Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ré Órga na nGael: Joseph Cooper Walker (1761-1810)
le Lesa Ní Mhunghaile.

An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht 2013 ISBN 978-1-906882-75-4

á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú





I trust I am offering to my Countrymen an acceptable present: this gift has novelty, at least, to recommend it. Though Ireland has been long famed for its Poetry and Music, these subjects have never yet been treated of historically. (1)
Leis na focail sin a chuir Joseph Cooper Walker tús lena shaothar Historical Memoirs of the Irish Bards a foilsíodh in aois a cúig bliana fichead dó agus inar thug sé faoi chuntas a thabhairt ar stair an cheoil is na filíochta in Éirinn ón ré réamh-Chríostaí go dtí an t-ochtú céad déag. Áitíonn Lesa Ní Mhunghaile go bhfuil faillí déanta ag scoláirí ins an ról tábhachtach a bhí ag ársaitheoirí mar Walker a thug tacaíocht do scoláirí agus do scríobhaithe Gaeilge agus a dhein iarracht aird an domhain mhóir a dhíriú ar litríocht na Gaeilge (lgh 13-14).

Leagann Ní Mhunghaile an-bhéim ar ról Walker mar idirghabhálaí: bhí sé ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus ghlac sé páirt sa salon liteartha a bhunaigh an Bantiarna Moira i Moira House i gcathair Bhaile Átha Cliath (lch 129). Bhíodh sé ag malartú eolais le mórán de scoláirí na linne agus á gcur in aithne dá chéile (lgh 134-5): i measc na ndaoine ar thug Walker cúnamh agus tacaíocht dóibh, bhí na mná ceannródaíocha Charlotte Brooke, údar Reliques of Irish Poetry (1789) agus Sydney Owenson nó Lady Morgan, údar The Wild Irish Girl (1806) (lgh 88-93 agus 142-4 faoi seach).

Baineann Ní Mhunghaile úsáid thomhaiste as comhfhreagras trom Walker chun gnéithe dá phearsantacht a thabhairt chun solais, chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcur chuige a bhí aige agus ábhar á bhailiú aige nuair a bhí sé ag scríobh Historical Memoirs agus arís, chun féachaint ar an ndearcadh a bhí aige i leith na léirmheasanna cáinteacha a dhein daoine áirithe ar an leabhar.

Théadh Walker ar thurais thar lear go Sasana agus chun na Mór-Roinne go rialta, agus chaith sé mórán dua le leabhair a sholáthar ó chian is ó chóngar dá leabharlann phríobháideach, a raibh beag nach trí mhíle leabhar inti nuair a fuair sé bás. Tugtar cuntas luachmhar ar an leabharlann sin agus ar leabharlanna príobháideacha na linne in Éirinn i gcaibidil 3 sa leabhar atá faoi léirmheas anseo.

Ní raibh Gaeilge líofa ag Walker, rud a d’fhág laincis ar a chuid taighde mar go raibh sé ag brath ar scoláirí eile chun ábhar as lámhscríbhinní a aistriú dó (lch 172) agus cé go raibh sé cairdiúil le scoláirí Caitliceacha, tugann sé le fios ina chomhfhreagras nach raibh sé ar a chompord ar fad le gnéithe den gcreideamh sin. Ní féidir cur chuige Walker a thuiscint i gceart gan an comhthéacs intleachtúil agus stairiúil ina raibh sé ag saothrú a rianú.

Tagraíonn Ní Mhunghaile do theoiric na Forbartha Líní mar a leag na hAlbanaigh Adam Ferguson (1723-1816) agus Lord Kames (1696-1782) amach í: tuigeadh dóibh ‘gur tharla an dul chun cinn i gcéimeanna ón bhfiántas go barbarthacht agus gurbh í an tsibhialtacht an chéim deiridh’ (lch 215). Bhí Protastúnaigh áirithe in Éirinn mar Edward Ledwich sásta glacadh leis an sórt seo anailíse i gcás na hÉireann: tuigeadh dó siúd go raibh Éire barbartha agus gurb é ionradh na nAngla-Normannach a chuir tús leis an sibhialtacht inti (lch 216).

Bhí Protastúnaigh eile míshásta leis an léamh seo mar bhraitheadar gur fhág an bharbarthacht a samhlaíodh leis na Gaeil smál ar a bhféiniúlacht féin, i Sasana go háirithe, áit ná déantaí idirdhealú i gcónaí idir na Gaeil agus na hAngla-Éireannaigh agus inar tosaíodh ar na steiréitíopaí a bhain leis an gcéad dream acu seo a chur i bhfeidhm ar an dara dream leis. Thosaigh Protastúnaigh mar Walker, mar sin, á áiteamh go raibh sibhialtacht in Éirinn tráth dá raibh, ach gur chuaigh sí ar gcúl (seo an ‘ré órga’ dá dtagraítear i dteideal an leabhair): in aimsir na nAngla-Normannach a tharla an meath, dar leis (lgh 218-9).

Tugtar breac-chuntas i dtosach Ré Órga na nGael ar ghluaiseachtaí intleachtúla eile a chuaigh i bhfeidhm ar Walker agus ar ársaitheoirí nach é: ina measc seo bhí teoiricí ciníocha mar gheall ar bhunús na bpobal éagsúla san Eoraip, an t-oirthearachas, an primitíbheachas, agus an chonspóid a lean filíocht Ossian a d’fhoilsigh James Macpherson. Chreid Walker gur chaomhnaigh an traidisiún béil eolas ar nósanna ársa, agus míníonn Ní Mhunghaile go raibh sé ró-ghéilliúil dá chuid foinsí go minic, rud a d’fhág gur ‘meascán den stair agus den fhinscéalaíocht’ atá ina shaothar trí chéile (lch 263). Fós, áitíonn Ní Mhunghaile (lch 202) go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na beathaisnéisí a scríobh Walker ar Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin agus ar Chormac Common (1703–c.1818), scéalaí, amhránaí agus fear canta laoithe fiannaíochta.

Níl aon dabht ach gur duine suaithinseach a bhí i gCormac Common agus is maith an rud é go maireann a chuimhne i saothar Walker ach fós, is cinnte nach é an t-aon duine amháin é a raibh stór ceoil agus seanchais ar iompar aige san am sin agus, ar shlí, is trua nár chuaigh Walker níos faide lena chuid taighde agus nár bhain sé amach níos mó de shealbhóirí an traidisiúin a bhí suas ag an am. Míníonn Ní Mhunghaile, áfach, gur shíl Walker gur sórt Oisín i ndiaidh na Féinne a bhí in Common (lch 212): b’fhearr a d’oir sé do thuiscint Walker Common a chur i láthair mar dhuine eisceachtúil amach is amach.

Déanann Ní Mhunghaile iarracht breithiúnas cóir a thabhairt ar Historical Memoirs mar sin: níl an leabhar gan locht, dar léi, ach tá tábhacht ag baint leis mar gur léirigh sé go raibh fiúntas ag baint le staidéar a dhéanamh ar thraidisiún na nGael, gur foilsíodh ábhar as lámhscríbhinní ann agus gur chruthaigh taighde mar a bhí ar siúl ag Walker nasc idir scoláirí Protastúnacha agus Caitliceacha (lgh 260-261). Sa mhionchíoradh atá déanta aici ar shaol agus ar shaothar Walker agus sa mhionscagadh atá déanta aici ar chomhfhreagras Walker a tháinig anuas chugainn, tá léargas beoga tugtha ag Lesa Ní Mhunghaile ar J.C. Walker féin agus ar fhorbairtí tábhachtacha a bhí ag teacht ar shochaí na hÉireann i mblianta deireanacha an ochtú céad déag.

Tagairt


(1) Joseph Cooper Walker, Historical Memoirs of the Irish Bards (1786), lch v. Tá cóip dhigiteach den eagrán seo den leabhar le fáil ar an suíomh www.archive.org ag an seoladh seo a leanas: https://archive.org/stream/irishbards00walkuoft#page/n9/mode/2up
———◊———
Scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, í Síle Ní Mhurchú.

Feasta, Iúil 2015

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais