Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


MEANMANRA
An tSíceolaíocht agus an Fhealsúnacht

Cnuasach aistí ó chomhdháil na bliana 2015.

Seaghan Mac an tSionnaigh & Oisín Uíbh Eachach a chuir in eagar.

Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2016. 160 lgh. €10.


Pádraig Mac Fhearghusa a chuir i láthair i gClub na bPíobairí, Sráid Henrietta, BÁC, 19 Samhain 2016.

A Ghaela, idir scríbhneoirí agus léitheoirí, i dtús báire ba mhaith liom a rá go bhfuil Seaghan Mac a tSionnaigh agus Oisín Uíbh Eachach le moladh as a bhfuil de dhua curtha acu orthu féin Meanmanra, cnuasach de na páipéir a cuireadh i láthair ag an gcéad chomhdháil den teideal sin a chur ar fáil dúinn. Cuimsíonn brí an fhocail ‘meanmanra’ dhá bhunghné den bheatha dhaonna: cúram na haigne, cúram an mhachnaimh, ar thaobh amháin, agus an misneach ar an taobh eile.

Is dhá ghné iad atá de dhíth go géar ar shaol na Gaeilge. Gan machnamh a bheith á dhéanamh inti, éiríonn an cheist cad is fiú an Ghaeilge a bheith ann mar theanga. Is ar mhaithe linn féin a iomlánú mar dhaoine atáimid dílis don teanga. Ar mhaithe linn féin a iomlánú mar indibhidí, agus mar bhaill dár bpobal stairiúil, a bhraithimid agus a dhearbhaímid riachtanas na Gaeilge – riachtanas na staire agus na beatha mothálaí atá folaithe inti – i dtreo go mbeidh an t-am atá le teacht ina fhorás réasúnach céillí ar an am atá caite againne, Gaeil.

Agus gan an misneach a bheith againn, an misneach chun an machnamh seo a dhéanamh ar staid an duine faoina chló Éireannach, is cinnte nach mbeidh mórán i ndán dúinn mar phobal teanga. Mar a léirigh Paul Tillich i leabhar thar leabhraibh, The Courage to Be, tá dlúthbhaint ag an misneach leis an imní a shárú, lena bheith ann id iomláine mar dhuine.

An imní, sea. Luaigh an Cadhnach ‘rabharta dorcha’ le spéir na Gaeilge leathchéad bliain ó shin. Is rabharta dorcha í spéir na Gaeilge i gcónaí, agus go háirithe faoi na rialtaisí is déanaí againn. Ach níl sé ar intinn agam dul chun fadálachta mar gheall ar chiorraithe agus ar chealuithe ar institiúidí agus ar thacaíochtaí Gaeilge le blianta anuas.

Is fearr liom a dhearbhú gur ábhar misnigh ann féin is ea foilsiú na gcainteanna a tugadh ag an gcéad chomhdháil anuraidh. Tuigeann na heagarthóirí nach miste ‘borradh’ a chur faoi chultúr fealsúnachta agus síceolaíochta na Gaeilge féin, seachas cultúr fealsúnachta agus síceolaíochta an Bhéarla a bheith mar bhia leanúnach intinne againn.

Pléisiúr ann féin is ea é leabhar machnamhach a léamh, agus tá seacht gcinn d’aistí géarchúiseacha i Meanmanra, atá ina bhfoinsí léargais agus léireolais.

Is fiú focal ina dtaobh in ord a gclóite. Beireann Ríona Ní Churtáin ar ais sinn go dtí an réamhrá in Éireaball Spideoige Sheáin Uí Ríordáin, agus an comhthéacs fealsúnta a bhaineann lena chuid téarmaí, amhail ‘múnla’ agus ‘paidir’ agus ‘geit’, agus déanann comparáid agus codarsnacht idir mhachnamh an Ríordánaigh agus machnamh Phlatóin agus scríbhneoirí mar Hopkins. Cuireann sé le suim an ailt go bhfuil cur amach aici ar na leabhair fealsúnachta agus chreidimh a bhí i mbailiúchán leabhar an Ríordánaigh, Coiméide Dhiaga Dante, aistriúchán an Mhoinsíneoir Pádraig de Brún, Teagasc Críosduidhe Gaeilge Uí Dhuinnshléibhe, agus na comhráite le Platón a chuir Seosamh Mac Laghmhainn i nGaeilge faoin teideal Breith Báis ar Eagnuidhe, mar shampla – tráth a raibh ollúna ollscoile áirithe toilteanach a áiteamh nach raibh an Ghaeilge sásúil go fóill mar mheán ardléinn. Treoir fhónta ann féin don scríbhneoir agus don mhachnóir óg is ea an liosta leabhar atá leis an aiste.

Áitíonn Risteard Mac Annraoi ina alt siúd go ‘[m]ba chóir go mbeadh modhanna scagtha na fealsúnachta mar chuid lárnach den chóras oideachais.’ Ach más é gnó na fealsúnachta focail agus frásaí agus coincheapa a scagadh ar mhaithe le teacht ar a gciall cheart, tá níos mó ná féin-iniúchadh agus foclaíocht i gceist, a chuireann Risteard ar ár súilibh dúinn, mar is baill de phobal sinn, agus dá réir sin baineann an tsochaí agus ár gcaidreamh le daoine eile agus an eitic féin go mór le réimse na fealsúnachta. Dualgas, mar a thuigeann sé, is ea é léirmheas a dhéanamh ar an tslí a riartar an comhluadar. Agus tagraíonn sé le báidh do thuairim Shócraitéas gurb ionann agus duáilce é an t-aineolas, toisc go dtagann aimhleas an duine de.

Cuireann Tom Boland agus Tríona Ní Shíocháin coincheap na ‘tairseachúlachta’ i bhfeidhm ar smaointeoireacht Samuel Beckett agus Sheáin Uí Ríordáin ina n-aiste ar ‘eispéireas na suibiachta sa nua-aimsir.’ Gabhann sé i gcionn ar an léitheoir gur in aois idir-eatarthu atáimid lonnaithe, ar an tairseach idir dhá shaol, gafa go buan fiú ar an tairseach idir dhá mhóimint staire. Má d’fhás an bheirt scríbhneoirí chruthaitheacha seo aníos sa tréimhse idir an Éire choilíneach a bheith ag dul in éag agus an Éire iarchoilíneach a bheith á saolú, agus má thiteadar beirt in ‘umar doimhin na saoirse’ dá thoradh, tráth a bhí na sean-chinnteachtaí ag leá, ní haon ionadh go dtéann filíocht an Ríordánaigh agus drámaí Beckett i bhfeidhm orainn, mar léiríonn siad staid an duine atá gafa i saol tairseachúil an tsíorchlaochlaithe, áit nach dtagtar riamh chun baile, chun compoird; seo saol ár Nua-aoise.

Sa chaibidil le Tomás Mac Síomóin ar Ghorta, Géinte agus an Ghaeilge, tá nithe maithe géara ráite i dtaobh chol lucht na Gaeilge leis an léitheoireacht, col atá ina ‘bhac leanúnach ar fhás chultúr liteartha na Gaeilge’, a deir Tomás. Fiú má cheapann cuid againn go bhfuil Tomás ródhian orainn, is cinnte nach bhfuil an easpa díolacháin ar ábhar léitheoireachta fásta i nGaeilge ina chúnamh ag an scríbhneoir. Díríonn Tomás ar an mbealach a bhfuil teipthe ar phobal na hÉireann an aigne iarchoilíneach atá ina chrapall orthu a chur díobh, in ainneoin iad a bheith ag ligint orthu féin nach bhfuilid amhlaidh gan dabht. Baineann sé úsáid as téacs mar The Coloniser and the Colonised le Albert Memmi chun a théis a áiteamh, mar aon le go leor samplaí ónár mbéascnaíocht agus ónár n-iompar féin. Cuid lárnach, a deir sé linn, d’oidhreacht na gciníocha uilig a tháinig faoi chuing an choilínithe an drogall roimh athshealbhú an dúchais, agus é ag tagairt don teanga Ghaeilge ach go háirithe, agus don aigne scitsifréineach a bhfuil báidh aici leis an teanga, ach a bhfuil leisce uirthi í a labhairt.

Argóint shuimiúil, agus chonspóideach fiú, a chuireann sé chun cinn ná go seoltar an tráma a fhulaingíonn duine, tráma an Ghorta féin fiú i gcás Éireannaigh, ar aghaidh tríd an dúchas bitheolaíoch, tríd an DNA féin, agus go bhfuil seo ina bhonn leis an táirmheon iarchoilíneach (an meon féin-drochmheastúil a fheicimid i measc cuid dár dtráchtaírí, a deirim féin, agus nathanna mar ‘It could only happen in Ireland,’ nó ‘We’re good Europeans’, in úsáid acu, nó an casadh searbhasach a bhaintear as nath ciallmhar mar ‘an Irish solution to an Irish problem.’ Cad eile atá uainn ach réitigh Éireannacha ar fhadhbanna Éireannacha?

Pé ní, maidir leis an dúchas bitheolaíoch, agus tréithe fáltais a bheith inseolta anuas ó ghlúin go glúin, bhí Lamarckachas dá leithéid seo faoi their sa saol eolaíoch glúin ó shin, ach tá obair ar siúl a léiríonn go bhféadfadh go n-iompródh an cholainn chomh maith leis an gcultúr torthaí duaircis agus dímheasa na brúidiúlachta agus an fhoréigin agus an ghorta ar aghaidh ó ghlúin go glúin, mar a chuireann Tomás ar ár súile dúinn.

Tá caibidil an-suimiúil anseo le Marie Pascal, aistrithe ón bhFraincis, ag Seán Mac an tSionnaigh, ina gcuirtear teoiric Bakhtine faoin gcronatóp, nó am-spás, i bhfeidhm ar An tOileánach agus An Béal Bocht. Féachtar ar na saothair mar aonaid teamparáltha spásúla, mar úrscéalta béaloideasúla sna cásanna áirithe seo, agus dírítear ár n-aire ar go leor gnéithe de na scéalta, a bhféadfadh an claonadh a bheith ionainn, b’fhéidir, éirí neamhchoineasach orthu: an bealach a mbíonn an nádúr agus an duine ina n-aon; agus an t-am coincréideach, gan deighilt idir am agus talamh agus nádúr; an bealach a úsáidtear ainmhithe mar mheafar don duine, agus an gaol atá ag an duine leis an ainmhí mar shampla.

Féinléamh ar an mbeith-sa-bhith atá ar siúl ag Pádraig Ó Cíobháin agus é ag trácht ar thrí cinn de shaothair leis féin: Faightear gach Laoch in Aisce, Dréachta Chrích Fódla IML 1, agus De Chion Focal.

Níl fear níos fearr ná Pádraig chun dúshlán na nua-aoise a thabhairt trí mheán na Gaelainne, beag beann ar bhriseadh Chionn tSáile ná aon bhriseadh eile a d’fhulaing Gaeil agus a dteanga riamh anall. Léiríonn an chaibidil aige an bealach a thumann sé é féin sa mhiotaseolaíocht agus sa bhfealsúnacht chun grinneall a aimsiú dá shaothar. Is maith liom a thuairim go mb’fhéidir gur cúpla Siamach iad an fhealsúnacht agus an tsíceolaíocht nach bhfuil sé éasca a dhealú ó chéile.

Má tá téis choiteann laistiar den leabhar ina iomláine, fiú téis neamhchoineasach, measaim gurb é seo é: go bhfuil an tsamhlaíocht, agus a páiste an litríocht, ina foinse eolais chomh maith céanna leis an intleacht, agus a leanbh siúd an fhealsúnacht. Meabhraíonn sé dom a raibh i gceist ag Yeats nuair a bhreac: Wisdom first speaks in images.

In Dréachta Chrích Fódla, mar shampla, tá an Cíobhánach féin ag cur eolais ar an tseanlitríocht ar ár son, agus ár dtabhairt chun tuisceana uirthi sin, agus is móide dá réir ár dtuiscint ar litríocht ár nua-aoise féin: tá an Dasein, an bheith-sa-tsaol, an téarma le Heidegger is maith le Pádraig a úsáid, á léiriú sa dá shórt litríochta, litríocht an laochais agus litríocht na hindibhidiúlachta, mar is maith le Pádraig a chur ar ár súile dúinn; agus níl ní is bunúsaí ná an imeacht as baile, an comhrac agus an filleadh ar an mbaile, amhail an duine, mar a deir Pádraig ‘ar a thaisteal ó anabaíocht a óige trí chora crua an tsaoil go sroicheann aibiúlacht a sheanaoise.’ (114)

Ní mór ná gur leabhrán ann féin é an chaibidil is téagartha dar teideal ‘Intinní, Áilleacht agus Litríocht’ le hEoghan Mac Aogáin, fear a bhfuil saothar suntasach fealsúnachta agus síceolaíochta curtha de aige, gan ach Iohannes ó Éirinn agus Máistrí na Gréige ar Scottus Eriugena a lua. Tuairimí fealsaimh chultúir mar Edward Cassirer a chur ag obair chun tairbhe chultúr agus teanga na Gaeilge atá ar siúl aige sa chaibidil seo ina bhfuil léamh agus beachtú soiléir á dheanamh aige ar intinniúlacht nó intentionality an duine, agus ar nós Cassirer, ní fhágann sé an ghnáthshíceolaíocht, an litríocht, an ceol ná an phéintéirecht lasmuigh de raon a thráchtaireachta agus anailíse fealsúnta.

Iomláine a shamhlaím leis an leabhar seo ar chuma thimthriallach éigin. Is daoine iad na scríbhneoirí seo ar suim leo an choinníoll dhaonna, mar a thugann Breandán Ó Doibhlin uirthi. Ní mian leo gné ar bith de shaol an duine a fhágaint lasmuigh dá raon, agus ar chuma an-daonna, iomlánaíonn na caibidlí eagsúla a chéile.

Is fiú an leabhar seo a léamh, agus a athléamh, míle nó trí de bhóthar na smaointeoireachta a thaisteal leis na húdair, agus machnamh agus athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil á rá acu; agus más fiú an leabhar a athléamh, agus athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil ann, is fiú an leabhar a cheannach, agus ar an nóta ardmheanmach sin, a chríochnód.

— Pádraig Mac Fhearghusa, 19/11/2016

Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais