Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dán
le Micheál Ó hAllmhuráin

TG4

Is naomhóg tú a thugann cúnamh dúinn go léir
iascach a dhéanamh sa saol máguaird,
Ionas go mbeadh beatha úr againn le cur inár mbéal.

Is púcán tú a bhíonn ag iompar chugainn le faobhar
ualaí faisnéise a fhairsingíonn ár gcúis,
nuair a thosnaíonn cúinsí ag teanntú ár bplé.

Is bád tú a bheireann sinn timpeall an domhain le spéis,
ag taiscéalaíocht agus ag tiomsú,
ionas go mbeimis i bhfeighil intinne, doimhin agus saor,

Agus is spásárthach tú i gcónaí ag taisteal i gcéin,
ag cur aithne ar gach aon tarlúint
chun go mbeadh fios feasa ag freastal ar ár léas.

Breithlá sona duit inniu, a theilifís saibhir le fís,
mar is diamhair cad tá déanta agat in achar fiche bliain.
——◊——

(31 Deireadh Fómhair 1996 – 31 Deireadh Fómhair 2016)


Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo