Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Bearnaí

le Máire Ní Bhriain
Minic dom ag siúl
an bhóithrín úd i gciúnas
úr na luathmhaidine,
an slua fós ina luí.

Bóithrín cúng tuaithe,
claíocha arda ar gach taobh,
coimeádann dírithe mé,
ar bhealach cóir mo leasa,
ag siúl ar aghaidh
go dícheallach,
m’aghaidh is m’aigne
dírithe ar cheann scríbe.

Anois is arís, áfach,
trí bhearna ghioblach,
thar sheangheata briste,
gearramharc iontach
ar ghorm-fhairsingeacht
na farraige.


Faoi Cheilt

le Máire Ní Bhriain
Heron is ea é, a deir tú,
ag síneadh méire
le taobh eile na habhann.

Ritheann sé liom
gur ainm é sin
nár chualas riamh
laethanta na hóige
san oirdheisceart.

Come quick!
See the coreesk!
a ghlaodh mo sheanmháthair.

Rithimis chun féachaint
tríd an bhfuinneog chúil
amach ar an riasc
mar a raibh sí ag faire
go haireach i measc luachra.

Bhí sí ann ceart go leor -
an corr réisc,
amhail an tseanteanga,
ar leathchois,
faoi cheilt, beagnach.


Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo