Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta ar Shlí na Fírinne



le Pádraig Ó Héalaí

Cuireadh an Moinsíneoir Pádraig ó Fiannachta i gclós Shéipéal Chaitlíona in Ard an Bhóthair 19 Iúil seo caite. Bhí aithne mhór ar an bhfear éachtach seo ar fud na tíre, go háirithe i measc phobal na Gaeilge, agus is deacair le go leor againn a shamhlú go bhfuil deireadh tagtha anois le gníomhaíochtaí an tsagairt seo a bhí chomh fuinniúil fuadrach fadsaolach sin.

Rugadh Pádraig Ó Fiannachta sa bhliain 1927, tráth a raibh athrú cinniúnach ag tarlú sa chomharsanacht inar tógadh é. Bhí a bhaile fearainn dúchais, Baile Móir, buailte ar Bhaile an Ghóilín mar a raibh Tigh Mór Lord Ventry, agus ba mhór an cor i saol an cheantair máguaird agus tuar dóchais don Ghaeilge freisin, go raibh tigh an tiarna úd cóirithe amach an bhliain chéanna sin le bheith ina Choláiste Ullmhúcháin lán-Ghaeilge — Coláiste Íde.

Léirigh sé spéis sa tsagartóireacht óna óige, agus tar éis a thréimhse meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne thug sé aghaidh ar Mhaigh Nuad mar ar ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach. Nuair a bhuail taom tinnis é go luath ina dhiaidh sin, b’éigean dó Maigh Nuad a fhágáil agus bhain sé céim MA amach ansin i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sular chríochnaigh sé a chúrsa diagachta i gColáiste na Naomh Uile, mar ar oirníodh ina shagart é do dheoise Myfynwy sa Bhreatain Bheag i 1953. Léiríonn an chéad leabhar uaidh, Comharsa Choimhthíoch, an flosc lenar thug sé faoina dhualgais ansiúd agus an sásamh a bhain sé as úsáid na Breatnaise gach deis dá bhfuair sé.

Bhí ardéirim aigne ag Pádraig agus dá chomhartha sin léirigh sé cumas acadúil den scoth ina chúrsaí léinn. Bhí cíocras air dul i ngleic le léann na Gaeilge, agus fuair sé caoi chuige sin nuair a ceapadh é ina léachtóir le Sean- is Meán-Ghaeilge agus Breatnais i Maigh Nuad i 1959. Ceapadh ina ollamh sna hábhair sin é i 1961, agus cúpla bliain ina dhiaidh sin cuireadh ollúnacht na Nua-Ghaeilge mar chúram air chomh maith. Bhí sé suite de gur obair aspalachta ag sagart Éireannach é saothrú an léinn dúchais agus bhí lé nádúrtha aige féin le scoláireacht. Ba shásamh dá intlíocht aibidh, dá ghrá teasaí ar a oidhreacht chultúrtha agus dá chlaonta aeistéitiúla é plé le teanga agus saíocht na Gaeilge.

Nuair a thosaigh sé ag teagasc i Maigh Nuad ba léir dó gur cheataí mór gan foclóir críochnúil a bheith ar fáil don Mhoch-Ghaeilge. Ghlac sé go fonnmhar, dá bhrí sin, le cuireadh bheith ina bhall d’fhoireann Fhoclóir Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann agus thug sé roinnt blianta ag saothrú go dícheallach ar an togra sin. Bearna eile ina réimse léinn a thóg sé air féin a shlánú ab ea an clárú a bhí fós gan déanamh ar lámhscríbhinní déanacha na Gaeilge. Idir 1965 agus 1973 d’fhoilsigh sé seacht n-imleabhar de chlár lámhscríbhinní Gaeilge Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. Dhírigh sé a aird ansin ar chlárú lámhscríbhinní i gcnuasaigh eile, agus bhí dhá imleabhar a d’fhoilsigh An Institiúid Ard-Léinn mar thoradh ar sin.

I 1964 bhunaigh sé comhlacht foilsitheoireachta, An Sagart, a bhfuil an iliomad scothleabhar curtha ar fáil faoina inphrionta. Orthu sin tá a scagadh féin ar an litríocht i saothair mar Léas ar Ár Litríocht, An Barántas, Scéalaíocht Ár Sinsear, agus an lámhleabhar gramadaí, Sean-Ghaeilge gan Dua, a chuir sé le chéile mar threoir don léitheoir ar an gcuid is seanda den litríocht.

Bhí sceitimíní áthais air nuair a d’aimsigh sé leagan den Táin Bó Cuailnge, nárbh eol go dtí sin gurbh ann dó, i leabharlann Mhaigh Nuad. Réitigh sé eagrán de maille le nótaí ortagrafaíochta agus teanga, agus d’fhoilsigh An Institiúid Ard-Léinn é i 1966.

Ba mhisinéir é Pádraig i mbun a ghnóthaí acadúla — é de shíor ag faireadh amach do shlite inarbh fhéidir leis saíocht na Gaeilge a roinnt ar an bpobal mór agus tionchar na Gaeilge a imirt ar oiread daoine agus ab fhéidir. Ba é seo an spreagadh a thug air sraith léachtaí poiblí ar ár dtraidisiún liteartha a eagrú go bliantúil sa Choláiste. Is mar sin a tháinig ann do ‘Léachtaí Cholm Cille’, sraith atá á reáchtáil agus á foilsiú ó 1970 go dtí an lá inniu agus é féin i mbun na heagarthóireachta formhór mór na mblianta sin.

Ba é an spreagadh céanna a thug ar Phádraig cúrsa bliana dírithe ar an ngnáthphobal, ‘Teastas i Litríocht na Gaeilge’ a bhunú i 1972, agus ba é an díograis chéanna a thiomáin é chun ‘ollscoil scairte’, mar a deireadh sé, a chur ar bun i roinnt pobal a léirigh spéis faoi leith i ndúchas a gceantair féin.

Bhí aicme amháin den phobal, mar atá, an chléir, a raibh spéis faoi leith aige an Ghaeilge a chur chun cinn ina measc. Dá chomhartha sin, bhí sé gníomhach i gCumann na Sagart agus ghlac sé eagarthóireacht iris an Chumainn, An Sagart, mar chúram air féin. Níor ghnátheagarthóir é eagarthóir na hirise sin, rud a d’admhaigh sé féin tráth, óir ba scríbhneoir, dáileoir, díoltóir agus bainisteoir é chomh maith. Bhí tréimhse go raibh 1,500 seoladh á scríobh amach aige lena pheann féin agus is maith an léiriú ar a dhúthracht é gur lean sé breis is leathchéad bliain ina eagarthóir ar An Sagart.

Ba chuid eile d’obair Chumann na Sagart stiúrthóireacht ar chomórtas Ghlór na nGael. Thaistil sé ó cheann ceann na tíre ag cur an chomórtais seo chun cinn — ag bualadh le coistí logánta, á ngríosadh, ag tabhairt cainteanna dóibh, ag freastal ar imeachtaí a d’eagraídís, agus uair sa bhliain thugadh sé mórchuairt orthu go léir ag déanamh measúnóireachta ar a n-iarrachtaí. Thug sé go fial dá chuid fuinnimh agus dá chuid ama, agus is iomaí sin míle aistreánach a chuir sé de i gcaitheamh an dosaen éigin bliain a chaith sé ag gabháil don obair seo.

Is dócha gurb é an gaisce aonair is mó a luaitear le Pádraig Ó Fiannachta ná gurb é siúd, thar éinne eile, faoi deara an Bíobla a bheith ar fáil i nGaeilge na linne seo. I 1966 bhunaigh an Cliarlathas Caitliceach coiste stiúrtha chun aistriúchán ar an mBíobla ó na bunteangacha go Gaeilge a sholáthar agus ceapadh Pádraig mar rúnaí ar an gcoiste le cúram an fhoilsithe air chomh maith. Chiallaigh sin, ar ndóigh, gurbh eisean capall na hoibre sa chúram; is air, cuid mhór, a thit sé an mheitheal aistritheoirí a chur le chéile, an clár oibre a roinnt eatarthu agus tine a choimeád leo nuair ba ghá. Bhí leabhair uile an Bhíobla foilsithe in imleabhair ar leith faoi 1977 agus tríocha ceann acu aistrithe aige féin.

Ba ar Phádraig arís a cuireadh an cúram an t-iomlán a thabhairt chun comhréitigh ó thaobh stíle agus eagair lena bhfoilsiú in aon mhórleabhar amháin. Thug sé faoin gcúram sin leis an bhflosc ba dhual dó, agus laistigh de chúpla bliain, ní hé amháin go raibh an t-iomlán ar fáil faoi aon chlúdach amháin, ach bhí 1,400 cóip den Bhíobla Naofa díolta agus seachadta aige faoin am ar foilsíodh é i 1981. Tá moladh mór faighte ag caighdeán an aistriúcháin, agus níor bhréag ar bith ón gCairdinéal Tomás Ó Fiaich a rá ‘nach mbeadh sé mí-oiriúnach Bíobla Uí Fhiannachta’ a thabhairt ar an éacht aistriúcháin seo.

Ba é Pádraig arís a chuir an leagan Gaeilge ar fáil de An Leabhar Aifrinn nuachóirithe i 1973 agus de théacsanna liotúirgeacha eile mar ba ghá. Dhein sé a dhícheall a áiteamh ar Dhámh na Diagachta i Maigh Nuad an ithir dhúchasach sa diagacht a threabhadh. Seo mar scríobh sé in An Sagart i 1972: ‘Má táimid gan diagacht Ghaelach ach ag faire ar gach cleite gé a shéidfidh gaoth anoir nó aniar chugainn, easpa scoile diagachta Gaeilge faoi ndear é sin cuid mhór. Ní bheimid sásta go mbunófar a leithéid.’ B’údar mór díomá dó a laghad aitheantais a tugadh i gcuraclam na cliarscoile don spioradáltacht dúchais. Thapaigh sé a dheis níos déanaí ina shaol an ghné sin dár n-oidhreacht a chur chun cinn nuair a bhí sé ar scor ó Mhaigh Nuad agus ceaptha ina shagart paróiste sa Daingean. I 1996 bhunaigh sé institiúid spioradáltachta agus léinn dúchais, An Díseart, ar an mbaile sin agus is cloch ghreanta ar a charn anois í an institiúid seo ar chaith sé féin dúthracht mhór á forbairt.

Fear diaganta ba ea riamh é agus i dtreo dheireadh a shaoil bhí sé an-tógtha leis an tuiscint go léiríonn Dia é féin in áilleacht an dúlra. Spreag an tslí a labhradh sé ina thaobh seo cara leis, Patrick O’Neill, stiúrthóir scannán, le léiriú álainn físiúil a thabhairt ar an léargas seo ina scannán ‘The Uncountable Laughter of the Sea’. Mí na Nollag seo caite chuaigh Pádraig go Nua Eabhrac don chéad léiriú agus ba mhór an sásamh dó an scannán sin a bheith tugtha chun críche.

D’fhéadfaí a rá gur ceiliúradh an dúchais, idir Chríostaíocht agus teanga, a bhí i gceist le saol Phádraig. Níl aon duine eile a bhí suas lena linn is mó, is leanúnaí agus is díograisí a d’fhéach le heolas ar a ndúchas a thabhairt do phobal na tíre seo ná é. Dhein sé sin trína chuid scoláireachta agus trína ghníomhaíocht fhuinniúil i gCumann na Sagart agus le Glór na nGael. Dhein sé é in irisí a raibh sé mar eagarthóir orthu, leithéidí Irisleabhar Mhá Nuad agus Iris na hOidhreachta. Dhein sé é trí shaothar scoláirí agus údair eile a chur i gcló faoi inphrionta An Sagart in imleabhair ar leith agus sna sraitheanna a bhunaigh sé: Maynooth Monographs, Dán agus Tallann agus Diagacht don Phobal.

B’údar é Pádraig ina cheart féin a chuir le nualitríocht na Gaeilge le cnuasaigh filíochta chomh maith le scríbhinní taistil agus dírbheathaisnéisiúla. Bronnadh céimeanna oinigh dochtúireachta air, bhí ballraíocht saoil bronnta ag Acadamh Ríoga na hÉireann air, chuir a chomhghleacaithe féilscríbhinn le chéile ina ómós agus bhronn eagraíochtaí éagsúla Gaeilge gradaim dá gcuid féin air. Ach is beag de seo a bhí le brath air: ba dhuine mar chách é i pé comhluadar ina mbíodh sé. Is boichte an saol Gaelach á cheal, ach in áit an cháisimh, bímis buíoch as ar fhág sé againn agus as an gcumas a bhí ann cion fathaigh a dhéanamh ag saothrú an dúchais.

Méadú ar a ghlóire i bhflaitheas Dé.

Feasta, Meán Fómhair 2016

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais