Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Caibidil 6 de leabhar le Pío Moa

‘Réamhrá’ agus fonótaí curtha ag Séamas de Barra leis an aistriúchán anseo




España contra España [‘An Spáinn i gcoinne na Spáinne’] (Libroslibres: Maidrid 2013).

Cur síos atá sa chaibidil ar an saghas Seoiníneachais a bhí, agus atá, sa Spáinn, dar le Moa, agus ar an tslí ar chuir sé sin leis na haighnis mhóra a bhí ag Spáinnigh lena chéile i gcaitheamh na gcéadta blian.

Réamhrá

Lucht páirte na Gaeilge, is maith mar a thuigeann siad an Seoiníneachas. B’fhéidir go measfaimisne, Éireannaigh, nár tháinig a leithéid de ghalar, i gcaitheamh na staire, ach ar Éirinn amháin. Ní mar sin a thuigtear an scéal don údar Luis Pío Moa Rodríguez. Dar leis-sean tá galar mar é ar an Spáinn ó lár an 17ú céad, galar is deacair a chloí. Ball de Pháirtí Cumannaíoch na Spáinne ba ea an Sr. Moa Rodríguez agus é ina fhear óg. ‘Pío Moa’, an leagan gearr, agus an gnáthleagan, dá ainmsean. Ball de GRAPO ba ea é, is é sin, d’Arm Paramíleata an Pháirtí, agus é páirteach i ngníomhartha foréigin, agus bhí GRAPO báúil le hETA Militar, Arm Paraimíleata de chuid Náisiúnaithe Thír na mBascach. Ach caitheadh Moa amach as an bPáirtí Cumannaíoch, agus de réir a chéile, i gcaitheamh na mblianta, tháinig athrú ó bhonn ar a chuid polaitíochta. Cé gur leis an Eite Dheas is mó a thacaíonn Moa inniu, chun na fírinne a rá, tá an ghráin dhearg ag an dá Eite ar an bpolaitíocht sa Spáinn air.

Is iomaí cúis le ‘Seoíníneachas’ na Spáinne dar le Moa. Hispanofobia [‘fuath don Spáinn’] a thugtar ar leagan na Spáinne den Seoiníneachas. I mblianta 1620 agus 1630 d’éirigh le huasaicme na Spáinne smacht a fháil ar ollscoileanna móra na tíre, agus de réir a chéile tháinig deireadh leis an tuilleamhlathas sna hinstitiúidí sin. Dar leis an bhfile Liobrálach Poblachtach, Antonio Machado y Ruiz (1875–1939), an saibhreas ollmhór a sciob coilínigh na Spáinne leo ó Mheiriceá ar ais chun na Spáinne, rinne sé sin an uasaicme a thruailliú thar meon. Bhuaigh an Fhrainc ar an Spáinn i gCogadh na 30 Bliain (1618–1648), agus thosaigh Impireacht na Spáinne ag meath, go dtí gur chaill sí na trí mhórchoilíneacht deiridh aici sa bhliain 1898, Cúba, Pórtó Ríce, agus na hOileáin Fhilipíneacha. Nuair a rinne an Fhrainc an Spáinn a ghabháil i dtosach an 19ú céad, aimsir Napoléon Bonaparte, tugadh isteach sa Spáinn Poblachtachas Saolta na Fraince. D’éirigh leis an Spáinn an Fhrainc a ruaigeadh, ach más ea, ba le cabhair Shasana é [Cogadh Shaoirse na Spáinne 1808–1814]. 3 cinn de chogaí cathartha a bhí sa Spáinn sa 19ú céad –– Liobrálaithe Coimeádacha i gcoinne Liobrálaithe Útóipeacha. Bliain a mhair an Chéad Phoblacht, 1873–1874. Sa bhliain 1875 athghairmeadh an Ríocht sa Spáinn, ríocht maidir le parlaimint a raibh comharthaí sóirt na hionadaíochta uirthi. Bhí an réimeas sin i bhfad ró-Choimeádach, ró-mhalltrialach, ró-cham, dar leis na Liobrálaithe Útóipeacha, na Poblachtaigh, agus na Sóisialaithe; ná níor shásaigh sí gluaiseachtaí Scarúnachais na Catalóine, ná Thír na mBascach ach a oiread. B’ilghnéitheach an deachtóireacht a cuireadh i bhfeidhm ar an tír ó 1923 go 1930. In 1930 chuir na fórsaí go léir ar an Eite Chlé le chéile gur thug siad ar an Rí Alfonso XIII éirí as, agus gur ruaig siad an Deachtóir, Miguel Primo de Rivera Orbaneja. Sa bhliain 1931 a cuireadh an Dara Poblacht ar bun. Rialtas den Eite Chlé a bhí uirthi sin. D’éirigh leis an Lár agus leis an Eite Dheas teacht ar ais in Olltoghchán na bliana 1933. Cuireadh Olltoghchán eile ar bun in 1936, Olltoghchán arbh í an Eite Chlé a bhuaigh í, má b’fhíor, ach Olltoghchán cam, dar leis an Eite Dheas. Iúil 18, 1936, d’éirigh Franciso Franco amach i gcoinne Rialtas an Fhronta Pobail Iúil, rud a chuir tús le Cogadh Cathartha 1936–1939. Déarfadh Pío Moa gur sa bhliain 1934 a tosaíodh ar an gCogadh Cathartha dáiríre, agus gurbh iad an Eite Chlé Amuigh a chuir an lasair sa bharrach. Cibé bliain a tosaíodh air dáiríre, sa bhliain 1939 d’éirigh le Franco buachan ar an méid a bhí fágtha den Fhronta Pobail.

Bhí Franco ina Dheachtóir ar an Spáinn ó 1939 go dtí 1975.

An sliocht a leanann, is aistriúchán ag Séamas de Barra é ar Chaibidil 6 de leabhar le Moa, España contra España (Librolibres: Maidrid 2012). [aistriúchán ar an teideal ‘An Spáinn i gcoinne na Spáinne’].

6. Eorpachas agus Idirnáisiúnachas

Ba iad na naimhde ag an Athghiniúnachas [Regeneracionismo],1 mar sin, stair na Spáinne i gcoitinne, agus Liobrálachas na hAthghairme [Restauración],2 go háirithe. ‘Eorpú’ an lipéad a bhíothas a bhualadh ar cheann d’aidhmeanna an Athghiniúnachais, aidhm ba leigheas, má b’fhíor, ar na hoilc a bhí ag cur na Spáinne ar gcúl lena trí, a ceathair, agus go fiú suas lena trí déag de chéadta bliain. B’in leigheas a raibh daoine ag glaoch air, ó na Poblachtaigh antoisceacha ag Lerroux,3 go dtí a lán de pholaiteoirí na hAthghairme. Ba mhaol an cur síos ag Ortega y Gasset4 ar chúrsaí: ‘Is í an Spáinn an fhadhb, agus is í an Eoraip an réiteach.’ Sin ráiteas gan ciall loighciúil, ach ar féidir é a mhíniú mar seo: tharla an Spáinn a bheith mar a bheadh breoiteacht ann, nó rámhaillí staire, bhí leigheas ag teastáil uirthi. Labhraíodh sé féin ar ghluaiseacht tríd an Eoraip ‘gan a bheith náirithe mar gur Spáinneach é’.

Cuid den Eoraip ba ea an Spáinn riamh, is léir, ach rinne Ortega amach gur iompaithe ina Tibéid a bhí sí, is é sin, scartha leis an gcuid eile den Eoraip, faoi dheireadh an 16ú céad féin, de dheasca í a bheith iata ar fad ar an saol amuigh, más amhlaidh féin gur ag na Habsburgaigh ‘Eorpacha’ é sin, rítheaghlach ‘strainséartha’, dar leis siúd. Níl tacú ar bith staire leis an tuairim sin. Ag méadú a bhí ar anáil na hiasachta go dtí deireadh an 16ú céad, ach comhardú na hanála sin ag an Spáinn, theip air, de dheasca a meatha seo. Agus is mar sin atá go dtí ár linn féin, ach gan an Spáinn a bheith scartha ó chabhail na hEorpa. Na sruthanna go léir ina dhiaidh sin, an Eagnaíocht, an Athghairm, an Liobrálachas, nó na hÚtóipeachais, d’fhréamhaigh siad sa Spáinn, bídís lena leas nó lena haimhleas, agus a gcuid tréithe sainiúla féin iontu, dála sna náisiúin eile ar an Mór-Roinn.

Ó lár an 17ú céad aniar, níor chás a rá go raibh bunúlacht nó spreagadh caillte ag an Spáinn, tharla fad a bheith tagtha idir í féin agus tíortha ceannasacha na hEorpa ó thaobh geilleagair agus cultúir –– ainneoin céim le dealramh a bheith aici, céim nár chaill sí, i gcomplacht na Mór-Roinne –– ach gur sa 19ú céad a thosaigh an dul-ar-gcúl mór léi. Ach an dul-ar-gcúl sin, agus glóraíl an 19ú céad, ar bheag ar fad a taithíodh sna céadta bliain roimhe sin iad, ba as an sá isteach ‘Eorpach’ a d’fhás siad, is é sin, ag an bhFrainc agus ag Sasana, i gCogadh na Saoirse.5 Cuma cén tuairim a bheadh ag duine, an ráiteas sin ag Ortega, gan a chuid míloighciúlachta a bhac, ní raibh cruinneas ar bith staire ag baint leis, ar a laghad dearfacht a bhí ann. Agus ar a shon sin, scothaicmí na hintleachta, mórchuid acu, dar leo gurbh amhlaidh a bhí clár oibre cuimsithe ann. Ar ndóigh ní mór an súlach a bheadh sna torthaí a thabharfadh sé.

Agus má bhí an iomarca den luathintinneacht ag baint leis an tuairim sin ag Ortega ar stair na Spáinne –– ábhar iontais go gcuimhneodh daoine léannta ar a leithéid d’insint chlaon –– níor léir gur ghéire ná sin an meon a bhí den Eoraip aige. Formhór na n-intleachtach an uair úd, is beag grinneas a bhí ina gcuid léamh ar aimsir chaite agus d’aimsir láithreach na dtíortha –– an Fhrainc go háirithe, agus Sasana agus an Ghearmáin ansin –– b’in a raibh san Eoraip, dar leo. Dá aistí agus dá léirsteanaí a shamhlódh sé, níor chuir an fuadar Eorpaíoch sin tús le a oiread is staidéar amháin, ná anailís fhuaimintiúil dá laghad ar an ábhar a rabhthas chomh tugtha dó (cé go ndearnadh ábhar tuairimíochta a bhí iarracht meitifisiciúil). Ní fhacthas leabhair thaistil féin a bheadh leath-inspéise. Is é rud a bhí ann meascán mearaí saonta proibhinseach, agus paistí samhlaíochta tríd. B’fhánach a bheith ag lorg ar na hEorpaígh sin, ach i gcás na n-ábhar neamhchúiseach, iarracht intleachtach a ligfeadh dóibh, mar shampa, éachtaint a fháil ar na fadhbanna agus na coimhlintí a dhéanfadh spior spear gan mhoill ar na hábhair ab áil leo, nuair a bhrisfeadh an Chéad Chogadh Domhanda amach, cogadh fíochmhar.

Is réimis Liobrálacha a bhí in uachtar ar an Mór-Roinn an uair úd, ar mhórán nó ar bheagán daonlathais, ach ní dhéanadh Eorpaígh na Spáinne aon nath díobh sin, tharla an rud céanna a bheith ar bun ina dtír féin. Ó bhraith siad gurbh fhearr an t-ord, an saibhreas, agus leathadh réimiúil an chultúir san ‘Eoraip’ ab áil lena gcroí, ná a macasamhla seo sa Spáinn, ní raibh siad cinnte de cad as an buntáiste sin –– níos mó den chine Airianach a bheith iontu siúd, níos mó bogthaise a bheith san aeráid acu, gan a oiread cumhachta a bheith ag an gCléir ná ag an Arm orthu, sprid an Phrotastúnachais, nó na nithe sin go léir. Agus chreid siad, de réir dealraimh, go mbainfí amach an rud céanna sa Spáinn, faic ach an Athghairm a chloí, ó ba í an chonstaic mhór í ina dtuairim. Níor ghrinne ná níor dhoimhne a gcuid anailíse de dhroim an Chogaidh Dhomhanda. A mhalairt ar fad: theastaigh óna bhformhór siúd an Spáinn a shá isteach, ar thaobh na Fraince, i gcoimhlint nach raibh baint ná páirt acu léi, dáiríre. Fear cogaidh é Azaña,6 agus foilsíodh alt leis-sean, ‘Na Cúiseanna leis an mBá leis an nGearmáin’, alt ar chuir sé a mhallacht ann ar an Neodrachas:–

a bhí ag cur sprid an phobail chun suain, ag moladh lena ngrá don suaimhneas, [Neodrachas] ar réiteach é, nó cleas polaitíochta, nó dídean dhaingean [dar leis] i gcoinne chorraíl an Chogaidh. An amhlaidh gur rud aduain againne an Cogadh? An ar an nGealach atáimidne Spáinnigh inár gcónaí? Nó an bhfuil sé de phribhléid aisteach againn, ó nach ábhar aduain againn an Cogadh, agus nach bhfuilimid ar na ciníocha is léannta ná is fiáine –– ó tá a bhfuil i ndán do na Francaigh, na Prúisigh, agus na Hoiteantótaigh, á shocrú sa Chogadh sin –– go bhféadfaimidne dul ar fán i gcineál folúis moráltachta, agus dlíthe meicníochta agus polaitíochta an domhain a fhágáil inár ndiaidh?

Agus an méid sin ar fad, tar éis a dhearbhú –– go bréagach ar ndóigh –– nach raibh Arm ag an Spáinn; agus gurbh é rud a léirigh an Neodrachas, leimhe na tíre.

Má bhí an ghráin aige siúd ar a thír dhúchais, rud atá le brath ar ráitis shimplí nó ar ráitis bhaotha uaidh, is amhlaidh a bhí urraim don ‘Eoraip’ aige, mór-roinn ar bheag eolas ná tuiscint a bhí aige uirthi; agus is mar sin a bheadh ag na glúine intleachtach agus polaiteoirí ó shin: ba í laige pholaitíochta agus chultúrtha na tíre faoi deara an ghráin agus a hiarmhairt sin –– lochtanna a ndeiridís gur theastaigh uathu iad a cheartú, ach go mbídís orthu féin leis dáiríre. Eorpachas ar a laghad cumas léirmheasa, ní dhéanfadh sé an iomarca díobhála, mura mbeadh sé mar a thuairisc; mar dá aistí é, iarracht ba ea é ar fháil réidh leis an réimeas a bhí i mbun a gcuid mianta siúd a shásamh, réimeas measartha ach réimeas éifeachtach, agus iad ag nua-aimsearú agus ag Eorpú na Spáinne, tar éis di na réabhlóidí míleata agus na cogaí cathartha a fhágáil ina diaidh, agus calm polaitíochta go leor a bhaint amach, rud a chothódh dul-chun-cinn leanúnach ar an ngeilleagar, agus ar réimsí eile. Rud eile: bhí daoine ann a bhraith uathu an ré roimpi sin, mar gur mhó ‘beogacht’ a bhí inti, dar leo. Lochtanna dlisteanacha a gheofaí ar réimeas na hAthghairme, an mhoilleadóireacht, an scáfaireacht, agus míle mionearráid a rinneadh; ach ina n-éagmais sin, bhí leasuithe á moladh a raibh fáilte ag an réimeas rompu. Ní ag cuimhneamh ar na leasuithe go háirithe a bhíodh naimhde an réimis, ach ar ‘an rialtas básmhar’, mar a thugaidís go héagórach air, a chur dá chois.

Ba mhinic cuisle an tírghrá chiaptha ag bualadh i gcroílár an ionsaithe ar Spáinn na staire, is é sin, ar Spáinn na fírinne: ba é mian lucht an tírghrá go gcuirfí an tír go mear ar leibhéal na Fraince, agus chuiridís i gcoinne an ruda sin, a bhí ina dtuairimsean –– tuairim an-neamhchúiseach –– ag coinneáil an tionscadail sin siar. Ar an taobh eile, is motháil eile ar fad a bhí ag tiomáint na ngluaiseachtaí Oibreachais, gluaiseachtaí ar thug Athghiniúnachas ’98 spreagadh dóibh, i gcúrsaí an scéil. Gan a thuilleadh anailíse, ghlac siad siúd leis an bhFinscéal Dubh, agus leis an tuairim gurbh ainnis an tír í an Spáinn, agus b’fhéidir gur mar gheall air sin ba shás dul-chun-cinn an cáineadh sin dar le hAthghiniúnaithe áirithe, leithéidí Ortega nó Azaña. Is léir nach ndeachaigh siad seo isteach faoi screamh an teagaisc réabhlóidigh (pé acu Marxach nó Ainrialaitheach é) ná faoi screamh intinní na bPáirtithe sin. Go deimhin bhí na gluaiseachtaí Oibreachais ag glacadh leis gur rud nádúrtha ba ea máchailí a bheith ar an tír, agus nár dhifrigh sí go bunúsach le tíortha eile na hEorpa, tharla go raibh dúshaothrú á dhéanamh ar an duine ag an duine gach uile áit, ba chuma an réimeas Caipitlíoch, Feodach, nó Daoirseachta a bheadh ann, de réir mar a ghabhfaí siar sa stair. Eorpachas níos tanaí a bhí acu seo, ar bheagán uaillmhianta, ó bhí siad creidte acu nárbh fhada uathu in aon chor, i dtíortha ceannasacha na hEorpa, na cúinsí a d’oirfeadh don réabhlóid seo acusan, rud nach mbainfeadh an Spáinn amach chomh luath sin, tharla í sin a bheith ar bheagán foráis Chaipitlíoch, agus buaine na dtréithe Feodacha inti. Dar leo gurbh é rud a bhí sa stair ‘cogadh na n–aicmí’, agus gurbh iad na torthaí a bheadh air, an Sóisialachas agus an Cumannachas.

Ba cheann de na prionsabail ag na réabhlóidithe sin diúltú don uile shaghas tírghrá. ‘Níl tír dhúchais ag na hoibrithe,’ dar le dogma Marxach, mar nach raibh sna náisiúin, go hachomair, ach finscéal idé-eolaíochta, cumadóireacht ag na buirgéiseachtaí difriúla, d’fhonn margadh iata a chruthú le haghaidh a gcuid earraí. Ba mhór acu siúd ‘an cine daonna’ go teibí, a rabhthas ag tathant orthu iad féin a shaoradh a thúisce ab fhéidir, ó na scáthanna, ón diamhróireachas agus ón gciapadh. Dhéanfaidís é sin, a bhuíochas ar bheartaíocht shuaiteach ‘na prólatáireachta’, an aicme shóisialta ar bhain sé leo, de dhroim chúinsí a saoil féin, trí dheireadh a chur leis an dúshaothrú agus leis an gciapadh, agus tríd an ngeilleagar a riar ar shlí nach scata beag rachmasóirí a bheadh thuas leis, ach an pobal mór. Dá réir sin, na gluaiseachtaí sin a bhíodh ag fógairt gur ag seasamh do na hoibrithe nó don ‘ghnáthmhuintir’ a bhí siad, rinne siad gluaiseachtaí mós ollmhór ‘idirnáisiúnaíoch’. Ba de dheasca na gcathanna idir na ceannairí Marx agus Bakunin, idir Sóisialaithe agus Ainrialaithe, a theip ar an Chéad Idirnáisiúntas; Idirnáisiúntas Marxach an Dara hIdirnáisiúntas, a ghabh chucu féin beartais nach raibh ach leathréabhlóideach, dream a mbíodh aighnis ghéara acu le chéile, eatarthu siúd nach raibh chomh hantoisceach sin, agus a bhí ag cloí le hainm an Daonlathais Shóisialta, agus na daoine ba radacaí, na Cumannaithe abair, cé go maíodh gach aon taobh gur ag cosaint an earra chéanna a bhí siad.

Ba iad lucht leanúna Mharx sa Spáinn Páirtí Oibreachais Shóisialaigh na Spáinne [an PSOE], agus ba iad Cónaidhm Náisiúnta na nOibrithe [an CNT] Páirtí na nAinrialaithe. Ábhar easaontais eatarthu ba ea an teoiric gur chéim idirmheánach chun an Chumannachais ina shlánchruinne ba ea an Sóisialachas faoi ‘dheachtóireacht na prólatáireachta’. Bhí gá leis an deachtóireacht sin dar le Marx chun iarsmaí an Chaipitleachais agus na n-idé-eolaíochtaí a bhí á leanúint a stoitheadh, cibé acu ba iad an creideamh, nó claontaí, nósanna agus ceartas na buirgéiseachta iad –– próiseas nárbh fhios cén fad a mhairfeadh sé tar éis dóibh an chumhacht a ghabháil. Ba é tuairim Bhakunin, agus a bhuíne sin, ach an Stát a chur de dhroim seoil, go bpéacfadh an Cumannachas amach de bhun tola, fara nádúr nua daonna ba shaoire agus ba bharántúla, saol idileach, cé gur teoiric an-doiléir a bheadh laistiar de. Dá dheasca sin, ní tharraingeodh ‘deachtóireacht phrólatáireachta’ ach ciapadh faoi chruth eile, agus bhuanódh é, drochthorthaí nach bhfacthas a macasamhla roimhe sin: ní raibh a mhalairt d’ullmhúchán á lorg ag an gCumannachas ach próiseas sin an chogaidh i gcoinne na cumhachta.

Bhí de chuma ar an reitric sin gur míniú soiléir a bhí á tairiscint aici –– míniú eolaíochta de réir dealraimh –– ar éabhlóid an duine, óna fhorás ó aimsir ‘an chomúin phrimitíbhigh’, leagan ar leagan de réimeas dúshaothraithe, go dtí saoradh iomlán, parthas bráithreachais, flúirse agus saoirse iomlán, gan chumhacht gan stát. A lán de naimhde na dteoiricí sin, bhíodh jab an diabhail acu ar iad a ruaigeadh, go ró-áirithe nuair a tosaíodh in 1914 ar an ollsléacht fíorchruálach in Eoraip na sibhialtachta, ollsléacht a cuireadh síos do mhianta creachadóireachta na mbuirgéiseachtaí náisiúnta. Ach ansin, gan choinne, an Cogadh féin, chuir sé borradh faoi mhianta diana tírghrácha ag gach uile aicme shóisialta, agus orthu sin, gan amhras, aicme na n-oibrithe, tar éis na ndeicheanna de bhlianta de shíolchur réabhlóideach i gcoinne na tíre dúchais agus an náisiúin. Chuaigh an tírghrá i gcion ar a lán ceannairí Oibreachais, a thacaigh i ngach uile thír le maoiniú agus le bearta na sluaíochta a bhí an Cogadh a éileamh. Ba bheag eisceacht a bhí ann i gcúrsaí an scéil.

Iarmhairt chinniúnach staire don 20ú céad trí chéile a bheadh ar cheann de na heisceachtaí sin: Leinín, ceannaire na gCumannaithe, nó na mBoilséiveach ón Rúis, a d’iarr go ndéanfaí ‘cogadh cathartha de chogadh na n-impireachtaí’.

An teagasc ar chogadh na n-aicmí, b’intuigthe, nó b’fhollasach féin, gur ghríosú chun cogadh cathartha forleathan é sin go cinnte. Ó bhí Leinín scoite amach agus é san Eilvéis, is beag a d’éireodh leis a dhéanamh, mura mbeadh Ceann-Fhoireann na Gearmáine, ag tabhairt aghaidhe dóibh ar an Rúis, gur thóg siad ardcheann dá leagan amach siúd, agus súil acu go lagódh sé ar Chúlgharda na Rúise. Dá réir sin d’éascaigh siad aistriú an réabhlóidigh ón Eilvéis go dtí Cathair Pheadair, agus thacaigh siad leis an síolchur ollmhór ag na Boilséivigh faoi bhráid an bonn a bhaint ón Arm ina dtír seo, agus an tArm sin a chur ar mí-eagar. Ní raibh coinne ag na Gearmánaigh, ná ag an domhan trí chéile, leis an toradh a bheadh ar an mbeartaíocht sin: na Cumannaithe a theacht i gcumhacht, agus ansin tar éis cogadh cathartha uafar, an chéad Stát Sóisialach a chur ar bun ar domhan, faoi dheachtóireacht ‘na prólatáireachta’, mar atá, faoi Pháirtí Leinín féin. Ach ar treascraíodh Impireacht na Rúise, géilleadh slí don Aontas Sóivéadach.

Mar ‘thír dhúchais na prólatáireachta’ a chuir an Stát nua é féin i láthair, gur bhunaigh an Tríú hIdirnáisiúntas nó an Choiminteirn (Idirnáisiúntas Cumannaithe), agus gur fhág ina dhiaidh Leasúchas an Daonlathais Shóisialta. Thug an Choiminteirn le chéile Páirtithe Cumannaíocha i scata tíortha, agus rialaigh le lámh iarnaí ó Mhoscó iad: ní hí a dtír dhúchais féin a chaithfeadh Páirtí ar bith acu a chosaint go príomha ach ‘tír dhúchais na prólatáireachta’. Bhí aighnis sa Spáinn idir na Marxaigh, ar scoilteanna a thiocfadh dá mbarr –– agus Páirtí Oibreachais Shóisialaigh na Spáinne [an PSOE] a d’fhanfadh ar imeall an Tríú hIdirnáisiúntas; ach áiríodh an PSOE ar cheann de na Páirtithe ab antoiscí laistigh den Dara hIdirnáisiúntas. Bliain Réabhlóid na Rúise féin, 1917, dhéanfadh an PSOE iarracht ar bhuille stáit réabhlóideach, maidir le stailc agus sceimhlitheoireacht, buille a mbeadh measctha le chéile ann Ainrialaithe, Poblachtaigh, Scarúnaithe Catalónacha, agus Athghiniúnaithe ón Arm. Na hAthghiniúnaithe sin ón Arm, tháinig siad ar mhalairt comhairle, agus chabhraigh leis an réabhlóid a chloí.

D’áitíodh Marx gurb iad ‘slat tomhais na praitice’, oibriú amach na staire, a réitíodh ceisteanna teoirice agus fealsúnachta. Dhealraigh sé ar feadh blianta gur ag dul chun cinn a bhí bunú an tSóisialachais san Aontas Sóivéadach, agus gur léiriú é sin, i bpraitic, ar fhéidearthacht agus ar riachtanas an tSóisialachais agus dheachtóireacht na prólatáireachta, mar ullmhúchán i gcomhair an Chumannachais. Ach tosaíodh ar an gceistiú go luath, agus tar éis a bhfaca sé sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha, is é an míniú a thabharfadh Julián Besteiro,7 Sóisialaí measartha, ar phraitic an Chumannachais, ‘an mearú polaitíochta ba mhó, b’fhéidir, dá bhfacthas leis na céadta bliain’. Idir ghortaí agus shléachtanna go deimhin, bhí na réimis Mharxacha ciontach leis na milliúin duine a mharú sna tíortha ar bunaíodh iad, ba mharfaí iad ná aon chineál eile réimis, sa tslí is go raibh cuid den cheart sa chúram seo ag Bakunin. Ar feadh i bhfad, na tuairiscí ar fhíorstaid na Rúise ar éirigh leo cinsireacht iarnaí ag na Boilséivigh a shárú, ba ghnách le hEite Chlé na hEorpa iad a dhamnú mar ‘shíorchur buirgéiseach’, nó a áitiú gurbh iad na feillbhearta úd na fiacha a chaithfí a dhíol d’fhonn saol i bhfad níos fearr a bhaint amach.

I dtaobh an Ainrialachais, ní raibh aon tír ar domhan ba mhó teannadh leis ná an Spáinn, mar a raibh sé ina mhanglam den Sindeacálachas agus den sceimhlitheoireacht. Idir oibrithe maidir lena gcuid smaointe Coimeádacha, agus pholaiteoirí, maraíodh na céadta de dheasca ionsaithe ag Sindeacálaithe. Na feallmharuithe ag an CNT, chuidigh siad go mór leis an réimeas Liobrálach a mhilleadh, tharla, mar a déarfadh Cambó, ó fágadh an tír ar staid antoisceach, nach raibh de leigheas uirthi ach buille stáit an Ghinearáil Miguel Primo de Rivera Orbaneja8 in 1923, agus a dheachtóireachtsan lena chois. B’fhurasta mar a bhain sí sin eagraíochtaí na sceimhlitheoireachta as a chéile; ach lig sí don síolchur ar na hidéil Ainrialta leanúint ar aghaidh go dian. Bhí fonn ar na gluaiseachtaí Athghiniúnachais an Athghairm a threascairt, mar a bhí ar ghluaiseachtaí na n-oibrithe, ach ba dhírí agus b’aintreise go mór a d’oibrigh siad seo i gcoinne na hAthghairme, ná a d’oibrigh na reitriceoirí intleachtacha, Ortega, Azaña, agus daoine eile. Bhí an dá shruth ag obair as lámha a chéile go cinnte, mar gur cheil na hintleachtaigh ar an réimeas cosaint cheart pholaitíochta agus mhoráltachta, fad a bhí ionsaí fíochmhar á dhéanamh air. Lig an córas Liobrálach do na fórsaí úd iad féin a chur in iúl, a eagrú, vótaí agus bardais a ghabháil, agus suíocháin sna Cortes. Ach gach uile dhream acu siúd, rinne siad ionsaí gan stad ar an gcóras Liobrálach; dála mar a rinne siad ar an náisiún Spáinneach féin. Fós féin sheas réimeas na hAthghairme go daingean ar feadh leithchéad bliain, geall leis de.

D’fhocla gearra, an caitheamh anuas ag na Scarúnaithe ar an Spáinn, ba in ainm éirí in airde na ‘gciníocha’ seo acu féin é, maidir le móradh saorga ar thréithe réigiúnacha; in ainm an Eorpaithe a bhí na hAthghiniúnaithe á dhéanamh, Eorpú gan cumas léirmheasa agus é folamh ó léann; agus na réabhlóidithe, in ainm réabhlóid a shaorfadh an duine daonna ó na hoilc shaolta a bhí á chrá. Agus thug siad siúd go léir leo oidhreacht an Fhinscéil Dhuibh.9 An stór sin i bpáirt acu, ligfeadh sé dóibh fórsaí a aontú sa 19ú céad i gcoinne an náisiúin ‘a bhí dáiríre ann’, ainneoin easaontais na bhfórsaí sin le chéile agus a gcuid fuatha dá chéile. Comhaontú sin na bhfórsaí, ba dheacair dó iarmhairt a thabhairt seachas an ceann is eol dúinne, Cogadh Cathartha 1936–1939.

Tagairtí
1. Regeneracionismo. Gluaiseacht idé-eolaíochta ó dheireadh an 19ú céad sa Spáinn. Meath na Spáinne a spreag chun gnímh í, agus cailleadh na dtrí mhórchoilíneacht deiridh sa bhliain 1898. Gluaiseacht ba ea an Regeneracionismo a thacaigh le hathnuachan a dhéanamh ar shaol na polaitíochta agus ar shaol an phobail sa Spáinn. Miguel de Unamuno y Jugo (1864–1936), scoláire Clasaiceach, fealsamh, údar leabhar agus aistí, bhain sé le glúin 1898, glúin an Athghiniúnachais. Bascach ba ea eisean nár thacaigh le Náisiúnachas na mBascach. Thacaigh sé leis an Dara Poblacht i dtosach, ach nuair a chonaic sé an loitiméireacht, an bhrúidiúlacht agus na feallmharuithe a bhíothas a cheadú faoin bPoblacht sin, d’iompaigh sé ina coinne. An file iomráiteach, Antonio Machado y Ruiz (1875–1939), Liobrálaí Poblachtach, agus Máisiún, ba chuid de ghlúin an Athghiniúnachais chomh maith é.


2. Restauración. Athghairm, nó athbhunú, na Ríochta sa Spáinn sa bhliain 1875, ríocht maidir le parlaimint ionadaíoch, má b’fhíor.


3. Alejandro Lerroux y García [1864–1949]. Ceannaire ar an bPáirtí Poblachtach Radacach. Páirtí antoisceach ba ea an Páirtí sin i dtosach, ach de réir a chéile d’éirigh Lerroux níos measartha. Máisiún ba ea Lerroux. Bhailigh Lerroux leis chun na Portaingéile in 1936 nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne.


4. José Ortega y Gasset [1883–1955]. Liobrálaí, Máisiún, fealsamh agus polaiteoir. Ba eisean a bhunaigh an iris liteartha, Revista de Occidente, iris ar an gcultúr agus ar an eolaíocht. Bhí sé an-mhór i gcoinne an tSean-Reachta ar feadh i bhfad, agus é ag tacú leis an Dara Poblacht i dtosach, ach d’iompaigh sé ina coinne, ar na cúiseanna céanna, cuid mhaith, ar iompaigh Unamuno ina coinne. Theith Ortega y Gasset ón Spáinn ansin. Beirt mhac dó, dheonaigh siad ceangal le hArm Franco.


5. Cogadh na Saoirse [1808–1814]. Cogadh ag an Spáinn leis an bhFrainc i dtosach an 19ú céad, d’fhonn saoirse a bhaint amach arís don Spáinn ón bhFrainc. Napoléon Bonaparte a bhí ina Impire ar an bhFrainc an uair sin, agus is ar thaobh na Spáinne a bhí Sasana sa chogadh sin. Sa bhliain 1808 d’ainmnigh an tImpire Napoléon deartháir dó féin, Joseph, ina Rí ar an Spáinn.


6. Manuel Azaña Díaz (1880–1940). É ina Phríomh-Aire ar an Dara Poblacht sa Spáinn, 1931-1933, agus in 1936. É ina Uachtarán ar an Dara Poblacht, 1936–1939. Ba é a bhunaigh in 1934 an Páirtí Poblachtach ar Clé. Thug suas an Creideamh Caitliceach ina óige. Fear litríochta agus polaiteoir. Tháinig an ghráin aige ar gach ar bhain, dar leis, leis an Sean-Reacht sa Spáinn, an Eaglais Chaitliceach go háirithe. Rinne sé a dhícheall ar an gCreideamh Caitliceach a ruaigeadh as réimse an oideachais sa Spáinn le linn dó a bheith i Rialtas an Dara Poblacht, agus thug an Rialtas aige isteach an colscaradh, agus an ginmhilleadh ar feadh tamaill. Mar sin féin níor cheangail sé le naimhde móra na hEaglaise Caitlicí, na Máisiúin, go dtí 1932, agus é sin, mar atá ráite, d’fhonn maolú ar an gcumhacht ag Alejandro Lerroux, Ceannaire an Pháirtí Phoblachtaigh Radacaigh, ar na Teachtaí Máisiúnacha sna Cortes. [Is iad na Cortes an Teach Íochtarach i bParlaimint na Spáinne.] Tuairiscítear go ndearna Azaña a shíocháin, ar leaba a bháis, leis an Eaglais Chaitliceach, ach tuairiscítear leis gur chaill sé a chiall roimhe sin. In Montauban, sa taobh theas den Fhrainc, a cailleadh Azaña. Le galar croí a cailleadh é, agus gan é ach 60 bliain d’aois. Is amhlaidh a theith sé chun na Fraince nuair a bhraith sé gurbh é Franco a bhuafadh an Cogadh Cathartha. Cé gur Phoblachtach ar Clé ba ea é, ba mhíthrócaireach mar a chaith sé le dreamanna den Eite Chlé ar thit sé amach leo.


7. Julián Besteiro Fernández (1880–1940). Intleachtach agus Sóisialaí measartha. Sa bhliain 1928 ceapadh san am céanna é ina Uachtarán ar Pháirtí Oibreachais Shóisialaigh na Spáinne [an PSOE], agus ina Uachtarán ar Cheardchumann Ginearálta na nOibrithe [an tUGT]. Bhí ar an mionlach in 1927 a thacaigh leis na Sóisialaithe leanúint orthu de pháirt a ghlacadh i réimeas deachtóireachta Mhiguel Primo de Rivera Orbaneja (1923–1930). Chuir i gcoinne na Poblachtaigh páirt a ghlacadh i Rialtas Sealadach an Dara Poblacht. Toghadh ina Theachta Parlaiminte de chuid an Fhronta Pobail in 1936 é, ach is beag cara ina meascsan a bhí aige. Ghlac páirt i gComhairle na Síochána ag an gCoirnéal Segismundo Casado López nuair a tuigeadh do lucht na Poblachta go gcaillfidís seo an cogadh. D’éiligh Franco ar an gComhairle sin géilleadh gan choinníollacha. Ní ghéillfeadh Besteiro, ná ní thréigfeadh Maidrid. Ghabh trúpaí Franco é, agus cuireadh i bpríosún é, agus is sa phríosún a fuair sé bás.


8. Miguel Primo de Rivera y Orbaneja (1880–1930). De na huaisle ba ea é. Deachtóir ar an Spáinn ó 1923 go dtí 1930. Thacaigh na Sóisialaithe leis an deachtóireacht sin ar feadh na mblianta. Measann a lán daoine gur maitheas a rinne an deachtóireacht sin don Spáinn. Mac do Mhiguel, José Antonio Primo de Rivera, a bhunaigh La Falange Española, mion-Pháirtí Faisisteach ar ghlac Franco isteach leo agus ollghluaiseacht Náisiúntach á cur le chéile aige féin. Sa bhliain 1936 rinne lucht na Poblachta José a ghabháil. Cuireadh i bpríosún é, cuireadh ar a thriail go hachomair é, agus cuireadh chun báis é. Ba mhairtíreach é José, dar le Franco agus le buíon Franco.


9. An Finscéal Dubh/La Leyenda Negra. Finscéal a chum Sasana agus an Fhrainc go háirithe i dtaobh na Spáinne, agus iad ina naimhde ag an Spáinn. Dá réir sin tír an-chúl-le-faobhar ba ea an Spáinn, tír a bhí gafa leis an gCúistiún, agus a bhí an-dian ar na Muslamaigh, na Giúdaigh, agus ar bhundúchasaigh na dtíortha a ndearna an Spáinn coilíniú orthu. De réir a chéile thosaigh na Spáinnigh féin ar an bhFinscéal Dubh a chreidiúint, go háirithe iad siúd a bhí ina naimhde ag an Sean-Reacht. Dar le Pío Moa, is dearg-éitheach a bhí sa chuid is mó den Fhinscéal Dubh, nó ceann acu, chuir sé an fhírinne as a riocht go mór.

Feasta, Feabhra 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais