Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Géanna1

le Liam Prút

Ní imíonn na géanna rófhada ó bhaile,
an scata cráin ghé is a ngandal á bhfaire.

Ná téigh ina n-aice: ‘Seo, faire!’ deir Mama.
‘Rith leat, a thaisce, tá an gandal lán d’fhearg.’

Seo an gandal mór bán is is fada a scrogall,
scuabann sé roimhe gadhar, cat agus cothrom.

Istigh faoina chleití tá nathair ina codladh
is léimfidh chun beatha má théir ina ghaire.

Téann na géanna ag snámh sa lochán nó sa srúille
is bíonn géanna na Róimhe ag snámh ins an Tíbir;

Tá na géanna ar leathchois san Iodáil ar farradh,
nuair a bhíogann seanghandal ‘Seo, seo, cluinim torann!’

Ar dhúiseacht don teaghlach tá fán ar lucht ionraidh,
agus éadach an phrionsa ar ghóislíní feasta.

Beireann gé dhíobh ubh óir do chuir gliondar ar Dheaide,
ach á fiosrú le scian gheal ní bhfuair ann ach glugar.

Bhí an ghé ghiúrainn fuar ag síolrú di san Artach,
is tháinig go hÉirinn lena téamh ins an bhfearthainn.

In Inis Gé ghlórach a chónaíonn an ghiúrainn:
dubh dá cuid sciathán is glas dá cuid caca.

Ar Sceilg Mhichíl dhein iasc den ghé Charghais,
nuair bheannaigh an t-ab í sea a chrom sí ar flapáil.

Glaoigh ‘Beadaí!’ ar ghé ’s í á gairm chun a beathaidh,
is bronnfaidh ubh mhór ort is geir dod bhróg leathair.

Chruinnigh géanna Éireann gur sheol siad as Luimneach,
ní in eitleáin mhóra ach i mbáid ón Sean-Tiomna,

Sheol na géanna go hard faoi bhrat Fraince is Ollainne
is chuireadar fúthu faoi spéartha an ghunna

i bhFlóndras, san Iodáil, sa Bheilg, sa tSile,
dhoirteadar fuil is shaothraigh a mbeatha,

is d’fhan ann ag fánaíocht ina ngéanna fiáine,
iad Spáinnithe, Sas’naithe, fuadaithe, foirgthe.

1 Feamainn mheilsceánach a ithid na géanna a thagann go hÉirinn ó Cheanada.


Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo