirithe le cuidiú Rannóg an Aistriúcháin, cóiríodh caighdeán litrithe agus gramadaí don Ghaeilge agus réitíodh foclóirí agus liostaí téarmaí nua-aimseartha. Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Sainíodh na ceantair Ghaeltachta. Bunaíodh seirbhísí raidió agus teilifíse Gaeilge. Ach tar éis dhúnadh na gColáistí Ullmhúcháin i 1961 tosaíodh ar pháipéir a réiteach ó am go chéile leis an nGaeilge a chur chun cinn. Díbhunaíodh institiúidí éagsúla a raibh an intinn chéanna leo. Go luath sa 21ú haois bunaíodh logainm.ie, ainm.ie, focal.ie.

‘Prionsabail agus cur chuige i leith ceapadh téarmaíochta’ is teideal do chaibidil a 5. Léirítear ann stair na foclóireachta agus cumadh téarmaí sa Ghaeilge anall ó obair na manach Éireannacha ar an Mór-roinn go dtí cuairt cigirí ón Roinn Oideachais ar Institiúid Theicneolaíochta Israel sa bhliain 1964, cuairt ar lean scéim sholáthar téacsleabhar Gaeilge agus bunú Buanchoiste Téarmaíochta é. Leagadh síos rialacha ‘Gaelú téarmaí agus rialacha traslitrithe as teangacha eile’ agus tá siad san foilsithe sa leabhar seo mar aguisín toirtiúil. Dhá scór leathanach atá ann de mhiontreorú a léiríonn castacht agus réimse na hoibre. Ar lch 217 is sampla an-simplí de Ghaelú an chéad chás: Mír 1.1.1: Ainmneacha Dílse: Ainmneacha daoine: Éireannaigh: ‘Ba chóir ainmneacha agus sloinnte Éireannacha a Ghaelú de réir thoil agus ghnáthúsáid an duine féin má tá siad sin ar eolas:‘ [e.g.] Breandán Ó Beacháin. Ar lch 246-7 is sampla an-chasta an cás deireanach de réir na rialacha, faoi mhír 4.11. ‘Aithnítear na consain i dtosach agus déantar iad a thras-scríobh go Gaeilge (de réir an tábla ag [mír] 4.2 thuas):’ feinilmeitiolaimín (phenylmethylamine).

Is ar éigean a bheifí ag súil le comhaontú tuairimíochta i leith na gcúrsaí seo. Ach ar son na praiticiúlachta ba ghá comhaontú agus is dócha, chomh maith, nach raibh dul ó leanúint cheannas an Bhéarla nuair atá teangacha láidre faoi bhrú ag an mBéarla céanna. Tá an nóta seo curtha leis an aguisín: ‘Is iad seo na rialacha a d’fhorbair an tOllamh de Bhaldraithe, an Dr Ó Dónaill agus an Dr Ó hÓgáin agus mionsaothrú beag déanta orthu trí shamplaí breise a chur leo – tugtar anseo iad le caoinchead an Choiste Téarmaíochta.’ Tugann sin le fios go bhfuil bailchríoch ar na rialacha. Ar lch 94 tugtar le fios go raibh a bhunús ann sna 1970idí tar éis fhoilsiú an Fóclóir Gaeilge Béarla i 1977. Is maith ar fáil na rialacha ag an bpobal anseo. Glacadh (lch 97) gan ‘Gaelú’ ná traslitriú a dhéanamh, agus ainmneacha dílse san áireamh, ach amháin ar leaganacha atá ‘Béarlaithe’ cheana féin: mura bhfuil leagan ‘Béarlaithe’ ann, litriú na bunteanga a úsáid mar a dhéantar, mar shampla, i gcás téarmaí cócaireachta Fraincise. Dála an scéil, ní hionann ‘Béarlaithe’ agus ‘curtha i litriú Rómhánach’: féach Uachtarán na Rúise, Putin sa Bhéarla, ach Poutine sa bhFraincis.

Stair an Bhéarla

Is léir go bhfuil an t-údar ag iarraidh gach uile ghné den ábhar a chur idir clúdaigh aon leabhar amháin. Sin an chúis atá le Caibidil a 6, ‘An Béarla mar theanga dhomhanda’, a bheith ann. Is é an chaibidil is faide sa leabhar é. Soiléirítear anseo seasamh an Bhéarla san Aontas Eorpach, agus mar atá an Béarla ag brú isteach ar theangacha eile; mínítear cás na Sualainnise mar shampla. Tá an chuid is mó den chaibidil tugtha do stair theangacha na Breataine agus go háirithe do stair an Bhéarla féin.

Cuireann Caibidil a 7, ‘An comhthéacs idirnáisiúnta’, méid agus tábhacht na téarmaíochta agus na téarmeolaíochta inár láthair. Faoi choimirce Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i 1971 bunaíodh Infoterm (International Centre for Terminology) le cabhair Institiúid Ostaireach na gCaighdeán in Vín. Ar ball, le comhoibriú ISO (Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán) agus institiúidí eile forbraíodh an obair chun tairbhe.

I 1986 d’fhreastail Liam Mac Cóil agus Colm Breathnach, Rúnaithe an Choiste Téarmaíochta, ar chúrsaí téarmeolaíochta san Ostair agus ghlac an Coiste Téarmaíochta ballraíocht in Infoterm. Is comhartha an méid sin féin ar bheocht agus ar leanúnachas na Gaeilge i láimhseáil agus i gcumadh téarmaí, agus é sin céim ar chéim le saineolaithe i dtíortha eile agus le teangacha eile. Tá sin fíorthábhachtach d’Éirinn a bhfuil baol a slogtha i saol an Bhéarla ann lasmuigh agus laistigh den Aontas Eorpach. Tá an-chur síos ar chúrsaí teangacha san AE sa chaibidil seo, agus freisin léiriú maith ar na deacrachtaí a leanann forleithne na teanga Bhéarla san Aontas Eorpach, deacrachtaí nach mbeadh súil leo. Cé a shílfeadh go mbeadh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa liosta fada téarmaí Béarla a eisiúint ar baineadh leas míchruinn astu go rialta i gcáipéisi de chuid an AE. Freisin bíonn éiginnteacht brí ann uaireanta toisc scaoilteacht gramadaí, mí-úsáid réamhfhocal, míchruinneas le fleiscíní etc. Is maith an Ghaeilge a bheith á saothrú i measc 24 teanga an AE. Ar lch 141 deirtear ‘Rinneadh táirge na dtéarmaí Gaeilge … a sheachfhoinsiú chuig Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Cuireadh tús leis an obair in 2008 agus ó shin i leith tá 55,000 iontráil téarmeolaíochta próiseáilte agus curtha ar ais.’ Tá thart ar 8.6 milliún téarma i dteangacha oifigiúla an AE, mar aon le timpeall 68,000 téarma Laidne. (ibid.)

An Phraitic

I gCaibidil a 8, ‘An phraitic’, tá léiriú cáiréiseach ar an gcur chuige gairmiúil agus téarma nua á chumadh. Bíonn aird ar úsáid chruinn an ailt, ar chruinneas céille, ar shoiléire, ar ghontacht etc. i gCaibidil a 9, ‘Téarmeolaíocht agus téarmfhoclóireacht’, tá samplaí tugtha den dian-obair a ghabhann le réiteach téarmaí de réir na bprionsabal atá leagtha síos. Agus an obair de gnáth ag leanacht an Bhéarla bíonn deacrachtaí ann de bharr an difir atá idir úsáid na mbriathra sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Mar shampla, an focal Béarla ‘performance’, ainmfhocal bunaithe ar an mbriathar ‘to perform’, cén focal Gaeilge a fhreagraíonn dó, agus an bhfuil tuiseal ginideach agus uimhir iolra ag an bhfocal Gaeilge sin?

Téacsleabhar teagaisc, mar aon le cleachtaí, atá i gcaibidil a 10, ‘Ceartúsáid na téarmaíochta’. Anseo is féidir an dlúthbhaint a fheiscint idir cumadh téarmaí cuí agus scil an aistritheora á hoibriú. Freisin is féidir a fheiscint chomh deacair is atá sé don Ghaeilge éalú ó cheannas an Bhéarla sna cúrsaí seo.

Sna haguisíní tá tuilleadh liostaí focal a tugadh isteach sa Ghaeilge ó theangacha eile le breis agus míle bliain. Tá liosta millteach foilseachán ann ag freagairt do na tagairtí i dtéacs an leabhair, agus freisin liosta foilseachán foclóireachta Gaeilge ar maith ann mar thaifead é.

Nuair a bhí an leabhar seo léite agam chuaigh mé siar agus léigh mé an chéad chaibidil arís óir bhí tuiscint ag teacht chugam ar a smachtaithe agus atá úsáid na Gaeilge ag an údar chun coincheapanna casta a chur in iúl agus chun eolas a dháileadh go héifeachtach. Agus an chéad chaibidil athléite tá an tuairim sin neartaithe. Gearán beag amháin. Úsáid mhinic an fhocail ‘cé’ agus gan riachtanas leis dar liomsa – leithéid (lch xi) ‘Léireofar cén chaoi a gcuirtear …’. Nach slán don bhfrása ‘Léireofar an chaoi …’?

Agus pointe beag eile – ar lch 145 i dtrácht ar chúrsaí teangacha san Aontas Eorpach tá an ráiteas seo: ‘Is mór an cuidiú an tuiseal ginideach sa Ghaeilge leis an mbrí a shoiléiriú; ní hann do na tuisil sa Bhéarla ná sa Fhraincis inniu, cé go bhfuil fáil orthu i roinnt teangacha eile (e.g. an Ghearmáinis, an Danmhairgis, an Eastóinis)’. Is fíor an méid sin agus freisin is fíor go bhfuil ginideach na Gaeilge faoi ionsaí le fada ag réamhfhocail na Gaeilge faoi thionchar réamhfhocal an Bhéarla go háirithe ‘of’, mar is féidir a fheiceáil sa leabhar seo fiú amháin. Ar lch 24, agus trácht á dhéanamh ar dhá bhrí éagsúla, brí (a) agus brí (b) an fhocail ‘ortha’, tá an frása “brí (a) de ‘ortha’” in úsáid ag tagairt do bhrí áirithe amháin. Aonad ann féin is ea ‘brí (a)’ agus tá an ‘de‘ iomarcach anseo. Mar an gcéanna ‘cineál áirithe de theanga’ (lch 283). Tá botún aisteach litrithe ar lch 138, ‘Arainnis’, recte ‘Spáinnis’.

Mo chomhairlese duit: Faigh an leabhar. Breathnaigh tríd go tapaidh. Ansin féach an féidir leat é a chur uait. Measaim go bhfaighidh tú deacair é sin a dhéanamh.


Feasta, Aibreán 2015

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais