Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Más é an lá é, ’sé an lá
Macallaí na Cásca 14 - Na Laochra Seo ’Gainne

le Breandán Mac Gearailt

á mheas ag Pádraig Ó Cíobháin


(Coiscéim, 2016. €7.50)




Thiar sa bhliain 1966, le linn don gcomóradh leathchéad blian a bheith á dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916, b’ea thograigh Pádraig Ó Snodaigh taifead a dhéanamh ar an ochtar a bhí fós ar marthain d’Óglaigh na hÉireann, ó bheatha Pharóiste an Fhirtéaraigh, a chuaigh de shiúl na gcos soir go Trá Lí oíche Shathairn Cásca, ag súil go mbeadh Ruairí Mac Easmainn tagtha i dtír le last gunnaí ón Aud, gan aon fhios acu go raibh Mac Easmainn gafa ach a dtáinig i dtalamh an lá roimis sin, óir ba mhall mar scaiptí scéal ná duan i dtaobh imeachtaí ag an am.

Sara dtagraítear a thuilleadh dá bhfuil sa chuntas so, ní miste a lua gurb é uimhir seo a 14 an paimfléad is deireanaí den sraith atá foilsithe ag Coiscéim le blianta anuas, ina bhfuil gnéithe éagsúla den Éirí Amach pléite go mion agus go heolgaiseach, cur chuige a luíonn le traidisiún an tseánra ar a dtugtaí paimfléadóireacht, agus a chuireann ar gcúl a lán de na tuairimí claonta a tháinig chun cinn i leith an Éirí Amach ó tháinig na staraithe a chleachtann an t-athbhreithiúnachas ar an bhfód.

Anois, áfach, agus comóradh an chéid ar bun, tá staraithe á admháil gur glúin ar leith a bhí i lucht an Éirí Amach: tírghráthóirí prionsablacha, cumasacha, acmhainneacha, a thiomnaigh a mbeatha do shaoirse Éireann ó dhaoirse Gall, ag a raibh fís ná beidh a leithéid arís ann. Níl aon bhaol ná go mbuaileann san tú agus tú ag léamh na gcuntas a thug an t-ochtar a bhí ar marthain i 1966, as an bhfiche óglach a dhein an turas diamhair thar Mhám Conrach an oíche stairiúil úd go Trá Lí, agus a thaifead Pádraig Ó Snodaigh an bhliain chéanna. B’shin iad: Séamus Ó Dubháin (An Fearann), Seán Ó Muircheartaigh (Gallarus), Seán Bácéir (Cathair Deargáin), Mícheál Ó Bruic (Na Gorta Dubha), Pádraig Ó Flatharta (Cloichear Beag), Seán Mac Gearailt (An Baile Loisce), Pádraig Máirtín (An Baile Uachtarach Thoir), Séamus Máirtín (Na Gorta Dubha).

Meabhraíonn Séamus Ó Dubháin ón bhFearann dúinn an bhaint a bhí ag Seán a’ Chóta / Ó Caomhánaigh Bhaile na Rátha Dhún Chaoin le bunú na nÓglach in iarthar Duibhneach, a dúirt ‘go mba cheart do gach aon bhuachaill raidhfil a cheannach, gur ‘trí puint deich a bhí orthu ...’ agus ‘go mb’fhearr bó a dhíol agus raidhfil a cheannach’. Mar a deir Séamus agus a thuilleadh dá chomrádaithe, n’fheadraíodar cad a bhí rompu, ná an dtiocfaidís abhaile ina mbeathaidh fiú. ’Sé freagra a thug an Dubhánach ar Phádraig Búlaeir, ceannaire na laochra áitiúla so, ach a labhair leis ar an mbaol a bhí rompu: ‘Ní déarfad ach gur é seo an lá, agus má sea tá raidhfilí nua againn, agus más é an lá é, sé an lá é.’

Deir Seán Ó Muircheartaigh Ghallaruis go rabhadar chomh harmálta le haon chomplacht Óglach in Éirinn, go mbíodh Earnán de Blaghd á ndruilleáil ar uairibh, agus go raibh sagart paróiste na linne i gcoinnibh a raibh ar bun acu. Bhí Pádraig Ó Briain, nó an Brianach, mar a tugtaí air, a bhí ag múineadh ar Scoil a’ Bhuailtín, sa chomplacht, agus nuair a chuimhnímid ar an gcumhacht a bhí ag na sagairt paróiste os cionn na mbunscoileanna ag an am, léiríonn sé mar bhí máistir scoile, an Brianach sa chás so, sásta diúltú do sheasamh frithphoblachtánach na heaglaise Caitlicí.

Fágfam fén Muircheartach cur síos a sholáthar dúinn ar an dturas éachtach daichead míle go Trá Lí:

D’fhágamair an Daingean timpeall a deich a chlog. Bhí lón trí lá ag gach duine d’arán agus casóg mhór. Theastódh sí uait toisc an oíche bheith trom ceathach. Ní raibh na bóithre rómhaith an uair sin i gcomparáid leis an lá inniu, ní chífeá faic go mbeadh do chos istigh i loig uisce.

Bhí an lá ag gealadh agus sinn soir ag Caisleán Ghréaghaire. Bhí na cosa ag teip ar na buachaillí seo againne. Bhí fear agus a bhróga caite dhó aige agus féar ón gclaí á chur ina bhróga aige in ionad na stocaí. Bhí na bróga ró-éadrom ag cuid acu. Bhí cosa tinn ag cuid eile acu. Bhí na bóithre garbh agus san oíche bhí na bróga ar fad fliuch. Bhí gléasanna ag gach aon duine, mar mála taistil, an paca agus na gunnaí.

Deir eagarthóir na gcuntas so ar na réabhlóidithe óga Duibhneacha, Breandán Mac Gearailt, gur Enfields a bhí acu, raidhfilí a cheannaigh Mícheál Ua Rathaile i mBirmingham Shasana i 1914, chomh maith le roinnt Mausers agus ábhar sean-Enfields, agus go bhfuair sé féin agus páirtí dhó cuid acu a bhí gan feidhm i gclaí cloch lastoir den mBuailtín blianta fada ina dhiaidh sin.

Ar Phádraig Ó Flatharta (Peats Cháit) ó Chloichear Beag ba mhó m’aithne féin. Deir súd go bhfág sé an tigh timpeall a ceathair a chlog Satharn Cásca. Bhí Muiris de hÓra, páirtí dhó, fairis; grán-ghunna ag Muiris, raidhfil ag Peats. Shiúlaíodar ’on Daingean. D’fhágadar an Daingean timpeall meán lae de shiúl cos. Ghaibheadar Mám Conrach. Bhíodar i dTrá Lí timpeall a deich maidin Dhomhnach Cásca.

Chodlaíodar an oíche sin ar leapacha tuí, ach nach mór an codladh a fuaireadar mar go raibh Óglaigh Thrá Lí ag amhrán siar san oíche, iad san friseáilte i dtaobh gan aon mhórshiúl a bheith déanta acu. Cuireadh ar an dtraein thar n-ais ’on Daingean iad Luan Cásca, i dtaobh Mac Easmainn a bheith gafa, agus i dtaobh ná raibh aon chinnteacht go dtarlódh a dtarla ar shráideanna naofa Bhleá Cliath an lá céanna.

Ach fé mar a dúirt Maidhc Bruic na nGort nDubh, nuair a fiafraíodh de an raghadh sé soir arís, is gurb é a dúirt nárbh aon nath aige cur chun bóthair dá bhfaigheadh dhá phiont, is dócha gur bheag ba ghá do rá leis na laochra so ’gainne chun iad a chur sa chath ar son na saoirse athuair dá mbeadh call leo.


Feasta, Aibreán 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais