Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Conas mar a sheasann an fhís inniu? - -

Ní i ngan fhios d’aon duine atá comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca ar siúl faoi láthair. Níl lá nach mbíonn ócáid éigin chomórtha ar siúl, pé acu faoi choimirce an rialtais féin nó eagraithe ag grúpaí éagsúla i mball éigin den tír. Níl lá nach mbíonn cuntas ar na meáin chumarsáide ar ócáid dá leithéid, go deimhin, mura mbíonn na meáin féin ina bhun, go háirithe i gcás na teilifíse nó an raidió. Nach maith san, a déarfar, agus ní gnách go dtagann cáineadh nó lochtú i gceist faoi na hócáidí, ach a fhiafraí ar éirigh go maith leo nó a mhalairt.

Más annamh ar fad a ritheann sé le haon duine againn aon cheist a ardú, gan trácht ar dhoicheall a léiriú faoi aon ghné den chomóradh, b’ábhar machnaimh tagairt a chonaiceamar ar an Irish Times do léacht dár teideal ‘1916-2016: Cad chuige Comóradh an Chéid?’, a thug an tOllamh (Emeritus) Gearóid Ó Tuathaigh ó Ollscoil na hÉireann i nGaillimh i nDún Garbhán le deireanas. Mar mhíniú breise, dúradh go mbeifí ag ardú na ceiste ‘an í an eachtra mhíleata féin a bhí á ceiliúradh nó an suaitheadh idé-eolaíoch a bhí mar fhoinse ionspioráide ag ceannairí an Éirí Amach, agus cén chiall is féidir le hÉireannaigh na linne seo a bhaint as an eachtra?

I ndáiríre, déarfadh duine réasúnta gur ceist riachtanach atá i dteideal na léachta, agus gur féidir go bhfuil an bhéim rómhór ar an eachtra mhíleata agus faillí déanta sa bhfealsúnacht, agus go háirithe sa bhfoinse ionspioráide agus suaitheadh ídé-eolaíoch ar deineadh tagairt dóibh, agus go mba ann dóibh araon go follasach ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893. Ní hamhlaidh go mbeimis faoi gheasa ag aon idé-eolaíocht ar leith, ach go bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh plé agus léiriú ar an bhfoinse spreagtha a thug ar na ceannairí úd tabhairt faoi fhiontar chomh radacach. Go deimhin, d’fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh plé éigin ar conas mar a ráinig leis an suaitheadh ó shin, faoi scáth na rialtas dúchasach a tháinig chun cinn i mBaile Átha Cliath ó tionóladh an chéad Dáil i 1919.

Is sa chomhthéacs céanna a thugamar aird ar a raibh le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn agus é ag oscailt Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh, le déanaí, nuair a chuir sé a imní in iúl maidir leis an easpa measa a léiríonn oifigigh shinsearacha sa státchóras ar an nGaeilge. Mhol an tUachtarán a thráthúla is a bhí sé an chomhdháil a eagrú mar pháirt d’Éire 1916. Luaigh sé gur mar thoradh ar fhís ghlúin na réabhlóide a aithníodh, le bunú an stáit nua, a thábhachtaí a bhí sé go gcaomhnófaí an Ghaeilge mar shiombail eisiach dár bhféiniúlacht Ghaelach, mar a shamhlaigh a réamhtheachtaí mar Uachtarán na hÉireann, Dúbhglas de hÍde, é. Is ceist thábhachtach a fhiafraí conas mar sheasann an fhís sin inniu.

Feasta, Aibreán 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo