Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - An Bhliain Chomórtha Úd - -

Sula ligtear i ndearmad an bhliain ar leith atá díreach thart, agus go bhfágtar faoi na staraithe í, conas mar a d’éirigh linn a tábhacht mar bhliain chomórtha ar an Éirí Amach a tharla céad bliain ó shin a cheiliúradh. Tar éis an tsaoil, b’ócáid an tÉirí Amach céanna a d’athraigh treo na polaitíochta ó bhonn, agus a mhúnlaigh meon an phobail maidir leis an treo sin agus an bealach a rialófaí an tír seo againne feasta. Sa mhéid sin ar a laghad, d’fhéadfaí a rá gur éirigh go huile leosan a thionscain an réabhlóid, mar is sin go bunúsach a bhí á chomóradh i gcaitheamh na bliana atá thart.

Ar deireadh, níor tharla aon mhórchonspóid mar a bhí go leor ag tnúth leis: gur chiorrú ar an daonlathas é, nó gur cheannairc a bhí ann ag grúpa nach raibh aon seasamh nó faomhadh acu chun gníomhú mar a rinne siad thar cheann an phobail. B’fhéidir ón taobh sin gur glacadh leis gur argóint sheasc a bheadh ann i gcás réabhlóide ar aontaigh an pobal leis ar ball.

I gcás an Rialtais, bhí a bhfaoiseamh follasach gur tharla an comóradh gan aon lúb ar lár. Ag a thús, bhí cosúlacht ann nár tuigeadh gur ócáid throm-bhríoch a bheadh cuí, seachas go bhféadfaí an bhéim a chur ar imeachtaí sráide a mheallfadh cuairteoirí agus lucht aeraíochta. An amhlaidh gurbh fhearr an trom-bhríochas a sheachaint, agus nach leagfaí béim ar thuairimí agus ar a raibh ar intinn na gceannairí leis an Éirí Amach? Is cinnte, mar a dúradh go minic, nach malairt brataí os cionn Chaisleán Átha Cliath a bhí i gceist acusan. Bhí glactha le fealsúnacht Chonradh na Gaeilge maidir leis an tábhacht a bhain leis an tsaíocht dúchais, agus leis an teanga mar ghné ar leith de sin.

Ba dheacair a rá go bhfuil rialtais ár linne chomh daingean céanna maidir leis an gceist seo, agus i gcás na Gaeilge go háirithe, mar a léirítear go seasta ar an iris seo, agus gurb é an béalghrá a chomhartha sóirt. Ba mhaith linn a lua go gcreidimid gur dualgas do gach glúin feidhmiú i gcomhréir lena dtuiscint féin, gan iad faoi chuing ag dearcadh ná fealsúnacht ghlúine ná treoraithe a tháinig rompu, dá oirirce agus dá mhéid a ngradam-san. B’ionadh linn ónár dtuiscint ar a dtréithiúlacht agus ar a n-éagsúlacht tuairimíochta, dá mbeadh ceannairí an Éirí Amach ag éileamh aon saincheart nó pribhléid tuairimíochta nó cur chuige thar aon ghlúin eile.

Ach b’ionadh linn leis dá mbeadh aon laghdú ar dhúthracht an phobail i gcás na teanga, agus bheadh sé sin amhlaidh i gcás ár bpolaiteoirí, in ainneoin a dúradh faoi shíléig iadsan díobh a bhíonn i rialtas. An é comhluadar a státseirbhíseach is cúis leis? Is cúis áthais nach bhfuil an pobal féin ar aon bhealach ag ceiliúradh ón mbrionglóid a bhí i gcroíthe na glúine sin a thionscain an tÉirí Amach.

Feasta, Feabhra 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo