Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


‘Míorúilt Raghnallach’

Gearrscéal le hEoin P. Ó Murchú
Bleá Cliathach é Eoin P. Ó Murchú atá tugtha don scéalaíocht sa chiall is leithne ar fad. Gearrscéalta is altanna scríofa aige. Ag plé le haistriúchán ó Ghaeilge na hAlban faoi láthair. Aistritheoir, Cathaoirleach ar Na Gaeil Óga.

Thosaigh seachtain Lucinda le glaoch ó Scoil Thír na nÓg. An chéad rud maidin Luain: ‘Tá fadhb leis an gclárú, a Bhean Uí Bhriain. Teastaíonn uainn go dtiocfá isteach.’

Chuir sin an-bhuairt uirthi, áit Shorcha i mbaol ba chosúil agus isteach léi. Bhagair sí orthu, d’agair sí orthu ach bhí fuar aici, ní raibh an áit ar fáil. Dúirt sí go dtiocfadh a fear céile isteach. Agus dhein. Abhcóide sinsir, ní raibh duine ar bith chun bac a chur sa chosán ar Tom, agus níor chuir. Bhí clárú Shorcha dearbhaithe deimhnithe faoin gCéadaoin. Lig seo do Lucinda filleadh ar ghnáthshuaimhneas leamh a saoil ar Ascaill Belmont i Raghnallach.

Éirithe as a post seachas corrmhaidin in oifig sa sráidbhaile. Orduithe a ghlacadh, ríomhphostanna a léamh agus an fón a fhreagairt. Thaitin sé léi an teach a fhágáil is a cuid a thuilleamh. Níor mhothaigh sí go dona faoin airgead a thuill sí ann a chaitheamh. Ba léi féin é. Murab ionann agus airgead a fir, nach raibh teorainn leis ba chosúil, ach ghoineadh sé í é a chaitheamh ar rudaí a bhain léi féin amháin. Déardaoin agus Aoine, 11.00 go dtí a 3.00 san oifig, is ansin Daithí agus Sorcha a bhailiú ón bhfeighlí. Dinnéar a réiteach ó bhonn, nó cúpla béile réamhullmhaithe a fháil ó Donnybrook Fair, nós a bhí ag éirí beagán níos coitianta le déanaí.

Tháinig Daithí abhaile lena athair tar éis iomána lá agus bhí sé ag caoineadh, cliot cleataráil isteach san bhforsheomra, leis na buataisí faoi chlábar, stoca amháin in airde, an ceann eile síos go rúitín, clogad, is camán is málaí scoile is spóirt ag gobadh amach ag uillinneacha éagsúla. Mar a bheadh mionghliaire ann a cheap Lucinda, trodaí beag.

Níor thuig go dtí níos déanaí an oiread den fhírinne a bhí sa smaoineamh fán sin. Daithí deich mbliana d’aois. Bhain sí na coisbhirt shalacha, thóg suas chun a sheomra é, ghlan an chréacht ar a ghlúin is shuaimhnigh é. Bhí sé ag snagaíl leis, rúitín leonta faoina láimh aige. Chuir sí cúpla ceist air, conas mar a bhí, raibh gach rud ceart, is mar sin de. Tuirseach a dúirt sé, sea, tuirseach agus lag.

Bhain sí a gheansaí de, is thug faoi ndeara go raibh a chraiceann teann isteach ar a easnacha, meáchan éigin caillte aige. Cheap sí sin ar aon nós. Nach mbíonn buachaillí ar an aois seo an-seang, gan pioc saille orthu? Caithfidh nár aithin sí. Bhí sí gafa leis an útamáil thart le Sorcha, ach bhí cuma thinn ar a aghaidh mhílítheach, rud éigin as alt, is é rud beag róthanaí. Thógfadh sí chun an dochtúra amárach é, fiabhras na bhfaireog air nó rud éigin ar an gcaoi sin? Bhí sé ceart aici é aithint roimhe seo.

——◊——
An dochtúir teaghlaigh An Dochtúir Ó Súilleabháin, Corcaíoch, ag bun na sráide a chuir eagla uirthi ar dtús. Thuig sé go raibh rud éigin as alt. Luaigh tástáil fola, sheachain a súile is chas uaithi. Ní raibh ann ach a bheith cinnte. Níor mhínigh sé cén cineál ‘cinnteachta’. Tháinig toradh. Turas eile chuig an dochtúir agus deireadh an domhain acu. Rinne sí staidéar ar an idirlíon go dtí go raibh an lámh dheis tuirseach den chliceáil ar ‘leoicéime pháistí’, go raibh sí reoite ar an luchóigín. Abairtín uafáis. D’imigh mí.

An chéad mhothúchán eile a bhraith sí ná fearg. Caogadú breithlá na comharsan béal dorais léi a chuir as di. Tháinig sí abhaile ón tsiopadóireacht agus í ag iompar na málaí páipéir isteach ón X5 nuair a chonaic sí go raibh muintir Harrison ag réiteach an ghairdín. Aisteach a cheap sí, mar gur leasc leo sin aon obair chrua a dhéanamh. Bheannaigh siad di, is chuir sí beagán cainte ar an bhfear – níor thairg sé aon chabhair leis na málaí, bíodh a fhios agat, chuimhneodh sí air sin – fear díreach, ard, faoi chulaith ghalánta ag rácáil a ghairdín.

B’ait an feic é: ní fhaca Lucinda é ag déanamh puinn oibre sa ghairdín tosaigh ó bhog siad isteach. An puball mór a chuir le ceangal ar fad í. Dúirt duine de na comharsana léi is í amuigh ag siúl an oíche ina dhiaidh sin:

‘Ó, sin dá breithlá, bhfuil tú ag dul?’

‘Bhfuil mé ag dul? Bhuel níor chuala mé aon cheo faoi go dtí anois, mar sin is cosúil nach mbeadh aon mhórfháilte romham,’ agus sháigh sí na cluasáin ina cluasa agus d’imigh léi faoi fhuadar.

Agus in ainneoin gach ‘Táim cinnte go mbeadh’ ina dhiaidh sin, ní raibh seans dá laghad go raibh sí chun dul. Dhiúltódh sí dóibh ar aon nós, fiú dá dtiocfaidís anall anocht, nó oíche na cóisire ag rá: ‘Mo mhór-leithscéal, Lucinda, rinneamar dearmad glan, bhfuil tú ag teacht chun na cóisire, nó bhfuil aon rud eile de dhíth ort?’ Níor tháinig an chnag sin ar an doras agus ba chuma sa sioc léi: ‘Bíodh an diabhal acu, agus an fheamainn,’ a dúirt sí le Tom.

Ghoin an balún go mór í, balún airgeadúil ar chruth caoga ar sciob an ghaoth léi é ó theach na gcomharsan thar sconsa isteach. É fostaithe thuas sa chrann is airde ina garraí féin. Ar nós gur tháinig na bastaird isteach le linn na hoíche is gur chuir dréimire le crann is cheangail ann é. Bheadh orthu bheith gangaideach lena leithéid a dhéanamh. Fós. Thaitin sé léi nuair a tolladh an diabhal rud, é crochta ina shliobarna thuas ann. Chuir sé as di é a bheith ann fós, ach sliobarna, céard eile a bhí ann ach magadh, magadh faoin bhfear. Cá bhfios? Nach raibh an scéal amuigh air, is gan aon pháistí acu, is gan aon súil leo. Sliobarna caite de thruaill thuas sa chrann, céard ab fhearr mar oidhre ar an mbastard brocach, nach dtabharfadh lámh chúnta di, nó cuireadh chun cóisire nó gal a mhúin féin.

Bastard brocach a thug sí air, is í ag cúlú amach sa jíp cúpla lá ina dhiaidh sin, a súile á ghrinniú sa scáthán siar. Iad i dteach chomh mór sin leo féin, ní raibh aon ghá leis, gan aon pháistí acu fiú, dáiríre, tá an tír millte ag a leithéid. Millte, millte, millte.

——◊——
Ní raibh aon fhearg dá mhéad a chiúnódh an scanradh inti, thuig sí gur seafóid a bhí san fhearg ach tháinig sí dá hainneoin.

Chúb an galar isteach ar a haonmhac agus thit sé faoin ualach is d’imigh as. Dhóigh a coinneal féin a buaiceas is fágadh í sa dorchadas gan ghrinneall.

Sochraid. Ithir, is é ag dul síos i mbosca bán, an bréagfhéar ar an gcarn ithreach ar thaobh na huaighe agus an bréagfhear istigh. Róbheag is róbhog. Laethanta brionglóidí is tromluithe gan stad.

Tom tostach. Níor cheart dóibh bán a roghnú, cuma an bhochtanais air nó rud éigin, smaoineamh fán nach n-imeodh.

D’fhuaraigh leaba Lucinda is a fir. Chodail sí i seomra na n-aíonna. Seomra deas, leaba dhea-chóirithe is na lampaí beaga taobh leapan is na cuirtíní ar fad ag teacht lena chéile. Ní raibh pearsantacht ann; gan leabhar, gan phictiúr pearsanta. Leaba & Bricfeasta a shamhlófá leis, agus thaitin sé léi é bheith mar sin.

Chaith sí amach blaincéid na mbláthanna beaga sochraidiúla is chuir bán is dúghorm ina n-áit. Fíorbhán geal.

Chaith binsín bláth an tseomra amach an fhuinneog lá maille lena bprochóg; nascadh bláthanana le bás di ag an tsochraid. Bláthanna áille cumhra a d’fhág anois nach bhfaighfeadh sí ach boladh an bháis orthu. Boladh a líon a saol.

Ní fheadar conas mar a rith an smaoineamh léi ar dtús. An caoineadh faoi dear é ní foláir. Dhúisíodh sí nó d’éiríodh sí ar maidin is bheadh cuid den leaba, braillín, den tocht fiú, fliuch. Leis an ngol. Súile ar sileadh síoraí. Gan ach é ar láimh: buidéal de chógas éigin agus í ina seasamh, ar éigean, ina seomra. Chaoin sí uisce a cinn agus bhailigh sa bhuidéal a deora. Nuair a thriomaigh na súile, d’aithin sí na deora bailithe ag bun an bhuidéil, is mhachnaigh sí. Bhí an buidéal te ina láimh. Te ó na deora dar léi, agus an buidéal gloine fáiscthe go daingean ina deasóg. Tá beatha iontu seo fós. Is thug sí gráin dá broinn ar feadh meandair is chaoin arís.

Ansin gach oíche agus an dorchadas ag cúbadh isteach uirthi, nó aon am eile go mbuaileadh an fhoilmhe sin sa bholg í, sa chroí is sa chliabhrach istigh, d’fhaigheadh sí an buidéal is chuireadh sí le súil is le súil eile é de réir a chéile, ag bailiú na ndeor go cáiréiseach, deoch a beatha. Choinnigh sí ar an gcaoi seo ar feadh seachtainí, á mbailiú, is d’éirigh a súile pianmhar, dearg, iad fuildearg ag an síorchaoineadh is barr an bhuidéil chrua leo. Lean an buidéal leis ag líonadh, is screamh salainn ag fás timpeall an chlaibín. Thit toirchim suain uirthi oíche agus í ag dul don ghnó laethúil, agus nuair a dhúisigh bhí cuid de na deora doirte aici, paiste tais, dúghorm ar ghorm, ag scaipeadh ar an mbraillín, ach bhí an buidéal fáiscthe i mbos a láimhe aici. Níor scaoil sí leis in ainneoin codlata.

——◊——
Thóg sé dhá mhí eile uirthi an buidéal a líonadh. Rinne dearmad ar gach cúram eile sa saol. Thaitníodh sé léi ar bhealach, cé nach n-admhódh sí sin le duine. Ní luafadh sí an gníomh féin, bheadh náire uirthi. Nuair a bhí an buidéal líonta aici dhún sí an claibín air, buidéilín lándeora is d’fhág le taobh a leapa é.

Rinne sí dearmad ar na gasúir eile, agus d’imigh Tom as a mheabhair leis an obair agus an cúram breise air iad a bhailiú.

Go mall, mall thosaigh sí ag filleadh ar ról na máthar, céim ar chéim. Thosaigh sí ag dul chun na hoifige arís, í féin a d’iarr orthu. Nuair a thagadh sí abhaile áfach, agus an buidéal sin suite os a comhair ní raibh tuairim aici céard ba chóir di déanamh. Ní raibh slí ann do a thuilleadh deora. Sa deireadh bheartaigh sí é a chur di. Ní fhéadfadh sí breathnú ar an mbuidéal. Bhí cuma shuarach air anois, cuma aisteach le fírinne. Níor fhéad sí é a fhágáil ann. Tháinig sí ar ais ón obair tráthnóna Céadaoine is thóg an buidéal léi isteach sa ghairdín cúil, síos léi ar chúl ar fad, gairdín mór, faiche fhada gur tháinig go dair, an crann ba mhó de chrainn uile an ghairdín.

D’fhéach sí síos ar a bróga ísle corcra, dath dorcha ón bhfliuchras ar an bhféar a bhí gan ghearradh le cúpla mí anois, is shrac duilleog de bhróg. Chrom sí, scríob lena ciotóg i measc na bhfréamhacha, is dhoirt an buidéal, síos isteach san ithir.

Tar éis tamaill ar a gogaide is na deora slogtha ag an ithir, d’éirigh sí is lasc an buidéal folamh isteach sna sceacha ag an gcúlbhalla. Bhuail an buidéal an balla le torann domhain toll ach níor chosúil gur bhris sé. Ba mhaith sin, cheap sí, ní raibh aon ghnó aici é a chaitheamh ar an gcéad dul síos.

Bhraith sí cúrsaí beagán níos boige dá éis sin, éirí ar maidin, cith a ghlacadh, smideadh a chur uirthi féin, tháinig aoibh an taitnimh uirthi uair nó dhó sa tseachtain anois. Bhí deireadh leis na deora, cé is moite de chorruair: breathnú ar an bhféilire, a bhreithlá marcáilte go ciotach aige; camán a shleamhnaigh síos taobh thiar den doras nuair a phlab sí dúnta é, is a scread ‘Cuimhnigh orm, cuimhnigh orm’ léi i nglór callánach a líon an forhalla.

Chuir sé iontas uirthi nuair a chonaic sí an meall ag fás ag bun an chrainn. Ba chosúil le hailse sa chrann é, bolgán ag fás amach ón gcoirt. Chuir sin as di, ach go háirithe nuair a d’éirigh sé níos mó agus níos mó fós. Chaitheadh sí na huaireanta cloig ag breathnú air sa ghairdín. Sheasadh sí san fhuacht nó sa bhrádán ann, ag gliúcaíocht is ní raibh aon mhaith a rá léi éirí as.

Lá dá raibh, phléasc an meall agus tháinig Daithí as, Daithí bídeach clúmhach. Bhí eití fada maorga air seo, is bhí sé smeartha le fuil is smionagar de rúisc an chrainn. D’fháisc Lucinda lena cléibh é, is thosaigh sé ag bualadh a sciathán go hanbhách. Lig sí leis. D’eitil sé timpeall an ghairdín go mánla, is lean sí é, is ansin rith sí go dtí ard an tí ……

É ag eitilt timpeall an cheantair: Ráth Garbh, Cluain Sceach agus amach go Baile an Bhóthair. Chaill sí radharc air timpeall ar an gCarraig Dhubh ach lean sé air go Dún Laoghaire agus níos faide síos feadh an chósta ar shéideáin ghaoithe.

Níor chreid éinne í nuair a d’inis sí a scéal.

Feasta, Feabhra 2017

abhaile | barr | clár na míosa seo