Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Laoch ar Lár, Impleachtaí na Breatimeachta agus Éigeandáil Tithíochta

le Seán Ó Loingsigh


Mar is maith is eol dúinn, dá mhéid an gradam a thabharfadh an teideal ‘Uachtarán na hÉireann’ le tuiscint, i ndáiríre agus go praiticiúil is beag an fheidhm chumhachta a bhaineann leis an oifig, agus tuigtear de réir an bhunreachta gur feidhm shearmanais nó deasghnách ar an gcuid is mó atá i gceist. Mar sin féin, is eol dúinn leis i gcás an triúir is déanaí a bhí in oifig, agus an tUachtarán Ó hUiginn san áireamh, gur mhó a bhí le rá acu mar Uachtaráin agus gur mhinicí dóibh ag déanamh ráitis phoiblí, bíodh go raibh siad seachantach nach raibh na ráitis sin in earráid le ról nó le polasaithe an Rialtais.

Tháinig an cheist seo chun cinn arís le déanaí ar ócáid bháis an iarUachtaráin Fidel Castro i gCúba, nuair a chuir an tUachtarán Ó hUiginn in iúl a chomhbhá le muintir Chúba. I dtuairim choiteann na meán cumarsáide, chuaigh ráiteas an Uachtaráin thar fóir ag moladh Castro agus na réabhlóide a thionscain sé ina thír dhúchais, agus nár thagair sé dá réimeas mar dheachtóireacht, mar shéanadh ar an daonlathas agus cearta daonna, nó fiú gur bhrúidiúlacht agus tíorántacht a bhí mar bhun leis.

Ní cúram dúinn anseo ár nUachtarán a chosaint ar na meáin chumarsáide, pé an aontaímid leo nó nach ndeineann, ach amháin a rá go bhfuil saorchead cainte ag an uile dhuine, fiú, ag ár nUachtarán. Ach ná bímis ag brilléis leis mar scéal. Níor mhaith linn go mbeadh gobán ar an Uachtarán, agus bhí a fhios againn nár bhalbhán é nuair a roghnaíodh é. Go deimhin, déarfaimis gur ceann dá bhuanna go raibh sé barúlach, agus nach dtiocfadh sé éasca chuige a bheith ag ceilt a thuairimí orainn nó a bheith ag tláithíneacht lena chuid cainte.

I gcás Castro, ba réabhlóidí mór de chuid na haoise seo caite é. Bhí gan amhras débhríochas i gceist lena ré gar do leathchéad bliain mar rialtóir. Níor tuigeadh go maith nuair a chuaigh sé i mbun rialaithe i gCúba gur Marxach-Leinineach a bhí ann ó thaobh fealsúnachta polaitiúla, pé ar shuim le muintir Chúba é sin nó nár shuim, nó ar thuig siad céard a bhí i gceist leis. Is fíor gur tháinig sé agus a réimeas faoi ionsaí fíochmhar óna chomharsa béal dorais, ionsaí a lean fad a bhí sé i gcumhacht, agus gur chuir sé sin go mór le cruatan an phobail. Is dochreidte gur ina leaba a fuair sé bás in aois a nócha bliain, nuair a deirtear linn gur dhein an CIA cúig nó sé chéad iarracht é a fheallmharú. Tá an fhianaise láidir gur mhó bá an phobail le Castro ná le lucht a cháinte, agus meáin chumarsáide na tíre seo le háireamh ina measc-san.

A gceart do na Stáit Aontaithe agus don Uachtarán Obama, deineadh maolú ar an naimhdeas, agus ar na srianta ar chumarsáid a bhí i bhfeidhm in aghaidh an réimis, agus d’fhéadfaí a bheith ag súil le dea-thoradh ar an gcur chuige sin. Is fiú leis a lua gur thug an t-iarUachtarán Carter cuairt ar Chúba in 2002, agus gur labhair sé le pobal an oileáin ar theilifís agus ar raidió gan srian, gan chosc.

Is ábhar maíte ag na meáin chumarsáide a seasamh ar son saoirse an phreasa, agus gan amhras bheifí ag súil go mbeadh an tsaoirse céanna i gceist inár saol i gcoitinne. Fiú i gcás an Uachtaráin, agus diancheangail chomhghnáis agus prótacail san áireamh, ba dheacair a rá nach bhfuil míshásamh na meán iomarcach, agus fiú míchuí, ar an ócáid seo.

Tá ‘Breatimeacht’ ina ábhar conspóide i gcónaí sa Bhreatain, agus é amhlaidh anseo in Éirinn: go deimhin, bheadh sé fíor a rá gur ag méadú atá an chonspóid agus an imní sa dá thír, de réir mar a éiríonn na himpleachtaí agus na deacrachtaí a bhaineann léi níos soiléire. Ba ghearán mór againne a laghad suime a léirigh rialtas na Breataine sna deacrachtaí a bhaineann leis an teorainn idir an dá Stát ar an oileán seo, agus sa chaidreamh idir an dá phobal. Ach anois tá coiste de chuid Theach na dTiarnaí i Londain tar éis tuarascáil a fhoilsiú a phléann an cheist chéanna, agus atá chomh gearánach céanna maidir le neamhaird an rialtais i Londain ar thuairimí agus ar imní ar dhá thaobh na Teorann.

Deireann an coiste seo gur chás ar leith ab ea an tír seo, ó thaobh na staire agus an dlúthchaidrimh idir an dá thír, agus gan amhras luaitear arís an cur isteach ar thrádáil agus ar thaisteal, ach tagraítear go sonrach leis i dtuarascáil an choiste do Shocrú Aoine an Chéasta agus do bhuanú na síochána, agus d’aon drochimpleachtaí a d’fhéadfadh éirí mar thoradh ar ‘Bhreatimeacht’.

Is ábhar suime dúinne an grinnscrúdú a rinne an coiste ar an gceist seo, agus is cosúil gur ghlac siad comhairle go forleathan, fiú ó iarthaoisigh mar Bertie Ahern agus John Bruton. Is suimiúla fós gur mhol siad go mbunófaí coiste ar leith a réiteodh dréacht-leagan de chomhaontú déthaobhach a bheadh dírithe ar mhaolú a dhéanamh ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh éirí de bharr na Breatimeachta. Mar fhreagra, deir rialtas na Breataine go dtuigeann siad na himpleachtaí ar leith a bhaineann leis an gceist i gcás na tíre seo, thuaidh agus theas, agus go ndéanfaidh siad an tuarascáil a mheas go cúramach agus go gcuirfidh siad freagra air in am tráth.

B’fhéidir gurb é dearcadh an rialtais anseo is suimiúla ar fad agus is diúltaí. Ba chúram é Breatimeacht don mBreatain agus don Aontas Eorpach, dar leis an Aire Airgeadais, agus ní raibh aon ról díreach ag an tír seo in idirghabháil dá leithéid. Bhí tagairt déanta ag an gcoiste i dTeach na dTiarnaí don bhfíric chéanna sin, ach mar sin féin b’fhiú leo a leithéid de mholadh a dhéanamh de bharr go raibh cúinsí neamhghnácha i gceist, a bhain leis an gcaidreamh traidisiúnta idir an dá thír. Tuigtear go forleathan an mhórthábhacht a bhaineann leis an gceist don tír seo, agus b’aisteach ar fad nár shuim linn, go deimhin go mba dhoicheall linn, aon mholadh go mbeimis páirteach go díreach i gcúrsaí idirghabhála. Tá sé suimiúil go bhfuil Nicola Sturgeon in Albain, tír atá a bheag nó a mhór sa riocht céanna linn féin, i bhfad chun cinn orainn ag cur cás na hAlban i láthair.

Is fíor, gan amhras, gur rialtas mionlaigh atá i gcumhacht faoi láthair, agus dá thoradh go bhfuil sé faoi bhac aon ghníomh éifeachtach nó dearfach a dhéanamh faoi fhadhb ar bith. Mar bharr air sin, ní mór tagairt arís eile do leibhéal na tráchtaireachta, an dioscúrsa poiblí mar a léirítear é ar na meáin chumarsáide, agus gur ábhar iontais go bhfuil sé ar leibhéal chomh híseal agus atá.

Tháinig sé seo i gceist arís le déanaí, nuair a tharla babhta aisteach bréagdhornála idir Simon Coveney i gcúinne an rialtais agus Barry Cowen thar cheann Fhianna Fáil, faoin easpa tithíochta ar cíos atá ar fáil dóibh sin atá ina ghátar, ní hamháin na daoine bochta atá ag codladh ar na sráideanna, ach iadsan nach bhfuil ar a gcumas tithe a cheannach fiú nuair atá siad ag tuilleamh.

Ba mhór é suim na meán cumarsáide sa bhabhta bréige seo, ach níor de bharr an easpa dídine nó easpa áitreamh cónaithe é, ach cé acu den bheirt ghaiscíoch, nó an Fine Gael nó Fianna Fáil, a thabharfadh an lá leo. Sa deireadh dúradh linn gurb iad na Gaeil agus Coveney a thóg an chraobh, agus bhí ar na Fianna agus Cowen cúbadh fúthu.

I bhfianaise na héigeandála tithíochta, ar chuir aon tráchtaire ar aon nuachtán, nó aon neach díobh ar theilifís nó raidió an cheist: cén fáth gur stop bardais agus comhairlí contae ag tógáil tithe, mar ba ghnáthchúram dóibh a dhéanamh le gar do chéad bliain, len iad a ligean ar cíos leosan nach raibh ar a gcumas iad a sholáthar dóibh féin? An é lámh mharbh an Aontais Eorpaigh is cúis leis?

Tugann a raibh le rá go dtí seo chun cuimhne go bhfuil ‘post-truth’, (an iarfhírinne, cad eile!), roghnaithe ag Oxford Dictionaries, gúrúnna móra na foclóireachta Béarla, mar fhocal Béarla na bliana 2016. I ndáiríre, ní dócha gur feiniméan nó gné éigin nua den taithí nó den eispéireas daonna é. Thuigfeadh Dr. Goebbels, a bhí tráth ina aire bolscaireachta ag Hitler, cad a bhí gceist leis. Bhí baint i bhfad níos sia siar fós aige leis an bpolaitíocht, agus is cóir a rá nach gá ar aon chor go mbeadh sé chomh nimhneach leis an ngné sin de a chleacht an Dr. Goebbels.

Deirtear linn go raibh an iarfhírinne seo go mór i gceist leis an mBreatimeacht i Sasana agus le bua an Trumpa sna Stáit Aontaithe, gan, ar ndóigh, aon neamhaird a dhéanamh sa dá chás sin de mhíghean agus mhíshásamh i measc pobail, a shíl go raibh siad tréigthe ag a bpolaiteoirí. Is cosúil leis go bhfuil an iarfhírinne go mór i gceist sa chogaíocht sa Mheánoirthear, í sin go háirithe atá ar siúl faoi láthair sa Libia agus in Éimin. San Iarthar is mó go mór a chloistear faoin Libia ná faoi Éimin. Cén fáth é sin anois?

Feasta, Eanáir 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais