Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Caighdeán Nua Oifigiúil - -

Tá eagrán 2016 den Chaighdeán Oifigiúil seolta ar deireadh, agus athfhaghairt curtha dá réir ar mhórchuid seanfhaltanas, go háirithe i measc lucht canúna. Níor mhór a rá, agus is trua é, go bhfuil bonn le go leor de na gearáin ach go háirithe i measc na Muimhneach.

B’fhíor a rá leis gur géire iadsan ó Chorca Dhuibhne agus anoir ó na Déise, agus tá sé le tabhairt fé ndeara go bhfuil lucht léinn agus acadúlachta ag tacú go teann le lucht an ghearáin. Is é is mó is cás leo ná an dícháiliú agus leithcheal atá i gceist sa Chaighdeán is déanaí ar an bhfoirm tháite den mbriathar, atá chomh coitianta i nGaelainn an Deiscirt.

Seo an tríú leagan den Chaighdeán Oifigiúil atá in úsáid ó 2012 anois, agus mar a dúradh cheana is é an baol is mó ná gurb í an teanga féin a bheidh thíos leis, mura mbíonn seasmhacht agus buaine ann i gcás na gramadaí. Tá fhios ag an saol go bhfuil ciotaí go leor le sárú ag an teanga cheana féin ó thaobh patuaire agus neamhshuim lucht rialtais, gan róphointeáilteacht nó fiú saoithíneacht i measc an aos léinn a bheith mar ualach breise uirthi.

Ní mór a chur san áireamh go raibh an teanga ar feadh na gcéadta blian gan aon fhorbairt ó thaobh cúrsaí riaracháin agus oifigiúlachta, agus í gan aitheantas ó thaobh léinn agus oideachais. Is dóichí go mbeadh a lán de na rialacha a bhfuiltear ag sracadh leo faoi láthair curtha ar leataobh fadó, dá mbeadh sí i ngnáthúsáid le linn na tréimhse dorcha sin. Ar a laghad ar fad, tá comhghéilleadh riachtanach ar eagla gurb í an teanga féin a bheadh thíos leis an éiginnteacht.

Ar go leor bealaí ba mhíorúilt gur tharla an athbeochan fad a bhí glúin de chainteoirí a bhí sárlíofa beo fós, agus ní hamháin sin ach go raibh cumas samhlaíochta agus litríochta ag oiread san díobh. Cuimhnítear orthusan a chum sárlitríocht a tháinig ó gach Gaeltacht sa tír ar dtús, ach diaidh ar ndiaidh ó gach cúinne eile den tír. Fuair go leor acu aitheantas go hidirnáisiúnta agus is mór atá an teanga faoi chomaoin acu.

Fós féin, tá an Ghaeilge ag brath go mór ar an gcóras oideachais chun í a thabhairt slán. An féidir go bhfuil dolúbacht nó róchastacht mar bhac uirthi? Cloistear scéalta uafáis faoin drochbhail atá uirthi i gcúrsaí múinteoireachta. Lena chois sin, léitear go rialta colúin ar ár nuachtáin laethúla agus iad ar a seanphort ag casaoid faoin teanga agus a ndrochthaithí uirthi agus iad ar scoil.

Seans nach bhfuil baint faoin spéir aige sin le hábhar, agus fiú gur daille intinne nó dúramántacht de chineál éigin is cúis leis go minic. Ach fós, is ar scoil a dheineann aos óg na tíre a gcéadteagmháil leis an teanga, agus tá tábhacht ar leith leis an teagmháil sin. Nó an amhlaidh, níos mó ná aon ní eile, gur féidir dul thar fóir le beachtaíocht agus le hallagar?

Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo