Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Gaelscolaíocht & Polasaí an Stáit - -

Ní dócha go bhféadfaí a rá gur ábhar tromchúiseach nuachta é go bhfuil i gceist ag Gaelscoileanna Teo. ainm na heagraíochta sin a athrú go luath go ‘Gaeloideachas’. Níl i gceist, is cosúil, ach go mbeidh an réimse céanna dualgas feasta orthu maidir le scoileanna Gaeltachta is atá orthu faoi láthair maidir le scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, agus mar atá i gcás na naíonraí lánGhaeilge.

Ach tugann an t-athrú ainm seo deis dúinn leis ár machnamh a dhéanamh ar staid na Gaeilge i gcoitinne sa chóras oideachais, agus an ról agus an tábhacht atá ag an gcóras sin i gcur chun cinn na teanga i saol na tíre. Is mó fós a thugann an t-athrú ainm chun airde an titim ollmhór atá tagtha ar an uimhir scoileanna nua lánGhaeilge a bhunaítear in aghaidh na bliana, fiú nuair a chuirtear an dara leibhéal san áireamh. Is soiléir go bhfuil na coinníollacha faoina gceadaítear iad a bhunú i bhfad níos doichte anois ná mar a bhíodh sna blianta luatha. Ba shaonta an té nach dtuigfeadh gur d’aon toisc a tharla an géarú ar choinníollacha a fheidhmíonn faoi láthair mar a bheadh urchosc in aghaidh bunú gaelscoile.

Níl amhras ach gur tubaist do bhuanseasmhacht na Gaeilge i saol na tíre an cúlú seo i gcás na gaelscolaíochta agus is cás dúinn go ndéanfaí iniúchadh ar conas a tharla sé, agus go mbeadh tuiscint againn freisin ar conas a tharla sé.

D’éirigh thar barr le gluaiseacht na gaelscolaíochta sna blianta tosaigh, agus go han-luath ba léir gur mhó an t-éileamh a bhí ar an oideachas trí Ghaeilge ag an bpobal ná mar a bhí an Roinn Oideachais ag súil leis. Ní hamháin gur éirigh go maith leis na scoileanna nuabhunaithe ó thús, ach b’ábhar ionadh a laghad deacrachta a bhí ag páistí óga gurb í an Ghaeilge seachas a dteanga baile a bhí in úsáid sa scoil. Ag breathnú siar, d’fhéadfaí an cheist a chur ar mhó glacadh a bhí ag an bpobal leis an nGaeilge ná mar a bhí ag lucht údaráis, agus go sonrach ag státseirbhísigh na Roinne Oideachais.

Gan amhras, ní féidir ceist seo an oideachais lánGhaeilge a dhealú ó pholasaithe poiblí an Stáit. Is ceann de na polasaithe sin tábhacht agus cur chun cinn na Gaeilge, agus bheadh dlúthbhaint ag an scolaíocht trí Ghaeilge leis an bpolasaí sin. Ní féidir gan a chur san áireamh na ciorruithe eacnamaíocha atá i bhfeidhm faoi láthair agus gur bac iad ar an oideachas trí Ghaeilge, ach is cúis dóchais leis an feabhas atá le brath anois ar ár staid eacnamaíoch, mar a mhaíonn an rialtas féin.

D’fhéadfaí a bheith ag súil anois, i bhfianaise pholasaí oifigiúil an Stáit maidir le luachmhaireacht na teanga i saol na tíre agus tábhacht na Gaelscolaíochta mar ghné den pholasaí, go mbeidh maolú i gceist maidir leis na srianta atá i bhfeidhm i gcás fhorbairt na gaelscolaíochta, de réir mar a leanann an bisiú ar ár staid eacnamaíoch.

Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo