Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Mojo, Apple agus Uisce Éireann
le Seán Ó Loingsigh



Ba éasca a mheas faoi láthair go bhfuil cúrsaí polaitíochta na tíre ar mhíthreoir, gan a lua ach an chonspóid a bhain leis an easaontas idir John Halligan, Aire Stáit agus an Rialtas. Ní hé nach bhfuil tábhacht leis na seirbhísí cairdiacha a bhí sé ag éileamh in Ospidéal Phort Láirge, ach gur dhóigh leat go raibh sé thar cuimse gur chonspóid é a chuirfeadh rialtas dá bhonnaibh chomh luath ina shaol, agus tar éis an oiread sin stró a bhain lena bhunú.

Agus cá bhfágann sé an chaint bhreá a bhí thart faoi threo nua sa pholaitíocht, agus ról tábhachtach na dteachtaí neamhspleácha agus nach raibh cúis dá laghad nach bhféadfaidís a bheith lánpháirteach i mbunú rialtais a sheasfadh an cúrsa. Ní maith an tuar é.

Ach bhain caint aisteach an Taoisigh an chraobh leis an mhí seo, go raibh a ‘mojo’, pé ar bith é féin, nó pé háit a lig sé uaidh é, bainte ar ais aige, agus buíochas le Dia, agus gan spleáchas dóibh sin ina pháirtí féin a bhíonn ag saighdeadh faoi, ag iarraidh é a chur dá bhuille. Is é thabharfadh sé chun cuimhne ná ceannaire stóinsithe eile de chuid Fhine Gael, i bhfad ó shin, ag tabhairt leadhb dá theanga dá naimhde sa pháirtí, sionnaigh chrosanta, nó ‘mongrel foxes’, mar a thug Liam Cosgrave orthu, agus iad ag baint an bhoinn uaidh. Is cosúil go raibh Taoiseach an lae inniu ag tagairt don bhfeachtas toghchánaíochta agus nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa lena linn, ach b’fhearrde é go mór go mbainfí úsáid as urlabhra níos tomhaiste ar ócáidí mar seo.

Táimid gan amhras i dtréimhse shuaite sa pholaitíocht go forleathan. Thar lear tá ‘Brexit’ fós mar bhagairt agus anois sa bhaile tá NAMA, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainnní, in amhras: ní hamháin go ndeirtear go bhfuair siad réidh le comhlachtaí bancbhriste i dTuaisceart Éireann faoi bhun a luach, ach gur féidir go raibh breabaireacht i gceist i gcás daoine a bhí ag feidhmiú ar bhealach éigin thar a gceann.

Ceist leochailleach gan amhras é agus ní lú san de bhrí go bhfuil an dá rialtas, thuaidh agus theas, i gceist, ach níos mó ná sin go bhfuil dhá eagraíocht de chuid an Stáit, NAMA agus Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, glan in earraid lena chéile. Agus céard eile a bheadh mar réiteach ach uile-íoc an uile fhadhb, binse fiosraithe eile. Cé ná beadh ina dhlíodóir!

Más tréimhse chorraithe sa pholaitíocht í faoi láthair, is é is suimiúla agus neamhchoitianta fúithi i gcónaí ná ról Fhianna Fáil agus iad ag coinneáil an sean-namhaid Fine Gael in oifig. Cén fhaid a leanfaidh sé sin an cheist ag lucht na soiniciúlachta, agus an freagra ag an dream céanna, gan amhras, ná fad a oireann sé d’Fhianna Fáil. Is é forás Shinn Féin an gad is giorra don scornach i gcónaí acusan. Ach i ndáiríre nach beag idir an dá mhórpháirtí seachas seanchuimhní na staire, agus is ar éigean go bhfuil Fianna Fáil an lae inniu chomh radacach de pháirtí agus i bhí i bhfichidí an chéid seo caite nuair a bunaíodh é.

Anois go bhfuil sé ag druidim le céad bliain ó tharla an Cogadh Cathartha, ar bhain oiread cruálachta agus mídhaonnachta leis gur leasc leis na staraithe é a thaifeadadh, bhí sé tráthúil gur thagair an tUachtarán dó le déanaí, mar is nós leis a dhéanamh faoi cheisteanna conspóideacha. Tar éis céad bliain, nach bhfuil sé in am plé go hoscailte agus le cothromaíocht leis? Go háirithe um an dtaca seo, is cúram do na staraithe go dtabharfaí insint chothrom ar ar tharla, seachas é bheith ina chnámh spairne leanúnach ag na polaiteoirí.

Is é ár gcruacheist pholaitiúil eile faoi láthair ná ár ndrochchaidreamh leanúnach leis an Aontas Eorpach. Thosnaigh sé sin gan amhras mar thoradh ar mhíshásamh a bhain leis na coinníollacha agus na téarmaí dochta a leagadh orainn nuair a tarrtháladh ár gcóras baincéireachta sé bliana ó shin, agus nuair a bhí sé go mór le brath i dtéarmaí cumhachta nach ionann mar a chaitear leis na mórthíortha agus le tíortha beaga, cosúil leis an nGréig agus lenár dtír féin. Cuireadh go mór leis an míshásamh sin nuair a tháinig an ráiteas ón mBruiséil ag cur in iúl dúinn go bhfuil na téarmaí a bhaineann lenár gcáin chorparáide i gcás an chomhlachta ilnáisiúnta Apple mídhleathach.

Féach go bhfuilimid sásta seasamh deimhin docht a ghlacadh i gcás Apple, ceann de na mórchomhlachtaí is saibhre ar domhan, agus gan iad toilteanach ach cáin fíorshuarach a íoc, ach nach rabhamar sásta seasamh ar an dul céanna lenár gcáiníocóirí féin in am a ngátair. Ó thaobh na moráltachta amháin, ba dheacair a rá go raibh dea-sheasamh fúinn nó go bhféadfaí cloí leis an seasamh sin sa bhfadtréimhse. Ba bheag an comhbhá a léiríodh dúinn i dtíortha eile an Aontais. Ach, mar is eol dúinn, tá an argóint sin géillte ag an rialtas cheana féin.

Mar sin féin ní mór a rá leis, i gceart don Aontas, gur mó atá an breithiúnas is déanaí in aghaidh Apple, sa chás seo amháin, níos mó ar son na cothroime ná ar son na ndíormaí móra agus lucht an rachmais. Is mór leis a chuirtear lenár meascán mearaí nuair nach comhlachtaí mar Apple amháin atá i gceist. Cad faoi na creach-chistí nó na ‘vulture funds’, mar a thugtar orthu i mBéarla, iadsan cósúil le Cerberus, a bhí i gceist againn níos luaithe agus sinn ag tagairt do NAMA? Ba thapaidh inár measc iad nuair a tuigeadh dóibh go raibh sladmhargaí ar fáil anseo, agus go raibh NAMA réidh chun freastal ar a riachtanais.

Ach ba é donas an scéil seo ar fad nach raibh na creach-chistí, Cerberus ina measc, ag íoc aon sciar réasúnta cánach. Ní hé an ráta oifigiúil de 12.5% a bhíonn i gceist i ndáiríre ach céatadán beag de sin.

Mar a dúradh go minic, tá ár súile oscailte i gcás an Aontais, agus ina theannta sin tá ré na bogéise thart agus is dual dúinn feasta an breithiúnas fuarchúiseach agus go mbeidh orainn ár gcás a throid nuair is cuí. Agus ní féidir gan a chur san áireamh, mar atá go minic luaite le déanaí, go bhfuil claonadh polaitiúil an Aontais druidte go follasach ar dheis i dtreo an nualiobrálachais atá chomh mór i dtreis. Is cuid den chóras sin an brú a cuireadh ar an Stát seo agus ar an nGréig nuair a cuireadh scéimeanna tarrthála ar fáil dóibh, ach gur choinníoll é go gcaithfí fiontair a bhí i gcúram an stáit a phríobháidiú.

Ba é an príobháidiú ba chúis le bunú Uisce Éireann, agus d’fhéadfaí a rá dá réir le gach mí-ádh a bhí mar thoradh air, agus atá fós ina chrá croí againn. Conas a fhéadfaí é a phríobháidiú dá bhfágtaí soláthar uisce mar a bhí sé, i gcúram na n-údarás áitiúil?

Níl fhios ag aon duine cén chríoch a bheidh leis mar scéal nó céard atá i ndán anois d’Uisce Éireann. Tá Fianna Fáil ar a ndícheall ag cúlú uaidh agus scuaine de theachtaí neamhspleácha ar dalladh á cháineadh. Tá iarcheannaire an Lucht OIbre i gcúirt dlí faoi láthair ag tabhairt fianaise i gcás ógánaigh sé bliana déag atá ar a thriail, toisc gur dhein sé imeaglú uirthi le linn léirsithe in aghaidh na comhlachta. Tá an rialtas i bhfábhar tréimhse fionraí ar tháillí, an scéal a chur i bhfaid mar is fearr leo. Níl gíocs as an Aontas ba bhun leis an tubaist ar fad – go fóill, pé ní.

Ag tagairt arís don bhreithiúnas fuarchúiseach, a luadh níos luaithe i gcás ár mballríocht san Aontas Eorpach, sea is soiléire an riachtanas atá le hathmhachnamh. Agus ní hiad na himpleachtaí a áiríodh, na téarmaí tarrthála, an nualiobrálachas, agus anois an ‘Breatimeacht’ amháin atá i gceist. Is léir gur mór idir Aontas Eorpach an lae inniu agus an eagraíocht a ghabh an tír seo agus an Bhreatain agus an Danmhairg leis i 1973. Ní raibh oiread tíortha páirteach ann, agus bhí tairbhe le baint as éagsúlacht scéimeanna agus cistí ná fuil ann a thuilleadh, nó atá anois i bhfad níos lú. Is cuimhin linn go háirithe na cistí struchtúracha agus infheistíochta ar bhain an tír seo oiread leasa astu sna blianta san.

Ar bhealach, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil fágtha díobh ach an Comhbheartas Talmhaíochta nó an CAP mar a thugtar air, agus is féidir gur as is mó a bhaineann an tír seo tairbhe. Ní bheadh feirmeoirí na tíre seo buíoch duit labhairt ina choinne mar gur mór é a mbrath air. Ach is iad na feirmeoirí ollmhóra, gur lú é a ngátar, is mó a bhaineann tairbhe as. Go deimhin is minic nach feirmeoirí iad ar aon chor, ach uaisle agus lucht rachmais a bhfuil réimsí dothomhaiste talún ina seilbh. Is beag ar fad díobh in Éirinn, cé go bhfacthas liosta den bheagán san ar nuachtán le déanaí, maille leis an méid a thuill siad as an gciste in aon bhliain amháin. Is mionlach beag iad.

Is cinnte nach ionann athmhachnamh, breithiúnas fuarchúiseach, nó go deimhin a bheith in amhras, agus an tAontas Eorpach a thréigean. Tá níos mó i gceist, agus i ndeireadh na dála is mór in amhras freisin, ó thaobh ár stádais idirnáisiúnta agus leas na tíre i gcoitinne, gur chóir dúinne an bóthar céanna leis an mBreatain a thógaint. Is cosúil go bhfuil an tuairim ag méadú nár dhein an Bhreatain an rogha ceart sa chás seo.

Feasta, Deireadh Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais