Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Irish Pages / Duillí Éireann,

Imleabhar a 8, Uimhir a 2: Heaney i ndiaidh a bháis





á mheas ag Síle Ní Mhurchú


á mheas ag Síle Ní Mhurchú Eagrán speisialta i gcuimhne ar Seamas Heaney atá san imleabhar seo de Dhuillí Éireann in eagar ag Chris Agee agus Cathal Ó Searcaigh. Tá go leor cuimhní cinn ann ó fhilí, scríbhneoirí agus scoláirí a raibh aithne acu ar an bhfile mór.

Tráchtann Helen Vendler a bhí ina comhghleacaí ag Heaney in Ollscoil Harvard ar an athghabháil a dhein sé ar sheánraí filíochta éagsúla agus scrúdaíonn sí an cumas a bhí ann mothúcháin an duine a chur in iúl i bhfriotal atá go hiomlán saor ó clichés. Míníonn an scríbhneoir Sven Birkerts an tslí ar chuaigh Heaney i ngleic leis an ngradam agus leis an stádas a bronnadh air de réir mar a d’fhás an cháil a bhí air, agus scríobhann an léachtóir Manus Charleton ar an ndoimhneas eiticiúil a bhí i bhfilíocht Heaney.

Tugann an file Pura López Colomé cuntas ar an ndúshlán a bhain le Spáinnis a chur ar fhilíocht Heaney agus ar an tslí ar chuaigh an t-aistriúchán a dhein sé ar línte le Juan de la Cruz i bhfeidhm uirthi féin. Tá go leor alt eile mar gheall ar Heaney san imleabhar, ina measc sraith tuairiscí báis a foilsíodh i nuachtáin agus ar bhlaganna agus prósmhír i nGaeilge le Cathal Ó Searcaigh ina léiríonn sé a ómós do ‘fhile na flaithiúlachta’: ‘Ba chuma cé thú féin, nuair a dhírigh Séamus a sholas ort bhí tú sa ghlóir’.

Tá cuid mhaith filíochta nua i nGaeilge agus i mBéarla san imleabhar: díreod anseo ar an bhfilíocht Ghaeilge. Dánta i gcuimhne ar Heaney iad cuid acu. Léiríonn Nuala Ní Dhomhnaill an gheit a bhain a bhás as cách – ‘Faoi mar a thitfeadh crann mór / i lár na foraoise an turlabhait / a dhein sé nuair a thit sé’ – agus caoineann sí é: ‘Is faoi mar a dúirt Eibhlín Dubh fadó / is ar ár gcroí bhí cumha / ná leigheasfadh Cúige Mumhan / ná gaibhne Oileán na bhFionn’. Maí

onn Rody Gorman go mairfidh cáil Heaney go deo agus an ceart ar fad aige gan amhras: ‘A fhir mhín mhuinteartha, / seasfaidh gach ar leag tú síos’. Tá marbhna ag Aonghas MacNeacail atá lán d’íomháineachas suaithinseach. Labhraíonn sé go díreach le Heaney anseo, fear, a mhaíonn sé, a chaith a shaol ‘a’ togail sonais ’o bhi tarraing / chùbhraidhean an achaidh / gus an sgaoileadh, beò a rithist, thar / dhuilleagan bàna nan leabhar’ — (ag tógaint sonais as a bheith ag tarrac cumhracht an achaidh agus á scaoileadh, beo aríst, thar dhuilleoga bána na leabhar). Fear ab ea Heaney, dar le MacNeacail, a stiúraigh go cáiréiseach idir ‘gach / tonn is camag ann an cuan doirbh an / dualchais’ (gach tonn is camóg i gcuan doirbh an dúchais).

Tá dánta Gaeilge ná baineann le bás Heaney san iris chomh maith. Baineann dánta Rody Gorman le sraith atá á ullmhú aige ar Shuibhne Gealt. In ‘Dánaíocht’, tá Suibhne i dtosach a bhuile dó tar éis saltair an chléirigh Ronán a chaitheamh isteach i loch 1:
Cé a mbeadh de dhánaíocht ann
A leithéid a dhéanamh
In ainm Dé –
Is tú ag moladh rí neimhe agus talún,
Do leabhar a theilgean uaidh
I d’fhianaise i ndomhain Loch nEathach… (lgh 166-7)
Tá an leagan Béarla atá soláthraithe ag Gorman difriúil go leor, mar cumann sé comhfhocail chun bríonna difriúla na bhfocal Gaeilge a thabhairt leis isteach sa Bhéarla. Idirtheanga fhileata an toradh atá ar an bpróiseas seo:

Who on earth would have the poemfateaudicity to do such a thing in the name of God – there’s you adjudgepraising the highking of nonskyheaven and drylandsurface-earth, and he soundcondemnthrows your book in witnesspresence before you into the depths of Lough Neagh… (lch 167)

Bheadh sé suimiúil an t-aistriú seo a dhéanamh sa treo contrártha: tosnú le téacs Béarla agus é a aistriú trí chomhfhocail Ghaeilge a chumadh. An dtiocfadh dán maith Gaeilge as a leithéid?

Tá greann sa dán ‘Teifeach’ le Simon Ó Faoláin: ‘lig do ghéim is osclófar’ an chomhairle a chuireann an reacaire ar bhó atá tar éis éalú ó fheirm pheataí, macalla á bhaint ansan as líne iomráiteach an Ríordánaigh. Ar deireadh thiar, is tuar dóchais an bhó don reacaire agus iarrann sé uirthi ‘ualach éadrom m’anama’ a bhreith léi ar a haistear. Rith sé liom go mbeadh duine ag súil le dán i bhfad níos truamhéilí nuair a chífidís an teideal an dáin sin, dá mba i mbliana a cumadh é agus géarchéim na dteifeach san Eoraip ina phríomhscéal nuachta: ní haon locht ar an bhFaolánach an méid sin, ar ndóigh.

Tá dhá dhán le Celia de Fréine san imleabhar as saothar atá idir lámha aici, ‘I bhFreagairt ar Rilke’. Tagann teideal an dáin ‘Lys Blanc’ ó dhán Fraincise le Rilke, ina ndeineann sé machnamh ar bháine na lile. Tá an lile baininscneach sa Ghaeilge agus is cosúil go dtéann an t-athrú inscne sin i bhfeidhm ar an machnamh a spreagann sé in aigne de Fréine. Tá:
a pailin ag greamú dóibh siúd
a cheannaíonn í

ag fágáil a lorg ar a lámha
mar a smeartar henna ar an mbrídeach

oíche roimh a bainis
le cur in iúl don domhan
nach bhfuil sí ar fáil níos mó
I sleachta as dán dar teideal ‘Teanga an Ghleanna’, tugann Cathal Ó Searcaigh chun cuimhne teanga na ndaoine a mhair ina cheantar dúchais agus é óg:
Níor shamhlaigh siad ariamh
go dtiocfadh an lá
nach mbeadh a dteangaidh
faoi ghrásta na buanseasmhachta
anseo i Mín a’ Leá.
Ach is leis an dteanga shaibhir seo atá ag imeacht as an saol a chaithfidh sé a dhúthracht. Labhrann sé le seanbhean a bhfuil ‘a cuid Gaeilge chomh súmhar le sméara na gcraobh’:
… gan aon rómhuinín agam i nDia righin an tSoiscéil.
Shéan mé a ghrása, sháraigh mé a bhéasa, ghéill mé
do Dhéithe na nDúl; dóibh siúd ar umhlaigh mo chineál
roimh theacht do Chríost. Ach a Chiot, a dhuine dhil,

níor thréig mé an teangaidh dhiaga, an teangaidh phágánta
a bhí i mbláth a toraidh i do chuid cainte…
Tá dánta nua san imlebhar leis ó Phascal Mac Gabhann agus Dolores Stewart. Ar an iomlán, tá lón maith léitheoireachta a léiríonn tionchar agus tairbhe na filíochta le fáil san eagrán seo de Dhuillí Éireann. Duillí iad a léifear le dúil.

Nóta:

1. Mar eolas do léitheoirí, tá buntéacs Bhuile Shuibhne maille le haistriúchán Nua-Ghaeilge le fáil ar shuíomh Irish Sagas Online: http://iso.ucc.ie/Buile-shuibhne/Buile-shuibhne-text.pdf.

Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais