Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Wellington, Bonaparte & Ról na nGael ag Waterloo

le Oilibhéar Ó Braonáin


Áirítear go bhfuil Cath Waterloo, a tharla ar an Domhnach, 18 Meitheamh 1815, i measc na gcathanna is mó tábhacht dar troideadh riamh. Thug sé beagnach cúig bliana is fiche de chogaíocht ar mhór-roinn na hEorpa chun críche, agus d’fhógair deireadh le Ré Napoléon ar bhealach fuilteach drámatúil.

Cath eipiciúil ab ea i Waterloo, cath a raibh cinniúint na bpríomh-rannpháirtithe – an Bhreatain, an Phrúis agus an Fhrainc – maraon le todhchaí na hEorpa agus Impireacht na Breataine, fite go dlúth ann. Chuir Comhdháil Vín an sméar mullaigh ar impleachtaí geopholaitiúla an Chatha. B’í an Pax Europaea coimeádach agus frithliobrálach a socraíodh a choinnigh an Eoraip saor ó mhórchorraíl idirnáisiúnta go ceann naoi mbliana is nócha.

Is mithid i mbliana, agus comóradh dhá chéad bliain Waterloo ar siúl, súil a chaitheamh siar ar an gcath agus ar ról agus tionchar na nGael ar gach taobh den imreas.

Wellington

Bhí nascanna le hÉirinn ag an mbeirt ardcheannasaí airm ag Cath Waterloo. An Diúc Wellington a bhí i gceannas ar fhórsaí na Breataine agus Napoléon Bonaparte a stiúraigh Arm Impiriúil na Fraince. Ba thréine go mór naisc phearsanta Wellington le hÉirinn agus ba dhírí i bhfad a naisc pholaitiúla freisin. Saolaíodh ‘Arthur Wellesley’ i mBaile Átha Cliath i 1769, cé gur ábhair chonspóide i gcónaí dáta agus suíomh cruinn a bhreithe. B’é an ceathrú mac a rugadh don Chéad Iarla Mornington agus a bhean chéile Anne, an iníon is sine le céad viocúnta Dhún Geanainn. Bhain muintir Wellesley leis an gCinsealacht Phrotastúnach Angla-Éireannach, cé go rabhadhar i bhfad ó bheith ar an teaghlach is sinsearthaí den aicme sin. Maítear gur tháinig an chlann go hÉirinn le linn ionradh na Normannach, cé gur scéal casta géaga ginealaigh an Diúic. Bhí athair Arthur, a d’éag i 1781, tráth ina ollamh le Ceol i gColáiste na Trionóide, agus d’fhág a bhás an chlann in áit na leithphingine ó thaobh maoine, treorach agus dul chun cinn de.

Ó thaobh féiniúlachta, ní móide gur airigh Wellington riamh gur Éireannach a bhí ann sa tuiscint leathan chomhaimseartha ar an náisiúntacht. Mar ba dhual d’fhormhór a chine san 18ú haois, ón bhfhuil seachas ón bhfód a ghlac sé chuige a fhéiniúlacht, a fheasacht chultúir agus a shaoldhearcadh. Is minic a leagtar an ráiteas tarcaisniúil ‘To be born in a stable does not make one a horse’ air, cé nach bhfuil aon fhianaise ann go ndúirt sé riamh é. Duine casta ab ea Wellington i gcónaí agus comhartha ar a iltaobhachas an gaol casta a bhí riamh aige le tearmann a bhreithe agus a thógála.

Chuir an staraí Sasanach J. Holland Rose síos ar Wellington mar ‘an Irishman only in the place of his birth, certainly not in character, (who) embodied the hardness, caution, sound sense and stubbornness of the Anglo-Saxon.’1 Shíl an staraí míleata Briotanach, Sir John Fortesque, gurbh é an t-údar ba mhó bróid ag Wellington i rith a shaoil ná gur ‘English Gentleman’ a bhí ann.2 D’fhéach an scríbhneoir Francach, Chateaubriand, le beag is fiú a dhéanamh de Wellington trí ‘Protestant Irlandais’ a thabhairt go maslach air.3 Téann an staraí Sasanach Andrew Roberts níos faide lena mhaíomh gur leis an gcine Angla-Shasanach a bhain Wellington go huile is go hiomlán; go raibh drochmheas aige ar na Gaeil dúchais agus gurbh ábhar mórtais dó go raibh a chraobha ginealaigh saor ón smál is lú den phór ceilteach.4 Breithiúnas sách géar é sin, gheofá a rá. Tuairim phearsanta seachas léargas tomhaiste í sin, atá níos gaire do chúlra coimeádach Roberts féin ná don stair inchruthaithe oibiachtúil. Ar an lámh eile, áfach, thug Monsieur de Pignerolle, úinéir na scoile marcaíochta in Angers na Fraince inar chaith Arthur dhá bhliain, ‘an Irish lad of great promise’ air i 1786,5 agus scríobh G.B. Shaw go haortha faoi i dtaca le Waterloo: An English Army led by an Irish general: that might be a match for a French army led by an Italian general.6

Chuir Arthur tús lena oideachas foirmeálta sa Scoil Dheoiseach i mBaile Átha Troim, agus chaith sé laethanta a óige idir shuíocháin tuaithe agus cathrach na clainne sa Mhí agus i mBaile Átha Cliath faoi seach. Um Dheireadh Fómhair 1781 cuireadh sall go Eton Shasana é le snas agus bailchríoch a chur ar a oiliúint. Faoin am seo, dar le Roberts, ‘there is no suggestion that Wellington had even a smattering of an Irish brogue.7

Faoin mbliain 1788 bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath mar Aide de Camp d’Fhear Ionaid an Rí, an Tiarna Buckingham, agus i 1790 toghadh é ina bhall de Theach na dTeachtaí ar Fhaiche an Choláiste le haghaidh bhuirg Bhaile Átha Troim, i gcomharbacht ar a dheartháir, William. Choinnigh sé greim ar an suíochán clainne seo go dtí 1797. In ainneoin na ndualgaisí seo, d’éirigh leis eastát na clainne i nDaingean na Mí a bhainistiú i rith an ama.8

Napoléon

Cé nach raibh an nasc pearsanta céanna le hÉirinn ag Napoléon, tuigeadh go luath ina shaol dó na buntáistí stráitéiseacha a thairg Éire don Fhrainc san iomaíocht leanúnach leis an namhaid ba mhó a bhí aici .i. an Bhreatain. Is é tuairim an staraí Éireannach Robert Bartlett nár chás le Napoléon saoirse ná daoirse na hÉireann ach deis a bheith aige leas a bhaint aisti leis an Ríocht Aontaithe a ionsaí ón gcúl.9

I 1796, tar éis comhráití le Wolf Tone, d’aontaigh sé sluaíocht mhuirí 15,000 fear faoin nGinearál Hoche a mhaoiniú.10 Ní raibh rath ar an iarracht sin ach dhá bhliain dar gcionn scaoil sé le 1,060 oifigeach agus saighdiúir faoin nGinearál Humbert chun tacú le hÉirí Amach 1798. Cé gur éirigh níos fearr leis an iarracht seo ar dtús, briseadh orthu ag Cath Bhaile na Muc ar an 8 Meán Fómhair 1798.11

In 1803 bhunaigh Bonaparte La Légion Irlandaise, cór feadhna eisiach a d’earcaigh plúr na bhfear ó phobal Gaelach Pháras le bheith ina n-oifigigh agus saighdiúirí. Bhí sé i gceist go mbeadh an Légion ar thús cadhnaíochta in ionradh fuascailte ar Éirinn, a bhí á bheartú go rúnda ag an bhFrainc. Chlis ar an mbeartas sa deireadh agus fágadh an cór feadhna díomhaoin.12

Cúlra Waterloo

In 1814 d’éirigh Napoléon as coróin na Fraince, agus daoradh chuig Elba sa Mheánmhuir é mar chuid den socrú síochána a dhíbhunaigh a impireacht agus a d’athbhunaigh réimeas na mBourbon sa Fhrainc. D’éalaigh Napoléon as Elba, d’athshealbhaigh sé a Chathaoir Impiriúil agus ar feadh céad lá bhí an Eoraip ina cíor thuathail fad is a dhaingnigh Napoléon é féin sa Fhrainc in athuair. Tháinig na himeachtaí seo aniar aduaidh ar mhaithe agus móruaisle na gComhghuallaithe caithréimneacha, a bhí bailithe i Vín na hOstaire chun léarscáil nua don Eoraip a dhreachtáil. Tháinig imeagla sna sála ar mhearbhall agus suaitheadh intinne na gComhghuaillithe, agus cinneadh go beo ar Wellington a cheapadh ina cheann feadhna ar fhórsaí an Alliance chun Bonaparte a bhaint dá bhonnaibh, go buan an uair seo. Troideadh cath iomráiteach Waterloo gar do shráidbhaile Waterloo na Beilge mar chuid de fheachtas Napoléon fórsaí na gComhghuallaithe a scarúint, Arm na Breataine a chur scrios, agus a coup d’état sa Fhrainc a bhuanú.

An Cath agus Ról na nGael ann

Bhí líon mór Gael, idir oifigigh agus chéimnigh eile, i bhFórsaí na Breataine ag Cath Waterloo. Áirítear gurbh Éireannaigh idir 40% -50 % d’Airm Wellington lá an chatha. I ndiaidh na cathréime, d’aithin Runaí Baile na Breataine, an Tiarna Sidmouth, a ról cinniúnach ar an lá. Dar leis: It is not too much to assert that the supply of troops derived from Ireland turned the scale on the 18th of June.13

Tuairiscítear go ndúirt Wellington faoina thrúpaí Éireannacha ag Waterloo ‘I don’t know what they’ll do to the enemy but, by God, they surely terrify me.’ Bhí Dragúin Inis Cheithlinn ar cheann de na Reisimintí Éireannacha a chruthaigh iad féin le farasbarr crógachta ag Waterloo. Bunaíodh an Reisimint seo c.1689 chun tacú Liam Oráiste le linn na gCogaí Stíobhartacha.14 B’eiseamláir a misneach ar pháirc an áir. D’fhulaing trúpaí na Reisiminte seo go trom agus ba bheag nár maraíodh chuile mhac máthar acu mar a raibh aige le linn ionsaí díreach na bhFrancach ar a gcearnóg chosanta daonna.15

B’Éireannaigh riar maith de ceannasaithe sinsireacha Wellington ag Waterloo. D’imir na Maorghinearáil Sir Denis Pack ó Chill Chainnigh, Sir William Ponsonby ó Chorcaigh agus Sir John Ormsby Vandeleur as Contaetha Laoise agus an Chláir, rólanna suntasacha le linn an chatha. Ina theannta san, ba thábhachtach inchur na gceannasaithe cathlán agus reisimintí as Éirinn, ar nós Lt. Col. John Millet Hamerton as Tiobraid Árann agus an Maor George O’Malley as Maigh Eo.16

I measc na saighdiúirí as Éirinn a rinne cion laoich ag Waterloo, bhí James Graham as Cluain Eois. Sheas sé sa bhearna bhaoil ag an Chateau d’Hougoumont: dhún sé geata clóis na feirme ansin le linn an chomhraic fhíochmhair idir na Francaigh, a bhí tar éis briseadh isteach, agus na Cótaí Dearga a bhí istigh cheana féin agus ag cosaint na bunáite.

Bhí tábhacht stráitéiseach ag gabháil leis an bhfeirm, agus dheimhnigh gníomh seo Graham nach mbeadh deis tarraingte siar ag na Francaigh a bhí anois sáinnithe sa chlós faoi lámhach piléar a gcéilí comhraic. Ní fhéadfadh a gcomrádaithe airm teacht i gcabhair orthu, agus deineadh slad ar chuile dhuine acu seachas macaomh an druma. Mar chúiteamh ar a ghníomh gaisce bronnadh bonn míleata ar Graham maraon le pinsean bliana deich bpunt go deireadh a shaoil. Deineadh sáirsint de, péinteáladh a phortráid, atá anois sa Ghealaraí Náisiúnta, agus i 1906 cuireadh suas plaic i gcuimhne air san Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann, áit a d’éag sé in 1845.17

Cé nach raibh an líon céanna Éireannach, ná baol air, ag troid ar son na Fraince ag Waterloo, bhí tionchar na tíre le haireachtáil i measc fhórsaí Napoléon. Beartaíodh gan ‘La Légion Irlandaise’ (1803-1815) a úsáid ag Waterloo, ach bhí dhá Aonad Francach ar láthair an chatha, an 87eme agus 92eme Régiments d’Infanterie de Ligne, a shíolraigh ó shean-reisimintí Éireannacha an Ancien Régime .i. Reisimintí Dillon agus Walsh, faoi seach.18

I measc na n-Oifigeach sinsearach a thionlaic Napoléon ag Waterloo bhí an Ginearál Gael-Francach Henri Clarke. Chaith Clarke an lá ar fad ar dhroim eich i ngarchuideachta an Impire. Rugadh sa bhFhrainc é do thuismitheoirí as Éirinn, agus ceapadh ina Aire Cogaidh i Rialtas Bonaparte é ó 1807 go dtí 1814. Bhí sé chun tosaigh i mbunú La Grande Armée, a threascair airm gach mórchumhachta agus a choinnigh formhór na hEopra Thiar agus Láir faoi chois ar feadh tréimhse nach beag.19

Von Blücher agus na Prúisigh

Buaic Waterloo ná teacht Arm na Prúise faoin Marascal Von Blücher ar an láthair, agus fórsaí na Breataine ar an dé deiridh agus ar tí a dtreascairte. Dheimnigh siad go mbeadh an lá leis na comhghuaillithe; d’ionsaigh siad cliathán na bhFrancach agus chuir scaoll ar chúltaca Napoléon. Tá caolsheans ann go raibh Gael-trodairí i measc na saighdiúirí Gearmánacha ag Waterloo, cé nach bhfuil fianaise doshéanta ann lena chruthú go cinnte. Is eol dúinn gur daoradh cuid de reibiliúnaithe 1798 chun sclábhaíochta saoil i mianaigh salainn na Prúise. Is dóigh le staraithe áirithe, Peter Molloy ina measc, go bhféadfadh gur cuireadh iachall ar chuid acu scilling Rí na Prúise a ghlacadh, agus gur throid siad faoi Von Blücher ag Waterloo.20

Eacha na gCeannairí

Chaith an Diúc lá iomlán an chatha gabhal-scartha ar dhroim a chapall cogaidh, ‘Copenhagen’, murab ionann agus an tImpire a d’athraigh a chapall ‘ar a laghad trí nó ceithre huaire.’21 I measc na gcapall a d’úsáid Napoléon ag Waterloo bhí ‘Marengo’, an t-each ab ansa leis. Díol spéise gur póraíodh ‘Copenhagen’ agus ‘Marengo’ araon in Éirinn, dar le Andrew Roberts. Maíonn sé gur i Loch Garman a póraíodh ‘Marengo’ sa bhliain 1796, ach ní chuireann sé eolas ar fáil ar shonraí ginealaigh ‘Copenhagen’.22

Is cuid de sheanchas Aonach Capall Chathair an Mhígh, Co. Chorcaí, i gcónaí é gur ag Aonach 1799 a chéad-deineadh ‘Marengo’ a reic agus gur díoladh ‘Copenhagen’ ag ceann de na hAontaí céanna le linn na tréimhse faoi chaibidil.23

Scáil an Chatha ar Éirinn

Chaith Waterloo scáil fhada ar shaol polaitiúil agus cultúrtha na hÉireann. Chuir cathréim Wellington ísliú meanman ar Dhónall Ó Conaill. Cé gur cháin sé Bonaparte i roinnt oráidí poiblí, is é an fhírinne ghlan ná go raibh ard-mheas ag Ó Cónaill riamh air.24 Bhuail taom lag-mhisnigh é ar chloisteáil toradh an chatha dó, agus mhaígh sé go raibh ‘an tsaoirse scriosta go deo sa bhFrainc’.25 Is léir gur imigh an cath i gcion go mór air, más féidir brath ar mhinicíocht na dtagairtí don chomhrac ina chuid aithisc agus litreacha ó 1815 ar aghaidh. I litir go dtí a bhean Mary in 1820, lochtaigh sé an chaoi ar bhain bithiúnaigh na hardaicme sásamh as toradh Waterloo.26

In 1827 le linn díospóireachta faoi Fhuascailt na gCaitliceach, cháin Ó Conaill Wellington go géar as ‘vótáil i gcoinne fhuascailt Chaitlicigh na hÉireann’ cé gur thuill sé a theideal ríoga mar Dhiúc ‘leis an bhfuil Chaitliceach’ [ag Waterloo].27 Dhá bhliain dar gcionn, agus Éire ar fiuchadh le teannas seicteach, b’é an Diúc a d’éiligh ar an Rí go síneofaí an Acht Fuascailte na gCaitliceach, nuair a bhí drogall ar Sheoirse IV an beart sin a dhéanamh. Chomh déanach leis an 18 Meitheamh 1843, agus é ag labhairt ag Ollchruinniú i mBaile Átha Luain, mheabhraigh Ó Conaill don slua gur cothrom leis an lá sin a buadh Cath Waterloo le cúnamh saighdiúirí Éireannacha.28

Foilsíodh úrscéal W.M. Thackeray Vanity Fair, arb iad Leasríocht Shasana agus Cath Waterloo is cúlra dó, in 1877. Tugann sé léargas luachmhar ar inchur na nGael i bhfeachtas míleata na Breataine i gcoinne Napoléon sa traidisiún liteartha. Scáthán ar mheon phobal léitheoireachta comhaimseartha Shasana i leith na nGael is ea beirt ann, Major O’Dowd agus a bhean chéile Peggy. Carachtair ghrinn iad, arbh é a spiorad neamhghéilliúil, freasúrach trodach in aghaidh Napoléon an tréith ba mhó acu a mheallfadh léitheoirí sócúla an Ré Victeoiriaigh.

D’fhág Waterloo a rian ar thraidisiún ceoltóireachta na cosmhuintire freisin. Ag deireadh an 18ú haois, le teip cúis na Stíobhartach, líon Napoléon bearna i bhfantaisíocht na nGael Caitliceach, a bhí i gcónaí ag tnúth le fuascailteoir a thiocfadh thar sáile anall lena gcine a shaoradh ó dhaorsmacht Ghall. Bronnadh ‘The Green Linnet’ (‘An Ghleoiseach Ghlas’) mar ainm ar Napoléon, i dtreo go bhféadfaí a ghaisce a mhóradh faoi rún in amhráin, bailéid agus rincí. In imeacht ama ar ndóigh, d’éirigh na hoirfidigh níos dána le teidil ar nós ‘Napoleon Crossing the Rhine’, ‘Madame Bonaparte’, ‘Napoleon’s Farewell to Paris’, ‘The Salamanca Reel’ agus ‘The Plains of Waterloo’.29 Níor deineadh faillí ar Wellington sa chlaisceadal Gaelach ar ndóigh, mar is léir ar an bport, ‘Tiarna Wellington’.30

Mhair cáil agus cuimhní beo ar Waterloo in Éirinn anuas go dtí tús an 20ú haois. Sa bhliain 1905 agus é ar thuras rothaíochta in Éirinn, taispeánadh uaigh don scríbhneoir Francach Anatole Le Braz, ina raibh saighdiúr darbh ainm Mac Loon curtha, gar do Bhaile Dhún na nGall. Dúradh leis gur throid Mac Loon ag Waterloo ar thaobh na Breataine.

Is doiligh teacht ar líon cruinn na saighdiúirí Éireannacha a cailleadh ag Waterloo. Measann an staraí míleata Dan Harvey gur cailleadh nó gur gortaíodh 2,000 ón tír seo ar an 18 Meitheamh 1815.31 Is mithid cuimhneamh le dínit ar chrógacht an dá mhíle sin, beag beann ar dhath na héide comhraic a chaitheadar ar an lá.

Leabharliosta


• Bartlett, Thomas. Ireland. A History. 2010.
• Breathnach, Breandán. Ceol Rince na hÉireann 1. An Gúm. 1982.
• Royal Irish Academy. Dictionary of Irish Biography. Volume 9. 2009.
• Genet Rouffiac & Murphy (Ed.) Franco-Irish Military Connections. 1590-1945. 2009.
• Geoghegan, Patrick M. King Dan. The Rise of Daniel O’Connell 1775-1829. 2008.
• Geoghegan, Patrick M. Liberator. The Life and Death of Daniel O’Connell 1830-1847. 2010.
• Le Braz, Anatole. Voyage en Irlande. 1999.
• McGarry, Stephen. Irish Brigades Abroad. 2014.
• Molloy, Peter. Ireland and the Waterloo Campaign of 1815. Tráchtas M.A. 2011.
• Murphy, David. The Irish Brigades 1685-2006. 2007.
• Ó hAllmhuráin, Gearóid. Irish Traditional Music. 2003.
O’Connor, Thomas & Lyons, Mary Anne (Ed.). Irish Communities in Early-Modern Europe. 2006.
• Roberts, Andrew. Napoleon & Wellington. 2002.
• Thackeray, W.M.. Vanity Fair. 1877.
• Nuachtáin: Irish Times

Tagairtí

1. Luaite i Napoleon and Wellington, lch. 291.
2. Luaite i Napoleon and Wellington, lch 24.
3. Luaite i Napoleon and Wellington, lch 289.
4. Napoleon and Wellington, lch 20.
5. Dictionary of Irish Biography, R.I.A. Volume 9, lch 831.
6. Luaite i Napoleon and Wellington, lch 4.
7. Ibid, lch. 6
8. Dictionary of Irish Biography, R.I.A. Volume 9, lch. 831.
9. Irish Communities in Early-Modern Europe, lch. 162.
10. Irish Brigades Abroad, lgh 178-80; Ireland, A History, lch. 216.
11. Irish Brigades Abroad, lgh. 184-86; Ireland A History, lch 224.
12. Irish Brigades Abroad, lgh191-214; Féach freisin Irish Communities in Early-Modern Europe, lch. 162.
13. Franco-Irish Military Connections. 1590-1945, lch 214.
14. The Irish Brigades 1685-2006, lgh 120-21.
15. Ireland and the Waterloo Campaign of 1815, lgh 36 agus 37 ; The Irish Brigades 1685-2006, lch 123.
16. Ireland and the Waterloo Campaign of 1815, lch 30.
17. Irish Times, The Man in the Gap – An Irishman’s Diary, 30 Bealtaine 2015.
18. Ireland and the Waterloo Campaign of 1815, lch 21.
19. Irish Brigades Abroad, lgh 177-8.
20. Ireland and the Waterloo Campaign of 1815, lch 22
21. Wellington and Napoleon, lch 178.
22. Ibid.
23. Irish Times, ‘Ancient Horse Fair Draws Thousands of Enthusiasts,’ 13 Iúil 2010.
24. King Dan. The Rise of Daniel O’Connell 1775-1829, lch 158.
25. Ibid.
26. Ibid. ‘the scoundrels of society enjoyed the battle of Waterloo.’
27. Ibid, lch 239.
28. Liberator. The Life and Death of Daniel O’Connell 1830-1847, lch 142.
29. Irish Traditional Music, lgh 76-7
30. Ceol Rince na hÉireann 1, lch 77.
31. Irish Times, ‘Just How Many Irish Fought at the Battle of Waterloo?’ 18 Meitheamh 2015.

Feasta, Lúnasa 2015

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais