Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dán

le Micheál Ó hAllmhuráin

Mo Bheith Bhalbh

Tuigim anois agus mo bheatha i mbéal báis
Nár labhair mo bheith liom ariamh
Gur chaitheas m’achar sa saol
Ag sodar go tur soir is siar
Ag únfairt i bhfianaise chaochaithe mo cháis

Sea chím fosta nár dheineas riamh aon teangmháil
Le beith bhunaithe mo bhrí
Gur lig m’intinnse don saol
greim a bhreith ar a sainslí
I dtreo is nár dheineas riamh ach deargútamáil

Ag amharc siar dom anso ar mo ghabháil
Ní fheicim ach duine ag fí
Feasa de réir teoiricí a lae
Is ag éisteacht le gach saghas daoi
Ag líonadh bealaí an aeir le ráiméis ard

Oilte ag córas oideachais dhream an dianghréasáin
Seoladh mé le troid i gcogaí
Nár bhain liom féin ná lem shaol
Go bhfaca mé gach cuid díom
Leonta nó loitithe ag deamhain gan aon diamhairdhán

Och ní raibh riamh i m’intinn ach inneall le clár
Chun freastal ar riachtanaisí
An chórais a bhí faram sa saol
Is d’ídíos m’fhuinneamh ag triall
Fan conairí a bhí ceaptha ag an tsíbhialtacht sa tsráid

Is anois is mé ag druidim le bearna bhaoil mo bháis
Faighim amach nach bhfuil tada agam i ndáirír’
Tar éis dom bheith ag sclábhaíocht sa saol
Ach paca cnámh is péil cuimhní
Nach n-insíonn tada dom fén tsíoraíocht ná a trácht

Is sa dorchadas dlúth i dtóin mo dhuibheagáin
Seo mo bheith bhalbh ina luí
Is chím go soiléir gur chaitheas mo shaol
Ag cabhrú le tromfhórsaí an tsaoil
Gan cead a thabhairt di labhairt ná fiú a ceartsheasamh a aithneachtáil

A bheith bhalbh seo m’intinn mhearaithe ag snámh
Os do chionn ag síorlorg slí
Le teacht ar fhíortheanga shaor
Ionas go dtosnófa ag filíocht
Ag míniú dom cad díreach ‘tá agat le rá i dtaobh mo dháin.

Feasta, Feabhra 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo