Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Jimín Mháire Thaidhg: Eagrán Canúnach Neamhghiorraithe


Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

‘An Seabhac’ (Pádraig Ó Siochfhradha) a scríobh;
Ríona Nic Congáil a chuir in eagar; maisithe ag Andrew Wilson.

I réamhrá an leabhair seo, cuireann an bhean eagair, Ríona Nic Congáil, i gcuimhne dúinn gurb é Jimín Mháire Thaidhg ‘an carachtar is cáiliúla agus is spraíúla i litríocht Ghaeilge na n-óg’. Tá eagrán nua den leabhar againn anois, mar sin, a ligfidh d’aos óg an aonú haois is fiche aithne a chur air mar a chuir leanaí leis na glúinte rompu. Rud eile spéisiúil a luann Nic Congáil sa réamhrá ná na triúr cailíní scoile – Máire Ní Shéaghdha agus Brighid Ní Shíothcháin as Uíbh Ráthach agus Brighid Stac as Baile an Fheirtéaraigh – ar chuaigh an cín lae a scríobhadar don Lóchrann idir 1916 agus 1918 i bhfeidhm ar an Seabhac agus Jimín á scríobh aige féin – is maith an rud é go bhfuil aitheantas á thabhairt dos na banscríbhneoirí ceannródaíocha seo.

Feictear dom go bhfuil trí bhua ar leith ag baint leis an eagrán seo de Jimín. An chéad bhua ná go bhfuil trí caibidlí a bhí sa chéad eagrán den leabhar agus a fágadh amach as an eagrán scoile curtha ar ais san eagrán seo. Fágadh na caibidlí seo amach as an aistriúchán Béarla a deineadh i 1984 chomh maith, mar sin is beag léitheoir a léigh roimhe seo iad. I gceann de na caibidlí a baineadh amach, briseann Jimín an cleamhnas idir Nell Mháire Aindí agus Peats Teaimí, seanduine nach mian le Nell é a phósadh. I gceann eile acu, pósann Nell a grá geal, Tadhg Óg, agus sa tríú caibidil a baineadh amach, ceapann Jimín go bhfuil púca Bheit Móire, a cailleadh tamall roimis sin, sa tóir air. Chímid sna caibidlí seo, agus sa leabhar trí chéile, go bhfaigheann an tsaontacht an lámh in uachtar ar an seanchríonnacht i bpearsantacht Jimín. Seo leanas é ag caint ar an mbás:

Níor chuimhníos riamh i gceart ar an mbás gur leagadh Beit Mhór leis. Am baic, a mhic ó! ní mé an duine céanna ó shin. Táim teanntaithe ag an mbás mallaithe sin de ló agus d’oíche. Aon rud a chím sa ló bíonn ábhar mo bháis ann. B’fhéidir go mbuailfeadh an capall speach orm nó go leagfadh an t-asal mé nó go mbeadh frídíní galair san uisce – bímid marbh ag an Máistir ag trácht orthu san; agus ó cailleadh Beit, an riach pioc díom a chuaigh thar doras aon oíche ar eagla go bhfeicfinn a púca, a dhuine (lgh 153-4).

Ar an dtaobh eile den scéal, ligeann a shaontacht dó rudaí a rá ná féadfadh an duine fásta a rá go lom díreach. Seo é Jimín ag briseadh an chleamhnais:

‘Thána i leith,’ arsa mise, ‘ó inín Mháire Aindí chun a rá leat ná pósfadh sí in aon chor thú, mar gur seana-chníopaire thú; agus deir Mam go bhfuil an ceart aici; ach deir Máire Aindí nach mór an díobháil a bheidh déanta agat má phósann tú Nell, mar nach fada a mhairfir agus go mbeidh Nell ina bean óg id’ dhiaidh, agus go bhfaighidh sí fear eile, agus beidh do chúig céadsa acu.’

Faid a bhíos ag caint bhí meangadh gáire ag teacht ar chuid des na fearaibh agus sara raibh deireadh ráite agam bhí clab ar an gcuid ba mhó acu ag gáirí (lgh 105-6).

Fágadh tagairtí áirithe d’ábhair mar an grá, an saol eile agus coimhlint idir chomharsain amach as an leagan scoile agus tá siad seo go léir curtha ar ais sa téacs anois chomh maith.

An dara bua a bhaineann leis an eagrán ná gurb í canúint an tSeabhaic féin atá ann, mar a bhí sa chéad eagrán, ach athruithe beaga a bheith déanta ar an mbuntéacs chun é a chur in oiriúint do ghnása litrithe an lae inniu. Fágann san go mbainfidh aon duine a bhfuil suim acu i nGaeilge Chorca Dhuibhne ana-thairbhe as: tá na foirmeacha táite den mbriathar agus an tuiseal tabharthach ar bhéalaibh na gcarachtar arís! Tá nótaí curtha ag an eagarthóir leis an dtéacs a thugann cuntas gonta ar phríomhthréithe na canúna agus míniú ar chuid de na nathanna cainte a bhuaileann linn ann. Is maith san. Foilsíodh leagan caighdeánach den leabhar ag an am céanna leis an leagan canúnach: bheadh sé suimiúil a fháil amach cé acu leagan is mó go mbeidh díol air!

Tríú bua an leabhair ná go bhfuil an dearadh ar ardchaighdeán. Tá clúdach cruaidh air agus tá an páipéar breá láidir. Tá pictiúirí áille tarraingthe ag Andrew Watson agus ní mar mhaisiúchán amháin a fheidhmíonn siad: tugann siad spléachadh leis don léitheoir óg ar na héadaí a caití in aimsir Jimín agus ar an gcuma a bhí ar naomhóga, ar phípeanna, ar chairteacha asail, agus a leithéid. Tá línte ar na leathanaigh fé mar gurb é dialann Jimín féin atá iontu – chuir léitheoir óg amháin, Siún Ní Shúilleabháin (7), suim ar leith sa ghné seo den dearadh. Bhain léitheoir óg eile, Seosaph Ó Súilleabháin (10), sult mór as an leabhar – sílim gur don aosghrúpa 9 + is fearr a oireann sé. An radharc is mó a thaitin le Seosaph agus lena dheirfiúr Siún ná an gandal ólta – d’iarradar orm é seo a léamh arís is arís eile agus dheineadar scartadh gáire gach aon uair a chualadar é.

Tá rudaí áirithe a bhaineann le saol Jimín a thaibhsíonn an-aduain i saol an lae inniu, ar ndóigh – an greadadh a fhaigheann Jimín ar bhonn rialta óna mháthair, an nós atá ag Jimín is a chairde tobac a ól aon uair a fhaigheann siad seans air, agus an tslí a gcaitear le hainmhithe (bánn Jimín cat, ach chun a cheart a thabhairt dó, deir sé gur cheap sé go n-aiséireodh an cat ós na mairbh). Is beag tuismitheoir sa lá inniu ann a bheadh ag súil go raghadh a mac le sagartóireacht, mar a théann Jimín ag deireadh an leabhair – sonra eile a léiríonn an difríocht idir na haimsearaibh. Ach, tugann na gnéithe seo den insint deis mhaith do thuismitheoirí na difríochtaí idir an seanashaol agus an saol comhaimseartha a phlé lena gclann.

Tá Jimín cúpla bliain níos óige ná Greg Heffley, an déagóir sa tsraith Dialann Dúramáin, a bhfuil an chéad dá leabhar inti le fáil i nGaeilge anois, agus cé go bhfuil saol an-dhifriúil ag an dá charachtar seo, tá cosúlachtaí áirithe eatarthu leis: nach iontach an rud é go bhfuil an oiread san éagsúlachta sna leabhair Ghaeilge atá á gcur ar fáil do léitheoirí óga na linne seo!

Feasta, Bealtaine 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais