Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Go hIfreann

Gearrscéal le Colin Ryan


‘Níl aithne agat orm, an dtuigeann tú?’ a dúirt Oksana. ‘Ní hé go raibh bior sa tine agam duit. Ach bhí a fhios agat go dtabharfainn cuairt ort. Nó duine de mo leithéid.’
———◊———

Déarfá gur in éide bhróin a bhí sí. An fear ag stánadh uirthi ón taobh eile den deasc, gan cor as. Blagadán agus culaith Iodálach air, an lámh chlé sínte uaidh ar an deasc agus greim aige fós ar phiostal.

An tEarrach ann amuigh, na chéad bhláthanna, na héin ag síolrú. Sráid fhada amuigh, foirgnimh gan deisiú. An plástar ag titim de sheanárasáin agus na claíocha ag dul chun raice. Buidéil bhriste spréite tríd an bhféar. Agus an abhainn thall.

An Rúis a bhí lastall den abhainn úd. Anseo bhí an ‘Ghobharnóireacht,’ mar a thugtaí uirthi: stráice cúng a bhí fáiscthe idir tíortha níos leithne. B’fhada í ina cnámh spairne ag na comharsana úd ach bhí sos cogaidh ann anois. Daoine as gach cearn ina gcónaí ann agus fiontraithe ina measc, mangairí arm, mangairí drugaí, mangairí collaíochta.

B’fhearr le hOksana gan bacadh le lucht collaíochta; ní raibh scrupall uirthi dul i gceann oibre ar son mangairí eile. Í ina suí anois ar a suaimhneas, fear marbh os a comhair amach agus a piostal (Heckler & Koch le tostóir) ina hucht aici: molann an obair an saor.

Na gnáthrudaí ar an deasc: ríomhaire, guthán, grianghraif de chúram mo dhuine. Íocón. Súile Chríost, iad lán d’eolas agus de thrócaire.

A fhios aici gur chóir di bualadh chun bóthair. Thiocfaidís ar lorg mo dhuine luath nó mall, ar lorg an té nach raibh ann a thuilleadh. Thíos staighre a bhí na gardaí cosanta agus nod faighte acu roimh ré chun nach dtiocfaidís idir í féin agus an gníomh. Shleamhnaigh sí isteach aréir agus chuaigh i bhfolach ar chúl an staighre, i seomra beag a raibh scuab agus mapa agus buicéad ann. Í ar a suaimhneas ann mar dhuine a dhéanfadh glanadh.

Ní sa Ghobharnóireacht a tógadh í ach thoir sa tSibéir, in Irkutsk; thug sí na coillte léi anoir, a bhfiántas, a n-uaigneas, súile na madraí allta. Í ag bailiú eolais chuici sa siúl di. Bhí a fhios aici conas gunna a láimhseáil, a bhuíochas sin ar a daideo, fear a rinne sealgaire di. Ó thús a saoil bhí bua na fuarchúise aici, rud a bhí an-fhóinteach di. Breathnadóir.

Chuir sí féin agus Makar aithne ar a chéile i Moscó. Buachaill meidhreach agus tatúnna príosúin air. Nuair a maraíodh é thug Oksana a chuid gunnaí léi agus d’imir díoltas. Bhí eolas na háite aici agus a fhios aici go maith cé bhí ciontach: ba shealgaire í. Ní bheadh sí gan obair feasta. Bhí sí cúramach agus pointeáilte: bean chaol staidéarach ar dhóigh leat uirthi gurbh oide í, cé go raibh aithne éigin aici ar fhualáin, ar striapacha, ar fhir na láimhe láidre, cuid acu dúr, cuid acu glic, agus iad go léir gafa. (B’fhíor go raibh luí aici freisin leis na leabhair, cúpla giota foilsithe aici, aithne aici ar fhile nó dhó.) Ní uirthi féin is túisce a thabharfadh na húdaráis súil an amhrais.

Thaitin an Ghobharnóireacht léi agus an chuma éidreorach a bhí uirthi; thaitin sí léi mar chineál idirshaoil. B’fhéidir nach taitneamh a bhí i gceist i ndeireadh na dála ach géilleadh inti don chinniúint. Ach bhí áiteanna eile ann, áiteanna ab fhiú a fheiceáil. An Astráil go háirithe, í chomh himigéiniúil sin, na tránna geala, an fásach forleathan, grian a sciúrfadh an t-anam. Rachadh sí ann lá éigin, bhainfeadh sí sult as Sydney an droichid, as Melbourne na lánaí rúnda. Bhí litríocht na hAstráile léite aici, bhí sí faoi dhraíocht ag snámhaíl rúnda na nathracha.

I ndáiríre, ní raibh fonn uirthi an iomarca eolais a bheith aici ar an tír úd. Astráil eile a bhí ina cloigeann aici: tithe ildathacha, sorcais ollmhóra, an gaineamhlach ag cúngú ar na cathracha, ceolfhoirne i mbalúin dhearga i spéir gan scamall. Bhí Rúisis á labhairt sa tír úd, bhí cruinneacháin órga cheartchreidmheacha ann.

An fear ag stánadh fós uirthi, a cheann ag dul i soiléire idir í féin agus solas na fuinneoige. Chuimhnigh sí ar a mhuirín. An caoineadh, an fhearg, an tsochraid. An díoltas. B’fhéidir go n-iarrfaí uirthi féin an jab a dhéanamh. Ise ag iarraidh teacht suas léi féin.

‘Cogar mé seo,’ a dúirt sí. ‘An dóigh leat go dtiocfadh claochlú aigne orm dá rachainn thar lear? An bhféadfainn mo cheird a ligean ar lár? An gcuirfí mo bhonn? Ba bhreá liom tarraingt ar imeall an domhain, ar áit éigin bheannaithe. M’anam a dhéanamh, dá mbeadh an t-anam ann.’

B’fhéidir gur díobhadh a bhí uaithi thall. Imeacht as amharc san fhásach. Rachadh na madraí allta sa tóir uirthi ach ní bheadh a lorg le fáil. D’éirigh sí agus rug ar a mála.

‘Slán agat,’ a dúirt sí leis an marbh.

Amach léi go fáilí, sochraideach stuama. An staighre roimpi síos, scáthanna an tráthnóna, í ag imeacht gan torann, amach an doras cúil. Mhoilligh sí gur bhain sí di a bréagfholt, ansin bhain sí amach an stad bus ba ghaire ar bhóthar Kamenovo, í ina suí ann ina hoide múinte, leabhar ina lámh. Bhí seanduine ann. D’fhéach sé uirthi, é ag mungailt rud éigin. Cumhracht chucu ó gharraí tréigthe. Rósanna.

‘Rósanna,’ a dúirt an seanduine. ‘Ní fheicfidh mé Earrach eile.’

‘Cén fáth?’ a dúirt Oksana.

‘An ailse,’ a dúirt an seanduine.

‘Cén fáth nach bhfuil tú san ospidéal?

‘Is fuath liom a leithéid. B’fhearr liom bás a fháil amuigh faoin spéir.’

‘Tuigim do scéal. B’fhearr liom féin é.’

Iad ina dtost. An seanduine arís:

‘An oide thú?’

Rinne Oksana miongháire a mhaisigh a haghaidh go hiontach.

‘Fear grinn thú,’ a dúirt sí. ‘Ach táim ag smaoineamh ar dhul le ceird eile. In áit eile.’

Tháinig an bus agus rug léi iad thar bhathlaigh de bhotháin, thar bhóithríní gairbhéil, thar dhíoganna lán d’uisce, thar chlós iarnróid a bhí foirgthe le fiailí. Clapsholas fada an Earraigh, taibhsí ag siúl na gcosán, ag baint taca as na claíocha.

Lean sí den chomhrá úd idir í féin agus an marbh.

‘Lig dom mé féin a chur in iúl go beacht,’ a dúirt sí. ‘Sinn ag cur gothaí orainn féin, gothaí an aithreachais agus eile, agus gan ionainn ach rudaí suaracha a thagann ar an bhfód agus a théann i gcré. Gearr ár raon, mór ár móiréis. Is iomaí duine ar chuir mé cos i bpoll leis. Gan díomá, a dhuine chóir. Ach tig liom rogha a dhéanamh. Ní mharóinn bean ná leanbh ná madra. Nílim gan trócaire. Na fir, sin scéal eile. An truicéar a tharraingt, an fear ag titim, gan ann ach rud a bhí le bualadh. Is é m’iomaire é.’

Bhí an bus ag cur droichid de thar abhainn a raibh scáileanna solais ann. Bhí an seanduine imithe; bhí gach duine imithe ach í féin agus an tiománaí, fear tostach a raibh toitín ceangailte dá liopa. Í ag féachaint ar a scáil féin san fhuinneog, bean neamhchiontach, bean a raibh a meas féin aici ar an mbás.

Tháinig Oksana anuas i gcearnóg agus d’imigh siar thar dhronga scléipeacha ógánach. B’iontach an séasúr an tEarrach: athbheochan, aiséirí, athbhláthú. Chuaigh sí isteach ina seomra féin, d’oscail sí an fhuinneog agus las toitín, nós ab fhearr léi a chaitheamh i gcártaí ach a raibh sólás ag siúl leis.

Ina codladh di an oíche sin chonaic sí an marbh arís. Bhí aghaidh a daideo air, bréagriocht nár chuir amú í. Iad ina seasamh ar dhroichead agus an marbh ag éisteacht léi go foighneach, ag éisteacht le focail a bhí lán de chiall ach nár fhan chuimhne aici orthu. Ansin bhrúigh sí den droichead é gur shloig an abhainn é i measc scáileanna áille na soilse.

Nuair a dhúisigh sí bhí an lá ag bánú, na chéad ghlórtha ann; chuala sí scairt agus rug ar an bhfón. Tá an jab déanta, a dúirt an guth. Nuacht na maidne. Nach dona iad na saolta seo. Marfach ar fad. Ní raibh tú i bhfad salach leis an obair. Tá do thuarastal ag fanacht leat sa chaifé Airméanach.

Mhothaigh sí an seomra ag féachaint uirthi, ag cúbadh uaithi. D’éirigh sí, chuir uimpi, bhuail amach. Ba chóir di carr a cheannach, shuigh an seancheann uirthi, bhí sé in am aici an áit seo a fhágáil. Lá sramach agus pluda.

Bhain sí an caifé amach. Eolas aici air, na liongáin de bhoird, na cuirtíní salacha, na bláthanna buí ar leac fuinneoige. Beirt chailleach istigh agus iad ag caint os íseal. D’ordaigh sí tae.

Ar dtús níor thug sí an fear faoi deara, é ina shuí sa chuid ba dhorcha den seomra. D’éirigh sé, scrúdaigh an áit faoi mar nár thuig sé i gceart conas a tharla ann é, a shúile ag dul thairsti. Ach mharaigh mé cheana thú, a shíl sí go fuarchúiseach. Inné. Cén fáth a bhfillfeása agus an chuid eile ina gcodladh go deo? Cén fáth? É ag imeacht gan trost faoin gceobhrán.

Chaithfeadh sí a haghaidh a thabhairt ar Mhoscó nó ar áiteanna níos faide anonn. Athrach bisigh. Páras, cén fáth nach mbainfeadh sí Páras amach? Bhí Fraincis a dóthain aici, teanga na ndeoraithe. Bheadh uirthi coinneal a lasadh san eaglais roimh imeacht di, lasair ghlan faoi shúile Chríost, piseog, ach cé bhí gan phiseoga.

Tháinig ógánach thairsti aniar agus shac rud éigin síos ina hucht. Beart beag. D’oscail sí faoi choim é, bhí an t-airgead ann, euronna, bhainfeadh sí an samhradh astu.

Luath nó mall chuirfí a bonn. Ba bheag an scéal é. Cuirtear bonn gach duine, ní éalaítear ón tóir. D’éirigh sí agus an piostal i bpóca domhain a cóta ar eagla na heagla, na cailleacha imithe, an tAirméanach ar chúl an chuntair ag déanamh faire. Amach an doras, an ceobhrán ann i gcónaí, Moscó roimpi, Páras, Reykjavik. Agus an Astráil, áit nach dtiocfaí suas léi, lá ab fhaide anonn.

Feasta, Aibreán 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais