Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


1916: Trí Cheist, Trí Fhreagra

le Jürgen Schneider & Liam Mac Cóil


Ceist 2 ó Jürgen Schneider

Tá leagan Gearmáinise den agallamh seo á fhoilsiú san iris mhíosúil, ABWÄRTS.

Jürgen Schneider: Is de bharr na streachailte idir an lucht oibre agus na fostóirí, i rith Fhrithdhúnadh Mór 1913, a tháinig an Irish Citizen Army ar an saol. Ba iad an chéad mhílíste de chuid an lucht oibre san Eoraip iad. Bhí an scríbhneoir, Seán O’Casey ar dhuine de na baill ba cháiliúla ann. Ba shóisialaí agus idirnáisiúnaí é Séamas Ó Conghaile. Rinneadh ceannfort ar Arm Cathartha na hÉireann de i 1914. Níor fhág sé aon duine in amhras faoina raibh ar intinn aige nuair a chroch sé an bhratach cháiliúil úd lasmuigh de Halla na Saoirse: We Serve Neither King Nor Kaiser But Ireland. Bhí an cinneadh tógtha aige go n-éireodh an tArm Cathartha amach astu féin, dá mba ghá, le súil go spreagfadh sé sin an chuid ba mhíleata de na hÓglaigh le héirí amach mar a chéile. Sa deireadh, labhair baill de Chomhairle Mhíleata an IRB leis (dúradh go ndearna siad fuadach air) agus d’inis dó faoina gcuid pleananna maidir le héirí amach. Bhí Ó Conghaile sásta a chuid pleananna féin a chur siar. Bhain sé ballraíocht amach san IRB agus cuireadh ar an gComhairle Mhíleata é.

Ag an am sin, i mBaile Átha Cliath, is i slumaí a bhí thart ar 125, 000 duine ina gcónaí, as daonra de 320,000.

San aiste leis ‘The Slums and the Trenches’ (Workers’ Republic, 26 Feabhra 1916) scríobh Séamas Ó Conghaile an méid seo:

‘Tá cáil ar fud an domhain ar na slumaí seo maidir le mífholláine agus pórú galar. Tá a fhios ag daoine ar fud an domhain go bhfuil coinníollacha tithíochta bhochtáin Bhaile Átha Cliath níos measa ná aon dream sibhialta eile ar dhroim an domhain. Ár mbráithre bochta sna slumaí sin agus iad ar uireasa treorach, imríodh cleas orthu, mealladh iad, agus cuireadh ag troid iad ar son Shasana, cuireadh iad ag fearadh cogaidh ar náisiún na Gearmáine...’1

Luan Cásca 1916, nuair a thosaigh an tÉirí Amach, cuireadh go láidir agus go fíochmhar i gcoinne na nÓglach agus i gcoinne an Airm Chathartha. Ní hamháin go raibh daoine a bhí ar son na Breataine páirteach sa chur i gcoinne naimhdeach sin ach bhí cuid de chathróirí Bhaile Átha Cliath i gceist freisin, na mná ar tugadh ‘separation wives’ orthu nó ‘the rabble’ as na slumaí. Is mar seo ba chuimhin leis an Óglach, Thomas MacCarthy, iad. Bhí sé páirteach i ngabháil Dhrioglann Roe.

‘Le linn dúinn a bheith ag iarraidh an geata a bhriseadh síos is beag nár ionsaigh an ghramaisc muid i Lána na hUillinne. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo air fad a mhairfidh mé. “Fágaigí síos na raidhfilí,” a scread siad, “agus buailfimid an cac asaibh.” Is ar na buachaillí seo againne is mó a rinne siad bagairt.’2

Níl ansin ach ceann amháin de na ráitis i mbailiúchán an Bureau of Military History a labhraíonn faoin deargnaimhdeas idir lucht an éirí amach agus na haicmí bochta a bhí ag brath ar shochair ó Rialtas na Breataine i rith bhlianta an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Cén chaoi a dtarlaíonn sé go bhfágtar ceist an aicmeachais i leataobh san anailís a dhéantar ar Éirí Amach na Cásca? Cén fáth ar labhair lucht an Éirí Amach i 1916 faoi na haicmí bochta mar ‘the rabble’? De réir theoiric thraidisiúnta na Mharxachais is iad an lumpenproletariat and chuid is ísle, an leibhéal is díghrádaithe, d’aicme shóisialta na prólatáireachta. Daoine iad, deirtear, a bhfuil a laghad sin den chomhfhios aicmeach acu nach féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa réabhlóid. Sa leabhar leis, The Wretched of the Earth, a foilsíodh i 1961, déanann Frantz Fanon critíc chuimsitheach ar an náisiúnachas agus ar an impiriúlachas. Labhraíonn sé faoin gcaoi a úsáidtear teanga le bonn a chur faoi ionannas impiriúlach, mar shampla coilínigh agus coilínithe. Déantar sin leis an duine dúchasach agus an coilíneach araon a mhúineadh agus a mhúnlú go síceolaíoch ionas go nglacfaidh siad leis na rólanna atá le himirt acu, an sclábhaí agus an máistir faoi seach. An moladh atá ag Fanon go n-iarrfadh lucht na réabhlóide cúnamh ar an lumpenproletariat le go gcuirfidís an fórsa ar fáil a chuirfidh an ruaig ar na coilínigh.

Freagra ó Liam Mac Cóil

LMC: Blianta ó shin, bhí mé féin agus cara liom as an mBriotáin ag caint faoi pholaitíocht na hÉireann. Eisceacht ba ea polaitíocht na hÉireann, ar seisean, sa mhéid seo: murab ionann agus an chuid eile den Eoraip níl scoilt cheart in Éirinn idir an eite dheis agus an eite chlé. Ní ar aicme a bhí bundeighilt pholaitiúil na hÉireann bunaithe ach ar scoilt an Chogaidh Chathartha (1922-23). Níos déanaí, agus muid ag caint ar thoradh Chogadh na Saoirse – an conradh, Saorstát Éireann, Fianna Fáil a chuir in éadan an mhionna dílseachta ar dtús agus ansin a ghlac leis agus a chuir rialtas le chéile i 1932 – d’aontaíomar beirt go raibh an chuma ar an scéal nach ar son na saoirse a bhíothas ag troid go baileach ach ar son na measúlachta. Cuireann sé ráiteas Thomas Mann i gcuimhne dom agus é ag caint ar a dheartháir Heinrich a bhí ag tabhairt tacaíochta do Chomhairle na nOibrithe Intleachtacha i München i 1918: ‘seandaonlathaí é den déantús Ceilteach rómánsach Wilsonach – poblacht pharlaiminteach bourgeois.’

Mar a dúras cheana, ba í an eagraíocht rúnda, an IRB, a d’eagraigh an tÉirí Amach faoi cheannas Thomas Clarke agus Sheáin Mhic Dhiarmada. B’eagraíocht neamhfhorásach bourgeois í an IRB. Ainneoin go ndeachaigh Das Kapital i gcion ar dhuine amháin de phríomhcheannairí na heagraíochta, rúnaí na hArd-Chomhairle, Fred Allen (1861-1937), agus go ndearna sé teagmháil le Ainrialaithe i Londain, ní féidir a rá gur aon chuid d’idé-eolaíocht oifigiúil an IRB ag pointe ar bith an Marxachas, an cumannachas ná an sóisialachas.

Ní raibh ach cuspóir amháin ag an IRB: Éire a shaoradh ó Shasana. Bhí gach rud eile ‘beside the point.’ Is é is dócha a bhí uathu ‘poblacht pharlaiminteach bougeois’ a bhunú. Ach gné shuntasach den IRB a laghad a d’fhoilsigh siad go poiblí d’aon chineál polasaí. Fág Forógra 1916, ní heol dom aon doiciméad cuimsitheach ina ndearna an IRB cur síos ar an gcineál poblachta a theastaigh uathu a chur ar bun. Ní heol dom aon chuntas ar ar theastaigh uathu a bhaint amach ó thaobh an lucht oibre de, cúrsaí tithíochta, sláinte, oideachas nó cultúr. Bhí siad i gcoinne chóras na dtiarnaí talún ach ní heol dom aon pholasaí sonraithe a bheith acu maidir le húinéireacht talún, athroinnt na talún, tionsclaíocht, cearta na n-oibrithe, úinéireacht i lámha na n-oibrithe. Ní raibh aon pholasaí acu i leith na Gaeilge ná aon pholasaí ach an oiread maidir leis na haontachtaithe ó thuaidh. Ba é Pádraig Mac Piarais uachtarán an rialtais shealadaigh a bunaíodh i 1916 (dúirt bean chéile Thomas Clarke gurb é a fear sise an t-uachtarán dáiríre) ach níor ceapadh aon airí eile rialtais.

Ba de mhúnla an IRB é Seán Mac Diarmada, príomheagraí an Éirí Amach. Sna hóráidí aige dhíríodh sé ar iarrachtaí daoine mar Robert Emmet saoirse a bhaint amach. Fíorbheagán a deireadh sé faoin gcruth a bheadh ar an bpoblacht a bhí le bunú. Tiomantas don troid ar son na saoirse bun agus barr an scéil. Deirtear gur chuir sé an ruaig ar fhear amháin as an IRB mar gur chuir sé cúis an lucht oibre roimh neamhspleáchas na hÉireann. D’fhan an IRB i leataobh i rith Stailc agus Frithdhúnadh 1913. Roimh 1916 is beag ar fad an ceangal a bhí idir an IRB agus na hÓglaigh ar thaobh amháin agus Arm Cathartha na hÉireann ar an taobh eile. Chomh fada agus is féidir linn a dhéanamh amach, níor chuid ar bith d’idé-eolaíocht an IRB, ná d’idé-eolaíocht Mhic Dhiarmada agus Clarke, smaointe Marx faoi réabhlóid nó ról an lucht oibre inti, gan trácht ar aon smaoineamh a bheith acu faoi thábhacht an lumpenproletariat.

Sna laethanta tosaigh bhíodh méid áirithe eascairdis idir an tArm Cathartha agus na hÓglaigh. Tharla sin, méid áirithe, de bharr ionsuithe Sheáin O’Casey in The Irish Worker. Ach thángthas ar réiteach de shaghas idir Ó Conghaile agus an IRB i mí Mheán Fómhair 1914. Bunaíodh an Irish Neutrality League – níor mhair sé rófhada – le cur i gcoinne an chogaidh a bhí díreach fógraithe agus d’aontaigh Ó Conghaile agus an IRB, go rúnda eatarthu féin, gur cheart go mbeadh éirí amach in Éirinn sula mbeadh deireadh leis an gcogadh. Dar le Seán O’Casey bhí Ó Conghaile ag imeacht ó bhóthar caol an tsóisialachais le siúl feasta ar bhóthar níos líonmhaire an náisiúnachais Éireannaigh. Ach níl aon amhras ach gur doiciméad sóisialach é The Reconquest of Ireland (1914). Sintéis atá ann idir cúis an lucht oibre agus cúis na hÉireann. Ní hamháin gur namhaid don lucht oibre é an caipitleachas, is é namhaid neamhspleáchas na hÉireann freisin é agus namhaid na Gaeilge.

Ní haon ionadh, mar sin, gur ghlac an tArm Cathartha faoi cheannas Uí Chonghaile páirt i sochraid Uí Dhonnabháin Rosa i mí Lúnasa 1915 – ócáid na hóráide cáiliúla le Pádraig Mac Piarais ar geall le brollach í leis an Éirí Amach an bhliain dár gcionn. Scríobh Ó Conghaile go raibh Arm Cathartha na hÉireann tiomanta do phoblacht neamhspleách Éireannach. Faoi dheireadh na bliana sin, 1915, bhí sé ag éirí mífhoighdeach leis na hÓglaigh agus leis an gceannasaí acu, Eoin Mac Néill, a bhí ag tarraingt na gcos, dar leis, ó thaobh éirí amach de. B’fhéidir nach raibh a fhios aige gurbh í Comhairle Mhíleata an IRB, a raibh sé tar éis a bheith i gcomhairle leo an bhliain roimhe sin, an fórsa a bhí taobh thiar de na hÓglaigh.

An mhífhoighid a bhí á léiriú ag Ó Conghaile, agus an rún a bhí faoi an tArm Cathartha a thabhairt amach, a shocraigh Comhairle Mhíleata an IRB ar an ngá a bhí le chomhráití praiticiúla leis. Chaithfidís Ó Conghaile agus an tArm Cathartha a thabhairt leo anois agus na pleananna acu féin socair, geall leis, i dtús na bliana 1916.

An ndearna Mac Diarmada fuadach ar Ó Conghaile? Ar éigean é, ag cur san áireamh pearsantacht láidir Uí Chonghaile agus sochaidearthacht Mhic Dhiarmada. D’fhág sé Halla na Saoirse go breá toilteanach sa ghluaisteán a cuireadh ar fáil dó agus tháinig sé ar ais dhá lá ina dhiaidh sin, tuirse air, ach é i ndea-iúmar. Is cosúil gur tharla idirphlé fada fuaimintiúil i rith an ama sin idir Ó Conghaile agus baill na Comhairle Míleata. Níl a fhios againn céard a dúradh agus tig linn a bheith cinnte gur faoin Éirí Amach a bhí an plé. Tá a fhios againn freisin gur bhronn Pádraig Mac Piarais cóip dá leabhar An Mháthair agus Scéalta eile ar Ó Conghaile agus gur chuir sé an dáta, 20 Eanáir 1916, leis.

Ní deacair a chur i gcás gur leag Ó Conghaile béim ar phoblacht an lucht oibre, agus tig linn Mac Diarmada agus an IRB a shamhlú á rá ar ais leis nach mbeadh tada acu ina aghaidh sin más in a theastaigh ó mhuintir na hÉireann. Cuid den aidhm a bhí ag an IRB, agus Éire neamhspleách mar sprioc acu, gurbh iad muintir na hÉireann féin a shocródh cén cineál rialtais a bheadh uathu. D’fhéadfadh sé go raibh Mac Diarmada seachantach nó gur chleas aige é go fiú. Ach má dúradh an méid sin, bhí sé ag teacht leis na focail a d’úsáid Ó Conghaile féin in Workers’ Republic cúpla mí roimhe sin, nuair a dúirt gurb éard a theastaigh uathu Éire neamhspleách a mbeadh fir agus mná na hÉireann i gceannas uirthi.

Ach Éire neamhspleách a bheith ann, ní móide go vótáilfeadh formhór mhuintir na hÉireann ar son stáit Mharxaigh. Bhí an Eaglais Chaitliceach Rómhánach i goinne an Mharxachais agus an chumannachais agus leanfadh formhór oibrithe na hÉireann a dtreoir siadsan. Ceardchumannaí díograiseach ba ea mo sheanathairse agus ball luath de Pháirtí an Lucht Oibre. Dar leis-sean b’fhearr an léiriú í imlitir an Phápa Leon XII, Rerum Novarum (1891), ar na cearta a bhí ag teastáil ón lucht oibre ná Forógra na gCumannach – cáipéis nach raibh léite aige, is dóigh liom. Ó Conghaile féin a dúirt mura ndéanfadh fostóirí Caitliceacha Bhaile Átha Cliath tada eile ach moltaí an Phápa a chur i bhfeidhm gur mór mar a d’fheabhsódh sin cás na n-oibrithe Éireannacha.

Díreach mar a ghlac na Gaeilgeoirí, Pádraig Mac Piarais agus Éamonn Ceannt, le poblacht anglafónach an IRB, ar an gcaoi chéanna ghlac an sóisialaí Séamas Ó Conghaile le poblacht bhourgeois dhaonlathach na heagraíochta céanna. Ní tógtha orthu é. Bhí siad go léir den tuairim gur poblacht neamhspleách Éireannach a theastaigh, gurb é an bealach ab fhearr é leis na spriocanna a bhí acu féin a bhaint amach. Fírinne an scéil ná gurb é an IRB an t-aon eagraíocht in Éirinn a bhí i mbun gnímh chun a leithéid de stát a chur ar bun.

Ar bhealach b’aisling bhréige acu é. Ba iad an IRB a bhí i gceannas. Na réimsí is mó a raibh smacht ag Ó Conghaile orthu, ní raibh siad forbartha go leor. Sa leabhar leis, Insurrection, tugann an scríbhneoir James Stephens cur síos beomhar ar imeachtaí Sheachtain na Cásca ón taobhlíne. Dar leis nach raibh an lucht oibre in Éirinn féin-chomhfhiosach go leor. Ba bheag tionchar a bhí acu ar na hÓglaigh. Is fiú cuid dá ndeir sé a thabhairt:

‘Míshuaimneas eagraithe an lucht oibre in Éirinn, i mBaile Átha Cliath, níor leor é le dul i gcion ar na hÓglaigh, ó thaobh aidhmeanna nó mianta. Leáitear idéal an lucht oibre in idéal an náisiúin agus imíonn sé as. Cáil cheannairí an Éirí Amach, Ó Conghaile san áireamh, gur Éireannaigh iad a bhfuil grá as cuimse dá dtír dhúchais. Meastar freisin – agus fágtar Ó Conghaile as an áireamh anseo – gur beag spéis atá acu i bhfadhbanna an lucht oibre.’3

Deir Liam Ó Briain in Cuimhní Cinn, gur beag an bhaint a bhí aige, mar Óglach, leis an Arm Cathartha roimh an Éirí Amach, bíodh is go raibh meas go coitianta ag na hÓglaigh ar an Arm Cathartha mar gheall ar an traenáil mhíleata a bhí orthu agus a fheabhas a bhí siad ag láimhseáil arm. Bhí an ceann is fearr ag na hÓglaigh sa deireadh agus rinneadh cónascadh idir iad agus an tArm Cathartha i rith Chogadh na Saoirse, bíodh is gur choinnigh an tArm a ainm. Is éard a dúradh leis an lucht oibre go gcaithfidís fanacht.

Is cinnte mar sin nárbh aon chuid de dhearcadh thromlach na nÓglach an comhfhios aicmeach, sa chiall Mharxach. D’fhéadfadh sé gur beag an tionchar a d’imir sé ar go leor ball san Arm Cathartha. Sin ráite, bíodh is go mbreathnódh cuid de na hÓglaigh orthu féin mar bhaill d’aicme níos airde – ba cheardaithe cuid acu – ná an gnáthoibrí nó an ‘sclabhaí’, ní móide go mbeadh siad eascairdiúil leis an lumpenproletariat. Le cothrom na féinne a thabhairt do na hÓglaigh, d’fhéadfadh sé gur mó a bhain an téarma ‘rabble’ leis an gcaoi ar tháinig na ‘separation women’ i láthair ar na hócáidí áirithe a bhí i gceist. Cuimhnímis gur thug Joyce ‘The Day of the Rabblement’ ar an aiste a scríobh sé in éadan an lucht agóidíochta ag dráma Yeats, The Countess Cathleen. Nílim cinnte, ach ní móide go raibh Thomas MacCarthy ag úsáid ‘rabble’ mar chur síos ar aicme iomlán daoine.

Os a choinne sin, bheimis ag seachaint go leor castachtaí dá ndéarfadh muid gur ‘ar son na Breataine’ a bhí na ‘separation wives’. Bhí siad ar son na Breataine, is cosúil, ar bhonn teoranta pearsanta áitiúil. Mar a dúirt Stephens, ‘Is beag teach bocht i mBaile Átha Cliath nach bhfuil athair, deartháir, nó mac ag troid ar cheann éigin de na frontaí atá á chosaint ag Sasana.’ Ní ionann a bheith ‘ar son na Breataine’ sa chás seo agus a bheith ar son Impireacht na Breataine. A mhalairt; má bhí aon rud le cur san áireamh seachas teacht slán i gceann de na slumachathracha ba mheasa san Impireacht chéanna, ba é gur ar son Rialtais Dúchais a bhí na fir ag troid. Bhí onóir ag baint leis na saighdiúirí Éireannacha in arm Shasana; bhí siad ag cloí leis an margadh a rinneadh thar a gceann; bhí siad ag troid ar son Shasana ar an gcoinníoll go dtabharfadh Sasana neamhspleáchas d’Éirinn; ní raibh an scian á ropadh i ndroim aon duine acu. Bhreathnaigh Ó Conghaile agus an IRB araon ar an dearcadh sin mar shampla eile den mheon sclábhaíoch a raibh siad ag cur chomh láidir sin ina choinne. Dar leosan ní raibh aon rud onórach ag baint le seasamh Redmond agus bhí an neamhspleáchas a bhí á thairiscint an-easnamach ar go leor bealaí. Ach ní mheádh an argóint sin mórán le mná, máithreacha agus iníonacha na saighdiúirí a bhí ag troid thar lear.

Cén fáth ar cuireadh ceist an aicmeachais i leataobh san anailís ar 1916? Ní dearnadh neamhshuim ar fad di. Rinneadh staidéir mar shampla ar chúlra na nÓglach, a bpostanna, a ngairmeacha etc. Tá achoimre maith ar a bhfuil scríofa ar ghluaiseacht na gceardchumann, ar an sóisialachas in Éirinn, agus ar ghluaiseacht an lucht oibre agus an ról a d’imir siad, ag Diarmaid Ferriter i gcaibidil a naoi dá leabhar A nation and not a rabble (2015). Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil na príomhthráchtairí ar an Éirí Amach tar éis treoir a ghlacadh ón gcuid sin den phobal a ghnóthaigh sa deireadh, agus arbh iad a chuir an bonn faoi rialtais na hÉireann ina dhiaidh sin, i ndiaidh 1922, ó thaobh idé-eolaíochta de agus, ag an tús ar aon chuma, ó thaobh pearsanra de .i. an IRB agus na hÓglaigh a thug siad ar an saol. B’fhéidir nach gceapann na staraithe go bhfuil gá le hanailís Mharxach ar 1916 sa mhéid is go raibh a laghad sin baint ag an Marxachas le smaointeachas an IRB agus ghluaiseacht na nÓglach.

Mar sin féin, sa mhéid is gur imir Séamas Ó Conghaile ról nach beag san Éirí Amach, agus go raibh baint aige le bunú agus eagrú an Airm Chathartha, agus ag cur san áireamh go raibh Ó Conghaile ar dhuine den bheagán a léirigh an idé-eolaíocht aige i bprionta (duine eile ba ea an Piarsach), shílfeá go dtabharfaí níos mó airde ar an anailís a rinne sé ar an réabhlóid agus ar ról an lucht oibre ann, an lumpenprolatariat san áireamh. Murab ionann agus an IRB, rinne Ó Conghaile cur síos ar ghnéithe áirithe den phoblacht a theastaigh uaidh. Ach lasmuigh den phlé ar an bpoblachtachas míleata agus ar cheist ghinearálta an náisiúnachais, ní heol dom aon anailís chuimsitheach sa phríomhstair ar aidhmeanna agus ar idé-eolaíochtaí cheannairí an Éirí Amach, bíodh is go bhfuil scrúdú déanta ar Ó Conghaile agus ar Larkin ag cúpla scríbhneoir a luann Ferriter (Donal Nevin, mar shampla, agus Emmet O’Connor).

I gcoitinne, seachnaítear anailís agus ceisteanna aicmeachais araon, mar a sheachnaítear ceist na teanga agus na Gaeilge i gcomhthéacs an Éirí Amach – cuirtear an Ghaeilge i leataobh, mar shampla, má luaitear ar chor ar bith í, leis an bhfrása atá beagáinín maslach ‘Irish Ireland.’ Is é sin le rá, na gnéithe den Éirí Amach nár éirigh leo, sheachain na staraithe i gcoitinne iad.

Os a choinne sin, níl sé soiléir cé chomh mór is a rinne aon duine a bhí páirteach san Éirí Amach anailís dhialachtach ar staid na hÉireann i 1916, má rinneadh ar chor ar bith é. Peann leathan sóisialach a úsáideann Ó Conghaile féin. Ní haon chuid den trealamh intleachtach smaointeoireacht Hegel, is cosúil. Ní heol dom aon anailís ar 1916 ina dhiaidh sin bunaithe, mar shampla, ar scríbhinní luatha Mharx, nó ar smaointe an Mharxachais ‘Iartharaigh.’ Níl aon Geschichte und Klassenbewußtsein Éireannach ann, go bhfios domsa, ná aon Quaderni del carcere.

Sin ráite, ní mór scríbhinní an Mharxaigh Shasanaigh, Charles Desmond Greaves (1913-1988) a lua (tá sé luaite ag Ferriter freisin). Scríobh sé The Life and Times of James Connolly sna 1950í, agus phléigh an cheist a d’ardaigh Seán O’Casey an chéad uair gur ag imeacht ón sóisialachas i dtreo an náisiúnachais a bhí Ó Conghaile. Ba é tuairim Greaves nach é go raibh Ó Conghaile ag éirí níos náisiúnaí ná mar a bhí sé sóisialach, ach go raibh sé ag iarraidh suíomh a chur ar fáil ina mbeadh seans níos fearr ag an sóisialachas in Éirinn .i. Éire neamhspleách. Scríobh Greaves faoi Sheán O’Casey freisin, Sean O’Casey, Politics and Art, mar aon le beathaisnéis Liam Uí Mhaoilíosa, Liam Mellows and the Irish Revolution. Ach ní móide gur mheall sé an t-aos acadúil leis an leabhar deireanach sin, mar gur dhiúltaigh sé fonótaí agus foinsí a chur lena chuid eolais ann á rá go bhféadfadh na hacadúlaigh a gcuid oibre féin a dhéanamh.

Tagairtí


1. ‘These same slums are notorious the world over for their disease-breeding unhealthy character. All the world over it is known that the poor of Dublin are housed under conditions worse than those of any civilised people on God’s earth. From out of those slums these poor misguided brothers of ours have been tricked and deluded into giving battle for England – into waging war upon the German nation....’
2. ‘During the time we were trying to knock down the gate we were practically attacked by the rabble in Bow Lane, and I will never forget it as long as I live. “Leave down your [fucking] —- rifles,” they shouted, “and we’ll beat the [shit] out of you.” They were most menacing to our lads.’
3. ‘The organised labour discontent in Ireland, in Dublin, was not considerable enough to impose its aims or its colours on the Volunteers, and it is the labour ideal which merges and disappears in the national one. The reputation of all the leaders of the insurrection, not excepting Connolly, is that they were intensely patriotic Irishmen, and also, but this time with the exception of Connolly, that they were not particularly interested in the problems of labour.’ James Stephens The Insurrection in Dublin (New York: Macmillan, 1917) pp. 128-9.

Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais