Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


1917, Bliain Chinniúnach sa Chogadh Mór

‘Cogadh na gCol Ceathracha’


le Criostóir Mac Amhlaoibh




I mbliana déanfar comóradh ar eachtraí a tharla céad bliain ó shin agus a d’fhág lorg gan cheist ar an gCéad Chogadh Domhanda agus ar shaol ár linne féin, chun ár leasa agus ár n-aimhleasa araon.

Áirím ar na heachtraí sin cinneadh Impireacht na Gearmáine, mí Feabhra, dul i muinín chogaíocht neamhshrianta na bhfomhuireán arís, cinneadh Stáit Aontaithe Mheiriceá, mí Aibreáin, cogadh a fhógairt ar Impireacht na Gearmáine, Impireachtaí na Breataine agus na Fraince a bheith ag cloí le feachtas na dtrinsí in Iarthar na hEorpa, agus an cinneadh a rinne na Boilséivigh éirí as an gcogadh i mí na Samhna.

I measc na n-eachtraí a raibh tábhacht chinniúnach leo i 1917 bhí Cath Messines. Cath é sin de shraith cathanna fuilteacha a faireadh sa bhFrainc agus sa Bheilg. Déantar mór de Messines i gcomóradh an Chogaidh Mhóir sa tír seo ar dhá phríomhchúis: an chéad chúis ná gur ann a throid an 16ú Rannán agus an 36ú Rannán d’Arm na Breataine taobh le taobh. Mar is eol do chách, liostáil go leor de na hÓglaigh a thaobhaigh le John Redmond san 16ú Rannán, agus liostáil Óglaigh Carson san 36ú. Nuair a bunaíodh é, ba Phrotastúnaigh ar fad, geall leis, saighdiúirí an 36ú Rannán. Meastar nach raibh ach dáréag Caitliceach i measc an 12,000 ball sa rannán seo. Bhí an méid seo comónta eatorthu: ba shaighdiúirí de chuid Rí Impire na Breataine iad, agus iad faoi bhrí na mion troid ar a shon, ar son a Ríochta agus ar son a Impireachta. Chomhlíon saighdiúirí an dá rannán a ndualgas i leith an rí: throideadar go cróga agus fuaireadar bás.

An dara cúis go ndéantar mór de Messines anseo ná gur ann a maraíodh an Maor William Redmond, deartháir le John Redmond, ceannaire Pháirtí Parlaiminte na hÉireann agus duine dár bpríomh-earcaitheoirí d’Arm na Breataine in Éirinn.

Fear uasal, cróga agus spéisiúil ab ea William Hoey Kearney Redmond. Rugadh é in 1861 i Loch Garman do chlann mór le rá sa saol polaitiúil agus gnó. Ar chuireadh ó Pharnell chuaigh John Redmond, deartháir William, isteach i bParlaimint Westminster in 1881. Ag an am bhí William Redmond in a oifigeach i gcathlán Loch Garman den Royal Irish Regiment. D’éirigh sé as a choimisiún chun páirt a glacadh i gCogadh na Talún, agus chaith sé seal i bPriosún Chill Mhaighneáin de bharr a chuid gníomhaíochta sa chogadh sin.

I dteannta a dhearthár, agus ar iarratas ó Pharnell, chuaigh sé ag bailiú airgid san Astráil. Le linn dó a bheith ann chas sé leis an mbean a phós sé, Eleanor Dalton, iníon le hoifigeach dlí Astráileach. Toghadh é mar M.P. do Loch Garman in 1883 agus d’Fhear Manach in 1885. Sheas sé le Parnell nuair a scoilt an Páirtí Éireannach mar gheall ar Kitty O’Shea agus bhuaigh sé suíochán in Oirthear an Chláir in 1890, suíochán a choinnigh sé go dtí go bhfuair sé bás i 1917.

Nuair a d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin chuaigh William i mbun earcaíochta in Éirinn d’arm na Breataine, agus go háirithe don 16ú Rannán. Cé go raibh sé ina theachta Parlaiminte agus os cionn gnáthaois saighdiúrachta, liostáil sé agus lorg sé ceapachán sna línte tosaigh. Mar mhaor san Royal Irish Regiment a ghlac sé páirt san ionsaí ar an 7ú Meitheamh. Goineadh é agus tógadh ar ais go dtí ionad garchabhrach é, áit a bhfuair sé bás. Cuireadh é tráthnóna 8 Meitheamh i ngairdín clochair i mbaile beag Loecre.

Mar fheisire i Westminster bhí sé faoi scáth a dhearthár. Ní dhearna sé aon éacht pharlaiminte, ach bhí meas air i measc a chomfheisirí. Is ar an óráid deiridh a thug sé i Westminster is mó atá cuimhne. Ar an 7 Márta 1917, chuidigh sé le rún a mhol T.P O’Connor go gcuirfí an t Acht um Rialtas Dúchais, a bhí ar fionraí, i bhfeidhm láithreach. Rinne sé mór den aontas a mhaígh sé a bheith idir shaighdiúirí as Éirinn in arm na Breataine, ba chuma ar chaitlicigh nó protastúnaigh iad, as Uladh nó eile, a bhí ag troid i dteannta a chéile in aghaidh namhad chomónta.

Thagair sé don tacaíocht, ar an gcoinníoll go nglacfadh Protastúnaigh na Sé Chontae leis, a bhí léirithe sa pharlaimint don Acht . D’impigh sé ar Carson aontú agus thairg sé glacadh le coinníollacha a chuirfeadh chun suain imní na bprotastúnach roimh an móramh caitliceach, cé nár chreid sé féin go raibh gá lena leithéid. Ar ndóigh, níor aontaigh Carson, theip ar an rún agus d’fhill Willie Redmond go brónach ar na trínsí.

Fear ionraic cróga ab ea William Redmond, fear a thug géillsine do Rí Impire na Breataine agus a bhí dílis dó go bás. Chreid sé sa ríocht agus san impireacht úd, agus gurbh é leas na hÉireann a bheith mar dhlúthchuid díobh, ach Rialtas Dúchais a bheith aici. Is léir, ámh, nár chreid sé sa scarúnachas ná i neamhspleáchas na hÉireann. Níorbh aon réabhlóidí é. Feasta, Iúil 2017

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais