Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An Feidhmeannas i mBaol ó Thuaidh
le Seán Ó Loingsigh



Má ba iad Breatimeacht agus toradh an toghcháin uachtaránachta sna Stáit Aontaithe b’ábhair conspóide agus imní dúinn le tamall anuas, bhain an drochscéala aduaidh go raibh Máirtín McGuinness éirithe as oifig mar LeasChéad-Aire i dTuaisceart Éireann tús áite uathu mar ábhar nuachta an mhí seo. Beidh olltoghchán ann dá éis, agus ní bréag a rá gur beag duine ar an oileán seo, ach i dTuaisceart Éireann go háirithe, atá ag tnúth leis sin. Tá an baol follasach, i gcás an Tionóil agus an Fheidhmeannais, nach mbeifear in ann iad a athbhunú tar éis an toghcháin. In ainneoin a bhfuil foghlamtha againn le déanaí faoin éiginnteacht a bhaineann le haigne ainrialta an lucht vótála faoi láthair, níl éinne ag súil ach go mbeifear ag brath arís ar an DUP agus ar Shinn Féin chun dul i mbun reachtála an Tionóil nua. Ach tá oiread imris agus drochaigne idir an dá pháirtí sin faoin tráth seo gur beag duine a shíleann go n-éireoidh leo.

Anois tá an dara scéala tagtha aduaidh faoi McGuinness go bhfuil sé éirithe as an bpolaitíocht ar fad de bharr a dhrochshláinte. Tá fhios ag an saol an dlúthbhaint a bhí aige le stair chorraithe an Tuaiscirt le beagnach leathchéad bliain anuas. Bhain sin ní hamháin leis an gcogaíocht agus an sceimhlitheoireacht a tharla le linn na mblianta léanmhara tosaigh, agus an ról a bhí ag McGuinness mar cheannaire ar an IRA, ach ina dhiaidh sin leis san obair mhór a rinne sé i réiteach na síochána, agus a raibh Socrú Aoine an Chéasta, a deimhníodh de thoradh reifrinn na Bealtaine 1998, mar chríoch leis.

Leagtar, gan amhras, sa tráchtaireacht le cúpla lá anuas, béim mhór ar an mbaint a bhí aige leis an sceimhlitheoireacht, gan a lua nach é go baileach a chuir tús leis. Is cuid den scéal sin leis na daoine a raibh orthu teitheadh lena mbeatha, nuair a cuireadh a dtithe trí thine agus nuair a bascadh agus a maraíodh ar na sráideanna iad, pé an ag a gcomhshaoránaigh nó ag na fórsaí slándála ar a mbeidís ag brath lena gcosaint. Nach éasca é sin a chur ar leataobh faoi mar nár tharla sé riamh, bíodh san am céanna nach bhfuil aon séanadh ar dhrochbhearta an IRA ná ar an bhfulaingt agus an folús atá fós fágtha ina dhiaidh sin, in aigne agus i saol go leor daoine.

I gcás Mháirtín McGuinness agus na tráchtaireachta ar a fhadhb sláinte agus a éirí as oifig, agus ar a thionchar agus a thábhacht in obair na síochána, b’ábhar suntais ar leith a raibh le rá ag Ian Paisley Junior faoi, agus é ag labhairt ar BBC Thuaisceart Éireann. Dheimhnigh sé an tábhacht agus an dea-thionchar, ach luaigh sé arís an cairdeas idir a athair agus McGuinness, mar ghné dá gcaidreamh a bhí buanseasmhach agus dáiríre. Níorbh ábhar fonóide nó searbhais a bhí ann, dar leis, faoi mar a léiríodh an tuairisciú ar na meáin chumarsáide é, agus ráitis ó pholaiteoirí éagsúla go minic, go háirithe ón taobh seo den teorainn. Dar le Paisley Junior, ba ghné é nár mhiste go ndéanfadh polaiteoirí eile aithris air, gan spleáchas nó géilleadh maidir lena bprionsabail pholaitiúla.

Má ba ábhar imní ‘Breatimeacht’ don rialtas anseo, agus go deimhin don phobal, bí cinnte go bhfuil curtha go mór leis an imní sin ag an gcor is déanaí seo. Gan amhras tá ceacht ann freisin maidir le chomh mór a bhí an tsíocháin agus an córas rialaithe leochaileach a beartaíodh don Tuaisceart ag brath ar cheannaireacht Shinn Féin agus an DUP, i dtreo go bhfeidhmeodh sé go héifeachtach. Is cuimhin liom deich mbliana ó shin ag déanamh iontais anseo den Tionól nua neamhghnách agus ag fiafraí go hamhrasach an mairfeadh sé an leathbhliain féin. Fuarthas freagra na ceiste luath go leor.

Anois, má ba shoiléir gur éirigh i bhfad níos fearr le McGuinness, go háirithe ag comhoibriú le daoine mar Paisley agus Robinson, ná mar a bhí aon duine againn ag súil leis, is léir gur fadhb mhór é go bhfuil sé anois i ndrochshláinte agus nach mbeidh sé lánghníomhach i bpolaitíocht chasta an Tuaiscirt feasta. Níl sé éasca a shamhlú go mbeidh ar chumas Michelle O’Neill, atá díreach roghnaithe, ionad McGuinness mar LeasChéad-Aire a líonadh, go deimhin má thagann sé sin i gceist ar aon chor tar éis an olltoghcháin atá romhainn. An raibh sé riachtanach, i ndáiríre, go gcuirfí críoch anabaí leis an gcóras rialaithe a sheas an fód le deich mbliana anuas i mBéal Feirste, dá mhéid a mhírialtacht agus a dheacrachtaí, agus fiú ag cur san áireamh an dalbacht a cuireadh i leith cuid éigin d’ionadaithe an DUP. Cé déarfadh go mbeimis ag cásamh imeacht Ian Paisley agus Mháirtín McGuinness?

Is beag an tairbhe é ach oiread a bheith ag dáileadh na ciontachta idir an DUP agus Sinn Féin, nó idir Arlene Foster agus Máirtín McGuinness, ach ní maith an cor sa scéal é go mbeadh Socrú Aoine an Chéasta, agus an tsíocháin leochaileach a lean é, i gceist arís. An cuma le rialtas na Breataine agus iad gafa le Breatimeacht, pé crua bog a bheidh sin? Nó níos gaire don bhaile cad faoinár rialtas féin, nó céard is féidir dóibh a dhéanamh seachas don Taoiseach a bheith sall is anall chun na Mór-roinne, ag crothadh láimhe go haoibhiúil le maithe móra an Aontais. Mar a dúrthas go minic le déanaí, is fada ó bhí aon ní d’aon substaint le rá ag Fianna Fáil faoin Tuaisceart, ach iad de shíor ag séideadh faoi Gerry Adams agus faoina fhreagracht i ndrochbhearta an IRA. Tugann a raibh le rá ag Ian Paisley Junior faoina athair agus Máirtín McGuinness é sin chun cuimhne arís.

Más beag an faoiseamh é i bhfianaise na tromchúise a bhaineann le díscor an Fheidhmeannais, chomh fada agus is eol dúinn go dtí seo níl aon cheangal idir an ghéarchéim is déanaí sa Tuaisceart agus polaitíocht na bpáirtithe polaitiúla ansin. Bíodh gur cosúil gur ghnáth-chaimiléireacht ar a mhéid atá i gceist, nó níos dóichí fós mí-éifeacht agus mí-úsaid airgid, tá an tsuim atá curtha amú ar an scéim fuinnimh in-athnuaite seo a spreag an ghéarchéim ollmhór. Ní fhéadfaí a chur as an áireamh ach oiread go bhféadfadh an scéal sin a bheith níos tromchúisí ná mar a mheastar faoi láthair. Beidh sé tamall mór maith sula mbeidh a fhios san againn, ach níl aon amhras faoi mhórthábhacht an scéil seo ná don dochar a d’fhéadfadh éirí dá bharr ar ball.

Gan trácht ar an olltoghchán a bheidh ar siúl sa Tuaisceart ar an dara lá de Mhárta, agus an mórbhaol agus imní a bhaineann leis ó thaobh an Tionóil agus an Fheidhmeannais, is ag méadú atá ar an imní a bhaineann le Breatimeacht agus neamhaird an rialtais i Londain ar na fadhbanna a chruthaíonn sé ar oileán na hÉireann. Is soiléir ón ráiteas is déanaí ón bPríomhaire May, atá díreach foilsithe, gur Brexit ‘crua’ go huile agus go hiomlán atá i gceist. Go deimhin, tá go leor tráchtairí polaitíochta ag rá gur beag idir polasaí rialtas na Breataine anois maidir leis an Aontas Eorpach agus polasaí UKIP, agus gur cosúla cur chuige agus ráitis an phríomhaire leosan a thagadh go coitianta ó Nigel Farage.

Bíonn na tráchtairí céanna ag déanamh iontais de gur vótáil Theresa May go bhfanfadh an Bhreatain mar bhallstát den Aontas sa reifreann, agus nach bhfuil sa mhalairt poirt anois ach teaictic nó beartaíocht ionsaitheach, nuair atá do chás lag agus in amhras. Agus, ar ndóigh, ní miste dúinn i gcónaí gan a dhearmad go bhfuil an tAontas Eorpach féin athraithe ó bhonn ó ghlac an Bhreatain agus an tír seo páirt ann i 1973. Tá an bhunfhealsúnacht athraithe go mór ó na laethanta órga sin nuair a bhí Jacques Delors i mbarr a réime, agus cearta daonna agus cothromaíocht go mór chun tosaigh. Anois is domhandú agus cearta an tsaormhargaidh atá le cosaint. Is cuid de chontrárthachtaí an scéil go bhfuil Theresa May agus a Páirtí Caomhach go huile ar son mhalairt pholasaí seo an Aontais. Ach nach bhfuil an chontrárthacht chéanna sin i gceist i gcás an Uachtaráin nuathofa sna Stáit Aontaithe?

Cé go bhfuil an gnáth-thagairt don tír seo sa ráiteas is déanaí ón bPríomhaire, go ndéanfar gach iarracht cloí leis an tsaoirse taistil trasteorann agus go dtí an Bhreatain, agus nach mbeidh bacanna custaim ar an teorainn idir an Tuaisceart agus an Deisceart, níl sé soiléir d’aon duine conas a d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh. Arís, tá fuarchúis lucht rialtais, agus an Taoisigh féin go mórmhór, ag cur in iúl nach bhfuil ról díreach ag an tír seo san idirghabháil a bheidh riachtanach faoin gceist seo, agus tá san ag cur go mór le míshuaimhneas an phobail. Pé ní faoi phrótacal cúng an dlí, bheadh sé cuí go léireofaí níos mó suime i gceist a mbaineann oiread trombhrí leis i gcás na tíre seo. Tá dalbacht agus mórchúis an Aontais le brath arís, díreach mar a tharla le linn tharrtháil na mbanc.

B’fhéidir gur ag Theresa May atá an ceart a bheith glan réidh leo.

Is beag is fiú ráiteas leamh an Taoisigh go bhfáiltíonn sé roimh an soiléiriú breise a thug an Príomhaire ina ráiteas féin. Cén soiléiriú? Tá sé chomh doiléir leis an oíche dhubh.

Feasta, Feabhra 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais