Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

U-chasadh, Breatimeacht & Eacnamaíocht an Leipreacháin
le Seán Ó Loingsigh




Is ábhar iontais é i gcónaí a scioptha a ruaigeann mórscéal amháin a leithéid eile scéil ó aire lucht nuachta: an scéal nua a lón lae siúd gan amhras. Nach tapaidh mar sin féin a ligeadh ‘Breatimeacht’ i ndearmad, nuair a tháinig scéalta a bhain leis an sléacht i Nice na Fraince nó an coup d’état sa Tuirc chun cinn. Ní hé nach mbíonn ceangal idir scéalta éagsúla, agus go bhfuil dlúthbhaint ag ar tharla sa Fhrainc agus sa Tuirc leis an AE agus fiú le Breatimeacht, ach dúinne in Éirinn is mó is cás go mór dúinn imeacht ár gcomharsa béal dorais as an Aontas.

Is ábhar machnaimh dúinn leis a laghad ba chás leis an mBreatain ár n-imní maidir leis an teorainn ar an oileán seo, nó an crua nó bog a bheidh sé, mar a luaitear sa bhéarlagar nuacheaptha, nó go deimhin agus níos tábhachtaí fós, an mbeidh sé in earráid leis sn gComhaontú Angla-Éireannach nó le Comhaontú Aoine an Chéasta.

‘Ó’, a deir na Sasanaigh linn, ar nós cuma liom, ‘ná bígí-se buartha, beidh gach uile ní ina cheart nuair a thagann an lá’. Is léir nach cás leo an mbeidh nó nach mbeidh. Cad é siúd a dúirt an file, fadó, faoi ‘gháire an tSasanaigh’?

Ar ndóigh, is beag ionadh an neafais seo i gcás na tíre seo. Nach beag aird a tugadh ar Nicola Sturgeon, Céad-Aire na hAlban, i Londain, faoi chearta na tíre sin agus gur vótáil siad in aghaidh na Breatimeachta, nó go bhféadfadh go mbeadh reifreann eile mar thoradh ar an neamhaird, agus go bhféadfadh gur scor na Ríochta Aontaithe a leanfadh é sin ar ball. Ar ndóigh tá an Chéad-Aire ar buile agus ní leasc léi é a chur in iúl. Táimid níos séimhe ar an taobh seo den Sruth, nó ar níos lú misnigh. Deirtear anois go bhfuil cuireadh tugtha ag an Seanad anseo do Sturgeon teacht chun labhartha leo. Más amhlaidh atá, níor mhiste é agus tá moladh tuillte ag an Seanad, rud nach bhfaigheann siad go minic. B’fhéidir go gcuirfeadh sí cnámh droma éigin ionainn, ball atá go mór de dhíth orainn.

Ach ní i Londain amháin atá an beagmheas seo ar thíortha beaga imeallacha. Ba é an scéal céanna sa Bhruiséil é, agus fiú i gcás Angela Merkel i mBeirlín, nuair a chuaigh Nicola Sturgeon agus Éanna Ó Coinnigh chun cainte leo. Caithfear le hAlbain agus le Tuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, pé bealach a vótáil siad sa reifreann. Nach minic ráite anseo é le tamall anuas gur beag an fhortacht atá anois san AE don tír bheag. Is ag méadú in aghaidh an lae atá ár míghean.

Is le cúpla seachtain anuas a tharla ceann de na castaí polaitiúla ba shuaithinsí a thóg ár gceannairí inár saol poiblí le fada an lá. Is dóigh liom gurb é Mícheál Máirtín is túisce a dúirt go mba chóir go mbeadh reifreann againn Thuaidh agus Theas chun dearcadh an phobail a mheas maidir le deireadh a chur leis an teorainn idir Tuaisceart agus Deisceart, ach ba mhó fós é ár n-alltacht nuair a tháinig Éanna Ó Coinnigh sna sála air agus port a bheag nó a mhór ar an dul céanna aige. Ach nach é sin ceart-chríoch pholaitiúil Gerry Adams le cuimhne na ndaoine, agus nach fíor gach uair a luaigh sé é go bhfuair sé scóladh ó gach uile thaobh, agus nár lú é sin ón mbeirt a luamar. Níor U-chasadh go dtí é, ach cad a spreag é?

Is beag amhras anois ná go bhfuil baint ag an gcasadh polaitiúil seo leis an neamhshuim i Londain agus i Beirlín, agus ar ndóigh sa Bhruiséil, inár gcúrsaí in Éirinn nó céard is ábhar imní dúinn, mar ar deineadh tagairt dó níos luaithe. Arís eile is iad na tíortha móra, an Ghearmáin, an Bhreatain, an Fhrainc, an Spáinn, b’fhéidir, agus an Iodáil, a mheánn, agus féach le déanaí an Tuirc, mar a bhfuil daonra de 80 milliún duine agus go bhfuil siad ag éileamh a mballraíochta san Aontas leis na blianta. Ní hé go bhfuilimid chun an bóthar céanna a thógaint leis an mBreatain, ach ar a laghad tá tábhacht leis an gcnámh droma úd agus go mbeimis níos treallúsaí ar ár son féin.

Ach ní hiad na ráitisí ón Taoiseach ná ó cheannaire Fhianna Fáil amháin a bhain geit asainn le déanaí, agus a chuireann leis an mbarúil – nó an dóchas fiú – gur féidir go bhfuil malairt aigne i gceist maidir lenár ndílseacht neamhchoinníollach don Aontas Eorpach. Is é Dara Calleary, ó Fhianna Fáil arís, a cháin an tAontas go neamhbhalbh agus an bealach ar chaith siad linn tráth na tarrthála a deineadh ar ár mbainc in 2010.

Is fiú a raibh le rá aige i mBéarla a lua: ‘… the European institutions walked away from us in our time of need. The commission, in its dealing with us, and particularly in its dealing with Greece, in the way it rammed home an austerity programme, which did not stand for anything in terms of cuts but re-engineered society, was wrong and removed from the the principles of the European Union, principles that hold today.’

Is caint láidir í sin, agus neamhghnách ag teacht ó pholaiteoir tábhachtach de chuid Fhianna Fáil, agus polaiteoir a bhí i láthair leis an Aire Airgeadais Brian Ó Luineacháin nuair a bhí sé sin ag idirbheartaíocht téarmaí na tarrthála leis an AE in 2010. Bhí an Teachta Calleary ag caint tar éis an reifrinn sa Bhreatain agus é ag rá, leis, nach raibh an tAontas arís eile ag glacadh aon fhreagracht maidir le ‘Breatimeacht’, sa tslí chéanna nár ghlac siad aon rian den fhreagracht i gcás na hÉireann.

Ba é a bhuile scoir ná dá dtarlaíodh reifreann sa tír seo ar maidin faoinár mballraíocht san Aontas go mba dhoiligh a rá conas ba chóir dúinn ár vóta a chaitheamh. B’fhéidir go bhfuilimid ag foghlaim, más go mall é.

Níl aon éaló ó ‘Bhreatimeacht’. Tá malairt rialtais acu sa Bhreatain, bíodh nach bhfuil sé sin cruinn ar fad, mar i ndáiríre gur malairt airí is mó atá i gceist, fós féin beidh an rialtas anseo imníoch go leanfaidh an dea-chaidreamh, a bhí ann le linn phríomhaireacht Cameron, ar aghaidh agus an príomhaire nuacheaptha Theresa May i réim. Bíodh nach bhfuil sí ach laethanta beaga in oifig, b’fhéidir nach bhfuil na tuartha rómhaith, agus gur cosúil gur Margaret Thatcher atá tar éis filleadh i gcruth nua. Tá tráchtairí thall ag rá gur thug sí íde na muc is na madraí do Jeremy Corbin bocht agus í ag freagairt ag a céad seisiún ceisteanna i ndáil na Breataine, amhail is ná raibh dóthain fadhbanna ag an bhfear bocht san cheana féin.

Is mó d’ábhar suime dúinn, b’fhéidir, na ceapacháin rialtais atá déanta aici. Táthar go mór in amhras faoi cheapachán Boris Johnson mar Rúnaí Gnóthaí Eachtracha, go háirithe toisc go mbeidh sé ag plé Brexit go laethúil le hoiread sin de na polaiteoiri san AE, atá maslaithe chomh minic aige le déanaí.

Níl aon duine róchinnte an é buachaill báire na polaitíochta é nó an bhfuil éirim an státaire i bhfolach ann. Is cinnte gur tharla scaoll thall nuair ba chosúil go gceapfaí ina phríomhaire é. Ní cúram dúinn é, gan amhras, seachas treo na gaoithe a mheas. Ba mhó d’ábhar suime ceapachán James Brokenshire, pé hé féin, mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann. Ba é an dála céanna é nuair a ceapadh Theresa Villiers, agus níorbh é an ceapachán ba mheasa riamh é. Ní nach ionadh ba shoiléir nár síleadh gurb é an ceapachán ba thábhachtaí sa rialtas é.

Tá oiread ama caite againn ag plé, agus gan amhras, ag cáineadh an Aontais Eorpaigh go bhfuil sé chomh maith againn críochnú ar an bport céanna. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh anseo sa bhfaopach toisc gur fhógair siad le déanaí gur mhéadaigh ár ngeilleagar anuraidh 26.3%. An olltáirgeacht náisiúnta an tslat tomhais atá i gceist sa mheasúnú, nó an GDP mar atá aithne air sa Bhéarla.

Níor riachtanas d’aon duine céim san eacnamaíocht chun a mheas go raibh na figiúirí seo thar fóir, nach bhféadfadh siad a bheith fíor ach i dTír na nIontas. ‘Eacnamaíocht an Leipreacháin’ a thug an t-eacnamaí cáiliúil Paul Krugman orthu. Trí chéile agus aiféaltas ab ea an measúnú seo don Oifig Staidrimh, agus gan aon phioc den locht orthu féin, dar leo; iad de réir na treorach a bhí leagtha síos ag an Aontas Eorpach.

Is cosúil go raibh an ceart acu leis. De réir an AE, i gcás mórchomhlachtaí ilnáisiúnta, chaithfí sochar agus acmhainní ná raibh aon bhaint acu i ndáiríre leis an tír seo a chur san áireamh de bhrí gur oir sé sin do na comhlachtaí seo ó thaobh cánach. Má ba dhóigh leat go raibh cócaireacht de chineál éigin i gceist ní raibh ar aon chor. Bhí gach uile shórt ina cheart. Nach raibh sé ceadaithe ag an mBanc Ceannais Eorpaigh, agus nach bhfuil fhios againne in Éirinn go bhfuil siadsan gan cháim?

Is é oighear an scéil, ar ndóigh, go mbraitheann an méid airgid a chuireann an tír seo ar aghaidh chun na Bruiséile gach bliain ar na figiúirí seo. 280 milliún Euro, sa bhreis, a chosnóidh sé sin orainn i mbliana, mar thoradh ar na staitisticí bréige seo.

Ach is sólás é nach bhfuil aon chalaois i gceist, ná ní chuireann sé isteach ar aon chor ar ár mbuiséad, ná ní bheidh aon chiorrú ach oiread ar ár gcaiteachas in aon treo eile, a deir an tAire Airgeadais. Tír na nIontas, go deimhin!

Feasta, Lúnasa 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais