Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Gan Amhras

Gearrscéal Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, Cill Chiaráin


Nach fearr a bheith díomhaoin féin, ná a bheith ag déanamh rudaí nach bhfuil fonn ort a dhéanamh ar chor ar bith. Nó sin mar a cheap Páidín ar aon chuma, agus é ag siúl leis go mall réidh anuas Cúirt Siopadóireachta Uí Choirbín. Bhí sé tagtha isteach ón tuath chuig Cathair mhór na dTreabh i gcomhair an lae i gcuideachta a mhná céile Nan, a bhí ag déanamh roinnt siopadóireachta ansin.

Bhí daoine ag dul faoi agus thairis, agus cosúlacht orthu ar fad go raibh fios a dtreorach acu. Ach ba chuma leis, mar nárbh í Nan a raibh fios a treorach aici maidir leis an mbeirt acusan, agus nach fearr é a fhágáil aici? Bheadh níos lú trioblóide ann sa deireadh an bealach sin.

Bhí sí istigh i siopa éadaí anois, agus Páidín ag leadaíocht taobh amuigh. Ag dearcadh ar na héadaí a bheadh, a dúirt sí, agus í ag iarraidh eisean isteach in éineacht léi cúpla nóiméad ó shin. Ach ní raibh aon mhaith ag caint, mar bhí an ghráin dhearg aige ar an obair sin.

Uair ar bith riamh a raibh ball éadaí, péire bróg nó rud ar bith eile ag teastáil ó Pháidín, bhí sé ábalta siúl isteach i siopa ar bith, agus dul caol díreach go dtí an rud a bhí á lorg aige. Ansin é a thógáil leis chuig an gcuntar chun íoc as agus amach an doras arís. B’in é a bhealach i gcónaí, i leaba a bheith ag ransáil ó sheastán go seastán, gan údar ar bith leis ach ag cur ama amú, dar leis.

Fan! Chonaic sé rud éigin as corr a shúl. Dhá stumpa agus iad ag siúl uaidh síos an chúirt gan snáth éadaí ar cheachtar acu óna dtóin síos, ach ag caitheamh brístí beaga giortacha dlúth. Beirt ógmhná bhreátha a bhí iontu ceart go leor. Bhí riteoga de chineál éigin eangaí duibhe ar bhean acu, gan stocaí ar bith ar an mbean eile. Thug Páidín faoi deara freisin go raibh poll beag ar chois amháin leis an eangach dhubh. Suas ard a bhí sé, ach ba chuma leis, mar ní raibh eisean chun í a leanúint á insint di.

Ó nár bhreá a bheith óg arís, mheas sé ina intinn féin. Seans amháin eile, sin an méid. Bhí cailíní fadó ar nós tor cabáiste ann leis an méid éadaí a bhí orthu, agus muid ag teacht abhaile ó na céilithe. Ach féach anois iad!

Bhí rud amháin faoi Pháidín, cé go raibh sé ag teannadh amach sna blianta, bhí a intinn chomh géarchúiseach agus bhí riamh, mar aon lena amharc, agus nárbh in cúis dó bheith buíoch maidir leis na rudaí sin uilig.

Ag dúiseacht as a bhrionglóid do Pháidín chonaic sé Nan ag teacht amach as an siopa éadaí úd, agus ag dul caol díreach isteach i siopa bróg a bhí lena thaobh sin. Ach ba chuma leis anois agus é ag baint coisméige dó go mall réidh anseo agus ansiúd, mar bhí rudaí le feiceáil aige a thaitin leis. Nárbh é an feall nach raibh péire spéacláirí gréine aige, ní nár chleacht sé riamh i ndáiríre, ach díreach go raibh sé ag smaoineamh an bealach sin.

——◊——

Tharla sé tobann dó gan súil aige leis ar chor ar bith. Nod beag sa ngualainn agus í ag siúl thairis, ansin ag breathnú ar ais nuair a bhreathnaigh Páidín ina treo. Bean sna tríochaidí a bhí inti, banúil, cóirithe ach gan mórán den fhaisiún nua-aimseartha á thaispeáint aici, mheas sé. Stop sí agus chas ar a cois ag siúl ina threo, agus meangadh mealltach uirthi.

‘Ní aithníonn tú mé?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Ní aithním,’ a d’fhreagair Páidín, ach bhí sé ag ceapadh gur aithin, mar go raibh beagán cosúlachta aici le fear as a bhaile féin a chuaigh ar scoil leis fadó, agus a bhí ag cónaí i Sasana anois le fada an lá.

‘Inion le Páraic Choilim thú b’fhéidir?’ arsa Páidín, agus é ag iarraidh go géar aithne a bheith aige uirthi. Rud ar bith a bhriseadh an díomhaointeas.

‘Sin go díreach é,’ arsa sise. ‘Nach maith a chuimhnigh tú orm agus an méid blianta atá caite ó bhí muid ag caint le chéile cheana. Cristín is ainm dom mar atá a fhios agat, is dócha.’

‘Gan dabht,’ a d’fhreagair Páidín, gan a fhios aige ar a hainm ar chor ar bith ag an bpointe sin. Ansin d’fhiafraigh, ‘An bhfuil do mhuintir ina sláinte faoi láthair nó an bhfuil siad uilig thall i Sasana i gcónaí? Tá sé blianta fada anois ó chonaic mé d’athair. Tá an t-am ag sleamhnú thart go sciobtha dúinn uilig is dócha, mar go raibh tú féin i do chailín beag nuair a chonaic mé thú an t-am deiridh. Páidín is ainm dom. B’fhéidir go bhfuil cuimhne agat orm?’

‘Is cuimhin liom go maith thú mar go raibh tú cineálta linn i gcónaí agus muid inár ngasúir, nuair a bhíodh muid ar cuairt ó am go chéile ar bhaile dúchais m’athar, ach tá na laethanta sin caite anois faraor, a Pháidín. Tá an chlann uilig ag cónaí i Sasana go fóill, cé is moite dhom féin, agus tá mo mhuintir ina sláinte go maith faoi láthair, go raibh maith agat faoi sin a fhiafraí díom. Maidir liom féin ní raibh an saol go maith dhom ar chor ar bith le roinnt blianta beaga anuas.

‘Phós mé sé bliana ó shin agus bhí muid inár gcónaí i mBaile Átha Cliath, compordach go maith ar dtús d’fhéadfadh a rá. Tar éis bliain nó mar sin bhí páiste agam, cailín beag álainn. Áine is ainm di. Tá sí cúig bliana d’aois anois. Ní raibh sí ach tuairim is dhá bhliain d’aois nuair a d’imigh a hathair uainn, gan teacht ar ais ariamh. Gan litir a chur fiú amháin, ná cúiteamh airgid chun cúnamh a thabairt lena iníon féin a thógáil. Gan a fhios dom an fáth ag an am, cé gur chuala mé níos déanaí go raibh bean eile i gceist.’

Bhí Páidín ag éisteacht go grinn agus é ag cruthú trua don mháthair óg seo, mar bhí sé ag cur as dó í a bheith ar an ngann chuid. Bhí a lámh ina phóca aige agus é ag éisteacht léi, mar thíos ann bhí dhá pháipéar fiche euro a bhí sé ag iarraidh a scaradh óna chéile, chun ceann a bheith ina ghlaic aige le tabhairt aníos ar ball beag.

‘Ní raibh sé éasca ar dtús, ach rinne mé mo dhícheall go dtí le gairid féin, mar gur thosaigh na billí ag méadú an iomarca dhom leis an saol atá ann agus chuile shórt. Sin an fáth mí ó shin gur bheartaigh muid aistriú go Gaillimh, Áine agus mé féin. Ag ceapadh go mbeadh saol níos éasca againn mar go mbeidh sé níos saoire cónaí sa gcathair seo. Fuair muid teach sealadach luath go maith ón gcomhairle áitiúil. In iarthar na cathrach atá cónaí orainn, ach níl an chomharsanacht ansin go maith ar chor ar bith.

‘Mar shampla, aréir fuair Áine tinn déanach san oíche, agus mar atá a fhios agat féin, a Pháidín, tá imní ar an bpobal faoi láthair mar gheall ar an ngalar uafásach meiningíteas. Dá bhrí sin, thug mé díreach chuig an Ospidéal í ag an dó a chlog ar maidin inniu i dtacsaí. Ach buíochas le Dia, tar éis na scrúduithe ar fad fuair siad glan í. Slaghdán a cheap an dochtúir a bhí uirthi, agus gan imní a bheith orm á saoradh le dul abhaile. Ach nuair a tháinig muid chomh fada leis an teach moch ar maidin inniu, mar bharr ar an mí-ádh, nach raibh an buidéal gáis a bhí ar chúl an tí agam goidthe.’

Ansin dúirt, agus í ag baint fáinne mór lonrach dá méar: ‘Tabharfaidh mé dhuit an fáinne seo, a Pháidín, le coinneáil mar tá sé luachmhar, ach tú ag tabhairt luach buidéil gáis dhom. Agus an chéad lá eile a mbeidh muid chun bualadh le chéile sa gcathair, beidh tú in ann é a thabhairt ar ais dhom nuair a thabharfaidh mise luach an gháis ar ais dhuitse.’

‘Ní thógfaidh mise an fáinne sin uait!’ a deir Páidín, ag cur páipéar fiche euro isteach ina láimh. ‘Seo’ a deir sé, ‘agus ní bheidh gá dhuit é a íoc ar ais liom ach oiread.’

‘Ach ní bheidh mo dhóthain ansin a Pháidín,’ arsa Cristín go brónach, agus a liopa íochtair ar crith, ‘mar gur buidéal mór gáis a bhí agam, beidh sé dúbailte an méid sin ar a laghad,’ ag baint an fháinne anuas dá méar arís le tabhairt dó.

Tháinig athrú tobann ar mheon Pháidín leis an gcúpla focal deiridh sin a dúirt sí, agus a lámh ina phóca aige i gcónaí i ngreim sa nóta eile, ag smaoineamh nach mbeadh a dhóthain sa nóta siúd ach oiread, b’fhéidir. Díreach an nóiméad sin tháinig Nan san láthair ag fiafraí an raibh gach rud ceart.

‘Cé thusa?’ a d’fiafraigh Cristín de Nan go borb.

‘Mise bean an fhir seo,’ arsa Nan, ‘Ach cé thusa?’

Bhí Páidín chun a insint do Nan ansin céard a thit amach ón tús go dtí dó an fiche euro a thabhairt don bhean seo. Ach bhí amhras ag teacht air féin anois nárbh í an bhean a cheap sé an bhean a bhí ag caint leis an t-am seo ar fad. Bhí an pionna curtha ann i ndáiríre, agus fios aige anois air. Ach bhí sé ag iarraidh cúlú amach as an chlampar ar fad sula mbeadh Nan róchrosta. Labhair Nan ansin.

‘Tá m’fhear céile tar éis fiche euro a thabairt dhuit le flaithiúlacht a chroí mar gur cheap sé go raibh tú i gcruachás. Ach ní raibh tusa sásta leis sin mar go raibh tú ag úsáid a charthanachta chun tuilleadh a bhaint de, agus sin an áit a dtagann mise isteach. Níl a fhios agam cé thú féin agus is cuma liom, mar tá tú gan mhacántacht mar nach raibh sé cothaithe ionat is dócha. Bí ag imeacht!’

Thosaigh Páidín á dhíriú féin suas le bród as a bhean, ach ag an am céanna d’fhan sé ciúin go fóill.

Ansin chas an bhean úd ar a cos gan focal eile a rá, agus shlog an slua í, gan a fhios acu riamh cé í féin.

‘Tar uait, a Pháidín,’ arsa Nan, ‘go dté muid ag dearcadh thart a thuilleadh, agus an t-am seo fan gar dhom le do thoil.’

Tar éis tamaill d’iompaigh Nan ar Pháidín, ag rá go measúil leis.

‘A Pháidín, níor chaill tú riamh é. An croí bog sin do na mná.’

Tháinig meangadh ar an mbeirt acu le chéile, agus iad ag gluaiseacht leo ina mbealach síos an chúirt.

Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais