Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Saothrú na litríochta:
an mbíonn sé thoir mar a bhíonn sé thiar?

le Cathal de Paor


水 文学

Carachtair na Sínise (Mandairínis) don ‘uisce’ (shuῐ) agus don ‘litríocht’ (wénxué) atá léirithe thuas.
Ní ró-mhinic a bhíonn siad le chéile. Canathaobh anseo mar sin?

Meafar ar shaothrú na litríochta

Cén dearcadh atá ag an bhfile nó ag an scríbhneoir féin ar a cheird chruthaitheach? Cad a spreagann iad chun dul i mbun pinn? Is minic ceisteanna dá leithéid ardaithe san iris seo.

Dhealródh gur lorg na saoirse atá mar spreagadh ag an bhfile Seán Ó Riordáin i gcuid mhaith dá shaothar. Sa dán, ‘Adhlacadh mo Mháthar,’ mar shampla, theastaigh uaidh breith ar eireaball spideoige chun éalú ó shrianta a bheatha féin, agus teacht ar thuiscint nua ar eisint nó bunbhrí an tsaoil.

I ngnáthimeachtaí agus taithí an tsaoil a dhéanann Ó Ríordáin an cuardach don eisint chéanna. Tá meafar spraíúil aige le fáil air seo sa dán, Ól an Phíopa, caitheamh aimsire de chuid an ghnáthshaoil. Leanann an file air ag ól an phíopa, mar is béas leis, gan aon toradh suaithinseach ar an gcaitheamh aimsire sin. Ach go tobann, nuair is lú an coinne atá aige leis, corraíonn an chuisle ann, agus tagann líne filíochta chuige:
Ach tharla anois is arís dom
Gur chorraigh an chuisle shámh,
Mar bhí blas líne obann filíochta
Chuir tochas go smior na gcnámh.’
Ach más in iarthar Chorcaí a bhí Ó Ríordáin ag iarraidh breith ar eireaball spideoige nó an píopa a ól, níos faide soir, soir chomh fada leis an tSín, atá ár dtriall san alt seo, mar a bhfuil meafar de shórt eile ann don litríocht. Ar aon dul le cuardach Uí Ríordáin, baineann an meafar seo leis an tsaoirse atá le fáil sa saol taobh amuigh, sé sin, amuigh faoin spéir. Is é meafar é ná an t-uisce – bíodh sé i bhfoirm báistí, sa loch, san abhainn, sa bhfarraige nó áit ar bith eile.

Sea, is mar uisce a shamhlaigh file síneach darbh ainm Yuan Hongdao an litríocht, file a mhair sa 16ú haois agus a bhain cáil amach dó féin mar dhuine de mhórfhilí na tíre sin. Mar a rinne Ó Ríordáin féin, bhí sé de nós ag Yuan prós a scríobh chomh maith le filíocht. I sliocht amháin dá chuid, pléann sé cúrsaí litríochta, agus léiríonn sé a thuiscint féin ar cad is litríocht ann trí úsáid a bhaint as meafar an uisce. Tá an sliocht aistrithe go Fraincis sa díolaim Anthologie de la poésie chinoise a chuir grúpa scoláirí Francacha amach. Agus seo thíos an sliocht aistrithe go Gaeilge, maraon le giota beag anailíse. Fillfimid ar an Ríordánach ina dhiaidh sin, mar tagann cosúlachtaí spéisiúla i gceist ar fiú trácht orthu.

Cérbh é Yuan Hongdao?

I 1568 a rugadh Yuan Hongdao (cloím le nós na síneach anseo, sloinne ar dtús agus an t-ainm pearsanta ina dhiaidh) i nGong’an, cóngarach go leor do chathair Wuhan i lár na Síne. Bhí cáil ar a mhuintir as an léann a shaothraigh siad agus bhí beirt dearthár ag Yuan a bhí ina bhfilí móra le rá chomh maith. Post mar ghiúistís a bhí ag Yuan, ach, cé gur chruthaigh sé go maith sa chúram sin, ba léir go luath óna scríbhinní nár réitigh an ghairm sin leis. Ba throm leis na dualgaisí agus an maorlathas a bhain leis. I litir go dtí cara dá chuid, scríobh sé, ‘Lá eile mar fheidhmeannach, lá eile in ifreann.’

Léirigh sé spéis agus cumas sa litríocht go luath ina shaol. Bhí sé ina phearsa mór den Scoil Gong’an, scoil litríochta a chuir béim ar mhothúcháin phearsanta an fhile a chur in iúl san fhilíocht. Léargas spioradálta a bhí le fáil ina shaothar chomh maith, agus é faoi thionchar an bhrainse sin den Bhúdachas a tháinig chun cinn sa tSin ón 6ú haois, an Búdachas Chan. Ó 1601 go dtí 1606, chaith Yuan a shaol mar dhíthreabhach i nGong’an, ag cumadh filíochta, ag dul ar thurasanna agus ag déanamh staidéir ar an mBúdachas leis na manaigh a bhí lonnaithe sna teampaill máguaird. Fuair sé bás i 1610.

An tonn litríochta

Seo thíos aistriúchán ar phíosa próis ó Yuan a d’aistrigh Martine Vallette-Hémery go Fraincis sa díolaim, Anthologie de la poésie chinois, a foilsíodh le déanaí. Tá Yuan tar éis bogadh óna cheantar féin go dtí an ardchathair. Cad is litríocht ann a théama.

Tar éis dom teach a thógáil ar cíos, cóngarach do dhoras Dongzhi, chuir mé mo leabharlann i bhfearas i seoimrín, taobh leis an bpríomhsheomra, agus ar bharr an dorais, scríobhas an t-ainm seo, ainm a fuaireas ó Xu Wei, ‘Seoimrín na Toinne Litríochta.’

Arsa duine éigin liom: ‘Talamh ollmhór lán d’uisce atá i do cheantar dúchais féin. Ach anseo, san ardchathair, ardaíonn an glór agus an smúit go hard na spéire, agus dorchaítear solas na gréine. Níl oiread agus braoinín uisce amháin sa seomra seo, ná in aon áit eile; conas a shamhlaíonn tú, mar sin, tonn a bheith ann?

Tugaim freagra, mar dhíthreabhach na háite seo, agus miongháire orm: ‘Ní hé an t-uisce é féin atá i gceist. Ach níl aon rud, faoin ngrian, níos cóngaraí don litríocht ná an t-uisce. Tosaíonn sé amach go tobann, cruinn díreach, nó téann sé malairt cúrsa, láithreach bonn. Clúdaíonn sé agus nochtann sé an spéir; tamaillín níos déanaí, síneann scamaill dhorcha go bun na spéire. Ina dhrúcht fearthainne, clóca síoda atá ann; ina ghuairneán, is súil an tiogair é; ina mhúr báistí, is ga spéire é; ina sheasamh, is séadchnoc é; oscailte amach, is dragún é; scaipthe, tá sé ina cheo; gríosaithe, is é an ghaoth é; cráite, is é an toirneach é. Tapaidh nó mall, réidh nó tobann, steallann sé agus na mílte cruth air. Is dá bharr sin gurb é is iontaí, is luainí faoin spéir.

Mise, a rugadh i gceantar uisciúil, agus taithí agam ar an uisce ó laethanta m’óige, braithim i gcónaí cóngarach don uisce. Thrasnaigh mé an Dongting, ghabh mé thar an Huaihai, thar an Taihu; chuaigh mo bhád-sa chomh fada leis an Yantan; thaiscéal mé iontais an Wuxie, bhreathnaigh mé na suíomhanna is áille ina bhfuil na haibhneacha agus na locha, go dtí go raibh taithí agam ar an iliomad cruthanna a bhíonn air. Agus, feasta, dar liom nach bhfuil d’uisce, faoi ngrian, nach litríocht é.

Anois, agus mé tagtha go dtí an ardchathair chun oibre, dúnaim mo dhoras agus téim i mbun machnaimh. Cuirim ucht orm féin, mar a bheinn agus mé i mbun cruinnithe. Os mo chomhair amach, tá a bhfuil feicthe agam riamh, bualadh na dtonn ar na carraigeacha, cúlchaisí doimhne, cuilithíní éadoimhne ar barr.

Tógaim ansin leabhar, cuimhní cinn stairiúla, nó dánta le Du Fu, Li Bai nó Su Dongpo, agus de réir mar a léim, nochtann an t-uisce os mo chomhair, é claochlaithe ina iliomad cruthanna. Bailíonn sé le chéile in altán, éiríonn sé ina thonnta, canann sé amhrán in abhainn, leathnaíonn sé san fharraige, titeann sé ina chitheanna go feargach, agus bailíonn sé i lochán.

Gach rud atá ligthe lúfar ar an saol, is uisce é. Domsa, is uisce í an litríocht. Gan dabt, tá an sliabh ina litríocht chomh maith; ard nó íseal, is cuma, ach é a bheith álainn. Ach ní féidir leis-sean atá ard é féin a ísliú; ní féidir é sin atá righin a bhogadh; is rud marbh é. An t-uisce, ní hea; is den eisint chéanna iad anam na litríochta agus anam an uisce, is cuma cén dealramh a bhíonn orthu.

Sin an fáth, nach bhfeicim, i mo thigín, ach an t-uisce. Tagann na haibhneacha agus na farraigí, ceann i ndiaidh a chéile, os comhair mo shúl gach lá. Más amhlaidh nach dtuigeann tú é, is amhlaidh go bhfuil d’aigne cúng. Cad eile atá le rá ar son mo thigín?

Saoirse agus áilleacht san uisce agus sa litríocht

Meafar éifeachtach, mar sin, is ea an t-uisce ar ilghnéitheacht agus cruthaitheacht na litríochta, mar a léiríonn Yuan é. Músclaíonn áilleacht an uisce é, agus iompraíonn sé é go dtí domhan eile. Murab ionann agus an sliabh, mar shampla, atá go hálainn chomh maith, is féidir leis an uisce a rogha gné a chur in iúl agus a rogha cúrsa a thógáil. Agus is é an t-iontas agus an tsaoirse seo a mheallann Yuan agus é i mbun saothair litríochta sa tigín.

Ábhar iontais dúinne is ea an meafar céanna, a bheith in úsáid ag duine d’ár mórfhilí féin, Seán Ó Ríordáin, mar tá dánta uaidh ina meallann an t-uisce é chomh maith céanna. Sa dán, ‘Éist le fuaim na habhann,’ mar shampla, labhrann an abhainn leis, ach is cúis díomá leis an Ríordánach nach bhfuil ar a chumas ach a leath de a thuiscint. Caitheann sé anuas ar a chumas filíochta féin, ag cur in iúl gur ‘uiscechomhrá glan’ atá le clos ón abhainn, murab ionann agus an chaint a dhéanann sé féin, a bhíonn lán ‘de bhriathar gan mhaith.’ Insíonn sé chomh maith, áfach, gur a mhalairt atá fíor nuair atá sé leis féin, gur féidir leis labhairt gan bhréag, gan cur i gcéill:
Ach anois ó táim im aonar
Bíodh m’anam lom gan bhrat,
Is labharfad fíor liom féinig
Mar a labhair an abhainn gan chleas.
Ar aon dul le Yuan, mar sin, samhlaíonn an Ríordánach an litríocht mar a bheadh uisce ann. Agus deir sé gurb é an ‘lomuisceachas,’ nó an t-uisce glan gan aon bhreiseán curtha leis, atá á lorg aige.

Tá sé le tabhairt faoi deara chomh maith gur éisteacht, seachas féachaint atá ar siúl ag an Ríordánach, murab ionann agus Yuan, a dhírigh ar an radharc, agus cuma fhisiciúil an uisce.

Dhá chéadfa, mar sin, agus dhá léamh atá againn ón domhan thiar agus thoir fá seach i dtaobh saoirse agus cruthaitheacht a lorg in uisce na litríochta. Dhírigh Ó Ríordáin ar uisce na habhann, ach bhí dearcadh agus súile Yuan níos leithne, agus é ag amharc ar fhoinsí éagsúla, bíodh an t-uisce ag titim ón spéir anuas, ag tuile agus ag trá cois farraige, nó ag sníomh léi san abhainn. Is dá bharr seo a chonclúid nach bhfuil, ‘d’uisce, faoin ngrian, nach litríocht í.’

An Ríocht Uisce

Mar chuid den chomhthéacs a ghabhann le tuairimí Yuan ar an uisce, is fiú a chur san áireamh an stádas atá ag an uisce i saol na Síneach, mar a thugann Philip Ball le fios sa leabhar, The Water Kingdom. Téann tábhacht an uisce siar go dtí an miotas Síneach ar chruthú an domhain, mar a bhfuil cur síos ar an laoch, Da Yu, a throid agus a shaothraigh gan staonadh ar feadh 13 bliana, ag tochailt trinsí uisce trí na sléibhte, ag dreideáil aibhneacha, agus ag cur an ruaig ar na dragúin agus na nathracha. Ó shin i leith tá ról nach beag ag an dá phríomhabhainn, an Abhainn Bhuí, agus an Abhainn Yangtze i sibhialtacht na Síne. Is iomaí iarracht agus saothar atá déanta ag an rialtas chun an t-uisce a bhainistiú agus a smachtú. Tá trácht sna leabhair staire ar chogaíocht sna huiscebhealaí intíre, agus ar na feachtais mhíleata ina raibh áit lárnach ag an uisce.

Ba í tábhacht seo an uisce i saol na Síneach a bhí taobh thiar den tsibhialtacht ‘hiodrálach’, teoiric a chuir Karl Wittfogel chun cinn sa 20ú haois déag. De réir na teoirice seo, tuigeann an stát gur féidir an t-uisce a úsáid ar mhaithe lena réim a dhaingniú. I gcás na Síne, chun smacht a choimeád ar an bpobal, ní raibh le déanamh ag an rialtas ach smacht a choimeád ar an soláthar uisce agus tionscnaimh uisce a chur i gcrích, dambaí a thógáil ar aibhneacha, mar shampla. Sna tíortha sin, dar le Wittfogel, ina raibh an polasaí seo i bhfeidhm, an tSín san áireamh, bhí an chumhacht lárnaithe sa stát, san ardchathair, agus ba bheag an ról a bhí ag an bpobal sna réigiúin. Glactar leis go bhfuil cuid mhaith den cheart ag Wittfogel, agus go bhfuil tionchar nach beag ag an uisce sa státchóras agus i saol an phobail sa tSín.

Tá an tionchar sin fós le feiceáil agus cathracha ar nós Wuhan faoi bhagairt inniu . An samhradh seo fiú, maraíodh na céadta sna tuilte, agus fágadh na mílte gan dídean.

In áiteanna eile, áfach, ní hé an iomarca uisce, ach easpa uisce, agus truailliú uisce atá mar fhadhb. Fágadh an Abhainn Bhuí triomaithe ar feadh deich mí in 2007, mar shampla, agus tá caint ar uisce a thógáil ón deisceart go dtí an tuaisceart. Is cinnte go bhfuil macalla air seo le clos againn féin in Éirinn na laethanta seo, mar a bhfuil cúrsaí uisce, idir thuilte, truailliú, taoscadh, agus táillí go mór i mbéal an phobail.

Tá áit lárnach ag an uisce i gcúrsaí fealsúnachta chomh maith sa tSín. Míniú atá sa teoiric Wu Xing mar shampla, ar an mbealach a oibríonn an corp, agus tá níos mó i gceist ná corp an duine, an corp fisiciúil. Is míniú é Wu Xing ar an idirghníomhú idir na horgáin, ach úsáidtear an fhealsúnacht chun an córas a bhíonn i bhfeidhm sa chorp polaitiúil a thuiscint chomh maith, sé sin, sa réim pholaitiúil. Ceann de na cúig dúile sa teoiric seo is ea an t-uisce: adhmad, tine, cré agus miotal na ceithre cinn eile.

Tá ról ag an uisce i mórán teoiricí agus fealsúnachtaí eile chomh maith. Sa bhfealsúnacht Taochas, seasann an t-uisce don éirim, don tsaíocht, solúbthacht, agus boige. Tréithe iad seo a bhíonn úsáideach i saothrú na litríochta gan amhras. Ach moltar do na filí a bheith ar an airdeall, mar de réir na teoirice céanna, má bhíonn an iomarca den eilimint seo sa duine, bíonn deacrachtaí ag an duine sin roghanna a dhéanamh, agus cloí leo. Gabhann an eagla agus an imní leis an eilimint seo chomh maith.

Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais