Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Agus Mise faoi Chlár

Ralph de Prendergast
Agus mise fuar stalctha faoi chlár sa tsáipéal im luí,
Agus sibhse, mo chlann is mo chairde, dá mhéid sibh,
I láthair ar m’anam ag guí,
Glanaigí an ghruaim de bhur n-aghaidheanna,
Is ná caintigí i nglórthaí dobhrónach’,
Beidh m-anam i bhfianaise Dé cheana féin,
Gan sa chónra ach corpán fá chónaí.

Is in ainm dá bhfuil ins na Flaithis go hard,
Ná castar dom ceol duasmánta,
Ná seinntear dom naomh-dhán sollúnta na marbh ach oiread,
Is ná bac le teanór nó sopráno,
Ach bíodh boscadóir cumasach le méireanna meidhreach’
A chuirfidh bhur gcosa ag damhsa,
Agus píobaire is cruitire le ceolta ár dtíre,
Atá ar binneas cheol Neimhe dá fheabhas é.

Is a chairde, dein dearfa go mbeidh Aifreann na Marbh
Ceiliúrtha trí mheán na Gaeilge,
Mar b’ise mo roghain thar theangachaí an domhain,
An Ghréigis, an Laidin is an Sacs-Bhéarla,
Is nuair a bhéas mé i bpoll sé troithe fá thrí
I gcré fhuar na cille trinseálta,
Tógaigí oraibh an tábhairne, bígí ag ceol is ag ragairne,
Is m’fheartlaoi, bhuel, fágfad sin fúibhse.
— Iúil 2016


Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo