Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Toradh mar a bhíothas ag tuar
le Seán Ó Loingsigh





Sa deireadh is mar a bhíothas ag tuar, a bheag nó a mhór, sea a tharla leis an olltoghchán agus táimid gan stiúir gan rialtas pé fad a bheidh. Ba dheacair a bheith dóchasach go mbeidh aon toradh fónta ar an sall is anall agus ar an ionramháil atá ar bun faoi láthair, ach go háirithe ag an dá pháirtí is mó, na seanfhondúirí Fine Gael agus Fianna Fáil. Gan amhras, mar a deirtear, más ag lucht an doichill féin é, is deacair fáil réidh leis an drochrud. Tharla aiséirí de chineál i gcás Fhianna Fáil, agus má chaill Fine Gael glac maith suíochán níor deineadh aon scrios orthu.

Ar shlí, i gcás an dá pháirtí agus an choimhlint stairiúil atá eatarthu, ba eachtra é an toghchán seo a bhain leis an mbeirt cheannaire. Ba é tuairim na coitiantachta gurbh é an Máirtíneach ba stóinsithe den bheirt agus go mba é ba mhó a chuir le téarnamh a pháirtí, ach tá drochshnap fós ag Éanna Ó Cionnaith, go háirithe nuair a bhíonn sé i sáinn, agus beidh leisce ar a pháirtí dul ar a thóir arís eile. Tá rith a bhéil is a theanga róliobarnach, b’fhéidir, mar a léirigh sé arís i Washington le linn cheiliúradh Lá ’le Pádraig.

Murach gur fadhb chomh mór don tír é rialtas a bhunú, d’fhéadfaimis sásamh a bhaint as an gcor beirte atá ar siúl idir an dá mhórpháirtí, isteach agus amach agus anonn agus anall, agus go leor in amhras gur i ndáiríre atá siad, ach san am céanna go mb’fhéidir gur drochbhlas a thiocfadh as ó thaobh an phobail de, agus go ndéarfaí nach raibh siad i ndáiríre faoi bhunú rialtais. Tá talamh ard na ceartaiseachta, mar is gnáth, ag na tráchtairí polaitíochta agus iad go mórchúiseach ag cur a ndualgais ina luí ar cheannairí sa dá pháirtí.

Tá Sinn Féin fós ag cur lena neart, agus is léir arís go dtuigeann muintir Fhianna Fáil, agus an Máirtíneach go mór mór, gurb iadsan, Sinn Féin, an chonstaic is mó dóibh agus iad leathslí ar a mbóthar ar ais. Dá mhéid é gradam pearsanta Mhic Ádhaimh, mar a dúrthas cheana, tagann an lá gur fearr an tsnaidhm a scaoileadh agus ceannaire nua a cheapadh. Tá an naimhdeas i measc mórchuid sna meáin chumarsáide do Adams dobhogtha, agus léirigh an feachtas olltoghchánaíochta arís eile gur riachtanas é bogadh ar aghaidh. Beidh sé spéisiúil a bheith ag coinneáil súil ar conas mar a ráineoidh leis an scéal seo. Baineadh tuairt as Shinn Féin gur chaill siad suíochán Mhic Lochlainn i nDún na nGall. An breis den ardmhian ba chúis leis? B’fhéidir um an tráth seo go mba thábhachtaí dóibh leithéid Mhic Lochlainn ná Mac Ádhaimh!

Ach gan amhras, ba iad muintir Éalaithe ón Ré laochra móra an olltoghcháin seo. Ba éacht toghchánaíochta an vóta ollmhór a fuair an bheirt dearthár. Is cosúil gur beag is cás le pobal vótála Chiarraí nach nglacfaidh a dteachtaí tofa aon pháirt i gcomhdhéanamh rialtais, agus is féidir gur mó é a gcomhbhá leis an dearcadh, mar a léirigh Michael Healy-Rae go binbeach é, go bhfuil tionchar na hardchathrach uilechoiteann i bpolasaithe an rialtais le cúig bliana anuas. Nuair a bhí an rialtas ag maíomh as téarnamh an gheilleagair, bhí siad i ndáiríre ag tagairt don dúthaigh thart ar an ardchathair ar a dtugtaí an Pháil lá den saol. Ní raibh an téarnamh céanna le brath thíos faoin tír i sráidbhailte mar Chill Gharbháin. Bhí bearna inchreidteachta i gceist.

Is feiniméan ar leith iad muintir Éalaithe i bpolaitíocht na hÉireann. Cé go raibh tionchar na clainne go mór i gceist i gcónaí, agus go minic suíocháin Dála ag dul ó ghlúin go glúin, tá sé tugtha go leibhéal eile acu siúd. Tá an triú glúin tagtha chun cinn anois, agus suíocháin tógtha cheana féin ag beirt den ghlúin sin ar Chomhairle Contae Chiarraí. B’fhéidir nár chóir a chur as an áireamh go mbeadh a bpáirtí polaitíochta féin acu ar ball! Trua nach bhfuil ach cúig shuíochán Dála i gCiarraí. An é an botún polaitíochta ba mhó a rinne Fianna Fáil riamh ná fáil réidh le Jackie Healy-Rae?

Ach más feiniméan sa pholaitíocht an chlann iltréitheach seo, bí cinnte nach aon ábhar fonóide iad. Ní hábhar magaidh ach oiread an scoilt a bhí Michael Healy-Rae ag tagairt dó, agus é ag déanamh a ghearáin faoin mustar agus leithleas a luaitear le meon na cathrach, agus an neamhaird atáthar ag déanamh de dhrochstaid na tuaithe, agus a laghad atá an téarnamh eacnamaíoch ag dul i bhfeidhm ansin. Nach suimiúil go bhfuil fear Chonamara, Seosamh Ó Cuaigh, ag caint ar bhunú páirtí polaitíochta nua, agus fiú go raibh ainm an pháirtí ceaptha cheana féin aige: céard eile ach Clann na Tuaithe. Má tá míshásamh forleathan i gcás na bpáirtithe seanbhunaithe faoi láthair, ní éasca a mheas gur réiteach ar an bhfadhb sin páirtí eile fós a bhunú.

Más léir arís go bhfuil laige na bpáirtithe polaitíochta agus teacht chun cinn na dteachtaí neamhspleácha ina ábhar imní ar leith do na mórpháirtithe mar Fhine Gael agus Fhianna Fáil, níl sé soiléir i gcás aon pháirtí díobh arbh fhearrde iad comhoibriú i gcomhrialtas nó dul i muinín olltoghcháin eile, nuair is féidir gur scrios a bheadh mar thoradh air do cheann éigin díobh. Féach arís cad a tharla do Pháirtí an Lucht Oibre, ar léir gur ghlac siad go ró-éasca le dearcadh agus cur chuige Fhine Gael, agus gur rinne siad neamhshuim de leas agus de bhunriachtanais a lucht leanúna dílis féin. Is é an ráfla is déanaí ná go mbeidh Enda Kenny ag tairiscint post mar Aire na Tuaithe do Michael Healy-Rae. Níl aon teora leis an ionramháil.

Tá mórchuid cainte i gcónaí faoi athchóiriú parlaiminte, ach dá riachtanaí é, ní bheidh a lán ag súil go dtarlóidh aon mhórathrú. Mar a léiríonn a dheacra atá sé rialtas nua a bhunú, is athchóiriú toghchánach nó vótála an fhadhb is mó, ach ní baol go raghfar i ngleic leis sin. Is é is dóichí go leanfaidh an ionramháil agus an mhargántaíocht ar feadh tamaill mhaith eile. An cheist mhór, gan amhras, ná an dtarlóidh an do-tharlaitheach: an dtiocfaidh na sean-naimhde le chéile i ndeireadh thiar thall?

Níor mhiste dúinn a lua nach é seo an tráth is feiliúnaí dúinn chun a bheith ar easpa rialtais. Tá ár gcomharsain sa Bhreatain an-tógtha faoi láthair le reifreann i mí an Mheithimh, ina mbeifear ag deimhniú an leanfaidh siad nó an staonfaidh siad dá mballraíocht san Aontas Eorpach. Ceist mhór í sin dóibh, agus tá teideal ar leith, ‘Brexit’, cumtha acu ina chomhair. Bhí Alan Titley á phlé le déanaí ina cholún ar an Irish Times agus ‘Breatimeacht’ an téarma a chum sé don ócáid. Cé gheobhadh locht ar sin.

Má tá an Bhreatain idir dhá cheann na meá maidir le fanacht nó imeacht, ní bheadh a lán daoine in Éirinn a bheadh in amhras ná gur chóir dúinne cloí go daingean lenár mballraíocht, pé bóthar a thógfadh an Bhreatain nó pé fadhbanna a chruthódh ‘Breatimeacht’ dúinn. Mar sin féin, níl amhras ná gur lú go mór anois dúthracht mhuintir na tíre seo ar son ballraíochta ná mar a bhí go traidisiúnta. Gan amhras, chinntigh an drochíde, agus fiú an doicheall, le linn dúinn bheith ag plé téarmaí tarrthála leis an Aontas gur mar sin a tharlódh.

Sin scéal amháin. Is é an dara scéal ná go bhfuil an tAontas athraithe ó bhonn ó chuaigh an tír seo i bpáirt leis i 1973. Ag an am sin, bhí tuiscint ann gurb é a spreag na daoine a bhí gafa lena bhunú ná cuimhne ar an léirscrios agus an díothú agus díshealbhú pobail agus ciníocha a tharla san Eoraip mar thoradh ar dhá mhórchogadh i dtús an chéid. Ba bhunaidhm a chinntiú nach dtarlóidh a leithéidí arís. Cuimhnigh leis go raibh an daonlathas guagach i dtíortha mar an Spáinn, an Phortaingéil agus an Iodáil féin an tráth sin, agus ba mhór mar a chabhraigh a mballraíocht chun an daonlathas a dhaingniú sna tíortha sin. Níor chóir a dhearmad leis gurb é an tAontas ba chúis lena lán den reachtaíocht a chosain cearta agus coinníollacha fostaíochta a bhain le lucht oibre, agus go háirithe iadsan a bhain le mná.

Baineann na gnéithe sin de mheon agus de chur chuige an Aontais le ré atá thart. Ba dheacair a rá go bhuil aon idirdhealú idir an meon corporáideach agus luacha an mhargaidh atá i dtreis sna Stáit Aontaithe, agus atá bunaithe ar chaipitleachas gan srian, agus iadsan atá á gcur i bhfeidhm san Aontas faoi láthair. Ba léir, mar shampla, sna coinníollacha a bhain le hiasachtaí a fuair an tír seo agus an Ghréig go raibh príobháidiú i gceist i gcás fiontair a bhí i gcúram an Stáit. Cuimhnigh ar an dtubaist sin ar a ngairtear Uisce Éireann. Ba dheacair a rá nár chiorrú ar an daonlathas a bhí i gceist leis sin.

Bhí tráth ann gur sheas an tAontas ar leathaobh ó aon cheangal foirmiúil a bheith idir é agus NATO. Ba dhéantús de chuid na Stát Aontaithe i gcónaí an eagraíocht sin. Ar éigean go bhfuil sé sin fíor a thuilleadh. Labhrann lucht ceannais an Aontais go hoscailte ar ‘ár lucht páirte i NATO’. Níl sé soiléir a thuilleadh go bhfuil an seasamh neodrach céanna ag an Stát seo mar a bhí go traidisiúnta. Níl sé soiléir fós céard a bhí dornán saighdiúirí ón tír seo ag déanamh i Mali, áit a raibh cogadh cathartha ar siúl, agus gur dócha go bhfuil sé ar siúl ann i gcónaí, pé ról atá ag ár ndornán beag féin ann.

I gcoitinne tá sé soiléir go gcruthódh Breatimeacht fadhb ar leith dúinne, agus nár mhaith an tráth ar aon chor é chun a bheith in éagmais rialtais. B’fhéidir, fiú, go gcuirfeadh sé dlús le hiarrachtaí ár bpolaiteoirí. Agus b’fhéidir leis, ag caint dúinn ar athchóiriú Dála agus an neamhaird a dheineann rialtais san institiúid sin, go ndéanfaí plé ceart oscailte ar cheist chomh tábhachtach lenár mballraíocht san Aontas Eorpach, dá staonfadh an Bhreatain dá mballraíocht. Nach féidir gur ‘Éirimeacht’ a bheadh mar thoradh air!

Feasta, Aibreán 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais