Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Creideamh agus Céimiúlacht na dTeangacha

le Torlach Mac Con Midhe
(údar Aistí Eorpacha, Coiscéim, 2015)




Is mór an tionchar a bhí ag cúrsaí creidimh ar chúrsaí teanga. Is léir sin ó stair na hEorpa agus na hÁise. Bíonn teangacha ‘naofa’ ann, toisc na Scrioptúir a bheith scríofa iontu, agus bíonn teangacha eile lena mbaineann tábhacht áirithe, toisc go n-aistrítear na Scrioptúir chucu. Bíonn meas ar theangacha áirithe agus drochmheas ar theangacha áirithe eile, agus is é an creideamh is cúis leis.

Ar fud Mhór-Roinn na Eorpa sa séú haois déag, chruthaigh an Leasú Creidimh margadh nua do na teangacha, bunaithe ar mhiotais Bhíobalta faoin teanga agus faoin gcaint: cruthú an domhain trí Bhriathar an Tiarna, Ádhamh i bParthas, Túr Bháibil, míorúilt na Cincíse agus aroile.1 Bhí dearcadh mórálta ar an scéal anois freisin: de réir na nDaonnachtaithe, bhí droch-Laidin agus ceart na Laidine ann, agus ina dhiaidh sin bhí na teangacha náisiúnta á meas ar an mbealach céanna. Agus teicneolaíocht nua na clódóireachta ar fáil, féadadh ‘caighdeán’ nó ‘teanga oifigiúil’ a chur ar bun don náisiún. Bhí a lán daoine ag léamh, agus scolaíocht á cur ar fáil don aos óg. Cuireadh na chéad leabhair i gcló ina lán teangacha Eorpacha. Thug an Frith-Leasú Creidimh spreagadh eile don chlaonadh seo, a lean ar aghaidh sa seachtú haois déag.

Bhí buntáistí agus mí-bhuntáistí ag baint leis seo maidir leis na teangacha ‘beaga’ cosúil leis an nGaeilge, teangacha nár bhain le ríocht chumhachtach náisiúnta . Don chuid is mó bronnadh stádas nua orthu. Uaireanta, áfach, cuireadh brú orthu. Cén fáth?

Ag an am, an prionsabal a bhí i réim ná cujus regio, ejus religio: bhí ar an bpobal creideamh an rialtóra a ghlacadh. Má ba Chaitliceach é, cosúil leis an Impire i Vín nó Rí na Spáinne nó Rí na Fraince, bhí ar an bpobal bheith Caitliceach; má ba Phrotastúnach é, cosúil le Rí Shasana nó prionsaí Protastúnacha na Gearmáine, bhí ar an bpobal bheith Protastúnach. Dá mba rud é go raibh an pobal tugtha don chreideamh contrártha, bheadh géarleanúint ann, nó bheadh iarracht oifigiúil ann chun an creideamh ‘cuí’ a thabhairt dóibh. Dá mba rud é go raibh teanga faoi leith á labhairt ag an bpobal, dhéanfaí iarracht leabhair chrábhaidh de chuid an chreidimh chuí a thabhairt dóibh ina dteanga féin agus a scaipeadh ina measc. Agus dá mba rud é go raibh teanga ag an bpobal a bhí á húsáid ag an dream contrártha chun a gcreideamh siúd a chur chun cinn, dhéanfaí iarracht an teanga sin a chur faoi chois.

Uaireanta, mar sin, bhíodh seans ann don teanga bheag nuair a tháinig an Leasú agus an Frith-Leasú Creidimh, ach tharla a mhalairt freisin. Ní gá ach smaoineamh ar an Rómainis in Grisons na hEilvéise agus an Laidinis, an Ladin, san Tioróil Theas. Ghlac cuid de mhuintir na Rómainise leis an gcreideamh nua, agus d’fhan an chuid eile dílis don Róimh. D’aistrigh na Leasaitheoirí an Bíobla go Rómainis, agus maidir leis na Frith-Leasaitheoirí, ní hamháin gur fhoilsíodar leabhair chrábhaidh sa teanga, ach chuireadar leabhair ghramadaí agus a leithéid ar fáil do na misinéirí a raibh orthu an teanga seo a fhoghlaim.

Bhí an Ladin, canúint gar don Rómainis á labhairt san Tioróil Theas, agus tá go fóill. Tá an dá réigiún in aice lena chéile, ach is leis an Iodáil an Tioróil Theas anois. Ag an am sin, sa 16ú agus sa 17ú haois, bhain an Tioróil Theas leis an Naomh-Impireacht Rómhánach. Labhraíodh Ladin ar fud an réimse. Sa Vintschgau nó Vnuost, (Val Venosta san Iodáilis), an gleann in aice leis an Eilvéis, is mar sin a bhí, ach bhí mainistir ann de chuid na mBeinidictíneach arbh ainm di Marienberg, agus bhí Gearmáinis ag na manaigh. Bhí rath áirithe ar na Leasaitheoirí i measc an phobail mar a bhí i measc mhuintir na Rómainise san Engadin i ndeisceart na Grisons. Nuair a tháinig an Frith-Leasú, cuireadh ab Marienberg, fear darbh ainm Matthias Lang, i mbun oibre chun muintir an ghleanna a ‘athchaitliciú’ (rekatholisieren). Fear dian fuinniúil ab ea Lang, agus bhuail an smaoineamh é go raibh an Creideamh Leasaithe á thabhairt ar aghaidh leis an Ladin, agus go dtiocfadh an mhuintir ar ais go dtí an Caitliceachas, dá mba rud é go mbainfí an Ladin díobh agus go dtabharfaí an Ghearmáinis, teanga an Impire, dóibh.

D’fhógair sé ‘clár Barbusch’, reachtaíocht áitiúil a chuir iachall ar bhaile Barbusch in aice na mainistreach glacadh leis an nGearmáinis mar theanga oifigiúil agus mar theanga scolaíochta don aos óg. Bhí rath ar an gclaonadh seo ar fud na tíre. Ag deireadh an 18ú haois bhí an Ladin beagnach marbh i ngleann an Vnuost.

Is amhlaidh go mbíodh Leasaitheoirí agus Frith-Leasaitheoirí idir dhá chomhairle go minic faoi na teangacha beaga. Ar thaobh amháin, ghlac Leasaitheoirí leis an nóisean gur chóir an Bíobla a chur ar fáil do na daoine ina dteanga féin, ní i Laidin amháin, agus thuig na Frith-Leasaitheoirí go mbeadh orthu dul san iomaíocht le lucht an chreidimh nua agus úsáid a bhaint as teicneolaíocht na clódóireachta freisin.

Ar an taobh eile, b’fhéidir go raibh an creideamh contrártha á chur ar fáil agus á chothú i dteanga na ndaoine cheana féin, agus b’fhéidir go raibh lucht na teanga sin ag cur in aghaidh an rí nó an impire, agus a dteanga san iomaíocht le teanga oifigiúil na ríochta. Ba chóir an teachtaireacht Chríostaí ‘cheart’ a thabhairt do na daoine, ach ar chóir é seo a dhéanamh trí mheán teanga a bhí mí-fhábharach don teachtaireacht? Nó ar chóir cúl a thabhairt le teanga na ndaoine agus brú a chur orthu teachtaireacht an chreidimh a ghlacadh i dteanga an rí?

Smaoinímis ar an nGaeilge, mar shampla. Is léir go raibh sé ar intinn ag an mBanríon Eibhlís 1 an Protastúnachas a bhrú ar mhuintir na hÉireann agus an Eaglais Chaitliceach a ruaigeadh as an tír. Mheas sí féin agus na Sasanaigh gurbh ionann an Caitliceachas agus cur i gcoinne thiarnas Shasana – agus an ceart acu. Ach bhí siad i gcoinne na Gaeilge freisin.

Caithfear a rá nach raibh an méid seo ag teacht le smaoineamh na Leasaitheoirí gur chóir an Bíobla a chur ar fáil do na daoine ina dteanga féin. Ach toisc go raibh siad i gcoinne na Gaeilge, ba leasc leis na Sasanaigh Bíobla Gaeilge a chur ar fáil. Ar deireadh rinne an tArdeaspag Ussher, fear léannta éirimiúil, an gnó, ach níor glacadh leis an mBíobla aige i measc na ndaoine; bhí sé ró-dhéanach. Ag an am céanna bhí Frith-Leasaitheoirí ar an Mór-Roinn ag cur leabhair chrábhaidh i gcló agus ar fáil do na Gaeil in Éirinn, agus bhí rath ar an tionscadal sin.

Cuireadh Bíobla Breatnaise ar fáil, ghlac muintir na Breataine Bige leis an gcreideamh nua, agus bhí rath ar an mBreatnais mar theanga dá réir ar feadh tamaill mhaith. Ní mar sin a bhí i gCorn na Breataine díreach ag an am céanna: bhí an Choirnis á cur faoi chois ag Ríocht Shasana, agus díbríodh an teanga as an Eaglais agus as an gcreideamh nua. Chuir Eaglais Shasana an liotúirge ar fáil i dteanga an phobail – ach ní Coirnis ach Sacs-Bhéarla a bhí i gceist. Bhí an scéal go dona ag an gCoirnis ansin, agus bhí deireadh léi faoi dheireadh an 18ú céad. Maidir leis na hAlbanaigh, bhí an Kirk, an Eaglais Chailvíneach, suite i nGalltacht na hAlban, agus bhí sí i gcoinne lucht na nGarbhchríocha, nach mbíodh ró-dhílis riamh don Rí i nDún Éidin, agus mar sin níor chuireadar Bíobla ar fáil sa Ghàidhlig.

Bhí folús eaglasta de shaghas ann, mar sin, sna Garbhchríocha ar feadh na gcéadta. Níor cuireadh Bíobla sa Mhanannais ar fáil ach san 18ú haois. I litriú foghraíochta, bunaithe ar scríobh an Bhéarla a bhí sé, litriú nár bhain le litríocht seanbhunaithe na Gaeilge nó na Gàidhlige. Sa Bhriotáin, bhí leabhair chrábhaidh á gcur ar fáil ag deireadh an 16ú haois, agus misean mór ann sa teanga dhúchais sa 17ú haois ag an sagart Íosánach, Julien Maunoir.

Ilteangachas éigeantach

Don chuid is mó, mar sin, bhí aighneas na gcreideamh fábharach do na teangacha beaga. Spreagadh na Leasaitheoirí ar dtús, agus ansin na Frith-Leasaitheoirí, chun na teangacha seo a chur i gcló don chéad uair. Nuair a bhí cúpla leabhar i gcló, tháinig leabhair eile, agus le himeacht aimsire bhí litríocht ann agus bhí margadh ann di. Agus leabhair i gcló, díríodh aird ar an teanga, agus cumadh leabhair ghramadaí agus foclóirí agus cuireadh i gcló iad, agus iad ar fáil do mhisinéirí a tháinig isteach ó áiteanna eile, agus ar ndóigh don phobal féin, don aicme oillte ach go háirithe.

Caithfear a rá nach raibh sna leabhair seo ar dtús ach aistriúcháin: an Bíobla, nó leabhair iomann nó leabhair chráifeacha á n-aistriú ó theangacha móra. Agus ní raibh suim ag na Leasaitheoirí agus na Frith-Leasaitheoirí ach i gcúrsaí creidimh agus iad ag scríobh agus ag foilsiú sna teangacha beaga. Níor bhac siad le haon litríocht a bhí iontu cheana féin, nó leis an mbéaloideas i measc na ndaoine; uaireanta bhíodh siad i gcoinne amhráin agus scéalta na ndaoine, toisc iad a bheith ‘saolta’ nó ‘págánach’ nó fiú ‘gáirsiúil’, dar leo. Ar feadh tamaill mhaith, bhí greim cuíosach docht ag na Leasaitheoirí agus na Frith-Leasaitheoirí ar an méid a cuireadh i gcló sna teangacha seo, agus dá bharr sin ar na teangacha féin agus a bhforbairt.

Ní miste a rá go raibh ‘ilteangachas éigeantach’ i réim ag an am seo. Úsáideann an scoláire Iosraelach Danny Dor2 an téarma seo in alt aige faoi úsáid na dteangacha ar an Idirlíon inniu. An é go bhfuil an Béarla chun tosaigh sa domhan mar thoradh ar réabhlóid na cumarsáide, mar a chreideann a lán, nó an bhfuil buntáistí ann do na teangacha eile? Dar le Dor, is amhlaidh go bhfuil comhlachtaí móra Meiriceánacha ag brú an ilteangachais ar an domhan, mar chuid dá straitéis domhandaithe. Tá a fhios acu nach mór na táirgí nó na bogearraí agus na lámhleabhair a ghabhann leo a aistriú go dtí gach uile theanga ‘áitiúil’, ionas go mbainfidh na custaiméirí sna tíortha sin úsáid astu.

Cuid den mhargaíocht dhomhanda, .i. domhandú na dtáirgí Meiriceánacha, is ea an t-ilteangachas seo. Má tá an ceart ag Dor sa mhéid a deireann sé, ní chiallaíonn an t-Idirlíon bua an Bhéarla, ach céim ar aghaidh do theangacha eile. Ach deineann Dor pointe spéisiúil eile: tá bogearraí na gcomhlachtaí móra seo ar tí teacht in áit an chórais ‘áitiúil’ d’fhoclóirí agus d’acadaimh, mar chaighdeáin do na teangacha náisiúnta éagsúla. Bíonn daoine ag brath ar chláir chúnta Word níos mó ná ar fhoclóir an acadaimh náisiúnta, más ann dó, anois. Mar sin, beidh cuma nua ar an gcumhacht agus ar an údarás i gcúrsaí teanga amach anseo.

Ach sin an rud díreach a tharla in aimsir an Leasú Creidimh. Bhí brú ag teacht ó na Leasaitheoirí chun an Bíobla a aistriú go dtí gach uile theanga san Eoraip, ionas go dtuigfeadh na gnáthdhaoine é. Agus an méid sin ar siúl, is minic a chruthaigh na Leasaitheoirí i ngach tír teangacha liteartha caighdeánaithe as an nua. B’shin é an chéad bhabhta den ‘ilteangachas éigeantach’ riamh. Agus d’athraigh sé teanga-dhreach na hEorpa ar bhealaí nach raibh lucht a dhéanta ag súil leis, is dócha.

Is féidir leis an aistriúchán an córas cumhachta maidir leis an gcumarsáid a athrú ar fud an domhain, ach braitheann sé ar cé tá i mbun an aistrithe, cén teanga a n-aistrítear aisti agus cén teanga a n-aistrítear inti. Nuair a bhíonn an chumhacht ag duine áirithe, is é a theanga-san a bheidh ina teanga fhoinseach; maidir le gach uile dhuine eile, beidh a dteangacha siúd ina dteangacha aidhme. Cloisfidh na daoine eile an teachtaireacht ó fhear na cumhachta ina dteanga féin, ach is é is dóichí nach mbeidh seans acu siúd a gcuid teachtaireachtaí a chur ar ais chuige.

An chuid is mó den aistriúchán atá ar siúl ar domhan anois, is dóigh liom, is ábhar é atá á aistriú ó Bhéarla go teangacha eile, agus ní a mhalairt. Tá sruth na faisnéise mar a bheadh abhainn ann, agus tá an Béarla ‘suas an abhainn’, agus na teangacha eile ‘síos an abhainn’. Na smaointe, na claonta, na hearraí nua, tagann siad ón teanga thuas, ní ó na teangacha thíos. Ní hé go bhfuil an teanga thuas ná lucht a labhartha níos fearr ná níos éirimiúla ná lucht na dteangacha eile, ach ní ritheann an t-uisce suas an abhainn! Agus na teangacha síos an abhainn, is dócha go dtiocfaidh athraithe orthu le himeacht aimsire de bharr bhrú na teanga thuas orthu.

Domhan an Bhéarla, mar sin, cé go bhfuil an t-ilteangachas éigeantach á bhrú aige mar a deireann Dor, beidh seans aige anois na teangacha uile a athchruthú ina shamhail féin, mar a déarfá. Beidh teangacha áirithe in ann an fód a sheasamh níos fearr ná teangacha áirithe eile, ní gá dom a rá.

Naofacht mar oidhreacht

I gcéimiúlacht na dteangacha sa 16ú agus sa 17ú céad, tugadh an bua do na teangacha ‘naofa’ a raibh na Scrioptúir scríofa iontu. Nuair a aistríodh ábhar go teanga eile, teanga an phobail, bhí ciall na teanga seo ag brath ar údarás na teanga naofa. Fuair teangacha an phobail stádas nua, toisc go raibh cúrsaí creidimh agus léann an chreidimh á bplé iontu, agus thar aon rud eile, toisc go raibh na Scrioptúir á n-aistriú go dtí na teangacha seo, mar bhí an Eabhrais ann i dtús báire, teanga Ádhaimh agus teanga Dé féin, mar a déarfá.

D’aistrigh scoláirí Giúdacha an Bíobla Eabhraise go Gréigis (An Seachtód), agus fuair an Ghréigis céim in airde dá réir. Ansin cuireadh an Tiomna Nua ar fáil i nGréigis, agus fuair an teanga céim in airde eile, agus stádas atá aici go fóill san Eaglais Cheartchreidmheach. D’aistrigh Naomh Iaróm an Bíobla go Laidin, deineadh leagan oifigiúil na hEaglaise (An Vulgáid) as sin, agus bhí cuma na teanga naofa ar an Laidin as sin amach.

Teanga na liotúirge freisin a bhí inti san Iarthar, agus mistéir an chreidimh á ceiliúradh inti, cé nach raibh sa Laidin ach teanga riaracháin na hImpireachta ar dtús. Agus anois in aimsir an Leasú Creidimh, a bhuíochas do Liútar agus a lucht leanúna, fuair na teangacha náisiúnta dínit nua, toisc go raibh na Scrioptúir á n-aistriú chucu. Dá bharr sin, cuireadh céimiúlacht nó ordlathas ar bun do na teangacha ar fad: ó na teangacha ‘naofa’, clasaiceacha go dtí an Laidin, a bhí in úsáid léannta go fóill, go dtí teangacha náisiúnta a bhí á gcaighdeánú, á gceartú, á scríobh agus á gcur i gcló anois, agus le himeacht aimsire rinneadh ‘clasaicí’ nua astu, agus litríocht ‘clasaiceach’ ag gach teanga náisiúnta ar deireadh.3

Cuireann an teangeolaí Francach Jean-Noël Robert4 síos ar an gcoibhneas stairiúil idir an tSínis agus an tSeapáinis, agus tugann sé hiéroglossie air. Mar is eol dúinn, fuair na Seapánaigh a gcuid cultúir ó shibhialtacht léannta na Síne ar an Mór-Roinn, cé gur fhan siad neamhspleách ó Impireacht na Síne i gcónaí ó thaobh na polaitíochta de. Nuair a tháinig an Búdachas i réim sa tSín, tugadh go dtí an tSeapáin é agus glacadh ansin leis an gcreideamh nua seo. Ar feadh na gcéadta ina dhiaidh sin, bhíodh manaigh Bhúdacha na Seapáine ag dul go dtí an Mhór-Roinn chun a bheith ag staidéar agus ag foghlaim, agus d’aistrigh siad na Sútraí, scrioptúir naofa an Bhúdachais go dtí a dteanga féin. B’é sin tús na litríochta sa tSeapáinis. Bhí na Seapánaigh ag brath ar an tSín chun ardsibhialtacht agus, thar aon rud eile, scríobh na teanga a fhoghlaim. Deir Robert: Níl aon teacht againn ar stádas chultúr na Seapáine saor ón tionchar Síneach.5

I gcásanna mar sin, dar leis, meastar gur teanga naofa í an teanga ardsibhialtachta ón iasacht, a dheimhníonn ceart na teanga a dheineann aithris uirthi. Deir Robert: ‘Tugaim hiéroglossie ar an gcoibhneas céimiúlachta sin idir dhá theanga (nó tuilleadh), nuair a mheastar go bhfuil ceann amháin acu sa chéad áit mar aithris ar chúrsaí an domhain, agus go bhfaigheann an ceann eile nó na cinn eile bun agus barr a gcéille ón gcéad cheann, sin le rá, go n-athdhearbhaítear luach focal teanga amháin trí thagairt do theanga eile.’6

Chreid na Seapánaigh fadó gur theanga fhoirfe í an tSínis chun cur síos ar an domhan, bhí an oiread sin measa acu ar shibhialtacht na Síne; ach le himeacht aimsire mheas siad gur theanga fhoirfe í an tSeapáinis freisin chun cur síos ar an domhan, ó tharla gur bhain sí úsáid as carachtair na Sínise sa bhfoirm scríofa. Tá an ceangal sin ann toisc gur ghlac na Seapánaigh na carachtair Síneacha (a chuireann focail iomlána in iúl, ní fuaimeanna) chun a dteanga féin a scríobh. Mar sin bhí na carachtair chéanna á scríobh acu, ach fuaim na Seapáinise á cur leo. Nuair a deineadh aistriú ar Shútraí an Bhúdachais agus téacsanna eile ón tSínis go dtí an tSeapáinis, bhíodh coibhneas an-chúng idir an dá théacs i gcónaí. Deir Robert:

‘Ní aistriúchán amháin atá i gceist, mar bíonn sé d’aidhm ag an aistriúchán téacs neamhspleách a chruthú nach mbeidh air tagairt a dhéanamh don bhuntéacs a thuilleadh. I gcás an choibhnis idir an tSínis agus an tSeapáinis, ní bhristear an ceangal sin riamh, agus bíonn an leagan Seapáinise ‘saibhir’ le buntéacs Sínise, is féidir í a chur i dteagmháil leis i gcónaí.’7

Mar a deir Robert, glacann an teanga dúchais páirt i naofacht na teanga eachtrannaí trí phróiseas an aistriúcháin agus na haithrise, agus éiríonn sí féin naofa ar deireadh: ‘Teastaíonn ó gach teanga a bheith naofa ... Má ghlacann an teanga sin leis an gcoibhneas céimiúlachta i dtús báire, feictear go dtagann dúil inti aithris a dhéanamh [ar an teanga eile] agus bheith in ann fírinne an domhain a chur i bhfocail go cruinn.’8

Tharla sin i gcás na Seapáinise maidir leis an tSínis, dar le Robert, ach ansin deineann sé an nasc le cúrsaí teanga san Iarthar: ‘Airítear an dineamaic seo ... sa phróiseas a thug naofacht an Bhíobla Eabhraise ar aghaidh don Bhíobla Gréigise, agus ansin don Bhíobla Laidine.’9 Sa Mheán-Oirthear, chuir an Eabhrais, teanga naofa an Bhíobla, tríd an aistriúchán, cuma na naofachta ar an Ghréigis, a thug cuma na naofachta don Laidin de réir a chéile. Baineann an hiéroglossie seo, mar a thugann Robert le tuiscint, le i bhfad níos mó ná an t-aistriúchán. I gcás an aistriúcháin, tagann an téacs aistrithe in áit an bhuntéacs. Toisc go bhfuil an t-aistriúchán idir lámha ag an léitheoir, tig leis dearmad a dhéanamh ar an mbuntéacs. Ach sa chás áirithe seo tá siombóis ann idir an buntéacs agus teanga an aistriúcháin. Táimid ag plé le teangacha nach imíonn leo tar éis a n-aistrithe, ach a fhanann i láthair, sáite istigh sa teanga ar chóir di teacht ina n-áit.

Airítear an méid sin a bheith ar siúl san Iarthar freisin le teangacha an phobail ag an Leasú Creidimh. Bhí trí theanga ‘naofa’ ann roimhe sin – an Eabhrais, an Ghréigis agus an Laidin. Ach anois bhí na gnáthdhaoine chun Briathar Dé agus an liotúirge a bheith acu ina dteanga féin, agus ba ghá naofacht áirithe a bhronnadh ar an teanga dhúchais freisin. Sin é an gaisce a rinne Máirtín Liútar ar son na Gearmáinise. Chuir sé Gearmáinis ar an mBíobla, agus tríd sin rinne sé ceathrú teanga naofa den Ghearmáinis, d’fhéadfá a rá. I saothar amháin dá chuid, scríobhann sé: ‘Gabhaim buíochas le Dia gur féidir liom mo Dhia a fháil sa teanga Ghearmánach, mar ní bhfuair mé é agus ní bhfuair sí é ach oiread riamh roimhe, i Laidin, Gréigis ná Eabhrais.’10

B’eiseamláir an Ghearmáinis do theangacha eile Lár agus Oirthear na hEorpa, na teangacha beaga ach go háirithe. Rinneamar cur síos cheana ar Bhíobla agus leabhair Rómainise á gcumadh ag Leasaitheoirí a raibh an creideamh nua faighte acu i nGearmáinis. Sampla eile ná réigiún na hiar-Iúgslaive. B’é an Leasaitheoir Liútarach Primoz Trubar a scríobh agus a d’fhoilsigh na chéad leabhair i Slóivéinis. Sa bhliain 1550 chuir sé Caiticeasma amach. An teideal a bhí ar an leabhar seo ná Catechismus in der Windischen Sprach, teideal Gearmáinise ar ndóigh, agus réamhrá Gearmáinise leis, ach tá téacs an Chaiticeasma i Slóivéinis.

Cuireann Trubar in iúl, mar sin, go bhfuil sé de cheart aige an creideamh a scaipeadh ina theanga féin, toisc go bhfuil sé á scaipeadh ag Liútar agus Leasaitheoirí eile i nGearmáinis. Tráchtann sé ar ‘bhaisteadh na dteangacha dúchais’: cé gur idirdhealaíodh na teangacha ag Báibil mar phíonós ar an duine, anois tá páirt ag na teangacha i gcoibhneas nua, tiomna nua idir Dia agus an duine.11

Tagairtí


1. Tá trácht agam cheana ar an téama seo sa leabhar Iarsmaí na Teanga: na teangacha Ceilteacha i stair smaointeachas na hEorpa, Baile Átha Cliath, Coiscéim, 2005, caibidil 2.
2. Daniel Dor, ‘From Englishization to imposed multilingualism: globalization, the Internet, and the political economy of the linguistic code’: Public Culture 16(1), 97-118, 2004.
3. Táim ag smaoineamh ar l’Age classique san bhFrainc agus Weimarer Klassik Goethe agus Schiller sa Ghearmáin.
4. Robert, Jean-Noël, La hiéroglossie japonaise, Paris, Collège de France / Fayard, 2012.
5. Nous n’avons aucun moyen d’accéder à un état de la culture japonaise qui serait vierge de toute influence chinoise. (P. 50)
6. J’appelle donc hiéroglossie la relation hiérarchisée entre deux ou plusieurs langues, dans laquelle l’une est tenue pour l’idiome primordial dans l’ordre de la représentation du monde, et l’autre ou les autres reçoivent de la première l’essentiel de leur sens, c’est-à-dire que la valeur des mots d’une langue sera validée par leur référence à une autre. (lch. 62)
7. Il ne s’agit pas d’une simple traduction, car la traduction a pour but de créer un texte indépendant qui ne devrait plus renvoyer à son original. Dans le cas du rapport langagier sino-japonais, le lien substantiel n’est jamais coupé et la transposition en japonais demeure toujours riche de sa source chinoise, elle pourra toujours y être ramenée. (ibid.)
8. Toute langue aspire à devenir sacrée… si la relation hiérarchisée est au début acceptée de bonne grâce par la langue d’accueil, on voit se développer assez rapidement un esprit d’émulation qui la pousse à vouloir accéder à son tour au statut de moyen d’expression privilégiée de la vérité du monde. (ibid.)
9. On découvre cette dynamique… dans le mouvement qui a fait passer la sacralité de la Bible hébraïque à la Bible grecque, puis à la Bible latine… (lch. 63)
10. Ich danke Gott, dass ich in deutscher Zunge meinen Gott also höre und finde, als ich und sie mit mir allhier ihn nicht funden haben, weder in lateinischer, griechischer noch hebräischer Zunge (Theologia deutsch, 2. Vorrede, sleacht á thabhairt ag Weisgerber, Leo, Die Entdeckung der Muttersprache im europäischen Denken, Lüneburg, Heliand-Verlag, 1948, lch. 84, agus ag Bonfiglio, Thomas Paul, Mother Tongues and nations: the invention of the native speaker, De Gruyter Mouton, NY, 2010, lch. 96).
11. Weisgerber (1948) lch. 90, agus Bonfiglio (2010) lch. 98.

Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais