Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Go réidh le Fleá na Fola


le Pádraig Ó Snodaigh




Ní gan éifeacht a bhíonn an diltálaire, an dripfeed leanúnach san de thrácht ar Éirí Amach 1916 mar ‘blood sacrifice’, ach go háirithe nuair a bhítear ag tagairt do Phádraig Mac Piarais. Ach ba mhacalla de reitric an chogaidh ó 1914 ar aghaidh a bhí i mbolscaireacht na bpoblachtánach a bhí rannpháirteach in Éirí Amach 1916; agus ba mhacalla coineasach é, rud nár mhiste a dheimhniú i gcónaí.

Leabhar dea-dhéanta, earra den scoth ámh, is ea Our War: Ireland and the Great War, in eagar ag John Horne, foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann i bpáirt le R.T.É. Is mór an méid eolais atá ann, agus is staraithe cáiréiseacha atá i mbun na n-aistí éagsúla – fiú má thugann an teideal le tuiscint gur aidhm thar an stair féin atá i gceist. Shamhlófá uaidh sin gur iarracht ar chogaíocht Shasana, 1914 – 1918 a dhéanamh lárnach dár meon, dár dtéarmaí tagartha, dár gcuimhní cine atá ann.

Ag glacadh leis gurb amhlaidh atá i measc dilseoirí i gCúige Uladh, ach go háirithe, agus cuid d’iarsmaí lucht an chinsil sna codanna eile den tír, fós féin más in an aidhm a bhí leis an leabhar, tá fuar ag an té a roghnaigh an teideal, nó ní thig leat cuimhní cine a chumadh tar éis dhá nó trí cinn de ghlúinte. Deacair a shamhlú go dtig leat. Ach ní hin ábhar mo scéil anseo ach go háirithe. ‘Fleá na Fola’ an téama atá agam.

Luann an t-eagarthóir ina aiste-sean, Tom Kettle, agus an dán leis a mbaintear cling chomh minic as: Know that we fools, now with the foolish dead, Died not for flag, nor King, nor Emperor,— / But for a dream, born in a herdsman's shed, / And for the secret Scripture of the poor. (Aisteach mar a chosain Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, a chlú i rith an ama: ní luaití gurbh alcólach an fear bocht, mar shampla, agus mí-éifeacht dá réir ag baint leis). Ach luann an t-eagarthóir seo, chomh maith, gur mhinic a chuir Kettle a thuairim in iúl go raibh ‘Colonial Home Rule’ ag dul d’Éirinn ó Shasana, toisc ‘the seal of the blood given in the last two years,’ mar a scríobh sé i litir a foilsíodh tar éis dó bás a fháil ar an Somme i Meán Fómhair 1916, é ina dhuine den bhreis agus tríocha míle Éireannach a maraíodh sa chogadh.

Deir Horne gur íobairt fola de shaghas eile a bhí i gceist san Éirí Amach. Iadsan, a deir sé, a dhiúltaigh do ‘Redmond’s Crusade systematically inverted what we might consider the war culture of Irish nationalism,’ mar a chan Redmond é. Ba í impireacht na Breataine, agus níorbh í an Ghearmáin, an namhaid. Chomh fada is a bhain le Mac Piarais agus Ó Conghaile, níorbh ionann an Impireacht agus na white dominions, b’ionann í agus ‘British oppression in Egypt and India as well as in Ireland.’ ‘We do not love the Empire’ arsa an Conghaileach i 1915, agus é ag freagairt bolscaireacht na Réamannach, ‘we hate it with an unqualified hate.’

‘Above all’, arsa Horne, ‘the notion of sacrifice that lay at the heart of war cultures became a weapon against nationalist recruitment for the war.’ Is ionann ‘nationalist’ agus Réamannach san abairt seo ar eagla na míthuisceana.

Tá an Réamannach lárnach in alt Paul Bew fosta: ‘While separatists sincerely believed that Redmond was responsible for the blood sacrifice of tens of thousands of Irish men at the front in pursuit of a will-o-the-wisp which the British would in the end tear away … Redmond … more romantically hoped that a common sacrifice at the front would bring together Irishmen of different creeds.’

Arsa cara leis an Réamannach, Michael MacDonagh: ‘Redmond looked upon all that was going on … as play-acting by nobodies, a manifestation of the histrionic side of the Irish character by persons of no consequence’, é ag tagairt d’inlíochtaí na nÓglach i mí an Mhárta 1916.

Níorbh é sin port Stephen Gwynn, oifigeach in arm Shasana ag an am, nó b’é a dúirt seisean ná: ‘Redmond could only see “empty vanity” in the separatist platform. All-Irish regiments after all, could only do what other regiments were doing; their deeds were obscured in the chaos of war…. Pearse and his associates offered to Irishmen a stage for themselves, on which they could and did secure full recognition – the complete attention of Ireland’s mind.’

Filleann Niamh Puirséil ar an téama, í ag plé toradh amháin chun leasa a lean an cogadh thall, ach nár tharla a mhacasamhail abhus, agus í ag trácht ar ‘a levelling impact on British society since four years of bloodletting created … a bond of bereavement ….’ Ní raibh san amhlaidh in Éirinn, a deir sí, agus tagairt á dhéanamh do choinscríobh, ‘never enforced because by 1918 it represented for most nationalists the imposition of blood-sacrifice, not by the Irish nation but by a foreign state.’

Agus gan amhras, ní gá ach breathnú ar an fhuinneog daite ‘Sacrifice’ in Eaglais N. Pilib de chuid Eaglais na hÉireann i nDartraí i mBaile Átha Cliath. Mar a deireann an lipéad leis an leabhar seo: ‘The theme of a “blood sacrifice” for the greater good was not uncommon, with those dying in the war being beckoned to a better life in heaven.’

Ná cuirtear suas feasta ná go deo le haon cháineadh ar 1916 mar íobairt fola d’aon turas. Ní chuige sin a chuaigh lucht na Cásca chun spairne. ‘Má bhuann muid,’ arsa Caitlín lena fear, Tomás Ó Cléirigh, ‘an mbeifeá mar uachtarán?’ ‘Ní bheidh,’ ar sé, ‘Beidh mise ag obair sa ghairdín seo ’gainne.’

John Horne (ed.) Royal Irish Academy, €30/£25.
ISBN 9781904890508

Feasta, Aibreán 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais