Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Na Laochra Seo ’Gainne

Óglaigh na Gaeltachta agus Slógadh na Cásca 1916


le Breandán Mac Gearailt. Coiscéim, 2016. €7.50


Pádraig Mac Fhearghusa a chuir i láthair, Cathair Dónall, 5 Feabhra 2016

Na Laochra Seo ’Gainne, Óglaigh na Gaeltachta agus Slógadh na Cásca 1916 is teideal do Uimhir 14 sa tsraith Macallaí na Cásca atá á foilsiú go leanúnach ag Coiscéim. Breandán Mac Gearailt, fear nach beag bhur n-aithne air, údar agus gníomhaí Gaeilge riamh anall, a bhreac.

Tá an leabhar bunaithe ar agallaimh a dhein Pádraig Ó Snodaigh leathchéad bliain ó shin le hochtar den bhfiche duine as paróiste an Fheirtéaraigh, nó as beatha sagairt Pharóiste an Fheirtéaraigh, mar a deir Breandán, a ghlac páirt in eachtraí na Cásca. Ochtar as fiche díobh a bhí fós beo tráth an chomórtha i 1966.

Is é is tábhachtaí dúinne anso i gCiarraí ná go bhfuil eolas anso faoinár muintir féin. Daoine misniúla óga ideálacha ab ea iad, a raibh fonn orthu beart a dhéanamh ar son a bpobail, tráth a raibh roth na staire ar tí bogadh anso in Éirinn, toisc a nguailne siúd a bheith á gcur leis.

Luaim a n-ainmneacha anso anocht, mar is cuí agus mar is cóir: Seán Ó Muircheartaigh, Gallarus; Séamas Ó Dubháin, An Fearann; Seán Báicéir, Cathair Deargáin; Mícheál Ó Bruic, Na Gorta Dubha; Pádraig Ó Flatharta, Clochar Beag; Seán Mac Gearailt, An Baile Loisce; Pádraig Ó Máirtín, An Baile Uachtarach Thoir; Séamus Ó Máirtín, Na Gorta Dubha.

Tá sé tábhachtach an méid beag sin a dhéanamh, mar atá sé tábhachtach do phobal ar bith a stair féin, a scéal féin, a scríobh. Mura scríobhann, is é is dóichí gur don phobal sin is measa, má scríobhann dream eile, dream seachtrach, dóibh é: má scríobhann dream impiriúil ar mhalairt teangan dóibh é, ach go háirithe.

Ár meon agus ár dtuiscint féin orainne féin atá á gcur in iúl sa leabhar seo, agus níl aon tuiscint níos bailí, níos údarásaí, níos cruinne ná tuiscint an duine, nó an phobail, air féin. Níltear á shéanadh gur féidir foghlaim ó dhaoine agus ó phobail eile. In agallamh agus i bpáirt le daoine agus le dreamanna eile a fhoghlaimímid, ach is é ár gceart ár mbreithiúnas féin a bhualadh ar an saol mar a fheictear dúinn é.

Sa leabhar seo chímid mar a shníomhann eachtraí, an mór agus an mion, ina chéile. Oíche Dé Sathairn agus Domhnach Cásca 1916, mháirseáil trí chéad éigin fear isteach go Trá Lí ón nDaingean. Bhí na bróga caite, agus féar á chur ag cuid acu iontu mar chosaint in aghaidh an bhóthair. Bhíodar báite fuar fliuch sular shroiseadar an ‘Rinc’ ar chúl Óstán an Bhrandon, in aice leis an bpáirc íseal peile atá ansiúd, go luath maidin Domhnaigh.

Bhí Cumann na mBan ann le tae, agus tuí mar leaba, a sholáthar dóibh. B’fhuirist iad a shásamh. Ní raibh fhios acu cad chuige a bhíodar go Trá Lí, agus a gcuid raidhfilí agus piléar acu, seachas gur glaodh amach orthu. ‘Más é an lá é, sé an lá é,’ mar a dúirt Séamus Ó Dubháin ón bhFearann.

Ní gach éinne a chuir fáilte rompu. Fuaireadar batráil ó mhná na mbuidéal a chaitheamh, ó mhná na saighdiúirí in arm Shasana, ar a mbealach suas tríd an mbaile. Ach is lena gcúnamh is dóichí a d’éalaigh Monteith, a bhí tar éis teacht i dtír le Ruairí Mac Easmainn ar Thrá na Beannaí Aoine an Chéasta. Ghlac complacht Bhaile Mhic Eileagóid é siúd ar láimh uathu.

Léiríonn leabhar mar seo gur borradh náisiúnta chun athbheochana a bhí sa tsiúl ag tús an chéid seo caite, agus ní comhcheilg i measc dreama bhig mhíshocair mhíshásta, mar ba mhaith le staraithe mar Robert Kee, cuir i gcás, agus daoine áirithe i measc ár dTeachtaí Dála fiú, a thabhairt le fios.

Tá lua ar ainmneacha beaga agus móra na réabhlóide anseo: Mícheál Ó Rathaille as Béal Átha Longphoirt, laoch ab uaisle, a chaith a chuid maoine ar Martinis do chomplacht na Gaeltachta, ná ní dry Martinis a bhí i gceist ach Martini-Enfields. Bhí breis agus tríocha de na raidhfilí san ag lucht Pharóiste an Fheirtéaraigh.

Sea, tá lua ar go leor anseo: Deasún Mac Gearailt, athair Garrett nach maireann; Earnán de Blaghad, protastúnach agus tuaisceartach agus fear drámaíochta, i measc go leor eile; Fionán Ó Loingsigh, fear mór na Gaelainne as Uíbh Ráthach; An Cóta, Seán Ó Caomhánaigh ó Dhún Chaoin, a mhol go mb’fhearr bó a dhíol agus raidhfil a cheannach. N’fheadaraís ná gur comhairle mhaith i gcónaí é?

Ní loitfidh mé an leabhar oraibh lena thuilleadh cainte. Dhein buachaillí Chorca Dhuibhne a mbealach ar ais go dtí an Daingean ar ball ar an dtraein, saor in aisce – ar neamhchead do na peelers.

Tá an leabhar ar fáil anocht. Agus tá Breandán Mac Gearailt réidh lena shíniú. €7-50 a phraghas. Níl teorainn lena luach. Ceannaíg’!

Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais