Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Cruinneas

le hAntain Mac Lochlainn


Cois Life, 2015. €15. ISBN: 978-1-907494-4-51

á léirmheas ag Tadhg Ó Loingsigh

Tá an t-údar Antaine Mac Lochlainn ag plé le fada le cúrsaí aistriúcháin agus eagarthóireachta Gaeilge, agus roinnt leabhar leis foilsithe cheana féin le treoir agus cabhair a thabhairt dóibh siúd atá i mbun na ceirde sin. Cruinneas sa Ghaeilge atá idir lámha anseo aige, agus deir sé linn go bhfuil an leabhar dírithe orthusan a bhfuil tuiscint mhaith acu ar choincheapa gramadaí agus atá in ann an teanga a scríobh go réasúnta maith cheana féin.

Chaith Mac Lochlainn tréimhse sé bliana ina theagascóir i Má Nuad ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann ina shaineolaí é ar na míthuiscintí agus na hearráidí is minice a thagann aníos i measc daoine atá ar a ndícheall ag iarraidh slacht a chur ar a gcumas scríofa sa teanga.

Ní hé, dar ndóigh, an chéad duine a scríobh leabhar faoi dhea-scríobh na Gaeilge; tá leabhair leis féin agus le Maolmhaodhóg Ó Ruairc ann cheana ina bhfuil treoir d’aistritheoirí, agus déantar tagairt anseo do Maidir le do Litir le Séamas Daltún agus Lorg an Bhéarla le Seán Mac Maoláin, ina bhfuil treoir maidir le gnás dúchasach na Gaeilge. Cur chuige ar leith atá ag Mac Lochlainn sa leabhar seo áfach: díríonn an t-údar isteach ar na míthuiscintí agus ar na hearráidí is mó a dhéantar, agus míníonn sé na botúin agus tugann moladh faoin tslí ab fhearr lena gceartú.

Cnuasach aibítreach atá sa leabhar, ina dtugtar aghaidh ar ghnéithe den teanga scríofa a mbíonn fadhbanna ag foghlaimeoirí leo, nithe a d’fhéadfaidís a bheith dall orthu gan iad a chur ar a súilibh dóibh, struchtúir ghramadaí atá crosta agus focail agus coincheapa Béarla a chuireann mearbhall ar dhaoine.

Faoi ‘A’ mar shampla luaitear difear céille a bheith idir ábhartha/ábharach, difear idir absalóidigh sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, conas an focal achainí a láimhseáil i gceart, plé ar cheartúsáid na haidiachta, an aidiacht shealbhach etc. Leanann sé ar aghaidh sa tslí sin ag plé míthuiscintí, earráidí, lochtanna stíle agus a lán eile. Leis an gcur chuige seo clúdaítear réimse fairsing ábhar, cuid acu a shamhlófá a bheith an-bhunúsach, i gcás ‘dar le’, mar shampla, tá droch-chlaonadh é a chur le rudaí nach bhfuil aon chumas machnaimh iontu, agus tugann sé an sampla dar leis an tuarascáil, agus molann de réir na tuarascála: míthuiscint an-bhunúsach shamhlófá, ach fós féin is maith é treoir a bheith ann do dhaoine atá ag cur de dhua orthu féin a gcumas sa teanga a fheabhsú, agus is beag duine a d’fhoghlaim teanga gan botúin an-bhunúsacha a dhéanamh ar an tslí.

Chuirfeadh corrcheann de na hiontrálacha ag gáirí tú, féach a bhfuil le rá aige faoin bhfocal Béarla navigation:

Díorthaíodh an focal Béarla navigation ón fhocal Laidine navis (long), ach ní mairnéalaigh amháin a bhíonn ina navigators. An duine atá i gceist san abairt thíos, is ag spaisteoireacht i bhforaois atá sé –

Ó am go chéile, thógadh sé léarscáil amach as a phóca chun loingseoireacht a dhéanamh.

Don té a shamhlódh, áfach, nach mbeadh faic le foghlaim aige óna leithéid, déarfainn go mbeadh dul amú air mura bhfuil na cianta caite aige ag plé le cruinneas agus stíl sa Ghaeilge. Míníonn sé go soiléir gonta na deacrachtaí a bhaineann leis an séimhiú sa Chaighdeán Oifigiúil agus sa Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe, agus treoraíonn sé an léitheoir go dtí an mhír de Graiméar Gaeilge na mBráithre ina ndéantar plé níos cuimsithí ar an ábhar.

Tá ceartúsáid an tséimhithe riachtanach don chruinneas, dar ndóigh, mar a léiríonn an sampla a thugann Mac Lochlainn: ‘tá difear mór céille idir bean millteanach saibhir agus bean mhillteanach shaibhir.’

Mar a dúradh cheana tá cur amach an-mhór ag an údar ar na rudaí sin is mó a mbíonn deacrachtaí ag aistritheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge leo, agus déanann sé iarracht dá réir cabhair a thabhairt dóibh. Tá iontráil fhada ann ina bpléann sé sraitheanna focal agus na rialacha casta a bhaineann le hinfhilleadh agus claochlú tosaigh. Tá a thuairimí féin ag Mac Lochlainn faoi ghramadach na Gaeilge, agus na tuairimí sin tugtha go neamhbhalbh aige in áiteanna eile, ach ní chuige sin atá sé anseo ach é ag iarraidh an aimhréidhe a bhaint as cuid de na struchtúir is deacra don fhoghlaimeoir.

Cé gurb í an Ghaeilge chaighdeánach agus an cruinneas inti atá idir lámha anseo aige, déanann sé tagairt do mhíréir atá coitianta idir na canúintí agus an caighdeán, míreanna claoninsinte a úsáidtear i gCúige Mumhan in áit an chlásail choibhneasta, mar shampla, nó an leagan malartach dona i dTír Chonaill i.e. ag treabhadh dona chuid comharsan atá taobh amuigh den chaighdeán.

Táthar ann nach ngéilleann do chuid de théarmaíocht Ghaeilge oifigiúil an lae inniu agus an ceart sin acu, ach ní mór cuimhneamh freisin go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith inniúil ar dhéileáil le téarmaíocht agus béarlagair an Bhéarla; b’amhlaidh a bhí ag tús an chéid seo caite freisin, nuair a bhí borradh faoi ghluaiseacht na hathbheochana, ach d’fhéadfaí a rá gur práinní anois ná riamh é agus an Béarla in uachtar go hidirnáisiúnta i ngach réimse.

Tá cleachtaí ann agus freagraí samplacha sa leabhar, a bheidh áisiúil dóibh siúd a dteastaíonn an cleachtadh sin uathu, agus gach rud leagtha amach go breá soiléir aige. Tá cuid mhaith den ábhar ar fáil cheana ar an suíomh gréasáin aistear.ie, ach is maith ann é an leagan clóite seo agus ábhar machnaimh agus treoir atá ann d’fhormhór againn.

Feasta, Iúil 2015

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais