Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ceol, caint agus cacamas

Gearrscéal le
Liam Ó Bharáin


Chím iad uaireanta ag féachaint orm – ag caint ina láimh go hamhrasach. Níl samhlaíocht acu. Níl tuiscint acu. Níl mothálacht acu. Ní chíonn siad an saol ach trí ghloine dhoiléir an réalachais. Agus tá fhios agam, tá fhios agam go maith go síltear go bhfuilim as mo chiall, as mo mheabhair ar fad.

Ach chím daoine, seandaoine, mná den chuid is mó, ag caint le madraí agus cait agus ag comhrá leo agus is cuma leo sa tsioc fé dhéistin na ndaoine cearta. Tá na luachanna cearta acu san, fiú má bhíonn siad ró-dhíolghadhach lena gcuid ‘peataí’ uaireanta. Faraor, de ghnáth ní chothaíonn siad comhrá ceart; níl aon chumarsáid leanúnach ar siúl. Is trácht aontreoch é den chuid is mó.

Daoine eile, an gnáthdhuine is dócha, chím iad le madraí, le cait agus fiú le páistí, ag béicigh orthu, ag tabhairt ordaithe dóibh i nguth ard garbh. Leanaid siúd na hordaithe, ní go fonnmhar ach go ciotach, le drogall agus le mí-éifeacht – ar eagla an bhotúin.

Táimse ag caint le hainmhithe ó bhíos im leanbh óg. Agus mé im leanbh thuigfinn iad siúd a dhéanfadh caint liom, ach cruinneas na foclaíochta. Agus sin gnáthnós na bpáistí óga. Thuigfinn brí bhunúsach a mbeadh á rá acu agus thuigfidís mise. Leanann páistí an nós céanna de ghnáth, ach ligtear le sruth é den chuid is mó agus iad ag fás suas.

Tá caint ag gach ní agus gach neach fén spéir agus os cionn na spéire, ach é a thuiscint. Téim amach ag siúl gach lá, cuma an aimsir, agus chím go mbíonn chuile rud ag iarraidh caint liom, ach faraoir ní thuigim i gceart iad i gcónaí. An talamh, an spéir, na clocha, na carraigeacha, na crainn agus dar ndóigh na hainmhithe go léir ag caint gan stad. Caitheann tú dul leo, glacadh leo, dul i dtuiscint orthu.

Bhí cat ina chónaí linn tráth a tháinig ar sheift chun cnag ar an doras nuair a theastaigh uaithi teacht isteach sa tigh. Ní raibh sí ábalta an cnagaire a shroisint lena lapa, ach bhí clár silte ar bhun an dorais agus shíl sí dá mbrúfadh sí í féin isteach fé ar thaobh amháin, á ardú ar a droim, go dtitfeadh sé anuas de chnag mór nuair a thagadh sí amach ar an taobh eile. Dhein, agus shíleamar go raibh sí glic mar chat, agus théadh duine againn chun dorais len í a ligint isteach aon uair a dhein.

An cat atá linn anois, tá an chuma uirthi go bhfuil sí níos glice fós. Ní hea; tá an cat so cliste. Tuigeann sí gach a deirtear léi, idir bheannaithe, ordaithe, chuirí agus roinnt mhaith comhráití ina theannta san. Tuigeann sí ‘Seo dhuit,’ ‘ith sin,’ ‘téir suas,’ ‘Téir in airde’ ‘Téir síos,’ ‘téir amach,’ ‘imigh,’ ‘bhfuil bia uait?’ ‘Ar mhaith leat roinnt sicín?’ ‘bia fliuch,’ ‘Gabh i leith,’ ‘Suigh síos tamall.’ gach saghas abairte gonta agus ina theannta san baineann sé le dealramh go dtuigeann sí an-chuid eile atá i bhfad Éireann níos casta, ach fós tá sé deacair sin a dhearbhú. Suíonn sí ag éisteacht le comhráití daonna agus tuigeann sí.

Tá freagra aici ar gach ceist ach an cumas a bheith agat an freagra a thusicint. Idir meascán de purrr, brrr mrrabha, brrradh, crradh mrcnabha agus mar sin de, tá sé an-deacair ar an ngnáthdhuine ciall a bhaint as an gcuid is mó dá caint. Ná bíodh aon dul amú ort ach go bhfuil brí le gach a deireann sí, agus dar ndóigh gach a dheineann, don té a thuigfeadh.

An rud atá á rá agam ná go dtuigeann sí gach a deirimid léi ach ná tuigimidne ach corr-rud a deireann sí. Ciocu, mar sin, is cliste an cat a thuigeann an duine nó an duine ná tuigeann an cat? Dein do mhacnamh air.

Is minic a thagann sí chugainn le bronntanas éigin: leath luchóige, éan leath-ite, francach iomlán (ní itheann sí francach riamh) agus a leithéid. Tamall ó shin d’osclaíos an doras ar maidin agus bhí ubh loin dhuibh fágtha dúinn ar an mata. D’fhágas ann é mar go ndúirt duine againn go mb’fhéidir nár fhág sí ann dúinne é, ‘Mar,’ arsa an duine sin, ‘Ní dóigh liom go bhfuil sé de nádúr, ná de chlisteacht ag a’ gcat a leithéid a dhéanamh.’

An mhaidin dar gcionn bhí an tarna hubh ann lena hais, ceann eile ar an tríú lá agus arís ar an gceathrú lá agus cúig cinn leagtha amach i líne díreach néata ar an gcúigiú lá. Bhíos cinnte go raibh siad fágtha ann dúinn, ach bhí an t-amhrasaí fós inár measc.

Ar an séú lá, an Satharn, bhíos ag obair amuigh sa ghairdín. Dhíríos ón obair chun sos beag a thógaint agus chonac an cat thíos sa ghairdín íochtarach ag teacht im threo. Tháinig sí in airde na céimeanna chugam, sheas sí ag mo chosa, d’oscail a béal agus leag an séú hubh ar an bhféar idir mo dhá bhairbín. ‘Brrrchnabha,’ ar sí agus bí cinnte go gciallaíonn sin: ‘Seo duit anois.’ Ní raibh aon dabht ach gur bhrontannais iad na huibheacha agus ghabhas mo bhuíochas léi. Thógas an ubh ón bhféar agus na huibheacha eile ón mata agus níor chuir sí a thuilleadh acu ann mar go raibh ag glacadh leis an mbronntanas fé dheireadh.

Cúis na hinsinte seo ná go léiríonn sé tuiscint agus clisteacht an chait. Smaoinigh anois ar an raidhse glórtha atá ag an gcat, caint an chait. N’fheadair éinne cad iad na hábhair chainte a bhíonn acu fiú. Dheineas féin mo mhacnamh air seo. Dheineas iarracht éisteacht i gcónaí léi agus nílim a rá go bhfuil Caitis go hiomlán líofa agam, ach tuigim an difríocht idir ‘tá bia uaim, tá ocras orm, tá ocras an domhain orm, nílim ach ag iarraidh dul amach, táim leadránta, tá luchóg agam amuigh anso, tabhair peataireacht dom,’ agus roinnt mhaith eile éileamh, gearán agus leaganacha cainte, ach fós tá fhios agam go dtuigeann an cat i bhfad Éireann níos mó dá dtagann ó mo bhéalsa ná mar a thuigim uaithi.

Leis an taithí seo a fuair mé as bheith i gcomhluadar an chait chuireas suim i gcaint na gcréatúr eile mórthimpeall. Thosnaíos ag éisteacht leis na héin. Tá níos mó ná an giolcadh gan chéill uatha. Bíonn comhráití casta eatarthu. Éist leis an réimse cainte atá ag an dreoilín mar shampla. Ach tá sé deacair iad a thuiscint, mar de ghnáth ní thagann siad chun cainte leis an duine. Fanann siad amach uainn. Níl aon ghnó acu linn.

An rud céanna leis na froganna. Tá roinnt clann acu sa ghairdín seo againne agus go déanach sa tráthnóna táid le clos ag comhrá eatarthu féinig. Agus ní chuireann siad isteach ar a chéile; ní fuaim agus fothram gan chéill a bhíonn ar siúl. Ní hea, tagann ráiteas ó cheann acu sa ghairdín uachtarach. Leanann ciúnas an mhacnaimh sin ar feadh neomait agus ansan tagann freagra ón ndream thíos sa linn in íochtar an ghairdín. Ó am go chéile cuireann duine acu – ceapaim gur féidir duine a thabhairt ar a leithéid – fé sceach áit éigin ar theorainn an ghairdín, a ladar isteach sa chaint. Ach nílid ag cur isteach ar a chéile, táid ag comhrá go béasach múinte. N’fheadair éinne cad tá á rá acu. Sin an fhadhb.

Shíleas san agus thosnaíos ag éisteacht. Thosnaíos leis na dreoilíní mar shíleas go raibh réimse soiléir ina nguth; níl caint na bhfroganna chomh grinn im chluais.

Chaitheas na laethanta, na seachtainí, na míonna i mo shuí sa ghairdin ag ligint orm go rabhas ag léamh agus ag tógaint nótaí as na leabhair, ach is ag éisteacht leis na dreoilíní a bhíos, ag foghlaim a dteanga. Dá mbeadh fhios aige daoine cad a bhí ar siúl agam, cheapfaidís go rabhas as mo mheabhair ar fad ar fad. Ní dúras faic le héinne.

Tá sé ráite go bhfuil idir ceithre shiolla fichead is sé shiolla fichead ina n-amhráin ag na dreoilíní, ach caithfidh ná fuil aon Ghaelainn ag an té a dhein na staidéir orthu, mar tá na consain chaola is consain leathana acu, gutaí fada is gutaí gearra, séimhithe is urraithe do na consain agus an-chuid rudaí casta nach iad, a thugann solúbthacht thar na beartaibh do cheol a gcuid cainte agus i bhfad, i bhfad níos mó ná sé shiolla is fiche dóibh.

Nílim á rá go bhfuil sé fuirist a dteanga a fhoghlaim, ach don té a thuigeann ceol agus rithim na filíochta, don duine sin tagann an tuiscint go tobann tar éis tamall a chaitheamh ag éisteacht go foighneach. Níor thuigeas an méid de a bhí agam féin gur tháinig an dreoilín beag seo amach as an tor sútha craobh le m’ais, shuigh sí ar chúl mo chathaoireach agus thosnaigh ag caint. Baineadh preab asam gur thuigeas gach siolla dá cuid feadaíola. Dheineas iarracht í a fhreagairt le feadaíl ina teanga féin, ach duirt sí gan bacaint, gur thuig sí Gaelainn na ndaoine.

Dheineas iarracht dul i ngleic le teangacha na n-éan eile, ach níorbh fhiú dom é. Thuigeas gan ró-mhoill ná raibh ag an snag breac ach cúlchaint, ag an bpréachán ach béiceach leanbaí ar nós amhastrach an mhadra, agus ar aon nós go raibh a dteangacha fiú níos éagsúla óna chéile ná teangacha daoine. Bíonn na spideoga ag caint an t-am ar fad, ach is caint gan éifeacht í den gcuid is mó, an sórt ruda a chloisfeá i dtigh tábhairne nó club oíche. Ach an lon dubh, bhuel, is fiu éisteacht lena cheol, ach n’fheadar féna chomhráití. Bheartaíos ar ghreim ceart a fháilt ar theanga an dreoílín mar thús, rud atá idir lámhaibh agam i gcónaí.

Anois, má tá deacracht agat an méid atá ráite agam a chreidiúint, nó a thuiscint cé chomh cliste is atá roinnt ainmhithe, má cheapann tú ná fuil inchinní mór a ndóthain acu gnóthú mar dhaoine, smaoinigh ar na seangáin, mar shampla. Níl an seangán ach cúpla nó trí mhilliméadar ar fhad, le ceann atá b’fhéidir, leath-mhilliméadar nó milliméadar ar leithead, agus is feirmeoir é. Sea, feirmeoir. Deineann siad an chuil ghlas a aoireacht, a bhleán, a bheathú agus a chosaint ón mbóín Dé. Ina theannta san táid eagraithe mar oibrithe agus mar shaighdiúirí. Agus tá iontaisí mar an gcéanna ag baint le an-chuid feithidí agus ainmhithe beaga eile. Cén fáth ar domhan ná beadh caint acu?

Leanfaidh mé ar aghaidh ar aon nós.

Ní ró-fhada tar éis dom an Dreoilínis a fhoghlaim, bhíos amuigh tráthnóna ag siúl ar an mBóithrín Glas a théann timpeall an chnoic, na colúir ag dul ar aghaidh os mo chionn: ‘Cucú-cú cucú, cucú-cú cucú, cucú-cú cucú – cuc!’ agus a gcacanna ag titim go flúirseach ar gach taobh.

Anois, cheapas i gcónaí go raibh na colúir saghas dúr, nó simplí, ina gcuid cainte, lasmuigh den nead ar aon nós. N’fheadar fé cad a bhíonn ar siúl acu i gcomhluadar an teaghlaigh. Tá madraí mar sin, ag béicigh ar a chéile go leanbaí san oíche, ach tá fhios ag an saol go bhfuil siad cliste agus go mbíonn caint níos suimiúla acu nuair ná bíonn siad ag amhastraigh. Chuas i dtaithí ar an Madrais go fuirist i bhfad ó shin.

Seans go raibh an chuma orm go rabhas bréan díobh, de na colúir, mar ar mo theacht amach ó scáth líomhnaithe na gcrann tháinig an dreoilín seo ag preab-eitilt ó sceach go sceach le mo thaobh. Agus thosnaigh sí ag caint.

‘Bhfuil fhios agat,’ ar sí, ‘cad tá á rá acu?’

‘Tá,’ arsa mise, ‘Cucú-cú cucú, cucú-cú cucú, cucú-cú cucú – cuc!’

‘Sea,’ ar sí, ‘ach an bhfuil fhios agat cad is brí leis?’

‘Níl. Mar níl an Colúrais agam,’ a d’fhreagair mé, mar b’in an fhírinne.

‘Seo,’ ar sise: Ar dhein tú inniu, / ar dhein tú inniu, / ar dhein tú inniu – cac?’

‘Sin gránna,’ arsa mise, ‘agus iad ag iarraidh cac a scaoileadh anuas orainn?’

‘Sin é díreach é, ach tá scéal ag baint leis. Ar mhaith leat é a chlos?’ ar sí, agus í ag eitilt ar chamchuairt timpeall orm.

‘Ba mhaith, cinnte,’ arsa mise

Seo an scéal más ea:–

‘Fadó riamh, nuair a bhí Fionn fós ina bhuachaill óg, bhí ceol agus caint aiges na colúir. Bhíodar cliste agus cumasach san fhilíocht.

‘Bhí an lon dubh draíochta tar éis filleadh ón tSeapáin – bhí scoláireacht cheoil agus filíochta fachta aige ó na dreoilíní le dul ann – áit inar fhoghlaim sé an Haiku, agus bhí sé á mhúineadh do na colúir. Mhínigh sé dóibh conas é a dhéanamh. D’imigh sé agus tháinig thar n-ais an lá dar gcionn, féachaint conas mar a bhí ag éirí leo.

‘Mar is eol duit, de ghnáth bíonn seacht siolla, nó “on”, déag i ngach Haiku, agus bhí na colúir in airde ar chrann ag cac anuas ar na daoine agus iad ag canadh:

Cucú-cú cucú, cucú-cú cucú,
cucú-cú cucú – cucuc?
Rud a chiallaíonn:
Ar dhein tú inniu,
ar dhein tú inniu,
ar dhein tú inniu – do chac?

Bhí an lon dubh draíochta ar buille. Bhain sé an ceol, an teanga agus an cumas filíochta díobh, ionas ná beidís ábalta ach an t-aon rud amháin a rá go deo arís agus ná beidís ábalta fiú sin a thuiscint agus ná beadh sé ar a gcumas Haiku ceart a dhéanamh go deo arís, mar níor fhág sé ach sé shiolla déag acu san amhrán.’

‘Deirtear,’ ar sí, ‘má cloiseann tú seacht siolla déag ag aon cholúr go gciallaíonn sin go bhfuil grásta fé leith fachta aige as gníomh eisceachtúil maith, nó go bhfuil sé an-chliste; má tá níos lú, is amadán é amach is amach.’

D’imigh sí ansan ag gliogaireacht agus ag feadaíl léi féin.

Mar is nós dom, stopas chun meabhrán a scríobh i mo leabhar beag nótaí: ‘Éist leis na héin, éist go cruinn. Cloisfidh tú agus tuigfidh tú.’

Leis sin tháinig madra mór mosach taobh thiar díom. Chuimil sé mo chosa le heireaball fada clúmhach, d’fhéach suas orm agus dúirt, ‘Ná héist leis an ráiméis sin. Níl aon dreoilín le trust. Cleas atá ar siúl aici siúd chun a brocadh féin a cheilt. Táid salach agus gránna.’ Chaith sé súil mhór mhealltach orm agus d’imigh leis, eireaball in airde.

Rith sé ar aghaidh píosa, stop agus scaoil cac mór bréan amuigh i lár an chosáin os mo chomhair amach. Leis sin ghlaoigh a pheata duine, a bhí ar mo shála, air. Chasadar beirt ar fho-chosán agus d’imíodar leo, gan bacaint le haon stoop ná scoop.

Scriosas amach a raibh scríofa agam agus bhreacas abairt nua ina ionad: ‘Cad is fiú caint de gach cineál a thuiscint mura bhfuil inti ach cacamas?’

Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais