Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Cíor Thuathail

Gearrscéal le Pat O’Brien


Cromann a smig ar a hucht agus Jules Ní Mhaidín ag míogarnach. Lúbann an bhileog eolais ina glac, a greim uirthi ag bogadh. Lúbann an bhileog go n-iompaíonn béal faoi, agus chaithfeá a bheith in ann léamh bunoscionn chun ciall a bhaint as na focail: An Galar Alzheimer, clóbhuailte ina theideal ar a barr. Titeann na leathanaigh as láimh Jules agus tá sí i ndomhan na dtaibhreamh sula mbuaileann siad an t-urlár.

——◊——

Carr ag triall ar Dhaingean Uí Chúis. Scríobadh pinn ar pháipéar agus Jules ag tarraingt léaráide sa leabhar nótaí atá frapáilte ar a glúine. Osna as a deartháir Benji, tiománaí, ach ní thugann sí aon aird air. Port mífhoighneach á mhéara ar an roth stiúrtha ansin agus ní thiocfadh léi ach sracfhéachaint a thabhairt air: Ó, a Mhic Dé! Féach an bhail atá air! É gléasta mar a bheadh cruinniú gnó aige le haghaidh geábha amach faoin tír! Ach le cothrom na Féinne a thabhairt dó, níl sise gléasta don turas ach an oiread agus a héide scoile uirthi.

Tá sí ar tí a peann a chur go cúramach le pár arís nuair a thugann Benji uillinn di. ‘A, Bhenji!’ ar sí de ghlam, ‘Tá sé millte agat!’

‘Ó, tá brón orm, a dheirfiúirín!’ arsa Benji agus súil á caitheamh aige ar a pictiúr: ‘Agus tá sé sin ceaptha a bheith ina … cad é? Fan, is crann é, nach ea?’

‘Ní crann é.’

‘Is crann é! Nach craobhacha iadsan?’

‘Ní craobhacha iadsan.’

‘Ní hea!’ Tochasaíonn Benji a cheann. ‘Fan … Ha, háidí! Tá sé agam! Is ochtapas é, ní hea, dhá ochtapas ag cuimilt braiteoga le chéile!’

Pléascann Jules. ‘Nílid ag cuimilt braiteoga! Tá bearna ann! Bearna a dtugtar an sionapsa uirthi!’

‘Bearna?’

‘Mar is néaróin iad, a phleidhce!’

‘Íosa Críost! Cad atá ag cur piobair led thóin inniu? Tá tú chomh nimhneach le mála easóg!’

‘Nílim ... ar aon chaoi, tá tusa chomh cantalach le dris ó shuigh tú isteach sa charr!’

‘Sin scéal eile, a Jules. Sin is dual dom. Bímse ag cnáimhseáil i gcónaí.’

Nach maith atá a fhios ag Jules é sin! Baineann a deartháir an-sásamh as dreas cnáimhseála. Níl de sheift aige ach é chun fáil réidh le strus ina phost mar fhorbróir réadmhaoine. Oireann an obair sin dó mar is boc tiarnasach é, agus béalscaoilte leis.

‘Murab ionann agus tusa, a Jules. Is duine béaldúnta tú, dála do mháthar romhat.’

Níl aon duine is fearr a fhios ná Jules nár chuir a máthair cos amú riamh ar eagla go gcuirfeadh sí na comharsana ag caint. Go deimhin, dhing Máire Uí Mhaidín isteach i gceann a hiníne an tábhacht a bhain le guaim a choinneáil ort féin nuair a d’aithin sí go raibh luí ag Jules le bheith ina Muireann i mbríste. ‘Éirigh as an gcrannadóireacht, a iníon ó,’ a deireadh sí le Jules, ‘mar is bocht an mhaise do chailín déanamh amhlaidh.’

‘Bhuel, a Jules? Cén fáth tú a bheith chomh drisíneach liom?’

Drisíneach? Thabharfadh sí drisíneach dó! Samhlaíonn Jules í féin mar ghráinneog ag déanamh ceirtlín di féin. Éirigh as go beo! ar sí go crosta léi féin. Beir ar do stuaim! Féachann sí i leataobh uaidh chun gnúis shocair a chur uirthi féin.

Glanann Benji a scornach go míchompordach: ‘An é nach bhfaigheann tú do dhóthain codlata?’

Nuair a fhéachann Jules ar ais air, tá dreach ar nós cuma liom uirthi: ‘Codlaím go breá.’

‘Arú, ní chodlaíonn tú! Is léir sin ó na fáinní dubha faoi do shúile!’ Ligeann Benji osna as: ‘Ach cén mhaith dom a bheith ag caint? Mar féach, cé atá ar ais, an cailín a shílfeá go bhfuil gró slogtha aici!’

Colg uirthi arís. Stop sin! Níl sé ach ag iarraidh séideadh fút! Faoiseamh di nuair a éiríonn léi féachaint ar Bhenji go fuarchúiseach: ‘Níl a fhios agam céard air a bhfuil tú ag caint.’

‘Ó, ach ní bheadh a fhios agat, an mbeadh? Ní anois, ó tá d’aghaidh dhúnárasach ort!’

Ciúnas doicheallach eatarthu ansin go gcuireann Benji geanc air féin: ‘Huth! Cad é an uair dheireanach ar nigh sí í féin?’

Cuimlíonn Jules a súile go tuirseach: ‘Níor nigh sí le cúpla lá. Tá eagla uirthi roimh an gcithfholcadán anois.’

Féachann Jules siar ar údar an bholaidh bhréin. Siúd í a máthair agus í gróigthe ar an suíochán cúil amhail éan i gcrann. Í ag dul le craobhacha ó buaileadh leis an ngalar Alzheimer í. Baineann Máire dioscán as a cuid fiacla agus púic uirthi.

‘Gach rud i gceart, a Mham?’ Baineann Benji smeach as a mhéara nuair a dhéanann Máire neamhaird de. ‘A Mham! An bhfuil tú ceart go leor?’

Ní thugann sí de fhreagra air ach labhairt go bagrach faoina hanáil.

‘Fuit, a Mham! Labhair amach! Ní thuigim …,’

‘Goideann tú m’eochracha i gcónaí!’ ar sí de bhéic pholltach.

‘Éist léi,’ arsa Benji, ‘Bean a raibh srian iarainn ar a teanga aici tráth, tá clab go cluasa uirthi anois.’

Méadaíonn pus Bhenji: ‘Ní raibh orm sos a thógaint ón obair chun sibh a thiomáint siar ar bhóithrín na smaointe, bíodh a fhios agat!’

‘Seans go líonfaidh go leor seanchuimhní ina ceann ar amharc an tseanbhaile di,’ arsa Jules go tapaidh, eagla uirthi go n-iompódh Benji an carr thart chun dul abhaile arís. Dhéanfadh sé a leithéid.

‘Cinnte, beidh na tógálaithe sin chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire a luaithe is a chloiseann siad go bhfuilim as láthair – A MHAM! STOP SIN LÁITHREACH!’

‘Tá sneachta á dhéanamh agam,’ arsa Máire agus ciarsúr páipéir á stolladh as a chéile aici. Caitheann sí na píosaí stollta thart amhail coinfití.

Déanann Benji gnúsacht agus filleann a shúile ar an mbóthar roimhe: ‘Agus ná labhair liom faoi NAMA!’

A thiarcais, a smaoiníonn Jules, … má thosaíonn Benji ar NAMA. Tá cloch sa mhuinchille ag Benji do NAMA ó thángadar sa tóir air nuair ba bheag nár theip ar a chomhlacht le linn an chúlú eacnamaíochta.

‘Ghoidfeadh na halpairí sin an greim as do bhéal! An diabhal má ligim dóibh …’

‘Tabhair dom m’eochracha!’ a bhéiceann Máire isteach i gcluas Bhenji. Léimeann Benji ar na coscáin agus stopann an carr agus gach scréach as. Suíonn sé ina staic ansin, a pholláirí ar leathadh aige amhail tarbh ar tí ruathar a thabhairt. Tosaíonn sé an carr arís agus tá sé ar tí tiomáint leis nuair a bhéiceann Jules air. ‘A Bhenji, stop!’

Cliseann cos Bhenji ar an luasaire agus loiceann an carr arís.

‘A Bhenji?’

Preab i leiceann Benji: ‘Cad é, a Jules?’

‘Bhain seachrán slí duit,’ ar sí go maolchluasach.

Tá an carr stoptha ag ladhar dhá bhóthar. ‘Níor bhain! Bhíos ar an mbóthar ceart!’ ar sé agus olc air. Ansin cuireann sé tuin leamh an SAT NAV ar a ghuth: ‘Ag an ngabhal, lean ar do dheis go dtí Daingean Uí Chúis.’

‘Ní hea. Cas ar chlé go dtí Daingean Uí Chúis.’

Stánann Benji ar an gcomhartha i lár na laidhre bóthair: ‘Ach deireann an comhartha bóthair go gcasann tú ar dheis, Jul….’

‘Bhuel, tá an comhartha mícheart mar sin.’

‘Conas is féidir leis a bheith mícheart?’

‘Níl a fhios agam. Seans gur chas cleasaí éigin droim ar ais é chun bob a bhualadh ar thiománaithe?’

Féachann Benji go nimhneach ar an lámh eile den chomhartha bóthair. ‘Muise, cad a déarfá leis sin mar logainm bun os cionn? A leithéid de ghlagaireacht chainte?! Coosfohermarenabinia? Cad is brí le sin, in ainm Dé?! Ráiméis. Ráiméis amach is amach,’ ar sé agus an carr á thosnú arís aige. ‘Níl ciall leis i mBéarla. Níl ciall leis i nGaeilge!’

‘A ghadaí lofa na n-eochracha,’ arsa Máire go binbeach ciúin ina chluas.

‘Díreach cosúil léi,’ a chríochnaíonn Benji de chogar.

Lasann Jules chuige, ach múchann a fearg go tapaidh nuair a chasann Benji an carr sa treo a dteastaíonn uaithi dul. Aiféala uirthi ansin mar tá leid aici go rachadh Benji léi go deireadh an domhain dá n-iarrfadh sí air é. Gan amhras, thabharfadh sé tinneas cluaise di ag dul sall, ag áiteamh uirthi casadh siar agus ní bheadh leisce air preabadh isteach le ‘Anois, nach ndúirt mé leat é?’ a luaithe is a shroichfidís ceann scríbe. Ach fós rachadh sé léi. Mar sin Benji agat. Casann siad ar clé ag an ladhar bóthair.

——◊——

Ladhar. Tá sí ag féachaint ar ladhar a méara coise agus gaineamh te faoi bhoinn a cos. Stalcann sí mar tá rud éigin faoin dul ó sholas nach dtaitníonn léi. Féachann sí suas agus tá uirthi a lámh a chaitheamh os comhair a súl chun iad a chosaint ó lasair na gréine agus í ag dul faoi. Sea, tá sé de nós ag a máthair éirí níos trína chéile le luí na gréine. Sundowning a ghlaoigh an dochtúir air. Téann an ghrian faoi agus feiceann sí Máire á scuabadh chun farraige, í ag preabadach ar na tonnta amhail lacha rubair.

‘A Bhenji! Tar go tapaidh! Tá Mam á scuabadh chun siúil!’ Aimsíonn sí é ar a cheithre chrobh sa ghaineamh, é beag beann ar a chulaith éadaigh dhaor agus caisleán gainimh á dhéanamh aige.

‘Ní anois, a Jules! Nach bhfeiceann tú go bhfuil seacht gcúraimí an tsléibhe orm?’ Cuireann Benji bailchríoch ar bharr a chaisleáin ghainimh, á bhearradh lena spád. ‘Beidh NAMA sa mhullach orm muna bhfuil an teach seo de réir caighdeáin!’

‘Ach, a Bhenji –’

Líonann Benji a phluca agus é ag smaoineamh. ‘Cad a déarfá le sliogáin mar fhuinneoga, Jules? Tá aithne agam ar fhear i gCarraig Uí Leighin a fhéadfadh ualach leoraí a fháil dom ar phraghas maith.’

‘A Bhenji, cabhraigh –’

‘Arú, ní chabhróidh mé! Tá sé in am scaoileadh léi –’

‘Ó, d’oirfeadh sé sin go seoigh duit! D’fhéadfá í a chartadh isteach i dtigh altranais ansin!’

Féachann Benji go himpíoch uirthi: ‘Tá a fhios agat cad a tharlóidh má théann tú go bun an angair le seo! Tarraingeoidh sí tusa síos léi!’

Ritheann Jules uaidh síos an trá. Glaonn Benji ina diaidh agus baineann a fhocail ceolán as a cluasa agus í ag druidim le béal toinne.

‘Cad a dhéanann daoine sula dtéann siad go tóin poill! Níl neart acu air. Nach in é an fáth go luaitear greim an fhir bháite leo? Nach in é an fáth go ndeirtear fan glan amach …?’

Tuislíonn Jules agus titeann sí ar an ngaineamh de phleist. De chasadh boise, tá sí i mbád agus í ag rámhaíocht amach ón gcladach. Rámhaíonn sí go dtí go dtagann sí suas lena máthair. Agus í ag preabadach ar bharr an uisce amhail baoi, stalcann Máire nuair a chloiseann sí plob plab na maidí rámha. ‘Cé atá ansin?’ ar sí go scáfar.

‘Jules anseo, a Mham.’

‘Ó, tú féin atá ann, an ea, a chroí?’

‘Is mé. An bhfuil tú ceart go leor?’

‘Ó, ní gearánta dom, a mhuirnín. Níl ann ach cogadh na sifíní.’

Cuireann Jules a lámha faoi ascaillí Mháire agus tarraingíonn sí ar a dícheall. Tosaíonn a croí ag bualadh le himní nuair nach féidir léi hob ná hé a bhaint aisti.

‘A, Mham,’ ar sí, ‘tarraing tú féin in airde nuair a tharraingímse, ceart go leor?’

‘Ceart go leor, a stór.’

‘A Mham!’ Tá foighne Jules ag teip uirthi: ‘Beir greim!’

‘Beir greim?’ arsa Máire.

‘Sea, tá a fhios agat, le do lámha!’

‘Lámha?’ arsa Máire amhail is nár chuala sí riamh a leithéid: ‘Ní féidir liom, a Jules. Tá sé dearmadta agam conas é sin a dhéanamh.’

‘Dearmadta?! Á, a Mham! Cuir uait an tseafóid!’

‘Ó, mhuise,’ arsa Máire.

Labhraíonn Jules gan smaoineamh: ‘Ná bac, a Mham. Fág fúmsa é.’

Ach fiú agus é seo á rá aici, ritheann na focail ‘Sáraíonn seo mé! Sáraíonn seo mé!’ mar bhrilléis trína hintinn. Tá uirthi a haghaidh a iompú óna máthair ionas nach bhfeicfeadh sí an eagla ina súile. ‘Ní haon mhaith é,’ a shíleann sí agus fonn uirthi a haghaidh a chuimilt le teann éadóchais.

‘Éirigh as!’ ar sí go géar léi féin, ‘anois agus gach rud imithe ó smacht uait, caithfidh tú ligint ort go bhfuil cúrsaí faoi bhois an chait agat!’ Ach bogann súile Jules le deora agus airíonn sí go bhfuil sí tar éis feall a imirt uirthi féin.

Briseann guth Mháire isteach ar a cuid machnaimh. ‘Och, a naí ó! Nach mbuafainn ar a bhfaca tú riamh? Níl aon teora le m’amadántaíocht.’

Tá súile Jules tirim agus a guth beagnach socair nuair a fhéachann sí ar ais ar Mháire: ‘Seo anois, a Mham!’ ar sí go croíúil. ‘Coinnigh do mhisneach!’ Cuireann Jules a dhá oiread fuinnimh ina hiarracht chun a máthair a thabhairt slán, ach tá Máire greamaithe amhail duine ag dul i mbá sa phuiteach.

Mórán saothair ina dhiaidh sin, labhraíonn Máire arís agus í mar thromualach i mbaclainn a hiníne: ‘N’fheadar cad atá bunoscionn liom le déanaí. N’fheadar inniu ó inné. Tá m’aigne ina cíor thuathail.’

Titeann an lug ar an lag ar Jules leis an adhmháil seo agus suíonn sí síos de phleist, Máire á scaoileadh uaithi.

Sleamhnaíonn Máire ar ais san uisce, í ag bogadaíl ann go leithscéalach. Agus é ag dul di tada eile a dhéanamh, beireann Jules ar lámh a máthar chun sólás a thabhairt di.

Braon báistí de phlab ar a leiceann agus ní fada go líonann an spéir le scamaill dhorcha. Tá círéibeacha farraige ann agus iad á dtuairteáil thall is abhus. Tá lámha Mháire agus Jules mar théad theann agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar a chéile. Ansin níl Jules in ann smaoineamh fiú leis an meadhrán a thagann ina ceann agus an fharraige á gcasadh agus á gcasadh thart mar a bheadh roth ann.

Chomh tapaidh agus a shéid sé ina ghála, téann an stoirm i léig arís, éagaoin na gaoithe ag isliú amhail citeal ag dul ó fhiuchadh. Ní fada go mbíonn an fharraige ina clár agus fágtar an bheirt acu ag luascadh go bog. Jules ar a glúine sa bhád, Máire ar snámh taobh léi, a gcinn cromtha ar a chéile agus iad ag cur sáile aníos le teann casachta.

Titim na hoíche. An spéir breactha le réaltaí. Ligeann Jules cnead aisti nuair a fheiceann sí réalta reatha. Solas na réaltaí ar a haghaidh agus réaltbhuíon de néaróin ag adhaint sa spéir os a cionn.

‘Féach, a Mham!’ arsa Jules go lag: ‘Táid chomh hálainn.’ Ní thugann Máire de fhreagra ach fáscadh beag láimhe.

Tamall fada eile ina dhiaidh sin agus tá cloigeann Jules ag titim i leataobh leis an bhfeitheamh gan faoiseamh. Tá a lámh ar crochadh thar thaobh an bháid, lámh a máthar fós ina glac aici. Tosaíonn lámh Mháire ag dul faoi uisce agus lámh Jules á tharraingt léi. Geiteann Jules agus anonn léi go taobh an bháid, áit a fheiceann sí a máthair imithe síos go smig san uisce.

‘A Mham!’ arsa Jules agus scread uafáis i mbarr a goib aici. Glug glag ansin nuair a théann Máire go tóin poill, agus slaparnach nuair a thiteann Jules ar mhullach a cinn isteach san uisce ina diaidh. Síos síos a théann siad trí dhuibheagán na farraige, leicne Jules á bplucadh aici in aghaidh an tsáile a inanálú. Streachlaíonn Jules lena máthair agus í ag iarraidh í féin a shaoradh, ach ní haon mhaith é mar tá lámh Mháire fáiscthe ar a lámh amhail draid bíse.

——◊——

Cliseann Jules as a codladh agus líonann sí a scamhóga le haer amhail tumadóir ag teacht go barr an uisce.

‘Dúisigh, a chodladh go headra!’ arsa Máire. Scuabann sí siar na cuirtíní, doircheacht á nochtadh lasmuigh: ‘Bí i do shuí! Lá deas é lasmuigh!’

Féachann Jules ar an gclog digiteach ag colbha na leapa agus, í geamhchaoch le tuirse, ritheann dath dearg na n-uimhreacha isteach ina chéile. Caochann sí a súile agus soiléiríonn na figiúirí: 03:00. Damnú air! Tosaíonn sí ag cur is ag cúiteamh ina haigne cad is fearr a dhéanamh. Rud amháin atá beagnach cinnte: má éiríonn léi Máire a mhealladh ar ais go dtí a leaba féin, gach seans go mbeidh sí ar ais arís chuici i gceann cúpla nóiméad, an fuadar céanna fúithi. Agus bheadh orthu an siar agus aniar a thosnú arís, amhail is nár tharla sé riamh. Suíonn Jules suas go drogallach.

‘Aon rud cearr, a stór?’

Freangann Jules nuair a bheireann Máire greim láimhe uirthi. Tá Máire díreach tar éis suí síos nuair a sheasann sí arís agus fuadar fúithi. ‘Ó, mo dhearmad! Caithfidh mé glaoch a chur ar Cheaití!’

Ligeann Máire gíog aisti le hiontas nuair a stopann a lámh atá fós i nglac Jules í. Iarrann a lámh a shaoradh agus í ag smeachaíl le mífhoighne. ‘Caithfidh mé glaoch a chur ar Cheaití,’ a deireann sí arís agus geonaíl ina glór.

Cognaíonn Jules a liopaí le guaim a choinneáil ar a cantal féin. Ní fiú a mhiniú di gur lár na hoíche atá ann nó go raibh Ceaití marbh leis na cianta: ‘Tá a fhios agam, a Mham, ach ... níl Ceaití in suí fós. Suigh liom tamaillín.’

‘Níl faill suí agam,’ arsa Máire go stuacach, ach suíonn sí le tarraingt bhog ó Jules. Tosaíonn sí ag pusaíl ar nós páiste. ‘Caithfidh mé dul … lig dom …’

‘Ligfidh. Ligfidh go luath, ach lig do scíth tamaillín ....’ Musclaíonn déjà vu inti agus í ag cuimilt lámh Mháire chun í a shuaimhniú. Cuir an clog siar deich mbliana agus chífeá an radharc céanna ach amháin gurbh í Máire an sólásaí.

Cuireann Jules roic ina héadan agus í ag cuimhneamh siar. Cén aois a bhí sí? Trí, ceithre bliana d’aois? Dhúisíodh tromluithe í agus bhíodh sí ag caoineadh le heagla. Ach ní bhíodh sí ag gol rófhada sula dtagadh a máthair isteach agus shuíodh in aice léi. Agus labhraíodh sí ar aghaidh agus ar aghaidh de ghlór lách ansin gur shuaimhnigh Jules óg. Go deimhin, tá dearmad déanta ag Jules ar a ndúirt Máire sna hoícheanta sin fadó, ach is cuimhin léi a glór mar is ann a bhí an sólás. An glór an rud is tábhachtaí.

Briseann snagaireacht Mháire isteach ar smaointe Jules. ‘Teastaíonn uaim imeacht … cén fáth nach scaoileann tú chun siúil mé?’

Spreagann sé seo Jules sampla a máthar fadó a leanúint. Agus a haird ar thuin shólásach a chur ar a glór, deireann sí an chéad rud a ritheann léi.

‘Ar inis mé scéal an tsionapsa riamh duit, a Mham? Níor inis? Bhuel, seo an chéad rud: ní mór beirt a bheith agat, sé sin, dhá néarón, iad nasctha le chéile mar seo.’

Taispeáineann Jules a lámha fáiscthe dá máthair. Tuirlingíonn amharc fánach Mháire ar a lámha fáiscthe ach scinneann sé leis arís ar nós féileacáin, agus tá ar Jules a méara a chroitheadh chun aird Mháire a tharraingt ar ais.

‘Féach ar ár méara fite ina chéile, a Mham! Nach gleoite iad?!’

Dúisíonn na focail seo cuimhne Jules, an chuimhne is faide siar ina ceann nó geall leis: tá Jules ina páistín óg agus tá a máthair ag baint liomóga spraíúla as a méara coise. Labhraíonn a máthair léi ó fadó: An ndéanaimid comhaireamh ar do mhéara coise beaga, a Jules? Chuaigh an muicín seo ar an margadh, d’fhan an muicín seo sa bhaile… an gcomhaireod, Jules? Shall I count the ways I love you?

Croitheann Jules a ceann chun a haislingiú a chur di agus leanann sí ar aghaidh lena scéal am luí: ‘Ach seo an rud aisteach faoi néaróin, ní thagann siad díreach le chéile ag a bpointe teagmhála, tá bearna ann, bearna a dtugtar an sionapsa air …’

‘Teastaíonn uaim dul …’

‘Tá a fhios agam, a Mham, ach, fuist, tá críoch shona leis an scéal, geallaimse duit. Anois, tá dhá néarón agat, tá sionapsa agat – an cuimhin leat an bhearna? – ach tá rud amháin eile ag teastáil uait sula mbeidh tús meabhrach agat, sé sin, an bhíog leictreach, an bhíog atá mar shíol ag gach smaoineamh a bhíonn ag an duine. Lascann an bhíog seo léi timpeall na hinchinne agus gach uair a thagann sí go dtí ceann néaróine, tá uirthi an bhearna a léimt chun dul ar aghaidh go dtí an chéad néarón eile.

‘Samhlaigh sin, a Mham! Nach cróga an bhíog í agus í á teilgean féin amach san aer chun teacht i dtír ar an taobh eile? Agus an rud is deise faoi – anois, nach ndúirt mé go mbeadh críoch dheas ar an scéal? Nach gcungaíonn an bhearna le gach bíog a n-éiríonn léi an sionapsa a thrasnú!’

Tá caint Jules ag moilliú de réir a chéile agus an chuma uirthi go bhfuil sí ag smaoineamh os ard: ‘Neartaíonn an nasc nó go bhfuil rud agat a nglaotar ‘sionapsa greamaitheach’ air.’

Titeann a súile go dtí a lámha fáiscthe. Is comhartha é, caithfidh gurbh ea, arsa Jules léi féin agus dóchas beag ag preabarnach inti. Cheap sí gur tromluí é a taibhreamh faoina máthair ag bá ach b’fhéidir nárbh ea. B’fhéidir gurbh é a fo-chomhfios a bhí ag insint di, ina shlí aisteach féin ...…

Féachann Jules go smaointeach ar Mháire. ‘Ab in atá ionainn? Mar seo?’ Tá mearbhall ar Mháire agus í ag féachaint ar ais uirthi. Sméideann Jules uirthi agus a ceist féin á freagairt aici. ‘Sea, is sionapsa greamaitheach sinn.’ Gruamaíonn a gnúis ansin. ‘An sionapsa deireanach.’

Tá briste ar an bhfoighne ag Máire, afách, agus tá solas foiréigneach ina súile agus í ag iarraidh a lámh a shracadh ó Jules. ‘Scaoil liom anois!’

‘Ceart go leor! Scaoilfidh! Tóg go bog é ….’ Tachtann Jules mallacht. Go tobann tá sí ar aon bharr amháin creatha chun an splanc tuisceana a phreab isteach ina hintinn a roinnt lena máthair. Agus caithfidh go dtuigfeadh a máthair í freisin nó ní bheadh sí ina sólás. Cíor thuathail is ea a hintinn agus í ag iarraidh teacht ar shlí chun an scéal a mhiniú i dtéarmaí a thuigfeadh a máthair.

‘An cuimhin leat nuair a bhíos cúig bliana d’aois agus niúmóine orm?’

Féachann a máthair uirthi go neamhthuisceanach, agus maireann a dreach folamh chomh fada sin go bhfuil a dóchas beagnach caillte ag Jules sula dtagann loinnir éigin i súile Mháire. Níl ann ach solas lag. Cuireann sé i gcuimhne do Jules an solas sin a d’fheiceadh sí uaireanta nuair a d’éiríodh sí chun dul chuig an leithreas istoíche. Aon uair a bhfeicfeadh sí solas ó bhun dhoras na cistine, bheadh a fhios aici go raibh a máthair fós ina suí agus í ag siobáil thart. Is ionann léi an tslis sin de sholas agus a bheith sa bhaile.

Gáireann Máire: ‘Is liom is cuimhin! Bhí ardfhiabhras ort. Ní raibh a fhios agat faoin spéir cá raibh tú, a chréatúir bhoicht –.’

‘Díreach é, a Mham! Ach mhothaíos do lámh ar chlár m’éadain, á chuimilt. Tháinig sin fad liom agus m’aigne ina cíor thuathail. Agus mhúin sin dom nach bhfuil gá le focail chun labhairt le chéile; gur féidir linn labhairt le chéile mar seo —’

Tugann Jules fáscadh mall do lámh Mháire. ‘An bhfuil tú ag éisteacht, a Mham? Sin mo chomhartha duit. An mothaíonn tú é sin?’

Tugann Jules fáscadh eile do lámh Mháire: ‘Má bhíonn tú riamh ar fán in áit dhorcha mar sin, sin mise ag glaoch ort, sin mise ag insint duit go bhfuilim ann i do theannta.’

Tocht ar Jules ansin. ‘A Mham, led’ thoil. Abair liom go dtuigeann tú ….’

Tagann creathán uirthi le fáscadh freagartha óna máthair. ‘Tuigim, a stór.’

Miongháire neamhshocair ar Jules. ‘Coinnímid greim mar sin, a Mham? Amhail an sionapsa greamaitheach?’

Féachann Máire go díchreidmheach uirthi. ‘A leithéid de smaointí aisteacha!’ Pógann sí clár éadain Jules. ‘Smaointí iontacha aisteacha!’

Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais