Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Comóradh 100 bliain Sheáin Uí Ríordáin

le hArt Ó Maolfabhail


I mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí, 1-3 Nollaig ceiliúradh cothrom céad bliain theacht Sheáin Uí Ríordáin ar an saol, 3 Nollaig 1916. Is cúis bhreise é breith Sheáin leis an bhliain 1916 a chomóradh. Ar bhróisiúr na hócáide tá an teideal “Comóradh an Ríordánaigh, ‘Ní insint dán ach bheith’ : comhdháil ar smaointeoireacht an Ríordánaigh”. Freisin ar an bhróisiúr i nóta beathaisnéise deirtear ‘Ba fhile thar a bheith tábhachtach i litríocht na Gaelainne é, agus táthar ann a déarfadh gurb é mórfhile Éireannach na nua-aoise é.’

Bhí clár substaintiúil ábhar curtha ar fáil – léachtaí agus cainteanna suimiúla ann ó fhormhór ollscoileanna na hÉireann, agus iontas na n-iontas, níorbh é Ollscoil Chorcaí, arbh é pátrún acadúil Sheáin é lena bheo, a stiúirigh an ócáid. Ollscoil Luimnigh i gcomhpháirt le hIonad Chultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne (sic) a rinne an gnó. Bhí flúirse léachtóirí ann agus níor bhraitheas-sa athrá ina gcuid cainte. Rinne filí aitheanta agus oirfidigh eile dánta de chuid an Ríordánaigh a chur i láthair go slachtmhar, ealaíonta. Le cois, taispeánadh dhá scannán nua atá bunaithe ar dhánta leis an Ríordánach. Reachtaíodh an chomhdháil le beachtaíocht ó thús go deireadh agus b’fhiú go mór liomsa bheith i láthair.

Rud amháin a bhraith mé in easnamh i measc an iliomad glórtha a bhí le cloisint ann. Ba é glór Sheáin Uí Ríordáin féin é. B’fhéidir gur d’aon ghnó nach raibh a ghlór le cloisint ach is deacair liom é sin a chreidiúint ós rud go bhfuil sé ar fáil go soiléir ar Seán Ó Ríordáin, filíocht agus prós, á léamh ag an bhfile (Gael Linn, ceirnín 1979, diosca 2008). Chuirfeadh glór Sheáin féin leis an ócáid, dar liom, agus níor ghá go mbainfí mórán de scóip na léitheoirí a d’aithris roinnt de dhánta Sheáin dúinn.

Chuir seo ag smaoineamh mé ar ionad an Ríordánaigh agus a shaothair, idir fhilíocht agus phrós, sna hinstitiúidí acadúla. Measaim go mbeadh eagla ar Sheán, agus é céad bliain d’aois i mbliana, go bhfaighfeadh sé é féin i gcomhluadar Eoghain Rua Uí Shúilleabháin agus Dháibhí Uí Bhruadair, is é sin, thiar sa stair, an uair ba mhaith leis féin a bheith beo beathach san aimsir láithreach agus a smaointí fós lán de bhrí do phobal na hÉireann agus, go deimhin, do phobal níos leithne ná sin, ós rud é gur smaointeoir ar an leibhéal idirnáisiúnta a bhí ann.

B’fhéidir go dtreiseodh ar an eagla sin aige dá bhfeicfeadh sé clár oifigiúil na hócáide, ‘Páipéir Chomhdhála’ agus ‘Aoiléachtaí’ liostaithe gan teideal le ceann ar bith díobh amhail is go raibh na húdair ag coimeád a bpúdar tirim, a gcártaí teannta lena mbrollach. Ba dheacair éaló ón tuairim go raibh an saothar dírithe go príomha ar fhoilsiú na gcainteanna i leabhar amháin eile comhdhála mar chomhartha feabhais ar institiúidí léinn. San am chéanna, mura ndéanfadh lucht institiúidí léinn Seán Ó Ríordáin agus a smaointeoireacht a chomóradh cé eile a dhéanfadh? Tá ioróin sa scéal seo.

‘An léann’

Luaigh duine de na cainteoirí ‘an léann dallta ag léann’ agus luaigh cainteoir eile an dán envoi a chuir Seán lena chéad chnuasach, Eireaball Spideoige (1952), dán ina bhfuil na línte
Má castar libh fear léinn sa tslí,
Bhur rún ná ligidh leis, bhur sians,
Ní dá leithéid a cumadh sibh :
Tá baint agaibh le bualadh croí,
Ar chuma an éinín bheannaithe.
Is mar sin a chuir Seán Ó Ríordáin brollach dearg dána go misniúil roimhe agus é ag tabhairt aghaidh ar an saol mór. Dar liomsa, níor athraigh sé a phort riamh, agus cé nár mhiste leis an t-aitheantas ag lucht léinn, measaim gurbh fhearr go mór leis bheith ag labhairt le pobal an náisiúin.

An scríbhneoir géarchúiseach sin Torlach Mac Con Midhe, tá tuairim léirithe aige i dtaobh chleachtadh na fealsúnachta i bPáras le céad bliain anuas. ‘Sna ‘50idí lonnaigh lucht an Eiseachais i Saint-Germain-des-Prés, áit a raibh cuid mhaith de na foilsitheoirí agus na siopaí leabhar freisin …. Tá na foilsitheoirí agus na díoltóirí leabhar anseo go fóill …. Ach cad a tharla do na hintleachtóirí féin? Tá deireadh le fada leis an intleachtóir ‘saor’ neamhspleách i bPáras, agus acadóirí tagtha ina n-áit. … Na hintleachtóirí fadó mar Sartre agus Camus agus Breton, ní bhíodh poist ollscoile ná deontais taighde acu. … Sa lá atá inniu ann, fiú in Éirinn, bheadh náire ar scríbhneoir a chuid ama a chaitheamh i dtithe tábhairne, in ionad a bheith ‘táirgiúil’ ag tabhairt léachtaí uaidh do lucht ollscoile áit éigin.’ (Torlach Mac Con Midhe, Aistí Eorpacha, Coiscéim 2015, lgh 68-70).

Measaim go bhfuil sé ró-dhian ar scríbhneoirí na hÉireann, ach is dóigh liom go bhfeiceann sé i gceart an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul. I dtaobh bobos (bohémiens bourgeois) Pháras an lae inniu, deir sé nach bhfuil siad mar a bhí na bohemiens saora a chuaigh rompu. Ina dtaobh siúd deir sé ‘d’fhéadfá a bheith sáthach cinnte go raibh an chuid is mó den smaointeoireacht ina measc neamhspleách ar an gcomhdhearcadh coitianta. Anois, conas is féidir a bheith easaontach más saineolaí thú amhail acadóir an lae inniu? Glacann an bhunaíocht leat toisc go bhfuil post ollscoile agat, agus bítear ag súil le hiompar agus stíl chumarsáide “gairmiúil” uait. Toisc gur saineolaí thú, caithfidh tú cur leis an dioscúrsa oifigiúil, seachas a bheith ag magadh faoi.’ (Ibid. lch 71)

An saol sócúil

An é an saol sócúil a ghabhann leis an ‘dioscúrsa oifigiúil’ sin atá i ndán don Ghaeilge feasta, nó pé fad saoil a dheonófar di? Nach é Breandán Ó Beacháin a dúirt ‘Dá dtiocfadh file ag séideadh gríosaí / Raghainn abhaile, mo ghnó agam críochnaíth.’? Agus an Ríordánach, go deimhin, nár leasc leis riamh tabhairt faoin Bhunaíocht, nach é a mbeadh rud éigin bríomhar le rá aige faoin ábhar seo? Is sna hirisí Comhar agus Feasta go príomha a chéadfhoilsíodh dánta Uí Ríordáin. Tá aithne agam ar Ghael-acadóirí a bheadh sásta saothar an Ríordánaigh a phlé, agus a d’admhódh gan náire nach cuimhin leo an uair a léigh siad irisleabhar reatha Gaeilge. Do na daoine sin is ábhar taighde an Ríordánach seachas inspioráid.

I gcomhthéacs chuimhne na bliana 1916 is suntasach domsa an leanúnachas a fheicim idir shaothar Sheáin Uí Ríordáin (filíocht agus prós) agus saothar liteartha Phádraig Mhic Phiarais. Ní miste a mheabhrú gur sa bhliain 1893 a thosaigh an Piarsach ar an nGaeilge a fhoghlaim agus gan ach beagán thar scór bliain fágtha ar an saol seo aige. Mar sin, is iontach an smacht a fuair seisean ar an teanga sa tréimhse ghearr sin. Ar ndóigh, is é an dian-úsáid a bhain sé as an nGaeilge a mhíniú sin. Is é an dian-úsáid chéanna thar dhá scór bliain a d’fhorbair cumas Sheáin Uí Ríordáin ar an nGaeilge. Agus is é an comhoibriú idir a mheabhair agus a mhothúcháin agus an cumas Gaeilge sin a thug don náisiún an saibhreas a bhféadfaí Fís an Ríordánaigh a thabhairt air.

Léirigh an Piarsach agus an Riordánach araon fairsinge Eorpach aigne agus iad ag leanacht a bhFíse. Chun na Gaeltachta siar ag lorg na Gaeilge agus chun na Beilge soir chun staidéar a dhéanamh ar an dátheangachas a chuaigh an Piarsach. Chun na Gaeltachta siar a chuaigh an Riordánach agus dúirt gurb ann a bhí a Londain agus a Pháras. Féach nárbh é an Béarla teorainn smaointeoireachta na beirte, agus is ansin atá bonn na tuairime gurb é Seán Ó Ríordáin mórfhile Éireannach na nua-aoise.

Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais